Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine é is bheith a’ gal ar a’ gcorp ná feaca sé riamh is ná raibh aon aithne aige air!."
- Bhíodh muarán sprideanna sa t-siúbhal fudó agus do bhíodh sprid a dteóra Conndaé Luimhnigh agus Chiarraíghe go nglaodhaidís Sprid Bheárna An
Choimín Dorcha errthi, agus do chuaidh a’ feirmeóir seo ar ghnó éigineach -a sochraid - agus do bhí tigh óil ar a shlíghe a’ teacht agus do mhoilligh sé sa
tigh óil seo agus bhí sé air teacht go Ciarraíghe agus
do bhí buachaill aige tamall maith d’aimsir roime sin ó Chiarraíghe agus do chailleadh aige é agus do chuireadh. Is é a’ cur de an bhóthair, bhí
capall - bhí láir mhaith bhán aige, agus ma bhí aon capall lúsálta maith do bhí sí ar cheann aca.
Chonnaic sé an buachaill roimis amach a’ bóthar - oidhche ana-gheal a b’eadh í agus b’úntach leis, dar leis féin cad a thabharfadh ann a’ fear do bhí
caillthe cúrtha agus do mhoilligh sé an capall a gabháilt
thairis. "Mhuise, a Sheáin," ar seisean, "an misde dhom(leanann ar an chéad leathanach eile)