Number of records in editorial history: 2365 (Displaying 500 most recent.)
senior member (history)
2023-06-06 02:33
approved
rejected
awaiting decision
Thuit Seán amach leis na comharsain mar gheall ar an Fíníní nó rud éicint agus d'iompuigh na comharsain 'na choinne annsan agus cad a dhein sé - Cataoiliceach a b'eadh é agus d'iompuigh sé 'na Phrotastúnach agus chuaidh sé mar chléireach go ministir "(Parson)" agus dhein na comharsain bhéarsa dhó:-
"D'fhág sé an eochair fé'n doras age Rí na nGrást,
Agus chuaidh sé ag obair ar sodar do'n diabhal go bráth."
Caitlín Ní Dhonnchadha, 16 bl. d'aois
Loch Cárthaighe, Ciarraidhe.
a fuair iad uilig thuas ó bhéal-aithris
Mháire bean Uí Rathaille
Gleann na gCaileach,
Loch Chárthaighe,
Ciarraidhe. in aois 70 bl. dí.
senior member (history)
2023-06-06 02:17
approved
rejected
awaiting decision
Seán agus an bás
1.
"I mBóthar Luimnighe 'seadh do thárluigh an bás liom
In a dhuine ghránda is mo dhrom le claidhe
Do dhruid sé isteach liom agus bheir sé ar láimh orm
Agus d'fhiafruigh sé de Sheán bocht 'goidé mar taoi?'
11.
Táim-se tinn tuartha-lag-dhubhach am' shláinte
'Ge snaidhm an mhála 'so ar aghaidh mo chroidhe
Caith dhíot síos é agus tar liom láithreach
Go Gleann Aoibhinn Áluinn ón áit ataoi.
111.
Spás, spás is ná mairbh go fóill mé
Agus tabhair dhom spás beag ar feadh trí mhí
Cun go ndéanfaidh mé aithrighe leis an t-Athair Mártan
An fear is áilne fé Cóta Chríost.
1V.
Dá bhfághfá spás uaim ar feadh trí mhí
Agus a fhaid eile dá bhfághfá arís é
Mara mhairis riamh do mharfá choidhche
Ó thosach an chluiche go deire na scríbe.
Nóta:- Níl é seo criochnuighthe mar tá sé dearmhadhtha ag an tSean-mhnaoi.
senior member (history)
2023-06-05 23:07
approved
rejected
awaiting decision
D'fhág sí beannacht chúghat-sa
Rud a leigint chúichí
Agus mise a iomchar chúichí a ghrádh ó"
Bean:- "Cá chuirfidh mé chúghat é, a bhacaigh?"
Bacach:- "Tá dhá mhála dhéag annso agam ar aon bheilt agus ar aon bhúcla,
Mála ar tír,
Mála ar taoibh
Agus mála ar t-slinneáin,
Cuir siar do "láimh deise"
tarrac aniar do "láimh cléithe"
"Ó Néill," "Robin Tail" agus "Tally" "Come Quick", "máilín na h-olna" agus an "Butter Box" mar tá seasamh fada agam ar aon chois ag doras gach aon tigh."
Caitlín Ní Dhonnchadha, 16 bl. d'aois
Loch Cárthaighe, Ciarraidhe.
ó bhéal-aithris
Mháire bhean Uí Rathaille
Gleann na gCaileach,
Loch Chárthaighe,
Ciarraidhe. in aois 70 bl. dí.
senior member (history)
2023-06-04 23:49
approved
rejected
awaiting decision
Bacach ar lorg déirce
Thagadh sé go dtí na dóirse ar lorg déirce.
Bean a' tighe:- "Dia dhuit a bhacaigh,
Bacach:- "Dia is Muire dhuit féin"
Bean:- Cár gabhais chúghainn a bhacaigh"
Bacach:- Gabhas anoir, aniar, andeas agus drom díreach an doras isteach."
Bean:- "Cad tá uait, a bhacaigh."
Bacach:- "Siobhán is a cúigear
D'fhágas thíos age Baile Mhúirnín
senior member (history)
2023-06-03 03:58
approved
rejected
awaiting decision
agus mar seo a dhein sé é:-
“A ceathramha' agus a leath ag Éamonn Nic Craith agus an cheathramha gan roinnt ag Éamonn Nic Craith, a chosa is a cheann ag uaislibh a' domhain agus a chroiceann mar bhríste ag Éamonn Nic Craith.” Dubhradar leis é go léir a bheith aige. D'imthighear leó agus d'fhágadar é go léir aige.
senior member (history)
2023-06-03 03:38
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal ag baint le "Bóthar na Lochlannach."
Bhí baintreabhach de Mhuinntir Mathgamhna ina cómhnuidhe 'sa Roinn in aice le Cill-Fhorglan uair. Bhí triúr leanbhaí breóite aice agus gan de leabha fútha ach soipín tuighe ag binn a' tighe. Ní raibh aon fheabhas ag teacht ortha ach iad bheith ag dul in olcas in aghaidh a' lae. Fallaí feidín a bjí 'sa bhothán a bhí aice. Tháinig bean siubhal an treó lá ag iarradh déirce agus thug an bhaintreabhach a leath dá raibh aice. D'innis sí an sgéal brónach do'n mhnaoi déirce, ac' ní raibh aon iongnadh uirthe seo mar dortadh a lán fola 'sa bhall chéadna uair nuair a marbhuigheadh a lán de's na Danair ag Muinntir Mhuircheartaigh agus iad ag dul do'n leamhain thar "Bóthar na Lochlannach." Bh an cúinne so de'n tigh i lár an bhóthair sin. D'athruigh sí na leanbhaí as an áit go dtí beann eile a' tighe agus níor b'fhada go rabhadar chomh slán is a bhíodar riamh.
senior member (history)
2023-06-02 23:14
approved
rejected
awaiting decision
Sliocht as "An Spailpín Fánach" :-
Lá dá rabhas agus mo mhuinntir sealad
Ar thaobh an chnuicín áluinn,
Fé bhuaibh, fé laoigh is fé chaoire gheala,
Agus ár gcapaill do bhíodar ar áireach
Dob' é toil Íosa sinn a chur dealbh;
Agus gur chuadhas-sa ar leith mo shláinte
'Sé a chrádhann mo chroidhe is gach t-am dá dtagann
Nuair a ghlaodhann siad orm an "Spailpín Fánach."
13.6.'38 - Caitlín Ní Dhonnchadha, 16 bl. d'aois. Loch Cárthaighe, Ciarraidhe, a bhailigh iad uilig thuas, ó bhéal-aithris, Mháire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárthaighe, Ciarraidhe, a h-aois:- 70 bl.
senior member (history)
2023-06-02 05:19
approved
rejected
awaiting decision
Mín agus aol a thabhairt do's gach éinne
Agus and cíos a dhéanamh suarach
V.
Nó pórt a dhéanamh ar an dtaobh seo an cé thoir
Agus go dtaithneóchadh sé le h-uaisle
Ba bh'fheárr mar scéal é is an pórt do shéanadh
Ná an tréata a chaitheamh gan dualgas
V1.
Guidheadh gach sár-fhear as so go sráid soir
Agus go Corcaigh árd na gcuanta
Cabhair a thabhairt do Sheán Bhocht le linn an ghádhtair
A chapaillín báidhte 'sa breach seo.
Ní fearra dhuit bheith id' cheap céille ná id' strae mhargaidh
Caitlín Uí Dhonnchadha, Loch Cárrthaighe, Ciarraidhe, ó bhéal-aithris, Mháire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárthaighe, Ciarraidhe, in aois a 70 bl. dí.
senior member (history)
2023-06-01 23:33
approved
rejected
awaiting decision
Nóta! Is amhlaidh a bhí Mister Roland ag tógailt póirt nó claidhe ar an dtráigh i Ros beithe uair chun na taoide do choimeád amach i dtreó ná briseadh sí an tráigh ar fad.
M. Ó Donnchadha
Amhrán a' Phórt
1.
A Mhister Róland, is mór a' spórt thu (ní deireann thú)
D'iarradh an pórt seo a dhéanamh
Agus go bhfuil Tonn Tóime 'á innsint dómh-sa
Ná béidh pioc de i gcomhaireamh a chéile.
11.
Tiocfaidh tóirneach, gaoth agus fórsa
Agus sneachta mór 'na dhiaidh sin
Agus a Dhia mhóir láidir
An ar buille atá Tú?
Ag cur stop le h-áit a bhfuil draoidheacht air.
111.
Dá bhfeicfeá an áit seo lá long a' ghráinne
Agus Neillí bhán is Beecher,
Nó Ramsay láidir gur bádhadh a bhád air
Is an maide rámha a thug saor é
1V.
Ba mhór dob' fheárra dhuit cuid de'n tréata
A chur ar shléibhte fuara,
senior member (history)
2023-05-30 23:38
approved
rejected
awaiting decision
Bhí beirt fhear ag gabháil a' bealach lá le'n a chéile agus d'fhiafruigh duine aca de'n duine eile conas a chuirfeadh sé na bhéarsaí le chéile, dubhairt an file gur fuirist iad a dhéanamh. Casadh caora ortha agus dubhairt an file: "Is breágh é do lomra , a chaora." Casadh bean ortha annsin agus dubhairt an file "Is breágh iad do dhá chíchnr, a bhean." Casadh faoileán ortha:- "Ar an dtráigh a chodhlann na faoileáin." Thánadar go garrdha slat agus dubhairt an file:- " 'Sa Gheimhreadh a fhightear iad san." " 'Sead" ars' an fear. "Nách í sin an bhéarsa déanta anois" ars' an file:-
"Is breágh é do lomra, a chaora
Is deas iad do dhá chíchnr, a bhean,
Lus' an dtráigh a chodhlann na faoileáin,
Agus ins' an nGeimhreadh a fhightear na slait."
Caitlín Uí Dhonnchadha, Loch Cárrthaighe, Ciarraighe, ó bhéal-aithris, Máire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárrthaighe, Ciarraidhe, in aois a 70 bl.
senior member (history)
2023-05-29 22:41
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin ag gabháil a' bóthar lá le sagart agus d'fhiafruigh an sagart d'Eoghain cathain a thiocfadh an chainnt do'n londubh. D'fhreagair Eoghan:-
"Nuair a raghadh an míol mór ar an Mhaing,
Nuair a raghadh an Mhaing go Sliabh Mis,
Nuair a chaillfidh na sagairt an t-sainnt
Sin é an uair a thiocfaidh a chainnt do'n lobhdubh".
senior member (history)
2023-01-16 23:52
approved
rejected
awaiting decision
Roinnt Éamon Nic Craith ar an bhfiadh
Bhí fiodhghaire ann uair agus bhíodar ag fiadhach agus mharbhuigheadar fiadh. Thuiteadar amach le'n a chéile mar gheall ar roinnt an fhiadha. Dubhradar go bhfágfaidís an roinnt fé'n gcéad fhear a gheóbhfadh an bóthar chúcha. Cé tháinig chúcha sa t-slighe ach Éamon Nic Craith agus dubhradar gur thuiteadar amach mar gheall ar roinnt an fhiadha agus go bhfágfaidís fé sin an roinnt do dhéanamh! "Very well" arsa Éamon "Déanfad-sa é", Dhein sé an roinnt
senior member (history)
2023-01-10 00:19
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán Grádha
Mo chreach is mo sgítheas nách bhfuil míle ar fad i ngach lá
Aiteann is droíghean 'sa t-slighe a bheimís ag gabháil
Mise 'san díg agus na mílte tor ar mo scáth
Agus grádh-gheal mo chroidhe agus í sínte idir mo dhá láimh.
Caitlín Ní Dhonnchadha, 16 bl. d'aois
Loch Cárthaighe, Ciarraidhe.
ó bhéal-aithris
Mháire bean Uí Rathaille
Gleann na gCaileach,
Loch Chárthaighe, Ciarraidhe.
senior member (history)
2023-01-09 00:04
approved
rejected
awaiting decision
Paidir a deirtear nuair a coigiltear an teine.
"Cogalóchaidh mé a' teine mar a choigileann Críost cách
Muire i gceann a' tighe agus Brighde 'na lár
A bhfuil d' Aingealaibh is d'Aspalaibh i gCathair na nGrást
Go dtagaidh siad i gcoinnibh m'anam ar uair mo bháis - an uair is feárr.
Go dtugaidh Dia sin dúinn. Ámán."
senior member (history)
2023-01-09 00:03
approved
rejected
awaiting decision
"Cogalóchaidh mé a' teine mar a choigileann Críost cách
Muire i gceann a' tighe agus Brighde 'na lár
A bhfuil d' Aingealaibh is d'Aspalaibh i gCathair na nGrást
Go dtagaidh siad i gcoinnibh m'anam ar uair mo bháis - an uair is feárr.
Go dtugaidh Dia sin dúinn. Ámán."
senior member (history)
2023-01-05 00:14
approved
rejected
awaiting decision
Mór chuid atá le fághail aici 'Sis feárr í féin
Ó 'n bhanaltra do thál an leanbh uirthi, 'sí Sighle Uí Uaí?
Breed na bhFlathartach bhfial bhfairsing gan cháim gan chlaoidh.
111.
Ná bíodh sibh feasta ar mearthaill cé táim dibh a léigheadh
'Sí Johanna O'Brien í dar go deimhin díbh thug a bárr ó'n sway
Chómh deas a cúlfionn óg ní chonnac ó thúis mo shaoghail
Idir coisle (?) le colúr í maidin drúcht í a' shineál (shining) le gréin.
1V.
Is cois i mbróig í is deise 'sis gleóite do shiubhlaigh féar
Is binne a glór súd ná ceileabhair na n-éan
Coimín síoda is binne 'sis deise ná clúmh na n-éan
Agus a mála geal cómh tarraice-leis an snáthaid chaoil
Caitlín Ní Dhonnchadha, 16 bl. d'aois,
Loch Cárthaighe, Ciarraidhe,
Ó bhéal-aithris Mháire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárthaighe, Ciarraidhe, in aois a 70 bl. dí.
senior member (history)
2023-01-03 23:52
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán Grádha
1.
Ní chreidfinn-se ó cách nách ar an mbaile seo atá
Do thaiteamh de mhnáibh na h-Éireann
Agus do b'fheaarr liom í fhaghailt ná ba im' páirc
Ná capaill cun bán do réabadh
11.
Do raghainn anonn 'sa Ghréig leat
Ag éisteacht le fáth do ghlóir
Agus ní iarrfainn-se mar spré ort
Ach céad agus míle póg.
Moladh Shighle Ní Iarluighthe ár cailín óg ó'n Abhlach Soir.
1.
Ar an Abhlach atá an leabhar bhean deas, áluinn óg
Is gile í ná an sneachta ná an eala ar meón
Tá lasadh ar a leacain mar a mbeadh caora lá Foghmhair
Agus gruaig a cinn ag sileadh síos léi go sálaibh a bróg.
Tá ór buidhe agus dtriúncaibh na céadta púnt ag báb na gCraobh,
senior member (history)
2023-01-03 00:20
approved
rejected
awaiting decision
Seadh do fuaireas mo shean-duine ag rósta lubhóige
Curfá;- Óró a shean-duine - - - - - - -srl
1V.
(1)
(2)
(3) Cuirfeadh-sa tuairisc do'n buachaillín bearran
(4) Gur cuireadh mo sheanduine i gCill na n-Éan
Nóta:- Tá an dá líne tosaigh in easnamh.
Fear óg a bhí i ngrádh is d'imthigh sé go dtí Cill na Maillán agus d'fhiafruigh sé d'fhear a bhí ann cad é an nidh do leigheasfadh a ghrádh. Dubhairt an fear leis ná raibh aon nidh chun é leigheas mar "nuair a théigheann sé 'sa chroidhe ní féidir é fhuascailt go bráth,"
Dubhairt sé leis an bhfear:-
1. Mo chreach is mo sgítheas ach is cnaoidhte an galar an grádh
11. Is mairg a bhíonn sé ar dhuine blian seachtmhain ná
(3) "Bhris sé mo chroidhe agus shnuig sé an t-easna im' lár
(4) Agus codhladh ná bhfaighim ach ag cuimhneamh ar mo dhian-ghrádh."
senior member (history)
2022-12-30 23:43
approved
rejected
awaiting decision
1.
A chailín bhog óg ná pós aon t-sean duine liath
'S ná cuir do dhá láimh le grádh dhó thairis aniar
Tá'nn tú bog, óg agus fós níor tháinig duit ciall
Ach má mhaireann tú beó beidh mórchuid leanbh it' dhiaidh
Curfá;
Oró a shean duine leat-sa ní gheóbhad-sa
Oró a shean duine leagadh na bhfód ort,
Oró a shean duine leat-sa ní gheóbhad-sa
Cathú ar mo chroidhe 'stig bheith sínte go deó leat.
11.
Is moch ar maidin a thugainn na h-uibhe dhó
Aríst do'n bhricfast bainne breágh bríoghmhar
Iasc ón' bhfairrge ag cnagarnaigh is ím air
Is thar éis é chaithte níl anam ná brígh ann.
Curfá:-
Óro a sheanduine - - - - - - - - - -srl.
111.
Do chuadhas go dtí an mhargadh ag ceannach gléas íarainn
Píopaí is tobac is cláracha cómhrainn
Ar casadh 'ríst abhaile dhom go tuirseach tinn brónach.
senior member (history)
2022-10-21 22:55
approved
rejected
awaiting decision
Is treise dúthchas ná oileamhaint. Seachain an droch dhuine ach ní baoghal duit an duine macánta.
Pósadh indiu is peicil amáireach.
Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breigil ar dhuine éigin.
Is feárr an chú a bhíonn sa t-siubhal ná an chú a bhíonn sa lúib.
Tar éis a tuigtear gach beart.
Is dóigh le fear na buile gur b'é féin fear na chéile.
Is maith an t-ancaire an t-adharta.
Ní bhíonn tréan buan.
Is iad na muca ciúine a itheann an Foghmhar go léir.
Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.
Tabhair dod' chomharsain is bí féin id' óinseach.
Is dána é gach madra ag dorus a thighe féin.
Crann gan stiúr nó cú gan eirbeall
Ag imtheacht ó thig an Diabhail go tig an Deamhain.
Ag suidhe go meadhon oidhche is ag luighe go meadhon lae.
Aithnigheann ciaróg, ciaróg eile.
An méid a bhailigheann an cníopaire, scaipeann an rábairne.
An rud a gheibhtear go bog, caithtear go bog.
An rud a theidhtheann i bhfad, teidheann sé i bhfuaire.
An rud ná cloisfidh an chluas ní chuirfidh sé buadhairt ar an gcroidhe.
Is feárr ann é nó as.
An rud a thógfadh duine is é a mharbhóchadh duine eile.
An rud nách féidir a leigheas foidhne is feárr chuige.
Is minic a bhain duine slat chun é féin a bhualadh.
A scéal féin, scéal gach éinne.
B'annamh leis an gcat srathar a bheith air.
senior member (history)
2022-10-21 22:46
approved
rejected
awaiting decision
Is treise dúthchas ná oileamhaint. Seachain an droch dhuine ach ní baoghal duit an duine macánta.
Pósadh indiu is peicil amáireach.
Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breigil ar dhuine éigin.
Is feárr an chú a bhíonn sa t-siubhal ná an chú a bhíonn sa lúib.
Tar éis a tuigtear gach beart.
Is dóigh le fear na buile gur b'é féin fear na chéile.
Is maith an t-ancaire an t-adharta.
Ní bhíonn tréan buan.
Is iad na muca ciúine a itheann an Foghmhar go léir.
Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.
Tabhair dod' chomharsain is bí féin id' óinseach.
Is dána é gach madra ag dorus a thighe féin.
Crann gan stiúr nó cú gan eirbeall
Ag imtheacht ó thig an Diabhail go tig an Deamhain.
Ag suidhe go meadhon oidhche is ag luighe go meadhon lae.
Aithnigheann ciaróg, ciaróg eile.
An méid a bhailigheann an cníopaire, scaipeann an rábairne.
An rud a gheibhtear go bog, caithtear go bog.
An rud a theidhtheann i bhfad, teidheann sé i bhfuaire.
An rud ná cloisfidh an chluas ní chuirfidh sé buadhairt ar an gcroidhe.
Is feárr ann é nó as.
An rud a thógfadh duine is é a mharbhóchadh duine eile.
An rud nách fé dir a leigheas foidhne is feárr chuige.
Is minic a bhain duine slat chun é féin a bhualadh.
A scéal féin, scéal gach éinne.
B'annamh leis an gcat srathar a bheith air.
senior member (history)
2022-09-26 15:00
approved
rejected
awaiting decision
"Ag iompú" a dubhairt sí
senior member (history)
2022-09-26 14:59
approved
rejected
awaiting decision
An Scoláire bocht agus an Feirmeóir
1 -9. Ibid.
10. 6-1-'39
Scoláire bocht a bhí fadó ann. Tháinig oidhche fhliuch ghaothmhar agus bhí sé tuirseach traochta is é 'na libín báidhte. Thárla tig fermeora comhgarach dó agus bhuail sé isteach ann agus d'iarr sé ar an bhfear bheith istigh. Feirmeoir mór achfuinneach b'eadh é agus bhí doicheall aige roimis an scoláire bocht. Níor theastuigh é leigint istigh ach d'átuigh an bhean air, agus dhein sé é sa deire cé go raibh sé mí-shásta.
D'ith an scoláire bocht ádhbhairín agus do shuidheadar cois na teine ag seanchus. Taréis tamaill cheap an feirmeoir go mbainfeadh sé geit as an scoláire, agus ar seisean ag magadh fé.
"Nuair go bhfuilir tú cómh maith an bhféadfá a innsint dom cad tá ag Dia á dhéanamh anois?"
Níor stad an scoláire, agus ar seisean, ar an bpoinnte:
"Tá Sé ag cur an roith ag iompodh'"
senior member (history)
2022-09-24 05:19
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán eile.
A Mhuintir mhacánta a tá i gcomhgar na h-áite,
Ná togaidh-se aon bhác ar an gceanntar seo anoir,
Mar gheobhaidh sibh náire ag an mbaile bhiocáire,
Is fágaim-se barr ag an stiúirsí cinn duibh.
Na cailíní beaga bána do tháinig thar Mám cugainn,
Ná bruinfeadh go bráth liom fad a bheidis gan
B'éigean dóibh fágaint an t-athair is an mháthair
Is fágaim-se barr ag an stiúirsí cinn duibh.
' Is dóigh liom gurab é an focal béarla "breeding" atá i gceist.
senior member (history)
2022-09-24 00:16
approved
rejected
awaiting decision
Níorbh fhuiriste na caoirigh do ghoid ós na coillte
Agus iad súd á ndíol fé shuan insa Chom
Mo cheaircín beag bán do sladadh gan mhoill uaim
Is caithfidh siad stríocadh go dtiubhrad a leabhar,
Ní h-iad do chearca in aon chor ach cearc Mháire Saors
Thug sí mar 'present' do Mary íad is í ag gabháil andeas.
Tháinig daoine Dúinléibhe is do bhailigh sí chúiche féinig í
Is b'éigean do Mary beag déanamh a ceal. [a crioth san]
* Tá cailín beag ar ár mbaile-ne gur baisteadh uirthe Katie
Tá Mac Uí Lubhaing in grádh léi chum go bhfaigheadh sé í mar céile
Thug sí cuid do'n bhreacán dearg do agus [a?] tharrachodh in íochtar a léine
Is ní deo deo ní casfar léi aon talamh le 'old Jamesy'
2.
Do shiubhlaigheadar go fairsing idir sléibhte is cnuic
Tharraing sí é le n-a saispínín dubh
Go bhfuair sé an t-athrú a dhein mearbhall dó agus do thiubhradh dó an tigh.
Ní h-é mo dheas-sa do tharraing é ná in aon chor cion
senior member (history)
2022-09-23 23:32
approved
rejected
awaiting decision
' Fé shuan = in gan fhios

* Sé seo amhrán eile. Bhí an mháthair ag iarraidh cleamhnas do dhéanamh di leis an bhfear sin le súil go bhfaigheadh sé an talamh, ach ní bhfuair.

2
do shiubhlaig sé léi
senior member (history)
2022-09-20 10:04
approved
rejected
awaiting decision
Sí Julie Lucett nárbh aon iongnadh liom 'sidecar' a bheith cúiche ceithre gcapall,
Mar do bhí brighdín' innte ó ghradam, ó dhuthchas daoine uasal is go mór mór ó charaid,
An Leitriúc mór dtimcheall anso síos ann go Ceann mara.
Tá péarlaí óir ina cluasa is iad ag bualadh fé mar bheadh clog na ród,
Is is breághtha í ná Niamh luachair do ghluaiseochadh thar gach treoint. [?]
senior member (history)
2022-09-20 09:49
approved
rejected
awaiting decision
1 - 9. Ibid.
10. 2.1.'39
A Mhaighistir Uí Dhálaigh tá ábhar díthchéille ort,
Is a bheith ag dul go Gleann Fána
Ag triall ar an an ainnir gan éifeacht.
Ní mhúinfeadh sí do chlann duit
Is ní fhoghluimeochadh sí léighinn dóibh
Is ag béal leice Séamuis bháin iseadh deineadh fáidh ar an 'lady'.
Thug sí deoch ó'n gcupán ór dó, a luigh go dóighte ar a thaobh deas
Is gurbh' é an 'breach o' promise' a bhuail cúig [?] ar an gcúrsa go tapaidh.
Tá a 'sidecar' thar teorainn is an cóiste mór-dtimcheall.
Ag túirleachain an ainnir órdha, rud ná cóir is nár tuíll sí,
Ná gabh Ceann Sléibhe léi an bóthar thiubhradh go ró-mhaith chuig' a' tighe í.
Is go mbeadh a leabaidh aice cóirighthe ó ló go dtí an oidhche.
senior member (history)
2022-09-16 23:23
approved
rejected
awaiting decision
chuige - b'fhédir.
senior member (history)
2022-09-16 23:21
approved
rejected
awaiting decision
Ná luighfeadh insan líogh mar gach aon duine,
Do hotel a bheith oscailte 'gat ar maidin tréis oidhche
Roim Orangeman íochtar na h-Éireann.
Shíis gur beannuighthe bhís is do gheobhthá
bóthar tríd an bhfairrge fé mar do fuair Maois,
Is anois taoi dá h-easbadh is i Sasana duit í
Is nach bhfuil aon tseachtmhain ná taoíllfeadh sí tae duit.
Ba mheasa duit do dabhsilla a goideadh san oidhche uait
Cuireadh i gcomhgar na fairrge agus na carraige duibhe amuigh
Slabhraidh dá ceangal is a ceangal is a leonta
Do chomeádas thíos í gur éag sí.
Dheineadar comhairle is iad a bhóthar aníos.
Go raibh tigh a' hóraigh rómpa ar a slighe,
Nauir a thiocfaidís i dtreo leis do thógfaidís spraoi
Is go bhfanfadh na buaidh ar an mbóthar.
Nuair a chuadar isteach chun an landlady dhíol
D'árduigh na "fairies" an bhó leo,
Do athruigh sí athrú daithe le draoidheacht
Is ní aithneochadh aon peeler fé'n gcoróinn í.
D' árduighthear leo í fé mar bheadh ceo ag imtheacht
senior member (history)
2022-09-16 23:15
approved
rejected
awaiting decision
le gaoith.
Mór dtimcheall Cruach Márthan is Mám Claiseach thíos,
Tá sí i bpáirc leasa ag tál bhaine ar mhná sidhe
Nó insa bhaile atá in íochtar Ó Dórnaí
Ní'l leigheas 'gainn ortha tá seifteanna síos,
Ní'l pradhas ar an bhfeoil is an daoisseoid ar an ím,
Is a Rí mhóir na Glóire go dtógfair suas sinn,
Mar nach déanfadh aon mhaitheas uair éiginteacht.
senior member (history)
2022-09-06 05:11
approved
rejected
awaiting decision
A Mhaighistir Uí Dhálaigh.
1-9 Ibid.
10. 30.X11.38.
Do réir mar measaim is malluighthe iad "Peelers"
Lá in gach aon tseachtmhain ag seasamh ar bhinnse.
Ag dearbhadh fír agus éitigh.
Ní'l madra gearra ar an dtalamh gan diol.
Ná muc ar an mbóthar ná tógfadh siad siol,
Is mara bhfuil Ifreann tuillte ag an "mbreed"
Is ann a raghaidh Peelers na h-Éireann.
A Fheirtéirigh is dubhach liom do dhún a bheith thíos,
Is gan áineas ar síneas led' shaoghal ann,
Annsúd mar bheadh súgradh, oireacht agus grinn,
Is caitheamh ar fhíon is ar tae acu.
Lucht géim nuair a thagaid
Bhíodh "stations" na sagart ann uair insan mí,
Is ní'l aon léi' ar an dtalamh a chloisfeadh do shlighe,
Ná go bpreabfadh a chroidhe le truaighmhéal duit.
A chráin a' Daingin, nach ait é do shlighe,
' aoinne.
senior member (history)
2022-08-08 05:52
approved
rejected
awaiting decision
Ní brúitigh iad siúd ach sciúirsí dearg gan cáim,
Ag a bhfuil achfuinn is luach do réir duthchais achfuinn is gnáth,
A mbeadh a thuille 'cu ar siubhal ó'n srúil amach go dtí an bháire
Go mbeadh a dteanga is a súile cómh súidhte is bheadh marbh ar clár.

A Sheáin an oileáin ní mheadhaim go bhfuil 'n tú fíor.
Ná go bhfuil insa h-oileáin fial fáilteach fairsinge groidhe
Nuair a shéideann na gála seacht mbáid ag dul inár ndiaidh.
I gcionn loistín naoi lá ní gádh leo pinginn a dhíol.
Tháinig sí chugham go cúmtha ó bhaile 'n Chaisleáin
Ag obair go gleoidhte is a idir dá láimh,
Do thógfadh sí cubhar is do sceinnfeadh ó chléir [?]
Mar barra ar a ndubhairt a criú go dtugadh sí saor.
senior member (history)
2022-08-06 06:33
approved
rejected
awaiting decision
Beauty Deas an Oileáin
Amhrán a deineadh do naomhóig
1-9 Ibid.
10. 30-X11-'38
Chonnaic-sa cugham an beauty teacht thar Mám,
Ag obair go gleoidhte is a cómhtharrac 'dir a dá láimh,
Níor thógas mo shúil de'n chriú ná go bhfaighidís an lá
Mar bhí fear insan "únsaigh" a cúiliú is a chuid eile ag sáthadh.
Níor ghlacfadh na géana déanach sin a thraenáil,
Ach na h-oileáin na gcaorach atá thuaidh fé mbun an oileáin,
Na fairrge tréith a théigheann na lacnaigh ag tráigh
Is in aimhdheoin an domhain tá rogha na bhfear maith san oileán.
Freagra:
Níl insan oileán ach gan fagháltas beatha nó bídh,
Croicheáin gan áird d'fhás insan bfeamnaigh buidhe,
Ag imtheacht le n-a mbáid gach lá insa Daingean seo thíos,
Mara bhfaigheadh siad siúd cáirde bheadh a bpáiste 'gol ar ceal bídh.
senior member (history)
2022-08-05 23:37
approved
rejected
awaiting decision
' fé mbun Imleáigh.
senior member (history)
2022-08-05 23:32
approved
rejected
awaiting decision
Faighter ciota dom agus buaidhreach
Agus soitheach beag 'na gcuirfeadh mo chuid uachtair,
B'fhearr go mór mór liom buachaillín deas ceolmhar,
A chasfadh súgán tuighe is chuirfeadh na ba thar teorainn.
