Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title)
“Bhí ríogh agus baínrioghain annsin fad ó shoin,...”
Bhí ríogh agus báinríoghain annsin fad ó shoin, agus bhí muirghín aca, agus bhí triúr
cailíní aca de chailíní móra dóigheamhla. Agus bhí caoithir phisreógach ariamh ag an
rí agus ag an bhainríoghain (ariamh) ins a teach, agus duine ar bith a shuidhfeadh ins
a chaoithir, agus athchuingne ar bith a d’iarrfad sé agus é n-a shuidhe ins a chaoithir gheobhadh sé é. Nuair a d’imtheochad an rí agus a bhainríoghain, chuirfead siad
a chaoithir i bhfolach ar eagla go bhfuigheadh na cailíní an chaoithir, agus na rabh fhios(continues on next page)