Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Lá Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá ‘le Bhrígde

    Bíonn áthas ar na páistibh nuair a thagann lá ‘le Bhrígdhe. An oidche sin cruinnigheann na páisti óga le chéile i dteach do’n comhairsaineacht. Cuireann siad sean éadaigh seál ortha. Gheibheann siad babóg ar a dtugtar “brigdeóig” uirthi agus téigheann siad ó theach go teach ag amhráineacht chun airgead d’fhághail, beireann na daoine scilling nó réal dóibh. Ag dul isteach i dteach dóibh deireann siad.
    “Oidhche fheile Brígde, bricín, bhain an chluas don toirtín agus tabhair a sáit don dailtín.”
    Féachann bean-a-tighe ar an mbabóig agus deireann sí
    “ Is deas an brídeóg atá libh gan amhras agus béarfaidh me rud dí ar shúil go mbhéid a beannacht ar mo thigh sa ó anocht go dtí bliadian ó anocht.”
    Seo sgéal a chuala mé i dtaobh la ‘le Brígdhe. Bhí Naomh Brígidh agus a mná riaghalta ag siubhal thar an áit seo fadó agus ní fhaca siad solas acht in aon teach amháin. Chuaidh siad isteach sa teach sin, ní raibh acht beirt istigh ann, fear agus a bhean, “Tabhair uisge dom le n-ól” arsa Naomh Brígidh; do thug an bhean an t-uisge di acht sul ar thug sí dí é, thug sí fe ndeara an crosóg a bhí timcheall muinéail Brígdhe. Chuir sí nimh ins an ndeoch ionnus go mbeadh sí in ann an crois a ghoid uaithi. Bhí beart luachra ar an úrlár agus phíoc Bríghid rib de agus sháith sí trí uaire ins an ndeoch é. Annsin d’ól sí an deoch ní dearna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní h-Éalaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Pontún, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Ghíobuin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Pontún, Co. Mhaigh Eo