Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5th
517
báthair agus age bean éigineach eile do’n bhaile agus do
thángadar ar - phlainncéadaí aca-i do cheapadar
iad a reamharú’ iad féinig agus do bhíodar ’á gcimile
i ’á dtarrac ’dir a’ dá chliabhán so - do thugadar-
gur dhineadar sórt reamharúcháin, ach ní rabhdar
cómh ceart dianta le reamharucháin a’ muilinn,
ach fadar go dtagfadh sé isteach sa chaitheamh ar
ball, gCaithfidís an oiread san a dhíol as rea-
mrán a’ muileann agus go raibh a reamharúchán
féin aca i n-áisgidh. Chonnac reamharúchán a’
mhuilinn ar siúbhal leis agus a’ t-é go raibh a’
muileann aige agus do thugaidís na h-oidhcheannta-
bhí aithne agam ar chlaínn Seáin Uí Churráin
seo - thugaidís na h-oidhcheannta sa mhuileann
a’ faire an ghnótha gu nuair a bheidís críoch-
nuidhthe, caithfí iad a thógaint amach, dá bhfágfí
ró -fhada iad ní raghadh sé ar fóghnamh dóibh
agus ghthas go raibh a’ mhuileann reamharúcháin
age sin a b’fheárr a bhí sa taobh thiar de Chiarr-
aíghe. 'Sé an áit go raibh a’ mhuileann aige, ar
na Gearr aibhní agus tá ’rian fós un agus sé láit
go raibh a’ t-uisce tarraingthe nó umpaidhthe
chuige ó loch na mbreac Dearg agus fiú amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)