Na Gamhna, srl.
Is toice beag gan "care" thú is ní fhéidir liom tú mhúineadh,
Is leathan fairsing glé-geal éadan do chúirte,
Fíon ag teacht ó'n nGréig chugat is féiríní druínca,
Glac, is beannacht Dé agat is ná h-éilim do dhuthaigh.
Na Gamhna, srl
Ní fearr liom-sa "line?" a bheith orm ná an bhuaireach,
Ní fearr liom-sa crios a bheith orm ná an bhuailteach,
Ceolta sidhe na cruinne bheith ag sior-chur im' chluasaibh,
Ba bhinne liom-sa géimreach na mbó ag teacht sa bhuaille.
Na Gamhna, srl
Tógtar dom na "hoops" seo, tá mo ghlúine 'cu gearrtha,
Faightear gúna crónach dom do dhúthchas mo mháithrín,
Failling fhada lúbach is mór liom socair sásta,
Mo bhuaibh le maise buaidhrigh agus plud orm go sálaibh.
Mo Gamhna, srl
senior member (history)
2022-08-03 22:35
approved
rejected
awaiting decision
Nach cráidhte bocht an scéal dom a bheith pósta ag duine uasal,
Is síol muice méithe is feoil muice cumhra.
Ór buidhe id' chóiste i dtonn bheith ag luascadh
Is cead dul a codladh go socair le duine uasal.
Na Gamhna, srl.
Tógtar uaim an t-é seo, ní reidhtigheann sé liom-sa,
Faightear bodhal de'n bhainne géar dom is fior-bhraon de'n lamhnacht.
Ní h-é thaithigheas aoinne maidn lae insa samhradh
Ach mo chiléir fairsing glé-geal is mé á riar ar mo gamhna.
Na Gamhna srl.
Tráthnóinín aoibhinn is mé suidhte ar chlaidhe na buaille.
Cé fheicfead-sa cugham aníos ach strapaire duine uasail,
*D'fhág sé mo chroidhe 'stig is m'intinn seal go buadhartha,
Is mór mór b'fhearr liom-sa buachaillín deas ceolmhar,
A sheinnfeadh ar na piobaí, is a chuirfeadh na buaibh thar teorainn
Seochas long mhór i bhfairrge is ní fheadar-sa cá ngeobhadh sí
Na Gamhna, srl
senior member (history)
2022-08-02 23:33
approved
rejected
awaiting decision
na faille agus bhain sé an mhéar leis bhfáinne de agus chaith sé leis an bhfaill iad. Nuair d'fhiafruigh an Gruagach arís Cá raibh an fáinne. Dubhairt an fáinne Táim annseo ar mhéir Finn. Chuaidh an Gruagach leis leis an bhfaill agus ní fheacathas as san amach é. Chuaidh Fionn abhaile agus é tuirseach tnáidhte. Nuair a chognuigheadh Fíonn an ordóg geibheadh sé fios gach nidh as san amach go bhfuair sé bás.
Tomhaiseanna
1. Duibhín ó Dubh thar fairrge anoir
Fear inniste sgéil gan féith gan fuil.
Leitir.
2. Uisce guire gan salann gan sáile
Fr. Fíor-uisge i ngort.
3. Fear Fada dubh i n-a sheasamh sa t-sruth
Is gan focal i n-a phus acht dudu dodu.
Crann Telegráfa.
Cáit Ní Ainiféin
Muirbhigheach, Baile na nGall.
senior member (history)
2022-08-02 23:31
approved
rejected
awaiting decision
bport le n-a Dhubhán. Dubhairt sé le Fionn go raibh sé cortha agus go raibh codladh air. "Téanam leat go dtí tig atá agamsa agus beireochaimíd an bradán" arsa Fionn. Nuair a thángadar go dtí an tig dubhairt an Gruagach le Fionn an teine a chur síos agus an bradán a bheirbhiughadh acht gan leigint d'aon ball dóighte teacht an an mbradán - dá leigeadh go marbhochadh sé é. Dubhairt sé go sínfeadh sé féin a chodladh go dtí go mbeadh an bradán beirbhighthe. Ba ghearr go raibh an Gruagach ag sranntarnaigh. Tar éis tamaill d'eirigh clog dóighte ar an mbradán agus tháinig ana eagla ar Fionn agus ní raibh fhios aige cad ba mhaith dó a dhéanamh. Bhuail sé a órdóg anuas ar an gcloig chun í bhrughadh isteach agus do dhóigh sé a mhéar. Chuir sé an órdóg isteach i n-a bhéal agus fuair sé fios ó'n mbradán go marbhochadh an Gruagach é. Do machtnuigh sé annsan ar cad ba ceart dó a dhéanamh. Fuair sé biorra iarainn agus sháigh sé isteach tré shúil an Ghruagaigh é. Léim an Ghruagach i n-a shuidhe leis an bpian acht bhí sé dall.
Do rith Fionn chomh tapaidh is b'fhéidir leis é. Ní fheacaidh an Gruagach é acht chaith sé fáinne leis. Chuaidh an fáinne díreach anuas ar mhéir Finn. Nuair d'fhiafruigheadh an Gruagach chá bhfuilir a Fháinne? D'fhreagruigheadh an Fáinne. Táim ar mhéir Fhinn. Bhí an Gruagach ag teacht ana ghairid do Fionn annsan agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé. Rith sé go barra na
senior member (history)
2022-08-02 04:52
approved
rejected
awaiting decision
na faille agus bhain sé an méar leis bhfáinne de agus chaith sé leis an bhfaill iad. Nuair d'fhiafruigh an Gruagach arís Cá raibh an fáinne. Dubhairt an fáinne Táim annseo ar mhéir Finn. Chuaidh an Gruagach leis leis an bhfaill agus ní fheacathas as san amach é. Chuaidh Fionn abhaile agus é tuirseach tnáidhte. Nuair a chognuigheadh Fíonn an ordóg geibheadh sé fios gach nidh as san amach go bhfuair sé bás.
Tomhaiseanna
1. Duibhín ó Dubh thar fairrge anoir
Fear inniste sgéil gan féith gan fuil.
Leitir.
2. Uisce guire gan salann gan sáile
Fr. Fíor-uisge i ngort.
3. Fear Fada dubh i n-a sheasamh sa t-sruth
Is gan focal i n-a phus acht dudu dodu.
Crann Telegráfa.
Cáit Ní Ainiféin
Muirbhigheach, Baile na nGall.
senior member (history)
2022-08-01 23:00
approved
rejected
awaiting decision
Do ghuid sé í sa deire agaus bhí feoil acu uirthe go ceann seachtmhaine. Bhíodh sé ag tabhairt ceann leis i gcomhnuidhe acht sa deire do mhothuig an dearbhráthair saidhbhir na caoirigh ag imtheacht uaidh. Bhí amhras aige ar an dearbhráthair bocht. Lá amháin do chuimhnigh sé ar sheift. Do chuir sé a mháthair isteach i mbosca mór agus dhein sé poll beag ann. Chuir sé a dóthain bídh isteach cúiche. Leig sé air go raibh sé ag dul go Baile Átha Cliath agus chuir sé an bosca síos go tígh a dhearbhráthair. Dubhairt sé gur rud éigin luachmhar a bhí ann agus nár mhaith leis é a fhághaint sa tigh. Bhíodh an slataire sa tigh i gcomhnuidhe. An lá so dubhairt sé go mbeadh fhios aige féin cad a bhí sa bhosca. Bhaineadar an clúdach de'n mbosca agus cad a bheadh ann acht an t.sean-bhean agus cnámh i n-a bhéal aice. Ní dhein sé acht í thachtadh leis an gcnámh. Do bhuail sé ar an gclúdach arís. Nuair a tháinig an dearbhráthair abhaile do thóg sé leis an mbosca arís agus nuair d'foscail sé é fuair sé an tsean-bhean marbh. Do bhí tórramh mór uirthe. Nuair a bhí sí curtha agus gach aon rud socair dubhairt an Slataire leis an bhfear bocht dul ag triall uirthi agus go gcuirfidís i n-a seasamh ag dorus tighe an dearbhráthair saidhbhir í. Thugadar leo í agus dheineadar san. Nuair a chuaidh an buachaill aimsire chun biadh a
senior member (history)
2022-08-01 22:35
approved
rejected
awaiting decision
Do ghuid sé í sa deire agaus bhí feoil acu uirthe go ceann seachtmhaine. Bhíodh sé ag tabhairt ceann leis i gcomhnuidhe acht sa deire do mhothuig an dearbhráthair saidhbhir na caoirigh ag imtheacht uaidh. Bhí amhras aige ar an dearbhráthair bocht. Lá amháin do chuimhnigh sé ar sheift. Do chuir sé a mháthair isteach i mbosca mór agus dhein sé poll beag ann. Chuir sé a dóthain bídh isteach cúiche. Leig sé air go raibh sé ag dul go Baile Á tha Cliath agus chuir sé an bosca síos go tígh a dhearbhráthair. Dubhairt sé gur rud éigin luachmhar a bhí ann agus nár mhaith leis é a fhághaint sa tigh. Bhíodh an Slataire sa tigh i gcomhnuidhe. An lá so dubhairt sé go mbeadh fhios aige féin cad a bhí sa bhosca. Bhaineadar an clúdach de'n mbosca agus cad a bheadh ann acht an t.sean-bhean agus cnámh i n-a bhéal aice. Ní dhein sé acht í thachtadh leis an gcnámh. Do bhuail sé ar an gclúdach arís. Nuair a tháinig an dearbhráthair abhaile do thóg sé leis an mbosca arís agus nuair d'foscail sé é fuair sé an tsean-bhean marbh. Do bhí tórramh mór uirthe. Nuair a bhí sí curtha agus gach aon rud socair dubhairt an Slataire leis an bhfear bocht dul ag triall uirthi agus go gcuirfidís i n-a seasamh ag dorus tighe an dearbhráthair saidhbhir í. Thugadar leo í agus dheineadar san. Nuair a chuaidh an buachaill aimsire chun biadh a
senior member (history)
2022-08-01 21:28
approved
rejected
awaiting decision
thabhairt do'n gcapall do chonnaic sé an bhean i n-a seasamh sa dorus. Do rith sé isteach go dtí fear an tighe agus d'innis do mar bhí. Do tháinig eagla air sin agus chuir sé fios ar an dearbhráthair eile. Leig seisean air go raibh ana iongnadh air agus chuaidh sé chun cainnte léi mar d'eadh agus b'é an rud a dubhairt sí a bhí uaithe ná an tobac a d'fhág sí i n-a dhiaidh. Fuair sé tobac agus bhuail sé síos i n-a phóca é agus chuireadar an t-sean bhean arís. Do dhein sé an cleas céadna an dara oidhche acht 's é an rud a dubhairt sé a bhí uaithe sin an oidhche sin ná an céad púnt d'fhág sí dhiaidh. Fuair sé an céad púnt - bhuail sé síos i n-a phóca é. Chuir sé an t-sean-bhean, d'imthigh an Slataire agus ní raibh ocras ná easba ná ocras ar an bhfear bocht ná ar a leanbhaí as san amach.
senior member (history)
2022-08-01 00:22
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Gairid
1. Eibhlín Nic Gearailt
2. Baile Uí Sheaghdha, An Dainghean
3. Ó’n a máthair - Máighread Bean Mhic Gearailt
4. Bean -Fheirmeora
5. 23/12/’38
Bhí fear ag gabháil timcheall fadó. File do b'eadh é. B'é an t-ainm a thugadh sé ar féin ná Meall Mór Ó Maothadán. Bhí bulóg aráin thiar ar a dhrom aige. Ní fhéadfadh aoinne é bhaint de acht lé filidheacht.
