Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
Bhíodh siad ag deanamh an chaisleáin pléama i n-Innis Céidhe fadó. Nuair a bhíodh siad folamh as bhiadh dhéanadh siad caisleán agus chuirfeadh siad go leor cloch geal agus trí fóíd móna ann. Chuireadh siad an doras ar an taobh ó thuaidh de agus dimthigheadh an stoirm. Siad na paidreacha a deireadh siad seacht "sé do bheatha Mhuire" seacht "ár n-athair" agus "glór don athair." Nuair a bhíodh siad ag dul amach don tír mhóir fá dhéin bídh agus nuair a thagadh stoirm ortha dheanaidh siad an chaisleán pléama agus bhíodh sé lag lár na bhárach. Nuair a theigheadh siad amach ag iasgaireacht déanfadh siad an caisleán pléama agus siad na paidreacha a bhíodh achu ná an t-Ave Maria. Tá go leor daoine de muinntir Innis Céidhe in dhon é a dheanamh go fóill acht deirtear nach bhfuil sé ceart é a dheanamh acht nuair a bhíodh cruadhóg leis. Tá sé suas le dhá chéad bliadhain ó bhí sé ar siubhal ag muinntir Innis Céidhe. (Fuair sí an méid seo ó 'n a h-athair Antaoine ó Maoineachán)
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.