Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 103
- XML “Oíche Fhéile Eoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn a lán spóirt ag na páistibh ins an gceanntar seo oidhche Eoin. Lastar teine mór cnámh an oidhche sin in onóir do Naomh Eoin. An lá roimhe sin téigheann na buachaillí móra ag bailiughadh brosna agus móna agus crann feosaidhe, agus deanann siad cárn mór ag crois bhóthar agus cuireann siad cnámh mór imasc na mbrosna.Tagann daoine o'n gceanntar timcheall na teineadh oidhche Fhéile Sheáin. Nuair a bíonn an teine lasta bhíonn na páistí ag léimrid timcheall na teineadh. Tagann na daoine fásta chomh maith agus bíonn siad ag cainnt agus ag comhrad i rith na h-oidhche. Ag dul abhaile dóib téigheann said timceall na teineadh sé uair agus iad ag guidhe De. Annsan togann siad fód móna lasta agus cuireann síad isteach i ngach páirc a bhfuil sa fheirm e ionnas go mbead rath ar na barrai i rith na bliadhna.
Mártan Mhac Cuimilín
(Rang VI)
Gort
Caisleán-a-Barraigh
29.11.1937- Bailitheoir
- Mártan Mhac Cuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo