Text search

Transcripts count: 18
  1. Mo Cheantar Féin

    Language
    Irish
    Informant
    Padraig Ó Caoimh
    Age
    53

    Caisleán Nua is ainm don áit chómhnuidhthe. Cúig tighthe deug atá ann acht ní raibh an iomad sin ann fadó. Slinne 'seadh iad go léir. Do baisteadh an ainm sin air mar do tógadh caisleán ann uair. Tá fothtach an tsean-caisleán sin le feiscint fós. Tá cúigear ann ós cionn seactmhadh bhliain. Pearse Mulcahy, Newcastle, Clonmel. Bríd Ní Maolchathaigh, Caisleán Nua. Bean Úi Shortiss, Caisleán Nua, Cluain Meala. James Greeney, Newcastle, Clonmel. Lar Hogan, Newcastle, Clonmel.
    Tá Gaedhilg ag an gcuid is mó aca acht níl siad go ró mhaith chun scealta d'innsint. Do théigheadh mórán daoine go America ó Caisleán Nua timcheall trí bhliana ó shoin.

  2. Bóithre Mo Cheantair

    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Caoimh
    Age
    53

    Tá bóthar ag rith ó Caisleán Nua go Cnoc Loftaige agus as san go dtí Cluain Meala. Nuair a beadh tú ag teacht ar an mbóthar timceall dhá mhíle ó Caisleán Nua tá fallaí árda ar gach taobh de ar feadh leath míle de'n bhóthar. Nuair a bhí an gorta ann sa bhlian 1847 do gearread iad cun obair a tabhairt do na daoine mar bhí siad ag fághail bháis leis an ocrais. D'itheadar "yellow meal porriage" agus d'itheadar arán a bhí déanta as min.

  3. Mo Cheantar Féin

    Language
    Irish
    Informant
    Séamas de bPuitléir
    Age
    78

    Mullach is ainm don baile in a cómhnuighím. Tá ocht dtighthe ann agus tá slinn ar gach ceann acu. 'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air an áit ná gur chuir na manaigh ag a raibh mainistir san áit sin fadó mallacht ar an áit. Tá beirt duine ann ós cionn seachtmhadh bliana d'aois. Seo iad. Séamus de bPuitléir, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala. Liam Uí Muirgheasa, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala.
    Tá cúpla sean fhothracha tighe ann agus leagadh cúpla cinn ann le deannaighe. Níor chuaidh mórán ón áit go dtí America. Talamh aoileach atá innti agus níl acht timcheall trí acra (de) coilltibh. Tá loch beag ann ar a dtuigtar Loc na Gréine. Ritheann an tSiúir tré Mullach. Deirtear go raibh mná riaghalta ar cuaird sa mainistir an lá gur dóigh Muiris De Prendergast é. Nuair a chonnacadar na saighidiúirí ag teacht teicheadar agus do deineadh casan tirm dóibh treasna na h-abhann. Níor fheaca aoinne ó shoin iad.

  4. Áitainmneacha

    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Caoimh
    Age
    45

    Loch Liach:-
    Í so i mBaile Glas, Caisleán Nua. Sórt tighe beag iseadh é seo, déanta as carraig í. Tá tobar taobh istigh de act is annamh a théigheann daoine ann cun uisge d'fhághail mar is deachair dul gairid do sa Samhradh toisc go bhfásann féar árd agus fiadhaile agus raithnigh timcheall air. Toisc go bhfuil sé in aice abha na Siúire bíonn tuille mór mór thimcheall an tobar seo sa nGeimhreadh. Uair amháin do dhein duine iarracht cun an tobar seo do shalú. Do shalaig sé é agus nuair a chuaidh bean ann chun uisce d'fhághail ní raibh deoch uisce le faghail. Do glan sí é agus do las sí coinneal beannuighthe taobh istigh de agus an maidin 'na dhiaidh sin bhí an t-uisce istigh sa dobar arís.
    Baile na Móna:-
    Cúpla míle ó Caisleán nua atá an áit seo. Is dóigh liom go raibh móin le fághail san áit seo uair.

