Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
Thainig bean aniar as Gleann – Gleann Colm Cille – lá amháin go h-Árd a’ Ráth. Chuaidh sí isteach i siopa agus dhíol sí gugan ime. Bhí paipéar donn a an chunntar agus nuair nach bfhacaidh sí a leithead ariamh rinne sí amach gur leathar a bhí ann. Cheannuigh sí adhbhar péire bróg de’n pháipéar. Chuaidh sí abhaile sásta go maith mar shíl sí go mbéadh péire saor bróg aicí. Fuair sí na bróga déanta. An chéad uair a chuir sí na bróga uirthi, ba lá fliuch a bhí ann agus leághadh iad ar a cosaibh. Thainig sí aniar gan mhoill agus fa choinne a chuid leathair. Ní rabh Gaedilg ag fear an t-siopa – gall a bhí ann creidimh. Dubhairt bean a’ Gleanna – agus ní rabh ach corr fhocal de dhroch Bhéarla aicc-se. “gim me my lathering”. Thosuigh fear an t-siopa leis an fhuip uirthi acht nior sheasuigh sí sin i bfhad gur scairt sí “do you mind the lathering ins an Fhoghmhar anuraidh, gugán mor Brídeóige a bhí ar an chunntar. [?] Lorgan[?] an ime.
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.