Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
Lá Bealtaine Siobhán Ní Churraoin do sholáthruigh Bhí go leór pisreóga nna faoi Lá Bealtaine. Ní chuirtí amach aon bhainne chor ar bith an lá sin, dhá gcuirtí ní bheadh an t-ádh ar na beithidhigh ar feadh na bliadhna aríst. Oidhche Bealtaine chuirtí ruainne caorthainn ós cionn an dorais ar fhaithchíos go dtiubhfadh na sidheóga na daoine nó na beithidhigh leó. Chuirtí gad ar láimh an cheaintín a mbíodh an leamhnacht ann Lá Bealtaine ar fhaithchíos godtiubhfadh na sídheóga an bainne leó. Bhíodh sean-bhean ag gabháil thart fadó ag cruinniúghadh ime Lá Bealtaine agus mara bhfuigheadh sí é deireadh sí go dtiubhradh sí léithe an tim ar fad. 2 ... Áine Ní Fhágharta do chur síos Learaí Ó Biath a d'innis Lá Bealtaine bíonngo leór pisreóga ag daoine. Dhá n-eirightheá ar maidin roinnt moch Lá Bealtaine agus dhá dteightheá amach ar an tsráid agus bhreathnughadh do thimcheall ní fheicfeá deatach as aon teach. agus chuimhná ortfhéin go mbíonn posreóga ag daoine indiu gan teine a chur síos go bhfeicfe siad deatach as teac eile mar dhá thú an chéad duine a chuirfeadh síos teine agus deatach a bheith ar an simléar ar an gcéad shimléar ar maidin dearfadh na sean-daoine nach mbeadh an t'ádh ort an bhliain sin. Ní chuireann daoine amach a luaithe an lá sin ach an oiread. A. N. F.
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.