  5. Áitainmneacha

    Language
    Irish
    Informant
    Seumas Ó Maolcathaigh
    Age
    56

    scríobhnóireacht an lá indiu.
    Poll an Chapaill:-
    Timcheall leath-míle ar an taobh theas de Caisleán Nua atá an Poll so. Dó báthadh capaill ann fadó agus sin é an fáth go cuireadh "Poll an Chapaill" air.
    Cúl na Gréine:-
    Sin ainm m'áit cómhnuidhe. Toisc go dtaithnigheann an ghrian ar chúl na dtighthe i gcómhnuidhe cuirtear an tainm so ar an áit.
    Nuair a bhí Crombhail ag dul ó Chluain Meala to dtí Eochaill tháinig sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine go léir istigh sa seipéal ag éisteacht Aifreann. Chuir Crombhuil na dóirse fé ghlas agus chuir sé an séipéal tré theine. Do dóigheadh gach cinne istigh ach aon bhuachaill beag amháin a d'éaluig amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh fhios ag einne cé ar leis é agus ghloadhadar an ainm "burn" air. Do shíolruigh muinntir Byrne ón mbuachaill sin.

  6. Áitainmneacha

    Language
    Irish
    Informant
    Seumas Ó Maolcathaigh
    Age
    56

    Áit-ainmneacha.
    Caisleán Nua:-
    Gráig Mhuire an tsean ainm a bhí ar an sráid bhaile seo. Tá fothrach shean-chaisleáin ann fós. Be le muinntir Prendergast é fadó. Tháinig Muiris De Prendergast go hÉirinn leis na Normánaig sa bhlian 1170 agus chuir a chlann fátha ins an áit seo. Daoine maithe ab eadh iad. Thógadar mainistir dos na manaigh thall i Mullach. Lá amháin d'eirig argóint ider duine do mhuinntir Prendergast agus an manach. Do mhasluig an manach an taoiseac agus annsan chuir muinntir De Prendergast an mhainistir trí theine.
    Nuair a chonnaic na manaig an mhainistir á dhogadh chuireadar mallacht ar mhuinntir De Prendergast. Ó'n lá sin amach bhí an mí-ádh leó. Fuaradar bás na nduine is na nduine agus níl aoine acha beó anois. Níl ach na sean-fallaí 'na seasamh san tsráide.
    Bóthar na nGall:-
    Tá an boithrín san gairid don sráid bhaile Caisleán Nua agus is fuirist d'fheiscint connus

  7. Mo Cheantar Féin

    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Mheachair
    Age
    53

    Chómhnuighim i bhFraochán i mBarúntacht Iffa agus Offa thiar. Tá cuig tighthe chómhnuighthe i bhFraochán. Bhí níos mó tughthe ann fadó. Tá dian cinn slinne ar trí cinn díobh agus dian cinn tuighe ar ceann eile. Tá leath de'n tigh eile clúduighthe de slinn agus an leath eile clúduighthe de tuighe. Do bhaistigh an ainm Fraochan ar an áit seo mar bhíodh fraoch go flúirseac ann fadó. Níl ann acht aon duine amháin ós cionn seactmadh bliadhain d'aois. Seo i a h-ainm agus a seóladh:- Bean I hAicéad, Fraochán, Caisleán Nua, Cluain Meala. Tá beagán Gaedhilig aici. Tá ceithre fhothrach sean tighthe chómhnuighthe im áit cómhnuighthe. Ba gnáthadh le móran daoine dul go hAmerica ón áit sin fadó. Talamh maith agus cré dearg atá ann. Níl aon cuid de Fraochán fé coill. Ritheann an Tárr tré. Níl aon locha móra ann acht locha beag nach bhfuil aon ainmneacha ortha.

  8. Cistí Óir i bhFolach

    Language
    Irish
    Informant
    Seumas Ó Maolchathaigh
    Age
    56

    Cistí óir i bhfolach.
    De réir an tsheancais tá ór i bhfolach sa tseana caisleán i gCaisleán Nua. Is é duine de clann Prendergast a chuir ann é mar fuair sé amach go raibh ropairí ag teacht chun an caisleán do réabadh. Annsan d'fhiafruigh sé de ceann da fir aimsire aire a thabhairt go deó don ór. Díreach nuair a bhí an geallamhaint tughtha aige do mharbhuigh Prendergast é. Acht mar si féin níor bhris an fhear a fhocal agus ón lá sin amach bhí a sprid ag tabhairt aire don ór. Is minic a chonnaic muinntir na h-áite seo an sprid agus é gléasta i báinín agus hata árd agus madra mór bán in-aice leis.

    Deirtear go bhfuil ór i dtaisce leis i Gheann Sileáin leath slighe ider Caisleán Nua agus Mellery. Oidhche amháin chuaidh beirt fear á lorgadh acht tar éis bheith ag romhar timcheall trí uaire ní fuaireadar

  9. Mo Cheantar Féin

    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Caoimh
    Age
    53

    Tá comhnaidhe orm i mBaile Glas i bparóiste Caisleán Nua agus i mbarcintacht Iffe agus Affe thiar Sa ceanntar seo tá ceithre tighthe. Bhí níos mo acu ann fadó acht fuair na daoine bás agus níor tháinig aoinne chun comhnaidhe ionnta agus tar éis cúpla bliadhain do leagadh iad. Cinn slinne atá ar tri tighthe agus díon tuighe ar an ceann eile.
    'Sé an fáth gur tugadh an ainm Baile Glas air ná, tá na tighthe go leir suidhte ar tamamh árd. Níl an talamh seo i mBaile glas go ró- mhaith acht tá cúpla coiléal innti in a geibheann na feirmeóirí cloca. Tá timcheall acar de fé raithneach agus aiteann. Má sheasann tú i mBaile Glas is féidir leat Co. Phuirtláirge d'feiscint timcheall céad slat uait. Idir an dá ceann ritheann abha na Siúire.

  10. Carraig an Aifrinn

    Language
    Irish
    Informant
    Maitiú Dubhgán
    Age
    40

    Carraig an Aifreann:-
    Tá an áit seo i nDún na Gaoithe trí míle taobh ó tuaidh de Caisleán Nua.
    Deireadh na sagairt Aifreann uirri in aimsir na bpéin dlighthe. ta focal éigin sgríobhta ar an gcarraigh anois acht ní féidir le h-aoinne iad a léigheamh. Tá áit uaigneach i Rath a Ceallaigh agus tá pluais ann in a mbíodh na sagairt i bhfolach ann fadó agus léighidís an tAifreann ann dos na daoine.

  11. Naomh Patrúin an Cheantair

    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Maolcathaigh
    Age
    56

    Sé an Maighdean Muire naomh patrúin an ceanntar seo. Fadó bhí an sráid baile Caisleán Nua glaodhta in dhiadh an Maighdean Muire. Sé an ainma bhí air ná Gráige Muire sé sin "The village of Mary" Ar an cúigeamadh lá déag de Mhí Lughnasa coiméadtar a fhéile. Roimh cúig bliadhain ó shoin do bhíodh sórt féile beag ag na daoine ar a gcuirtear "The Pattern" Is dóigh liom gurb é an ainm ceart ná " The patron's day"

    An uair a bhí NaomhPádraig ag dul mór thimcheall na h-áite seo bhí truagh comh mór san aige dos na daoine gur mhúin sé an creideamh fíor dóibh. Ní raibh eolas acha ar Dia. Nuair a ghoid na daoine i nDroichead na nGabhar an laog ó Naomh Pádraig do cuir sé mallacht ar abha na Táire mar geall ar sin. Sé an mallacht a chuir sé ar an abhainn ná, ná bheadh aon iasc le fághail ann in a dhiadh sin. Do thuit an mallacht ar an abhainn mar ó shoin ní raibh mórán iasc le fághail ins an abhainn sin.

