Volume: CBÉ 0148

Date
9 Nollaig 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 081

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    amach sa bhfairrge go dtugaid siad a Scairbh air - dhá oileán, Scairbh is Duíbhnis, agus bhíodh station aige i gceann aca, agus ins an am san le Muíntir Conaill a b’eadh iad, agus do bhíodh muaran caorach aige san oileán - cuíore reamhra - chun feóla, ach do ghlas a’ lá air lá a bhí an station aige agus má ghlas do bhí fear ’e Mhuíntir Ghealabháin istig un go dtugaidís Peaidí Ó Gealabháin air, agus dubhairt sé le Peaidí go dócha go marbhóch sé cuíora dho anocht.
    Dubhairt Peaidí go dócha go marbhóch is ní raibh aon
    éileamh aige ar aon cheann d’á chuíore féin a mharbhú aige. D’imthig Peaidí - chuir sé beirt
    gharsún a bhí aige ad iarra’ ceann desna caoíre is thugadar leó dhá cheann aca, an dá
    cheann a b’fheárr a bhí ann, chun ceann maith reamhar ’fhághailt do, d’á chaoire féin, is ní raibh fhios aige sin é, ach mharbhuíodar. Buinneadh a
    croiceann di is dócha is buaileadh síos cearthmha dhi dho féin is do’n chléireach agus d’itheadar araon a’ chearthmha gan aon ruaine fhágaint agesna páisdí dhi. Well, bhí an chearthmha eile dhi aca lár na mháireach agus dhineadar a’ cleas ciadna, d’itheadar í. Ní bhfuair aonne ’á raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant