Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. An t-Athair Mícheál Raoghall agus Fear an Steisin (i)
    Bhí sagart fudó a bParóiste na Dromad go bh’ainmh do an t-Athair Mícheál Raoghall.
    Théidheadh sé ana- mhoch go dtíos na stations. Chuaidh sé - tháinig sé go dtí Station maidean a Macha Ghiornáin(ii) agus bhí muíntir a’ tíghe ar
    fad ’n-a gcodla agus istig i’s na tighthe cómhnuidhthe an uair sin a bhíodh na h-ainmhidhthe ar fad ceangailte, agus níor bhraitheadar aonní gur bhuaileadar an dorus. Nuair eirig
    fear a’ tíghe amach - chuaidh sé amach go dtí tig beag eile bhí amuich i n-aice leis a’ dtig
    agus thug sé leis dhá phíce agus ar seisean leis a’ sagart:
    "Bbeannacht Dia dhuit, ’athair," ar seisean, "agus beir ar
    a’ bpíce go fóil," ar seisean, "agus glan a’ tig i n-aénacht
    liom." Ach n’fheadar - ach níor thóg a’ sagart

    (i) 'Station'
    (ii) Ar an dtaobh theas do Loch Chluain Eachlaínnn
    also Macha Ghrionnáin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    5 Nollaig 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir