Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhail thíos i n-Innis Caoil tá oileán beag amuigh ann a dteárn Naomh Conall turas air.”
Bhail thíos i n-Innis Caoil tá oileán beag amuigh ann a dteárn Naomh Chonall turas air, agus
ba é an cineál fear a bhí ann fear
gan chomhairle agus ní rabh gar do athair aon dath a iarraidh air, agus ins a deireadh mharbh sé an t-athair. Ní bhfuighead
sé maitheamhnas ó aon saghart annsin, nó go dtí go n-éirigheadh oilean ins an fhairrge go ndeánfad sé turas air, agus nuair
a bhéadh a’ turas deánta go mbeirfeadh an eiseóg(1) trí h-uibhe ar a bhais.
Chonnaic sé ’n t-oileán agus chuaidh sé
(1) éan(leanann ar an chéad leathanach eile)