Ó'’s do bhíos-sa tamall go lán -mhaith,
Do bhí scilling im’ láimh agus raol,
Bhí mo phlíoma capaill go sásta
Ó do ghlanfadh a’ pháil de léim.
Bhí mo chóraid bhainne ar a' bhfásach
Is ní thagfadh a’ báille im’ ghaor,
Ó ’s a’ triall ar a’ mbaile nuair a thánga
Níorbh ionad ró-fháilteach é.
"Ó 'gus nára Dé bheatha-sa id’ shláinte."
"'Sé deir mo mháithrín féin.
"Óch a stúmpa bodaig gan náire
Cár imthíghis ar fán ó ’ndé?."
Do bhínn-se a’ machtnamh ar áitribh
'Gus do chúmainn go h-áluinn bréag,
Óch ag ínnsint startha dhom bhán - chnis
Ar chathaibh Fionn Trágha na laoch.