Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Lá Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is é lá Bealtaine an céad lá den samhradh. An maidin sin éirigheann cuid de’s na páistí go moch agus téigheann siad amach ins na páirceanna agus piocann siad bláthanna. Scaipeann siad ar lic an dorais agus ar bhárr an tighe iad ionnas go mbeadh ráth ins an dteach go dtí an lá sin arís. Nigheann siad a n-aghaidthe ins an ndrúcht ionnas nach ngoillfeadh an ghrian ortha ar feadh na bliadhna.
    Tá a lán pirseóga i dtaobh lae Bealtaine. Ní leigtear teine ná salann ná aon rud mar sin amach as an tigh an lá sin no d’imtheochadh an t-adh as an dteach.
    Fadó maidin lae bealtainne caitheadh an duine ba thúisce in-a shuidhe uisce amach agus é ag guidhe. Dá bhfeiceadh sé deatach ag teacht amach as simné tighe cómharsan déarfadh sé go n-imtheóchadh ráth an bhainne agus na hime as an dtigh sin go dtí a theach féin, agus gur aige féin do bheadh ráth an bhainne ar feadh na blíadhna.
    Seo sgéal a chuala mé o mo mháthair. Aon maidin bealtaine amháin bhí fear amuigh ag fiadhach. Bhí na ba amuigh ins an bpáirce ar feadh na hoidhche agus nuair a bhí an fear ag teacht abhaile, chuaidh sé go dtí an pháirc chun na ba
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Bealtaine (~639)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Gilliúin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo