Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, léireofar do sheoladh IP ar mhaithe le rialú cáilíochta.
A Mháire tá dí-chéillidhe ort mara a dtigidh tú chun an t-sléibhe, Tá do theach breágh dhá dhéanui is seómra geal in a éadan, An áit a mbéidhmíd go h-aérach go h-éag ar bheagán cíos, Tá na comhursana ar gach taobh dhinn is deise atá in Éirinn 'S dhá mairtheá ann na céadta bliadhain Níor bfada leat do shaoghal S go mbh'fearr liom ann ar aon cor mar a bhfághainn ann plúr natai 'S go h-éág ní rachaidh mise go Geata Mór arís. (II) Tá an traghna is an chearc fhraoch ann Tá lacha is naosga ann Tá gach uile short nídh, is na duilleabhar faoi na mbláth, Tá luachair ghlas is cíobh ann, tá sméara dubha ar craoibh ann Ní h-ionnan é is an tír seo an áit adtéigheann na ba ó dháir, Tá leanbh óga i gcionn a míosa ag rinnce ar fud an tíghe, Bíonn comhradh caoimheamhail ann ins an oidhche ag fir is ag mná
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Conas tras-scríobh a dhéanamh »
Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas
Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License
agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.