Scoil: Eaglais

Suíomh:
Boirinn, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seosamh Ó Mongaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0089, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eaglais
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Seán Bocht”
  4. XML “An Dara hOíche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An dara h-oidhche chuaidh Seán go dtí an gcúirt agus nuair a chuala sé na fear sidhe ag teacht chuaidh sé suas an simléir. Chaitheadar an oidhche ag iarraidh é a bhaint anuas acht theip orra. Bhaoidh an coileach agus d'imthigh siad. An triomhadh oidhche chuaidh sé ag tabhairt do'n chúirt. Nuair a tháinic an triúr isteach thosuigh siad ag troid agus sé an chaoi a bhí siad ag troid beirt acu ag bualadh an fear eile. Tháinic Seán anuas ó'n t simléir agus thug sé congnamh do'n fear aonraic. Bhí Seán agus an fear sidhe ag cinneamhaint ar an mbeirt eile. D'éirigh siad as an achrann annsin. Dubhairt an fear sidhe le Sheán gur ag a athair féin a bhí sé ag obair agus go raibh óir faoi gach cois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.