Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí cailín i mBaile an Droichid agus bhí sí a siúl le buachaill...

    Bhí cailín i mBaile an Droichid agus bhí sí
    a súil le buachaill, agus lá amháin d’imthigh
    sí na roilige agus d’fheann sí beilt thart
    de chorp, agus chuir sí oirthí 1) nó go
    dtí go mbéadh a bhuachaill aicí. D’imthigh
    an buachaill cupla lá ’na dhiaidh sin agus
    rinn sé uaighe sa roilig, agus bhí sé leis
    a chailín a thabhairt amach a shiubhal a
    bealach mór. Bhí Jonní Geiteagán a bhí
    i nDún-glin-éille bhí sé ag ’ul go mall
    san oidhche, agus téidh sé goidé bhí ’n
    buachaill a dheánamh. Bhí frock 2) caiththe ag
    1) Cúntas: Chuir sí thart ar a corp í
    2) cóta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    30 Aibreán 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir