Volume: CBÉ 0646 (Part 2)

Date
1939–1939
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0646, Page 0103

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0646, Page 0103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Deischaoinnt na seandaoine
    Ins an seanaimsir agus suas go dtí an líne seo theighach na
    mrá le cannaí bainne air a gceann ó'n mbaile seo agus ó
    gach baile thar tímpeall isteach go Sráid na n'iasgairaí chun
    é dhiol le muínntir an bhaile sin ná raibh ba ná bainne
    dá gcuid féin aca. Ní nách únntas sí an bainne geur nú an
    bhláthach ba gráthaíghe thugtai go dtí an áit sin mar dhintaí
    ím don leamhnacht aig baile. Do dhioltaí bainne don sórt i
    ngach uile sráid bhaile, agus bhí cúinne sráide thios i
    Inistiomáin a dtugtaí (agus a dtugtar fós) Step a Bhainne air, mar
    is ann a thagach lucht na tuatha ó sna faoraibh thar tímpeall
    chun a gcuid bainne do dhiol le muínntir a bhailemhúir air
    oiread seo an cárt nú an pigín. Bhiodhach go gráthach gach
    soitheach thímpeall an bainne deanta d'adhmad an uair úd -
    idir na cannaí agus na soithíghe chun an bainne do thómhas. Nior
    dhada le bean nú cailín san saoghal sin canna bainne d'úmpar
    air a ceann, ach bhiodhach pillín deanta do thuaille nú d'eudach
    éicínt don sórt fén gcanna aici chun é choinneáilt cothrom air a
    ceann. Ní h-annamh a d'úmparuíghach mrá ón mbaile seo a
    gcuid cannaí go Sraid na n'iasgairaí, agus ba suarach go deó an
    luach saothair do bhiodhach aca do bhárr a dtroiblóide. Ní beag
    an méid sin i dtaobh an bainne, ach anois chun mo sgeul i
    dtaobh deischaoinnt na seandaoine. Chuaig bean ón gceanntar
    seo isteach go Sráid-na-niasgairaí leis an mbraon bainne do bhí
    le diol aca. Ní raibh ach beagan aici na canna mar ní raibh
    aici mar faghaltas san tsaoghal ach bó nú dhó. Chuai' sí isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Roman script