  12. Seanchas Stairiúil

    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Meachair
    Age
    53

    Seancas Staireamhail.
    Droch fear a tháinigh ó Sasana dob eadh Cromwell . Do dhein sé alán díoghbhála i ngach áit agus do dhein sé díoghbháil i gCaisleán Nua. Nuair a bhí sé ag dul go Eochail tháinigh sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine istigh sa séipéal ag éisteacht Aifrinn. Do chuir Cromuil na dóirse fé ghlais agus chuir sé an séipéal tré theine. Do doghadh gach ainne istigh ann acht aon buachaill amháin a d'éaluigh amach tríd an fuinneóig. Ní raibh fhios ag aenne cé'r leis é agus do cuireadar an ainm "burn" air agus do shíolruigh muinntir "Byrne" ó'n mbuachaill sin. Annsan cuaidh Cromuil go dtí Eóchail agus chaith sé an Gheimread ann. Annsan cuaidh sé thall go Sasana agus níor dein sé aon díoghbhail eile i gCaisleán Nua. Tá fothrach an seipéal le feiscint ann anois.

  13. Seanscoileanna

    Language
    Irish
    Informant
    Séamas de Paorach
    Age
    60

    Timcheall ceithre fichid blian ó shoin bhí scoil i mbatharnach leach míle ó Caisleán Nua. Istigh i dtigh ar nós sciobóil in-aice Bóithrín Dall a bhíodh an scoil seo ar siubhal.
    Bé ainm an mhuinteór a mhuin ann ná Gregary Ó Brathnac agus deirtear gur shíolruigh Muinntir Brathnac 'na gcómhnaidhe san am láithreac san áit ón bhfear san. Do bhíodh an scoil seo ar siubhal ar feadh trí uaire sa leo. Do mhuineadh gach adhbar do na páistí i nGaedhilg mar ní raibh aon fhocal béarla ag an múinteóir agus bhí droc-mheas aca ar an nbéarla leis pé scéal é. Is le pinn cleite a scríobh siad ar na chóip leabhar.
    Ní bhíodh aon bhinnse aca agus is ar clocha móra a shuidheadh na páistí agus an múinteór ar bosca. Fuair sé pág de réir saidhbhris túismightheóirí na páistí acht ní fhuair sé acht ceithre scillinge ó daoine bhí an-bhocht ar fad. Tá an scoil seo le feiscint fós.

  14. Sean Scoileanna

    Language
    Mixed
    Informant
    John Condon
    Age
    66

    Bhí sean scoil i Ruan, Caisleán Nua i bpáirc Muinntir Lonergán uair amháin de Pádraig Ó Noonan a bhí 'na máighistir ann. Duine ón gceanntar abh eadh é agus bhíodh sé 'na cómhnuidhe i Ruan. Gach maidin Domhnaigh tar- éis agus roimh an chéad Aifrinn bhíodh sé ag múinneadh na páistí agus deireadh siad an Choráin Mhuire i nGaedhilg gach lá. Pinn déanta as chleití gé a bhíodh aca cun scríobh. Ní raibh aon bhinnsí aca ins an scoil ach clocha móra. Bhíodh ana mheas ag na múinnteóirí ar an nGaedhilg agus bhídís a labhairt i gcómhnaidhe.

    In olden times school masters got their pay from the children. Poor children who were in infants class had to pay a penny a week but those who were rich had to pay more. Some people used to pay every quarter. If a child was put into first class she had to pay one shilling extra or if she was put into

  15. Scéal Greannmhar

    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Néill

    Sgéal Greanmhar.
    Fear a tháinigh ó Baile Áta Cliat go Caisleán Nua chun talamh do roinnt. Do bearruigheadh sé é féin gach maidin is is minic fé dó sa lá. Cuaidh sé isteach i dtig ósta ar thaobh na sráide agus bhí tuirse air. D'ith sé a shuipeár agus do cuaidh sé na chodlad agus do chodail sé go sámh. Déirigh go móch ar maidin agus do glaoidh sé ar cailín aimsire chun uisge allo-bog d'fhágháilt chun é féin do bhearradh. D'oscail sé a mhála chun a rásúr do fagháile ach dia le m'anam ní raibh aon rásúr ann. D'fhág sé é i mBaile Áta cliath ar an mbórd sar a d'fág sé é. Chuaidh sé mór thimcheall na sráide ag lorg siopa bhearradóra. Ní raibh ceann acu ann. Bhuail fear leis ar an sráid agus d'iarr sé air siopa bhearradóra do thaisbáin do. Do shán sé bothán beag do ina raibh acu ann. Cuaidh sé isteach ach bearradóra na marbh a bhí ann. Dubhairt an bearradóir leis gurb é an chéad fear beo a bhearradh sé riamh.