Lá amháin dhein sé fé dhéin Piaras Firitéir a bhí i n-a chomhnuidhe thiar sa Dhún. Dubhairt Piaras go mbainfeadh sé dhe é agus chum sé rann filidheachta mar leanas:-
A Mheaill Mhóir Uí Mhaothadáin
Do ghreim as an h-arán
Do bholgam as an h-aon chupán
Fág agam-sa an cruadh-arán.
senior member (history)
2022-07-13 04:24
approved
rejected
awaiting decision
fear beag do dtí dorus an leasa agus do glaoidh sé isteach air. Chuaidh an fear isteach agus dubhairt an t-sidheog leis é féin d'ullmhú go raghaidís araon síos go h-íochtar na h-Éireann ar phósadh bhí ann. D'fhiafruig an fear de'n t-Sidheoig cionnus a raghaidís annsan. Dubhairt an t-Sidheog leis dul amach agus dhá bhuachalán buidhe do thabhairt leis.
Cuaidh an fear amach agus thug leis an dá bhuachalán agus thug do'n t-Sidheog iad agus bhí dhá chapall bhreaghtha déanta aige ar an spota. Chuaidh duine acu anáirde ar gach capall agus ní gearr gur bhaineadar amach tig an phósta. Ar an mbóthar ag imtheacht dóibh dubhairt an t-Sidheóg leis an bhfear go rachadh an bheirt acu anáirde ar na frathachaibh agus go ndéanfadh an cailín trí sraoth agus muna n-abhruigheadh aoinne "Dia linn is Muire" i rith na trí h-uaire go mbeadh an cailín aige féin.
Nuair a chuadar isteach bhí an rinnce is an ceol ann agus chuaidh an bheirt anáirde ins na frathachaibh. I gcionn tamaill do dhein an cailín sraoth agus ní dubhairt aoinne "Dia linn is Muire." Dhein sí an dara sraoth is níor labhair aoinne agus nuair a dhein sí an tríomhadh ceann dubhairt fear baile boithín "Dia linn is Muire." D'fhéach an t-Sidheóg air le gráin agus thug súnnc do agus caith anuas ar an úrlár é. Tháinig sé anuas ar ghuailnibh na daoine fé na bhun agus shabháil san é. D'innis sé an sgéal do'n cailín mar gheall ar an t-Sidheog agus an t-seift a bhí beartuighthe aige. Thug an cailín agus an buachaill ana chuid airgid dó agus tháinig sé abhaile go Baile Boithín is do mhair go sonasach sásta.
senior member (history)
2022-07-07 13:21
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
Caitlín Nic Gearailt
Baile na hAbhann, Baile na nGall.
Fuair sí an sgéal ó Mícheál De Lonndra,
Baile an Chaladh, Baile an Fhirtéirigh, Ciarraidhe
14/11/38
Bhí fear i n-a chomhnuidhe i mBaile Bhoithín, Baile an Fhirtéirigh fadó. Ní raibh de cheard ag an bhfear bocht seo acht a bheith ag gabháil timcheall ó áit go h-áit ag spailpíneacht. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ana dhéanadh agus do bhí air gabháilt thar lios agus sé bhí a rádh i n-a aigne féin aige ná gur maith é braon biotáile anois.
Nuair a bhí sé ag gabháilt thar an lios, tháinig
senior member (history)
2022-07-06 22:39
approved
rejected
awaiting decision
Do ghlaoidh sé ar leath-taoibh go seomra gile ar an bhfear agus ceistnigh sé é agus d'fhiafruigh de cár b'as é. Thairg sé a rioghacht ar fad do'n bhfear so annsan agus thug trí nó ceathair de chulathaibh eadaigh dho agus suas le cúig nó sé de mhíltibh púnt agus gaibh a míle buidheachas leis i dtaobh an leighis mhóir a dhein sé dho. Thug sé cúpla céad punt an duine acu do'n bheirt eile agus thángadar abhaile go Dún Chaoin agus do mhaireadar go sughach sásta iad féin agus a mhná 's a gclann as san amach.
senior member (history)
2022-07-06 17:48
approved
rejected
awaiting decision
Rí Shasana ana bhreoidhte agus na raibh aon nidh beo ar Thalamh an Domhain chun é leigheas acht trí buidéil de'n uisge a bhí ó'n dtaobh thuas de'n tigh seo.
Nuair do bhreac an lá do ghlaoidh sé seo ar an mbeirt eile agus d'innis sé dhóibh mar gheall ar dá chat acht is amhlaidh a bhíodar ag magadh fé. Chuaidh sé ar an dtaobh thuas do'n tigh agus líon sé trí buidéil de'n uisge. Do bhuail fear uasal leo ar an mbóthar an lá i n-a dhiaidh san agus d'fhiafruig sé dhó an raibh Rí Sasana breoidhte. Dubhairt seisean go raibh agus ná raghadh feabhas go deo air. An lá dár gcionn d'imthigh sé ar an árthach sall go Sasana. D'fhiafruig sé de gach duine a bhuail leis cá raibh Palás an Ríogh agus ar deire thiar thall fuair sé amach é.
Nuair a chuaidh sé fé dhéin an tighe bhí an tigh lán de dhochtúirí agus bhí an Rí tugtha suas ag gach duine dhíobh. Bhuail duine de's na dochtúirí ag an ngeata leis an bhfear so agus agus d'iarr an fear cead air dul isteach. "Mhuise ní h-aon chabhair duit é " ars' an dochtúir "mar ní h-aon leigheas a raghaidh air acht téanam isteach mar sin féin." Nuair a chuaidh an fear isteach thóg sé amach na buidéil uisge agus ní raibh cnead as an Righ bocht acht é i ndeire na feide. Thug an fear deoch as an mbuidéal do acht má dhein tháing breis anam sa Righ. D'iarr sé an dara deoch agus fuair acht má fuair d'éirigh sé aniar sa leabaidh agus nuair d'ól sé an tríomhadh deoch phreab sé amach as an leabaidh agus bhí sé chomh maith is bhí sé aon lá riamh i n-a shaoghal.
senior member (history)
2022-06-29 23:57
approved
rejected
awaiting decision
gclathach go bhfuil déanamh na seamróige ortha. Nuair a bhíonn triuch ar leanbhaí tugann daoine leo na billeoga so agus deineann siad iad do bheirbhiú i n-uisge agus gráine siuicre ortha. Deirtear go bhfuil siad go h-ana mhaith chun treacha do leigheas.
An t-Arán Glas.
Fásann an plannda seo ar thaobh sean-tighthe. Plannda fada iseadh é, an síolta beaga ag fás amach as. Tá leigheas annso do chapán a thiocfadh ar dhuine. Baintear an luibh agus deintear é meascadh le min ruis. Cuirtear ag beirbhiú annsan é agus cuirtear leis an bpaiste tinn é agus bíonn sé leighisdte tar éis cúpla lá.
Luibh na Liaithe Buidhe:-
Plannda beag é seo a fhásann ar bárr na gclathach nó ar thalamh garbh sleibhtheach. Tá déanamh an chupáin air. Deirtear go leighisfeadh sé an liath-bhuidhe. Baintear an luibh agus beirbhightear i mbraon uisge é agus annsan óltar an t-uisge.
Caisreabhán na Coise Deirge:-
Tá dá shaghas caisreabháin ann. Ní'l aon nimh sa chaisreabhán a fhásann ar an dtalamh tirim acht tá saghas eile
senior member (history)
2022-06-29 23:10
approved
rejected
awaiting decision
1. Siobhán Ní Shúilleabháin,
2. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
Leith Uisge:-
Luibh é seo a fhásann ins na sleibhtibh agus portaigh. Bíonn bláth beag corcra air. Deineann sé dioghbháil mór d'ainmhidhthibh go mór mór do gabhair agus do caoirigh mar stadann sé istigh ionnta.
Meacain an Dá Thogha:-
Luibh í seo a fhásann i dtalamh fliuch go mór mór ar thaobh na h-abhann. Tá leigheas ins an luibh seo do niocóidí nó cnapán a thiocfadh ar dhuine. Baintear an luibh seo agus deintear é bheirbhiú. Is amhlaidh a caithtear teine do dhéanamh i n-áit éigin taobh amuigh mar deirtear dá ndéanfaí an luibh do beirbhiú sa tig go mbeadh an duine lé leigheas na beadh aon mhaith ann mar dá mba piast a bheadh san nioscóid. Geobhadh sé bolath an leighis le linn é bheith dá shocrú agus níorbh féidir é do leigheas annsan.
Billeoga Mílse:-
Billeoga iad so a fhásann cois na
senior member (history)
2022-06-28 00:47
approved
rejected
awaiting decision
Bainne Cíoch na n-Éan:-
Fásann sé seo i measg na bprátaí. Dá mbrúighthí an gas tiocfadh stuif bán as ar nós bainne comh dlúithte. Dá gcimileochadh duine dá aghaidh ná d'aon phioc dá chorp thiocfadh cneadh tinn - saghas nioscóid air.
Mion na nGabhar:
Fásann Mion na nGabhar (Min na nGabhar) i ngach áit acht go mór mhór anáirde ar chlathacha. Bláth buidhe 'seadh é agus bíonn bolath
breagh uaidh.
