Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
(ar lean ón leathanach roimhe)
bhárach. Dubhairt sise nach bhfaca sí sin da dheánamh aríamh. Cuireadh isteach i seomra í agus achan ghléas ann i gcomhair na h-oibre. Tháinig an oidhche uirthí agus ní rabh rud ar bith déanta aici, gus thoisigh sí ag caoineadh. Ní rabh sí i bhfad ag caoineadh nuair a d'fhosgal doras an tseomra agus tháinig bean isteach agus gaosán mór dearg uirthi . D'fhiafraigh sí den ghirrseach caidé bhí uirthi, agus d'innis sise fa'n obair a bhí idir láimhe aicí agus nach dtiocfadh leithí é a dheánamh. Dubhairt an bhean nach mbéadh sise i bhfad da dheánamh sin agus rinne. Bhi áthas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí an obair deánta agus an oidhche sin fuair sí suipeár dhá uair ní bfheárr na'n oidhche roimh sin, agus leabaidh dhá uair ní bfheárr le luighe uirthi. Maidin lá thar na bhárach cuireadh isteach sa t-seomra í agus tugadh dithe olann agus achan gléas eile agus h-iarradh uirthí dhá dhosaon de ghiosain a dheánamh
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.