Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 101
- XML “Dá Lá Déag na Nollag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn feásta na Nodlag ar siubhal ar feadh dá lá déag ó Oidhche Nodlag ar an 24 adh Mí na Nodlag go dtí lá Nodlag beag ar an 6 adh Eannair. Seo h-iad na laetheannta in a mbíonn féasta mór ann, Oidhche Nodlag ar 24 adh de Mí na Nodlag, Lá Nodlag an lá in a dhiadh sin. Lá Fhéile Stiopáin, an lá in a dhiaidh sin aris. Oidhche Coille an oidhche deiridh d'en bliadhain agus lá cinn bliadna 1 adh Eanair, Lá Nodlag beag an 6 adh lá Eanair.Bíonn áthas ar na daoine nuair a bhíos an Nodlaig ag teacht. Bíonn síad ag glanadh ag sguabadh agus ag aoileadh falla na dtighte. Cuirtear cuileann agus eidhnean thart timcheall na bpictiúr. Nuair a bíonn an teach go deas le haghaidh na Nodlag téigheann mo mháthair go dtí Baile Mór leis 'an Nodlaig" a cheannacht. Ceannuigheann sí te, siúcra, bullóg araín, cuiríni, risíní subh, cáca mílis, agus coinneal dearg le haghaidh Oidhche Nodlag agus rudaí deasa eile. Annsin biónn gach rud réidh le haghaidh na Nodlag. Ní bhíonn aon rud gá dheánamh ach pe gnó is riactanach ar fud an tighe. Nuair a biónn sé in a oidhche cúpla uair déanann mo mháthair tae agus bíonn gach aon rud ar an mbórd le haghaidh na Nodlag. Bíonn coinnnéal mór na Nodlag ar lasadh ar an bhfuinneóig Oidhche Nodlag agus fágtar ann go maidin é cun solas a thabairt don Maighdean Mhuire a bíos ag dul thart an oidhche sin. Bíonn ár sáith le nithe againn Oichche Nodlag.Seo nós atá aca in-áiteanna. Sé an duine is óige sa teach a lasann an coinnéal. Bíonn trí Aifrinn againn lá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Rabhlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Brigidh Bean Uí Rabhlaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- 35886 (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)