An Puirseach Buidhe:-
Fásann an luibh i gcoirce agus arbhar. Loiteann sé an síol agus na daoine é dheighilt ó'n gcoirce is é á bhaint acu. Ní thugann sé slighe do'n coirce fás chomh h-árd is is ceart dho.
Neanntóg:-
Fásann an neanntóg i ngach áit nách mór. Baintear neanntóga agus tugtar mar bhiadh dos na cearca is do's na lachain íad. Crotar mám mine (mine) anuas ortha tar éis iad a bheirbhiú.
senior member (history)
2022-06-27 05:32
approved
rejected
awaiting decision
Baintear úsáid as Gliostar na gcloch chun éadaighe do dhathú nó do rumadh.
Luibh na Liaithe Buidhe:-
Fásann luibh na liaithe buidhe i dtalamh garbh uisceamhail. Tá leigheas ann do'n liath buidhe acht an bláth do bhaint agus a bheirbhiú agus annsan é d'ithe. Bláth beag buidhe a fhásann ar rúta ghlas iseadh é.
Luibh an Chuirighthe:-
Fásann an luibh seo i dtalamh a mbíonn fíor-uisge ann. Dá mbeadh duine cuirighthe i n-aon t-slighe (d'fhéadfadh s') le n-a bhreaghthacht ná le n-a bhéasaibh, d'fhéadfadh sé an bláth beag glas a bhíonn ar an rúta d'ithe agus thiocfadh sé chuighe féin arís.
Dilise na gcloch:-
Fásann sé seo ar na clochaibh. Deintear é bhaint agus é chur ag beirbhiú agus dathuigheann sé éadaighe.
Meacan dá thoghadh:-
Fásann sé seo i n-áit a mbíonn fliuch fíor-uisge. Bláth beag glas iseadh é agus deineann sé nioscóidí tinne a chneasú.
senior member (history)
2022-06-27 05:29
approved
rejected
awaiting decision
Luibheanna
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abha
3. Fuair sí an t-eolas ó Mícheál Ó Dhaoghda (Féach leath. 43)
4. 12/10/'38
Siad na luibheanna a dheinean díoghbháil do thalamh na ndaoine ná:-
1. An Bhuachaláin buidhe
2. Neanntóga
3. Dilistrim
4. Póire Curraigh
5. Caisreabháin
6. Mismín
7. Billeog Sráide
8. Feochadáin
9. Gliostar na gcloch
Fásann an Buachalán Buidhe, Feochadán, Mismín, Caisreabhán agus Neantóg i gcríé maith agus is i dtalamh bocht a fhásann Dilistrim agus Póire an Churraigh.
Tá leigheas sa Phóire an Churraigh ar eitinn acht an phréamh a bhaint agus í chur ag beirbhiú i n-uisge te agus é d'ól.
Dá ndóghadh Neantóg tú, leighisfeadh an Bhilleog Sráide tú acht í coimeád isteach leis an gCloig Dóighthe, agus a rádh - Dóigh neantóg mé is leighis Billeog Sráide mé.
senior member (history)
2022-06-24 21:27
approved
rejected
awaiting decision
Luibheanna
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abha
3. Fuair sí an t-eolas ó Mícheál Ó Dhaoghda (Féach leath. 43)
4. 12/10/'38
Siad na luibheanna a dheinean díoghbháil do thalamh na ndaoine ná:-
1. An Bhuachaláin buidhe
2. Neanntóga
3. Dilistrim
4. Póire Curraigh
5. Caisreabháin
6. Mismín
7. Billeog Sráide
8. Feochadáin
9. Gliostar na gclloch
Fásann an Buachalán Buidhe, Feochadán, Mismín, Caisreabhán agus Neantóg i gcríé maith agus is i dtalamh bocht a fhásann Dilistrim agus Póire an Churraigh.
Tá leigheas sa Phóire an Churraigh ar eitinn acht an phréamh a bhaint agus í chur ag beirbhiú i n-uisge te agus é d'ól.
Dá ndóghadh Neantóg tú, leighisfeadh an Bhilleog Sráide tú acht í coimeád isteach leis an gCloig Dóighthe, agus a rádh - Dóigh neantóg mé is leighis Billeog Sráide mé.
senior member (history)
2022-06-24 18:56
approved
rejected
awaiting decision
Tá an dá easbol déag ann ag déanamh na Cásga
Tá na h-aingil in-a ndiaidh ann is is dian breagh é a gcáil ann
Tá an trócaire ó Dhia ann an té triallfadh i d'fhághail ann
111.
Tá lanntanáin aoibhinn idir bhuidhe theas is banndam
Mar a bhfaghainn adhmad mo thíghe ann is fuighleach de'n crann dair
Idir lochta idir bíoma is dá aoirde chuirfinn ceann air
Is scuab sé an barr sionna ó choilltibh na nGleann.
1V.
Tá gleann ag an h-Ordhach gur choir dúinn é mholadh
Gleann íseal, gleann uasal, gleann scuab bheart na Righthe
Is gurbh é an gleann gur sia uait
A rug buadh na dtrí Rioghacht leis.
V.
Tá gleann ag an gCeallachánach agus deir siad gur fíor é.
Go bhfuil luingeas is báid is is dian bhreagh thagann gaoth ortha
Bíonn an copar is an prás ann,an pláta ann is an péatar
'S an Cuan geal chun snámh ann chomh breagh is tá i n-Éirinn.
senior member (history)
2022-06-24 18:28
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán 10/10/'38
1. Siobhán Ní Shúilleabháin - Féach an caoineadh thuas.
1.
Tá gleann ag an múrach ar chúlaibh chnuic Bhréanainn
Go bhfuil a gcuid éisc ann in-a gclúdaibh faoi chúl leacaibh daora
Tá siorraigh ann ag súgradh, ba, gamhna is iad ag géimridh
Fíon agus leann ag siúr na bhfear ngléigeal
11.
Tá an ghealach is an ghrian ann, tá Dia ann is a Mháthair
senior member (history)
2022-06-23 23:52
approved
rejected
awaiting decision
A Mhuire Mháthair ná fuathaigh na ráidhte seo luadhadh leat
Dardaoin faigh ó'd chroidhe dhúinn saor sinn agus fuasgaill
Dia h-Aoine le Muire bhí Bainrioghan na Croise
Ag féachaint ar a h-Aon-Mhac is an aoide ghá sgriosadh
A bhanaltra bhinn bhodhair 's a chroidhe charad led' cabhair.
Tréd' dhoilgheas bhí im' fhochair agus fuasgaill mé Dia Domhnaigh
Tóg díom an ceo agus scaip díom an brón
Is a Dhia dhílis go ndeinir díon dúinn ar an mbuidheann atá rómhainn"
Nauir a bhí an aithrighe déanta ag an Righ scaoileadh saor é agus maitheadh a pheacaí go léir dó.
senior member (history)
2022-06-23 06:49
approved
rejected
awaiting decision
Tháinig duine dá chlann go dtí an Rí nuair a chonnaic sé an sgéal ar an bpáipéar agus d'fiafruigh sé de cad é an pianós a chuirfeadh sé ar an té a ghoidfeadh chaora ó bhraintreabhaigh ná bheadh aice acht an t-aon cheann amháin agus go mbeadh seacht gcéad caora aige féin. Dubhairt an Rí gurbh é pionós a chuirfeadh sé féin air na é chur seacht bhfeadha i dtalamh agus annsan dubhairt an mac lé n-a áthair gurbh é féin a chaithfeadh an bhreith fhulaing. Deineadh poll sa talamh a bhí seacht bhfeadha ar dhoimhneacht agus cuireadh an Rí síos ann agus cuireadh seacht mbrat sliotharnaighe anuas air. Dubhradh leis annsan aithrighe a dhéanamh agus go leigfí do aithrighe a dhéanamh saor airís é. Thosnuigh an Rí leis an aithrighe a dhéanamh ar maidin Dé Luain.
“ A Mhuire Mháthair na bheart atá ag cuimhneamh ar do Mhac
Tráth a bhímse go lag gan fághaltas lem' ais
Dé Luain faig ód chroidhe dhom agus sgaoil ar mo ghlas
Dé Máirt a Mhaighdean, a Mháthair na soillse
Do thúirling ár dTighearna le h-aon toil ód Mhaighdin
'Ná dhiaidh sin gur éirig ó'n eagcruadhas in-a raibh sé
Chun bás na croise d'fhághail agus d'fhulaing go foidhneach
Dia Céadaoin a mheath na craobha ar an Loch Gheal
A Bhainrioghan an Domhain do chabhrais le gach lag
Labhair-se led' Mhac is le h-Árd Rígh na bheart
Ár gcortha is ár gcionnta mhaitheamh dúinne go glan
senior member (history)
2022-06-21 23:58
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
1. Siobhán Ní Shúilleabháin,
2. Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
3. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
4. 3/V11/'38
Ní raibh aon Rí ann fadó i dtosach an t-saoghail. Tar éis tamaill do cheap na daoine Rí chun dlighthe a dhéanamh agus chun smacht a choimeád ar na daoine a bhí ag eirghe ró láidir. Bhí fear saidhbhir ann san am san agus toghaidh na doaine mar Rí é. Níorbh aon Rí maith an fear so mar ní raibh sé ag déanamh aon mhaith do's na daoine acht gach ní ar a thoil aige féin.
