Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Chómhnuig ministir fudó ó shoin de shaoghal ann-
    so ar a’ gCoinreán, b’é sin aimsir na
    ndeacha. (Seadh! right way). Bhíodh ministrí
    a’ bailiúghadh deacha an uair sin agus an nao-
    mhadh leabaidh desna ga’ h-aon chuireadóireacht
    dá mbeadh agat a’ dul dóibh, agus do cheapadh
    muarán aca go raibh sé ana-chruaidh orrtha
    an naomhad leabhaidh a thabhairt do’n mhin-
    istir agus bhíodar dóthanach go leór díobh, é
    bheith d’fhiachaibh orrtha bheith a chur phrátaí
    agus thurnapaí agus gubháiste is ga’ h-aonní bhuinn-
    eas leó, mar a dtabharfaidís é sin, an
    oireadh san airgid. Do tháinig beirt fhear
    oidhche ’osna h-oidhcheanncaibh agus do bhriseadar a’
    dorus isteach ar thig a’ mhinistir agus ’sé an áit
    go raibh a’ ministir ’n-a chómhnuidhe san am san
    tamaillín anuas ó’n hotel - Hotel Bhutler
    Arms, agus bhí muarán tighthe beagha ins an am
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir