Text search

Transcripts count: 7
  1. Caisleáin

    Language
    Irish

    Bhí caiseal in uachtar Acla agus ceain eile i ndúnadh i nDuadhChumha. Tá ceithre stór ingac Caislean,agus ceithre fuinneóga. Tá staighre cloch suas go dtí a bharr agus tá doras beag amháin thíos ag a bun.
    Sí Gráinne Ní Mháille a thóg é. Deirtear nár thóg sí ach oidhche amháin ag déanamh an dhá caislean. Sé an fáth ar rinneadh iad le gardaí a fhágail ionnta leis an oilean agus an fhairrge a gárdáil. Thiocfadh leis na gardaí in Uachtar Achla caislean Dunadh a fheiceál.

  2. Brún - Tiarna Shligigh

    Language
    Irish

    i gCo. Ciarraidhe.

    Bhí cleamhnas aca le Mac Uilliam Íochtar agus Uachtar (?) áit ar phós duine inghean le Iarla Clann Riocaird. Bhí cleamhnas aca freisin le Gráinne Ní Mháille 'san áit ar phós Riocard an Iarainn a h-ingan (?)

  3. Gráinne Ní Mháille

    Language
    Irish
    Collector
    C. J. Ó hAoláin

    Gráinne Ní Mháille: mair sí in aimsir Eilise Shasana (Gráinne na gCearbhach). Ba inghean de Eoghan o Máille dá ngoirrí Dubh-Darach air. Ba gadaide maraí d'réir gach tuairisc. Bhéadh a ingean Gráinne leis i gcead mán[?] dá eactaraí contabhairteacha. Caitheadh Eoghan & Gráinne in-aois a naoi mbliadhain déag. Bhí driothár aici ní b'óige ná í féin, ach tainigh Gráinne i gceannas a muinntire gan cead a thabhairt do duine ar bith ceist a sharughadh[?] uirthí. Deartar gorabh Cabhtae[?] láidir aici air a bhfairrge ó Oileán Chara go Cuan dún na nGall. Ba é Caisléan Carraig a Ghabhala an dún-phort ba láidre dá rabh aici.
    Ba iondainail san am sin go leor long a dhéanain ar Ghaillimh ón Spáinn, luchtuighthe leipíonta, togha síoda, tobac [?] b'iomdha uair rinne Gráinne a cabhthae slab ortha. Ba cuma le Grainne céard as a tainic long ar bith, dhéanfadh sí creach ar cheann ar bith. Chuir sí isteach chomh mór sin ar loingeas Shasana gur thairg siad £500 len a gabhadh, ach bhí sé fánach acu.
    ...

  4. B’inghean í Gráinne Ní Mháille- nó Gráinne na gCeirr (?) mar tugtar uirthe sgaithtí le Dubhdara Ó Máille. Tighearna Umhaill Uí Mháille Uachtaicr, ‘sé sin Ceanntar Mhuirisg. Is deacair a rádh go cinnte cé’n uair ar rugadh í acht ó’s rud é go n-abrann Bingham, Uachtar (?) Chonnacht, i 1593 ag tagairt dhi ‘’the nurse of all rebellions in Connacht for the last 40 years’’ ní amugha a bhéadh muid da n-abruigheadh muid gur tuair(?) na bliadhna 1530 a rugadh í. Is cosamhail gur ar (?) a tógadh í, acht níl aon chinnteacht faoi, agus gur a chothuigh sí an fhairrge an chéad lá, an fhairrge a dhugl(?) sí an oiread sin taithneamh di ar ball, agus a mhúnách í go raibh sí ar an maraidhe a b’fhearr ar an bhfairrge thiar len a linn.
    Bhí dearbhráthair aice, agus de réir Dlighe agus (?) bhí tús aige-sean ar an talamh a bhí ag a athair. Níos ghéill Gráinne do’n Dlighe seo, agus chaith sí go leath (?) é gur ghlac oighreachta a h-atharda í féin. Ní raibh sí acht 19 mbl. an t-am seo. Sa bhliadhain 1550 do phós sí Domhall Ó Flaithbheartaigh a’ Chogaidh, as Baile na hInse i gConnamara. Ba é seo Taoiseach na bhFlaithbhea(?) in lar-Chonnacht ‘san am, agus bhí ghlaodhach aig freisin ar uachtarántacht Connamara uilig bhí Tadhg na buile Ó’ Flaithbheartaigh ag dul sa mb(?) air faoi’n uachtarántacht agus deirtear gur im(?)

  5. Gráinne Ní Mháille

    Language
    Irish

    Do mhair Gráinne Ní Mháille le linn na bainríoghna Éilís. I gConamara do mhair sí. Bhí a sinnsear ina righthe in Iar Chonnacht agus togha mairnéalach do bead iad. Ba inghean d'Éoghan Uí Mháille ar a dtugtar "Dubbara" í. Bhíodh an taoiseach seo i gcomhnuidhe ar an bhfarraige ag déanamh tráchtála agus foghla agus bhíodh Gráinne i gcomhnaidhe in aonfheacht leis. Ní h-ionghadh mar sin go raibh grádh an domhain aici don bhfarraige agus is ag dul i méid a bhí an grádh sin ó lá go lá. Nuair a bhí sí naoi mbliadhain déag d'aois fuair a h-athair bás. Chuaidh sí i gceannas cabhlaidh a h-athar agus toghadh í mar thaoiseach ar na Mailligh. Bhailigh siad le chéile chuici agus thugadar gach conghnamh agus cabhair dí. Seachas na Máilligh bhí muintir eile i gConnachta "na Flaithearthaigh" agus ní mhór a rádh go raibh cumhacht aca freisin. Do phós Gráinne duine aca "Domhnaill an Chogaidh" a thugtar air. Ins an gcaoi sin do rinneadh comh-cheangal idir an dá theaghlach sin. Bhí an fear sin ina thaoiseach i mBéal Átha na h-Inse agus bhí caisleán aige i mBun Abhann. Bhí mac aige ar a dtugadh "Murach na Maor" air. Nuair a cailleadh a fear phós Gráinne Mac Liam Uachtar de Búrca as Conndae Mhuigh Eo agus ins an chaoi sin thui an caisleán ba laidre dá raibh aice ina sheilbh "Carraig na Súile". Bhí triúr mac aice agus inghean. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag troid in aghaidh na Sasanaigh (Thar na bliadhna sin). Bhíodh sí go minic i bponc agus cheap sí ar son maitheasa na muintire go mba fhearr dí síothcháin a dhéanamh le Éilís.

  6. An Baile

    Language
    Irish
    Collector
    Seamas O Dalaigh
    Informant
    Mícheál O Catháin
    Age
    75

    agus tá beirt aca abalta sgéalta i mBéarla agus Gaedilge a innseacht agus siad Miceal O Cathain (72) agus Sorcha Ni Conmucháin (73).

    Ta talamh mait ann acht níl aon cuid de faoi coill. Tá sean bothar ann inaice leis an fairrge agus sin an bothar a bhíodh ag na daoine fado le dul chun na reilge. Rinneadh san bliadhain 1896 é agus is iad na Thirteen Sections a rinne é. Mna a bhíodh ag obair air agus fuair siad ocht bpighne sa lá mar páige. Bhris an fairrge isteac air agus cuireadh as usáid é.
    Tá loc ann a tugtar Loc Faithche air agus sé an loc is mo i Baile Cruaidh acht níl sé an ceann is doimne anois. Is féidir leis na daoine san Samhradh a gcuid móna a thabhairt ar ais óna portaigh atá ar an taobh eile den loc le cairt. Ta an bun go cruaidh mar is gainimh atá ann.
    Tá dhá trinse ag rith amac as go dtí an fairrge agus is iad na teorannta atá ar an dá taobh d’Faithche. Tá ceann aca mar teorann idir Dúnatha agus Faithche agus an ceann eile ar an teorann idir Dumha Fhrighil agus Faithche. Rinn Coimisiun na Talmhan ceann aca tá an ceann eile a dtugtar “An Cut” air ann le tamall fada. Cuir an Coimisiun posta tart ar an loc trí no ceitre bliadhain o shoin.
    Ta ballai sean-caisleán Gráinne Ní Mhaille i bhfeilm m’athar.

  7. Hidden Treasure

    Language
    English
    Collector
    Liam Ó Duibhir
    Informant
    Tomás Ó Floinn
    Age
    68

    There is a pot of gold hidden in Kinturk which belonged to Tiobóid Na Luinge and his mother, Grainne Ní Mháille.
    Tiobóid's servant dreamt there was a pot of gold hidden near the castle under a little bush and he was told in the dream not to bring anyone with him when he was going to lift it. He was afraid to go himself and he brought the wife with him.
    He started taking the covering off where he dreamt the gold was and he rose up a metal lid and some serpent opened her mouth and the wife's heart busted, and she fell dead where she was. He covered up the hole and he never went near it again and the gold is there yet.
    Liam Ó Duibhir,
    Beál Átha h-Éin,
    Caisleán.

    Ó Tomás Ó Floinn,
    Doire Garth,
    Beál Átha hÉin,
    Caisleán a Bharraigh.