  16. Áitainmneacha

    Language
    Irish
    Informant
    Seumas Ó Maolcathaigh
    Age
    56

    a fuair sé an ainm sin. Nuair a bhí Cromail agus a shaighdúirí ar a slighe ó Cluain Meala go dtí Eochaill, tar éis an t-sheipéal i gCaisleán Nua a chur tré theine do chuadar an bhóthrín agus mar sin tá "Bóthar na nGall" mar ainm ó shoin air. Acht ceapann daoine gur "Bothar na nGabha" an ainm atá air toisc go dearlaigeann sé go bhfuil ceardcha ar thaobh an bhóthair seo.
    Bóithrín Dorca:-
    Bóithrín i mBatharnach cúpla míle ó Chaisleán Nua. Fásann crainn ar gach taobh den bhóithrín seo agus annsan bíonn sé dorcha i gcomhnaidhe ann.
    Carraig an Aifrinn:-
    Tá an charraig seo timcheall trí míle ó Caisleán Nua ar Sléibhte Maol Domhnaig. Fuair sí a h-ainm, mar in aimsear na bPéin Dlighthe do bhíodh na sagairt ag rádh Aifreann ann. Tá scríobhnóireacht sa tseana Gaidhilge le feiscint ar an gcarraig san anois, acht ní féidir le haoinne é a léigheamh, mar tá deifreacht mór ider na sean-gaedhilge agus

  17. Cruatan

    Language
    Irish
    Informant
    Séamas Ó Dubhgán
    Age
    88

    Báthadh fear dárbh ainm Séamus Ó Noonan san tSiúir timcheall dachadh bliadhan ó shoin. Tugadh an ainm Poll Noonan ar an áit ó shoin. Báthadh fear darbh ainm Liam Prendergast a comhnuigh i Corabella.
    Dóighteán:-
    Dóghadh tigh Liam Uí Broin i mBaile Burges timcheall na bliadhna 1869. Doghadh tigh Captáin Perry i gCaisleán Nua timcheall na bliadhna 1918.
    Tuille:-
    Bhí tuille mór san tSiúir uair amhain agus ní raibh aon droichead ann an uair sin. Bhí fear darbh ainm Pádraig de bPuitléir ag teacht abhaile ó Caisleán Nua agus bhí sé go dorcha. Tuit sé isteach san abhainn acht do coiméad sé greim maith ar crann beag a bhí ag fás ann. D'airigh fir é ag béirig agus sábhaladh é.

  18. Bóithre Mo Cheantair

    Language
    Irish
    Informant
    Séamus De Paor
    Age
    60

    Bóthar Peig Faide:-
    Cómhnuig duine dárbh ainm Peig Faide ann fadó. Sin é an fath go dtugtar an tainm sin air.
    Bóthar Buidhe:-
    Cré buidhe atá ar an mbóthar sin agus nuair a bhíonn sé ag fearthainn bíonn an bóthar sin ana salach ar fad.
    Do deineadh na bóthre san timcheall trí céad blian ó shoin agus sé an pág a bíodh acu ná réal gach lá. Fear an-mhaith a gheobhadh scilling. Ní raibh le n-ithe acu acht prátaí agus bainne géar.
    Beárna an Fíona:-
    Áit in-aice an "Bee Hive" é seo. Bhíodh chómhádhla ag na "Seanabheists" is na "Carabhats" ag an áit seo.
    Beána na Tuaithe:-
    I Ruan cúpla míle ó Caisleán Nua.
    Seo iad na Crosaire atá im ceanntar:-
    Crosaire Croan:-
    Cuirtear an t-ainm sin air mar tá sé in aice áite ar a tugtar Croan.