Imleabhar: CBÉ 0646 (Cuid 2)
- Dáta
- 1939–1939
- Bailitheoir
- Suíomh

Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0646, Leathanach 0145
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ró dhóghach go n'abairidíst "Go mairir agus go gcaithir í" nú go mairi'
tu do chulatha nuadh" Ach ní chuireann an dream atá anois ann
leathsuím i gculatha nuadh, ná i na iomarca eile. Ba seannós againn
anseo nuair a dfhuigheach duine culatha nuadh go raibh sórt
oibligeáid air í fhliucha aig te an ósta an cheud lá do chuirach
sé suas í - sé sin ba dhé an rud duineamhail do a dhaoine muínntearra
do thabhairt isteach agus iad a "thréatáil." Measaim go bhfuil an
nós sin i náth le bheidh imighthe anois, mar a bhfuil sé imighthe go
baileach. "Sé an duine an t-eudach" adeirach an seandream go
minic agus cómh fada is do bhí sé i gcumas do chuid aca, fiú nuair a
bhiodar brúghte go talamh aig ciosanna troma, dfheuchadar le culatha
dheas do choinneáilt ortha féin, agus idir fhear agus mhraoi ghabhdíst amach
go glan piocatha. Tá me trácht anseo air na daoine bochta do chómhnuig air
thaonna sléibhte, agus ins na h-áiteanna iargcúlta, agus nior thug me feuchaint
siar air an ndream saidhbhir do chaitheach "an béabher deathannach nú
an Spainish cloth." Eas chómhair m'aigne do bhí lucht na peidhre dráranna agus
na peidhre báiníní, an dream a théighach go dtí Airionn Dé ins an gculatha
glégeal sin, agus ní air na mrá socara do chaithach siodaí agus lásaí agus
bonnetaí le cruthtaí aeracha do bhí me a cuímhneamh ach air mrá na priobáníní
beaga gortacha do sníomhach a gcuid féin eadaig, na mrá a mbiodhach an
caidhpe glégeal le na cuid rufaí air a gceann, agus an bhróg cluasach air a gcosa,
nú na mrá do bhí gan bróg air bith, agus do bhí gabhach le lópaí na h-aimsire
sin nuair ná raibh nios fearr aca. - Cócaireacht na seanaimsire
Ní gádh dhom ínnseacht gur thainig aistriúgha air ár gcuid cócaireacht(leanann ar an chéad leathanach eile)