Volume: CBÉ 0180

Date
1936–1936
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 047

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ins a t-sean-aimsir bhí 'n námhaid ag 'ul siar thall Poinnte Luachruisc am Chroimail, agus é a marbhadh na ndaoiní.

    (continued from previous page)
    bhí ’n oidhche ann ag ’ul isteach dó, agus chuaidh sé isteach i dteach ann. Bhí siad ag ithe
    préataí agus smután aca sa teinidh, agus a bhascóid(1) ar aghaidhe na teineadha. D’iarr
    Cromail ortha éirigh agus coinneall a lasadh
    "Níor fhás an fhiog ariamh i dToraigh," arsa fear aca.
    "Bhail níor mharbh mise an nduine ariamh gan solus," arsa seisean. Thionntodh sé ar a chois agus tháinic sé amach arais. Níor mharbh sé a'n nduine i dToraigh

    (1) (The-basket) An soitheach deánta de shlatacha a rabh na préataí oirthi,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.