Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)

Suíomh:
An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Mac Giolla Gaileng
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0093, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caurane
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Biseach an Bháis”
  4. XML “Luan Soir”
  5. XML “Mí na bhFaoilleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur iondamhail go dtagann biseach ar dhaoine breóite go h-áit - ghearr roimh bás a fhághail dóibh. Biseach an bháis a thus sí ar an mbiseach sin.
    Rud eile a dubhairt sí, agus is rud é nár chuala mé trácht air riamh sa mbéarla, go dtagann gaile chuig daoine breoithe freisin go h-áit - ghearr roimh an mbás. Dubhairt sí go dtug-tar Luain an bháis ar an ngaile siud.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Dubhairt mo shean-mháthair má bhíonn duine nó líon-tighe ag athrú a-n-áit-chomhnuidhthe, gur ceart doibh breathnughadh amach, nach dtéigheann siad in aghaidh an t-seanfhocail Luain soir is Márt siar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Chuala mé mo sean athair a' rádh; go dtugtar mí na bhFaoile ar Mí na Feabhra.
    Ní raibh fhios aige cé'n chiall a bhí leis an bhfocal faoile, agus níl fhios agam an é sin an focal ceart nó nach é, ach sin é an fhuaim a chuir sé leis. Dubhairt sé freisin go mbíod an sean fhocal seo i gceist go mór le linn a óige, nuair bhítí ag tracht ar Mhí na Feabhra
    "Sí Mí na bhFaoile a mharbhuigheas na caoirigh "
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.