Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
Ceapadóireacht 8adh-3-38 "Coinnle" San sean-aimsear ní raibh lampaí ola le fagháil. Théighidís a gcodhladh le solus an lae agus d'éirighidís leis an ngréin. Taréis tamaill rinneadar coinnle agus ní tháinigeadar thar Sáile. Rinneadar iad le luachair. Bhí fear ina chomhnuidhe i nDoirín. Rinne sé coinnle do'n ceanntar so. Ghearr na daoine an luachair. Thoghadar amach an luachair mhaith ramhar. Thugadar í go dtí an fear seo. Phioc sé amach traithníní maithe ramhar. Bhain sé an craiceann díobh. Do thiormuigh sé cois na teineadh iad. Cheannuigh sé gréis ó na daoinibh agus ó'n mbuistéar. Do leathuigh sé í. Rinne sé iad ceithre órlaigh ar fhaid. Do leathaigh sé an gréis isteach i dtubán. Chuimligh sé an ghréis ar na luachraibh. Sul a raibh siad fuar thóg sé iad amach. Ceangail sé iad le chéile.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.