Scoil: N. Peadair, Caisleán an Bharraigh (uimhir rolla 13787)
- Suíomh:
- Ceathrú Bhruithneog, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Coigligh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Naomh Pádhraic ag teagasc na ndaoine an Fíor Chreidimh in-Éireann chuaidh sé go Conntae Mhuigheo. Thosuigh sé ag múineadh na ndaoine in áit in -aca Cathar na Máirt.Creid siad an Fíor Chreideamh agus annsin bháist Naomh Pádhraic iad. Bhí Naomh Pádhraic sásta leis an méid oibre a rinneadh sé acht bhí brón air mar ní raibh aon Teampaill aca." Tá Teampall ag teastáil uaibh " ar seisiean. Gach fear atá anseo anois, tabhair chapall agus cháirt leat le h-aghaidh na gcloch. Rinne siad amhlaidh. An lá in-a dhiaidh sin tháinig gach fear go dtí an áit sin, cuid aca le capall agus cuid eile le asal agus cáirt.Chuaidh Naomh Pádhraic tríd na daoine agus chonnaic sé fear amháin agus ní raibh sé ag obair chor ar bith. " Cé'n fáth nach bhfuil tú ag obair? " ar seisean. " Och, a Athar níl aimhidhthe ar bith agam sa mbaile acht gadhar ". " Tabhair an gabhar sin amárach led' thoil. "An lá i n-a dhiaidh sin tháinig an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bernadet Ní Choiglígh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Garraí Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Thairbh Thuaidh, Co. Mhaigh Eo