Gach bean óg a bhí san áit chaitheadh an Rí í d'fhághail le pósadh dá dtaithneochadh sí leis. Do mhair an Rí seo ar feadh seacht gcéad bliadhan agus nuair a bhí sé i ndeire a shaoghail theastuig uaidh cailín óg áluinn a bhí i n-a chomhursanacht do phósadh. Inghean baintreabhaighe a b'eadh an cailín seo agus níor theastuig ó'n a máthair go bpósfadh sí an Rí mar bhí sé ró-chríonna agius rud eile bhí seacht gcéad bean pósta aige cheana. Chuir an baintreabhach seo eachtra ar na páipéaraibh nuaidheachta ghá rádh go raibh an Rí ag iarraidh a h-inghean a bhaint di dá h-aimhdeoin.
senior member (history)
2022-06-21 00:19
approved
rejected
awaiting decision
Do bhí Naomh i gCill Cuain ar a dtugtaí Naomh Cuain agus aon uair amháin nuair a bhí leanbh á bhaisteadh do chuaidh an Naomh go dtí an loch. D'eirigh an phiast aníos as an loc agus dubhairt an Naomh léi leigint do corcán a chur ar a ceann go dtí Lá an Luain. Do cheap an phiast gurb é an Luan a bhí chúiche a bhí i gceist ag an Naomh agus go leigfeadh ach b'é Lá an luain a bhí i gceist ag an Naomh ná Lá an Bhreitheamhantais. Nauir a chonnaic an phiast ná raibh an Naomh ag teacht chun an corcán a thógaint di do sháidh sí a ceann aníos as an loc agus dubhairt:-
Is fada an Luan é a Chuain
I n-uisge fuar ná fuil foláin
Is mara mbeadh an corn so a chuiris ar mo cheann
D'íosfainn trian agus leath an Domhain.
senior member (history)
2022-06-18 04:37
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
1. Sinéad Ní Ghogáin
2. Baile an Eanaig, Baile an Fhirtéirigh
3 Fuair sí an sgéal ó'n a máthair - Bean Uí Ghogáin
4. Féach leath. 41
5. 30/V1/'38
Tá loch i gCráighlí timcheall lé sé nó seacht de míltibh taobh thiar de Dhaingean Uí Chúise agus tugtar Loch Cráighlí. Is sa loch so a deintí na leanbhaí a bhaiste fadó. Gach uair a thugtaí leanbh go dtí an loch so d'eirigheadh piast mhór aníos as an loch agus d'itheadh sé an leanbh
senior member (history)
2022-06-17 23:54
approved
rejected
awaiting decision
na Gleannta.
Bhí gabhar ag beirbhiú ar an dteine ag muinntir an tighe seo agus d'fhiafruigh an t-amadán d' fhear an tighe cad a bhí ar an dteine mar bhí an t-ocras ag goilleamhaint ar an bhfear bhocht. Dubhairt fear an tighe leis gur asal óg a bhí ag beirbhiú ann. D'imthigh an t-amadán air agus nuair a chuaidh sé an Litriúich dubhairt sé leo gur asail a itheann siad i n-Iarthar Corca Dhuibhne. Do chreid muinntir an Litriúigh an t-amadán bocht agus 'sé an t-ainm a ghlaodhainn muinntir an Litriúigh ar iarthar Corca Dhuibhne riamh ó shoin ná Duthaig na n-Asal.
senior member (history)
2022-06-17 05:02
approved
rejected
awaiting decision
Scéilíín Grinn
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abhann, Baile na nGall, Ciarraidhe
3. Fuair sí an sgéal ó Pádraig Mac Gearailt (a h-athair)
4. Feirmeoir
5. 28/V1/'38
Bhí fear i n-a chomhnuidhe i bParóiste Múrach, Baile na nGall suim bliadhanta ó shoin. 's 'sé t-ainm a ghlaodhadh na daoine air ná 'an t-Amadán'. Aon lá amháin bhí sé bhí sé ag dul síos an Litriúch (ainm eile ar an gClochán, Caisleán a' Ghriaidhre) agus ag gabháil an bhóthar do chuaidh sé isteach i dtig ar
senior member (history)
2022-06-16 23:37
approved
rejected
awaiting decision
1V.
An ceathramhadh lá déag de Mhárta ghaibh an gárdas cruaidh timcheall
Chuir sé anáirde flaige siothchána 's é ag gabháilt tré na tíortha
Chun ná cuirfí aon cruadhchás uirthe i mbearnain na gaoithe
A chuirfeadh chun fán í is gan fághail uirthe coidhche.
V.
A Thomáis Uí Duiibhshléibhe is tréith lag mar shuidheas tú
Tá eagla orm go ndaorfaidh an Saorstáit gan mhoill thú
Tá do leanbhaí-se ag béicigh is ag géar-ghol id' chaoineadh
Is ag iarraidh ar Dhia tú thabhairt saor ó'n oidhche.
senior member (history)
2022-06-16 23:23
approved
rejected
awaiting decision
Caoineadh Tomás Uí Shúilleabháin
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abhann, Baile na nGall
3. Fuair sí an Caoineadh ó Máire Ní Súilleabháin
4. An Gráig, Baile an Fhirtéirig
5. Bean Feirimeora í
6. 22/V/'38
An cuimhin libhse an oidhche úd i n-ar caoineadh ár gCumann
Do bhíodh piléar ag gabháil timcheall do Righ bhflac na dtighthe
Bhí fearaibh go h-uaibhreach 's na buailteach ar sileadh
Ar lorg ár stuaire bhí go fuar lag fá thinneas.
11.
Nách oireamhnach mar do buaileadh ár mbuachaill an oidhche úd,
Mar do cuirtí chúcha tuairisc i ngach tuairm dá mbíodh sé
I n-íochtar na gCluainte is ná fuil mór stad ar dhaoine
Is ar theacht ó Béal Bán dóibh an tráth úd de'n oidhche
111.
An bhfeacamhair an t-árthach úd a tháinig leis an scríob chughainn
A thráid suas ar Béal Bán thuas ar an bharra taoide
Bhí stout is mol pórtair ar a bórd súd go bríoghmhar
Is chuaidh fearaibh an pharóiste go n-ólfaidís scríob as.
senior member (history)
2022-06-16 00:23
approved
rejected
awaiting decision
deirbhséar Maolgobbí ag teacht é, cuireadar isteach fé soitheach í. Nuair a tháinig Mac an Ríogh isteach, thug sé an bhróg do'n bheirt deirbhséar chun í chur ortha agus do shuidh sé anáirde ar an soitheach. Ní raghadh an bhróg i ngar ná i ngaor do'n mbeirt.
Ní gearr gur chualaidh Mac an Ríogh, an scríobeadh agus mhothuig sé an t-státhadh ag dul suas tríd. Thug sé léim anuas de'n soitheach agus dubhairt an beirt deirbhséar leis gur gé ar bhí ar gor sa soitheach. "Ní fheadar an domhan" arsa Mac an Ríogh agus d'fhéach sé isteach fé'n soitheach agus do sháidh Maolgobbí a ceann amach. Thóg sé amach í agus chuir sé uirthe an bhróg agus má chuir bhí sé díreach oireamhnach di. Thug sé leis go dtí n-a phíálás féin í agus do phósadar araon is do mhaireadar go lán t-sásta as san go dtí lá a mbás.
senior member (history)
2022-06-15 05:43
approved
rejected
awaiting decision
dtí an t-Aifreann, agus go mbeadh an t-arán bacáltha aice nuair a thiocfadh sí. (Ní fada i n-a dhiaidh sin). Nuair a tháinig Maolghobbí ón Aifreann, bhí an bhean imthighthe agus gach rud déanta aice. Ní fada eile i n-a dhiadh sin a bhí an bheirt eile agus d'fhiafruigheadar di cionnus a dhein sí an bácáil agus an áit do ghlanadh chomh deas agus dubhairt sí leo gur dhein sí é.
An Domhnach i n-a dhiaidh sin dubhradar léi an rud céadhna do dhéanamh. Comh maith do dhein agus tháinig an bhean céadhna agus dubhairt sí léi dul go dtí an t-Aifreann agus thug sí gad di agus dhein capall breagh mór den ngad agus i n-a theannta san thug sí culaith breagh éadaigh agus peidhre bróg di . Thug an capall go dtí an t-Aifreann í agus d'fhan sé amuigh léithi go raibh an t-Aifreann ráidhte agus chuaidh sí ag marcaidheacht arís air agus bhí súil gach duine ag féachaint uirthe le n-áilneacht. Bhí sí sa bhaile arís roimh an bheirt deirbhséar agus a sean-éadach curtha uirthe aice. Do bhí gach duine ag féachaint uirthe agus ag cainnt ar a h-áilneacht agus ar a h-aoibhneas.
Dob' é an sgéal céadhna aice é an tríomhadh Domhnach. Nuair a bhí sí ag teacht amach as an Séipéal, sciob mac an Ríogh an bhróg dhi agus gaibh sé timcheall an phobail féachaint cérbh í an bhean go 'runochadh an bhróg dheas í. Tháinig sé go dtí tig Mhaolgobbí agus nuair a bhraith beirt
senior member (history)
2022-06-11 00:06
approved
rejected
awaiting decision
Sgeal Maolghobbi
1. Caitlln Nic Gearailt
2. Baile na hAbhann, Baile na nGall, Ciarraidhe
3. Fuair sí an sgéal ó Tadhg Ó Súilleabháin
4. Seoladh. An Ghráig, Baile an Firtéirig, Ciarraidhe.
5. Feirmeoir
6. 62 bl.
7. Tógadh é i nGráig.
8. 19/5/'38
Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr inghean aice, agus 'se an t-ainm a bhí ar an ceann b'óige acu ná Maolghobbí. Cailleadh a máthair agus tar éis a bás do bhíodh Maolgobbí ag gol le h-uaigneas gach lá i n-a dhiaidh. Nuair a bhí a máthair caillte bhíodh ana smacht ag an mbeirt inghean chríonna ar Maolghobbí agus chaitheadh sí gach luach leith phinghine oibre do dhéanamh dóibh. Ní leigidís go dtí an t-Aifreann í mar chaitheadh sí an t-arán ar fad do bácáil aimsir Aifrinn.
Aon domhnach amháin dubhradar léi an t-arán ar fad do bheith bacálta aice nuair a thiocfaidís féin ó'n Aifreann, agus gan paiste ruadh ná paiste dóighthe ná loiscighthe a bheith ann. Nuair a bhí sí ag tosnú ar an arán do dhéanamh, do tháinig an bhean isteach agus dubhairt sí léi Maolghobbí dul go
senior member (history)
2022-06-10 15:47
approved
rejected
awaiting decision
Ní h-eadh a lochtú do bhíos ach i gcomhnuidhe ag seasamh na bpáirt
Ná ar einnidh do scannruigheas ach go raghaidís siúd ceangailte ar mo mhuineál
Ach in aimhdeoin an domhain tá rogha na bhfear maith san oileán.
111.
Nuair a chuirfead-sa romham mo Beauty sa ngréin
Cuirfidh mé i n-iúl do's na daoine sa comharsan siubhal go ndéanfaidh mé é.
Mar do dúblochaidh sí siúd ar an gcoluir an sgeinfeadh ó'n bpiléar
Tar éis a bhfuil ráidhte nílim sásta i m'aigne fós
Go shíneas mo lámh a rádh go dtí an acuingí rómhat
Mar tiocfaidh a bás agus cáirde ní gheobham
Ach béarfar mo chnámh thar sáile marbh nó beo.
senior member (history)
2022-06-10 15:28
approved
rejected
awaiting decision
Beauty Deas an Oileain
1. Cáit Ní Ainifín (19)
2. Muirbheach, Baile na nGall, Ciarraidhe.
3. Fuair sí an t-amhrán ó Pádraig Ó Curráin
4. Seoladh. Baile 'n Pléimionaig, An Daingean, Ciarraidhe.
5. Figheadóir
6. 56 bl.
