Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
Bhí sgaifte fear ag baint féir i gcuibhreann lá iongantach te agus bhain na fir daobhta a gcuid cótaí agus bheistí agus d'fhág siad ag an geafta iad ag taobh an bhealaig mhóir. Bhí siad ag obair go cruaidh. Bhí an feirmeóir ar an aonach agus ag teacht do. Bhí bheist úr air agus d'fhag sé an bheist síos ins an áit ina rabh na cótaí agus chuaidh a dh-obair. Bhí fear bocht ag dul thart agus chonnaic sé an bheist deas agus bhí sean bheist air féin. Bhain sé de an t-sean bheist agus chuir air an bheist úr agus d'fhág an sean ceann ina h-áit. Nuair a bhí an fear bocht giota fada ar shiubhal. Tháinig sé fhad le siopa, d'amharc sé ins an
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.