Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí Nansaí Mhór a bhí i nGleann Lacha seo amuigh bhí sí thiar sa tráigh oidhche amháin,...”
L12.384(0) Bhí Nansaí Mhór a bhí i nGleann Lacha seo
amuigh bhí sí thiar sa tráigh oidhche amháin,
agus tamallt maith roimhe sin báidhteadh deirbhsiúr
daoithe agus dhá bhean eile de chuid na
comhursanna thiar ar na leachacha. Bhí
sí ag ’ul siar na trágha an lá seo.
agus tchídh sé triúr ban 'n-a suidhe ar
a tráigh. Tharraing sí fhad leis na mrá
agus nuair a bhí sí ag ’ul a shuighe
síos ag n-a dtaobh d’aithin sí a deirbhshiúr
fhéin. Agus d’éirigh sí arais agus theich
sí abhaile an méid a bhí ina chorp. Agus(leanann ar an chéad leathanach eile)