Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Tá eachtra beag eile agam a chuirfidh mé ann agus sin a gcuirfidh mé ann faid a
    mhairfidh mé is dócha. Tá a bhfuil agam ann - tá a bhfuil im’ cheann anois agus nuair ins ga’ h-aon ruaine dhíom tá sé istig ann. Eachtra é seo i dtaobh an fhir chiadna, Peaidí Ó Coinleáin a bhí ’n-a chómhnuidhe ar Ínse An D... beannacht Dé len’ anm, agus a mhac, Mike, a bhí ’á ’nisint dómh-sa. Bhí Peaidí Martin ’n-a chómhnuidhe dtaobh thuas de sa teórainn aige agus do bhí sé go maith as, ach bhí cat dubh aige go h-áirithe ’gus bhí sé ana-chriona agus do bhi
    muca agus ba marbh age Peaidí i gcómhnuidhe agus bhí feamlí muar air: ach bhí an cat so ai..
    go h-áirithe sa tig agus nuair a bhí an fheóil ai. . fúnach ar í úsaid, ní leogfadh a’ cat aonne
    ngoire na feóla ach fáin bean a’ tíghe - ní leogfadh sé aonne ’on fheaimlí i ngoire na feóla
    agus ní itheadh sé féin aon ruaine dhi go dtí go
    bhfaigheadh sé í - an cat féin : ach la ’osna laéthannta go h-áirithe bhí ingean Pheaidí,
    chuaidh sí chúin smut de’n fheoil a thabhairt léi
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    3 Samhain 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir