Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title)
“Bhí beirt fhear i bPoinnte Luachruisc seo thíos... ”
Bhí beirt fhear i bpoinnte luachruise seo thíos agus bhí seisreach i gcomhar eatorra, agus bhí siad a treabhadh a talamh fá’n am seo bhliadhain. Bhíodh sí Dia Luain ag fear aca agus Dia Máirt ag fear eile, agus aréir mar sin ar a dturn. Thuit sé ar a ghaedheal í bheith aige lá fhéil Pádraic. "An mbéidh tú a treabhughadh lá fhéil Pádraic?" arsa’n fear gallta leis.
"Ní bhéidh," arsa seisean, "tá mé ag ’ul suas
go h-Árd a’ Ratha go nó ólfaidh mé bonn
Pádraic [1]. "Bhail béidh mise a treabhughadh
[1] Sin airgead a ba gráthach leóbhtha a chruinneadh fhad ó shoin roimh an féil Pádraic (bhéadh siad a fághail a sé pighne nó scilling, leath taoibh ar feadh ráiche roimh an am. Bheadh lá mór acú annsin lá fhéil Pádraic ar an aigead seo).(continues on next page)