7. Tógadh é i mBaile an Phléimionaig.
8. 16/5/'38
1.
Ar chualabhair-sé cunntas ar Beauty an Oileáin,
Do tháinig sí chugham ó Baile an Chaisleáin
I bhfuirm na con do sciúrd sí tharm sa rás.
Nuair a connaic-sa chugham mo beauty ag teacht orm thar áth
Í ag obair go gleoidhte córach deireadh dhá lámh
Níor thógas mo shúil de'n criú nó go bhfaighidís an lá
Nuair a chonnaic-sa fear san Oinsigh
Ag cúladh is an cuid eile ag sáth
11.
Ní ar lorgaibh mBán do deineadh sin do thréineáil
Ná ar dóilín na gcaorach ag thíos ag bun Imleá
Ach ar fhairrge Fhéinne a théigheann dos na lacain a shnámh
Ná'r bréaghamhail an tuairim go mbuadhfaidís orainne ar rás
Do gabhas chun Dún Chaoin ar chuaird de seala de lá
senior member (history)
2022-06-08 10:09
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
1. Siobhán Ní Súilleabháin,
2. Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
3. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCam a' Lochaig uair. Bhí sé ag aoidhearacht stuic ar an gCnoc lá breágh gréine agus bhí sé ag cuimhneamh is ag machtnamh dó féin. Nuair a bhí sé ag máirseáil imeasg an stoic bhuail pluais leis istigh fé chloich. Ní raibh acht poillín beag ag dul isteach fé chloich go dtí an phluais agus chaith sé síneadh siar chun dul isteach ann.
Bhí sé tógtha fé mar bhéadh aon tigh agus fallaí ós a chionn. Lás sé lasán istigh ann agus chonnaic sé boscaod óir istig sa bhfalla. Bh an falla tógtha timcheall air agus dhein sé a mhíle dicheall chun é tharrac amach acht do theip air.
Bhí sé ag cuimhneamh in-a dhiaidh sin ar píocóid a thabhairt leis agus an phluais a raobadh chun go mbeadh an t-ór go léir aige, acht bhí eagla air tabhairt fé ar eagla go millfeadh na daoine maithe é mar deirtear go bhfuil siad i n-a gcomhnuidhe ann. Níorbh fhéidir leis an phluais a dhéanamh amach i n-a dhiaidh sin cé go bhfeaca sé go soiléir í an lá bhreágh gréine úd a bhí sé ag aoidhearacht stuic.
senior member (history)
2022-06-07 20:32
approved
rejected
awaiting decision
1V.
Tá fonn air chun filleadht acht tá muirear ró-mhór air
Tá árd i n-a choinne ag cur moille go fóill air
Tá an meadhchan dá ghoineadh 's ag cur tuirse -'gus stróigh air,
'S go bráth leis ní rithfidh dul a thuille thar teorainn.
V.
Ní mhothuigheann sé an cuisne ní cluineann sé an tóirneach
Nuall na dtonn briste ní deineann callóid air
Ó fágadh faoi geis é amuigh ar an bhfeorainn
Gan lascain ó'n stoirm ná foithin ó'n bhfeothain
V1.
Tá a súile gan luisne, tú a chuisle gan beodhacht
Ní'l smúsach ná smior ann ná fuil ná feithleóga
Tá a shláinte uaidh imthighthe agus gan a choinne go deo léi
Tá a lámha 'gus a troighthe gan foighneamh gan fóirneart.
V11.
Is fada é na stricide foirbhthe dreoidhte
Gan daonnaidhe gan duine ag cur suime na mhór bhruid
Acht sul a bhfaighidh sé a nead ar imeall an chósta
An mhuir a bheidh tirim 's an chruinne beidh dóighthe.
Críoch.
senior member (history)
2022-06-06 15:54
approved
rejected
awaiting decision
dó - sean chailleach go raibh draoidheacht uirthe. Bhí beirt mhac Domhnall lá ag priocadh báirnigh ar an bhfaill nuair do sciob tonn faiirge de'n gcarraig iad.
Bhí Domhnall ag faire ortha agus nuair a chonnaic sé an contabhairt i n-a rabhadar chuaidh sé dá fóirithin. Bhíodar á dtabhairt an fhaill aníos aige nuair a chonnaic a namhaid - an t-Sean chailleach iad. "Anois nó riamh" ar sise i n-a h-aigne féin "beidh díoghaltas agam ar Dhomhnall." Chuaidh sí i bhfolach fé cabha cloiche agus le linn do Dhomhnall dul thar brághaid do bhuail sí buille dá slaitín draidheachta air, agus do deineadh gallán cloiche do féin agus dá bheirt mhac. Seo línte do cumach ar Dhomhnall.
1.
Tá Domhnall an t-Sruma go buadhartha 's go brónach
Is duairc tá a chuma 's is túr tá a sgórnach
Tá a ulach dá chromadh 's dá chur ar an mbóthar
Ní eolach dó cumar ná connair mar cómhgar.
11.
Bhí Domhnall seal confadach, cointeannach, comhachtach
'S ba mhinic ar buille é ag troid le n-a chomharsain
Nó gur chuaidh sé sa chlismirt, lé cuirptheach cruthanta
A chuir máchail 's milleadh air ná tuitfidh go deo dhe.
111.
De dheascaibh a chlainne seadh thuit an tionóisc air
Mar le linn dul na ngoire seadh cuireadh an pionós air
Buille gan coinne á chur de n-a threoir é
Is a d'fhág é gan chiste, gan chine gan comhgas
senior member (history)
2022-06-03 23:43
approved
rejected
awaiting decision
Domhnall an t-Sruma
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abhainn, Baile na nGall, Ciarraidhe
3. Fuair sí an sgéal ó Mícheál Ó Dhaodha
4. Baile na h-Abhainn, Baile na nGall
5. Feirmeoir
6. Tógadh é i mBaile na h-Abhann
7. 58 bl.
Tá sprioc i n-a sheasamh timcheall le céad troigh ó's cionn na fairrge i bhfaill fhiadhain ar an dtaobh thiar de Chuas Breanndáin i n-Iarthar Corca Dhuibhne. Tá cosamhlacht idir an sprioc seo agus fear go mbeadh beirt leanbh ar a dhrom aige. Sé an ainm atá ag muinntir na h-áite do ná Domhnall an t-Sruma."
Deir an seanchus linn gur droch dhuine ab' eadh Domhnall agus go raibh síor esaontas idir é féin agus comhursa
senior member (history)
2022-06-03 23:28
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fhios ag an deirbhsiúr annsan narbh aon mhaith bheith léi agus dubhairt sí le na dearbhráthair
" A dearbhráthair óg agus a dearbhráthair na gcarad
Tá na coilig ag glaodhach agus an lá ag breacadh
Eirigh anois agus gléas do chapall
Agus iomchur féin do dheibhsiúr abhaile."
Críoch.
senior member (history)
2022-06-02 23:29
approved
rejected
awaiting decision
Bhí gabha ann fadó agus bhí an bhean a bhí aige an oic. Do fhágadh sí sa ceardcain é ar feadh an lae agus ní thugadh sí faic le n-ithe do. Bhíodh an fear bocht lag leis an ocras nuair a gheibheadh sé a dhinnéar. Dhein sé féin agus a dheirbhsiúr seift a cheapadh féachaint an dtiocfadh aon athrú uirthi. Dubhairt an gabha go leigfeadh sé féin air go raibh sé marbh agus go dtiocfadh an deirbhsiúr á caoineadh.
Nuair a tháinig an deirbhsiúr an lá i n-a dhiaidh sin bhí an fear marbh sínte ar an mbórd roimpe agus thosnuigh sí á chaoineadh mar seo.
"B'fhuirist aithint domh-sa ar theacht fé'n sráid dom
Nuair nár chuala fuaim na ceárdchan
Ná tarrac an úird go mear, luthmhar, láidir
Mo chúig céad mairg mar is marbh atá tú
A dhearbhráthair óig agus a dhearbhráthair na gcarad
Is fada siar atá rian na droch-mhná ar do leacain
Fuacht an Gheimhridh agus tart an Earraigh
Easba an éadaig agus an céadlacan fada"
D'iompuigh an deirbhsiúr ar an mhnaoi a bhí sa chúinne annsan agus dubhairt
"A bhean úd thuas an chiarsúir síoda
Ná tiocfá anuas agus dul dá chaoineadh"
D'fhreagair an bhean agus dubhairt
"Geobhad-sa fear muna mbeadh ró-chríonna
Acht dearbháthair ní bhfaghair-se go bráth ná choidhche"
senior member (history)
2022-06-01 22:30
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
1. Sinéad Ní Gogáin
2. Baile an Eanaig, Baile an Fhirteirigh
3 Fuair sí an sgéal ó'n a máthair - Cáit Bean Uí Gogáin
4. Seoladh thuas
5. 42 bl.
6. Tógadh í ibParóiste a' Mhúraig, Baile an Fhirteirig
7. Bean Feirmeora
10.
senior member (history)
2022-06-01 22:23
approved
rejected
awaiting decision
thugadh sé do na boicht. Bhí dearbhráthair aige i n-a Sagart agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag rádh leis gan bheith ag guid mar dá bhfaigheadh sé bás bheadh sé damanta go deo.
Do buaileadh breoidhte é acht go h-áirighthe agus nuair a bhí sé ar leabhaidh a bháis do chuaidh an Sagart chuige agus dubhairt sé leis teacht chuige nuair a caillfí é agus a rádh leis an raibh sé sábhalta. Do cailleadh Cian acht go h-áirighthe agus aon Domhnach amháin tar éis a cailleamhaint do bhí an Sagart ag léigheamh an Aifrinn, do chonnaic sé Cian ar a ghlúnaibh ar an dtaobh deas do'n altóir agus é lán beannuigheacha óir agus labhair sé leis mar seo.
Is mise Cian na mBeann Óir
Is sia mo lón ná mo shaoghal
Nlor chuireas aoinne riamh as mo thigh
Agus níor cuireadh mé as tigh Dé.
senior member (history)
2022-05-30 22:03
approved
rejected
awaiting decision
Cian na mBeann Óir
Leagann eile de'n sgéal thuas.
Sinéad Ní Gogáin
Baile an Éanaig. Baile an Fhirtéirig
Fuair sí an sgéal ó'n a h-athair - Mícheál Ó Gogáin, seoladh céadhna
Feirmeoir - 50 bl. Tógadh é i mBaile an Fhirtéirig.
Bhí fear ann uair amháin darbh ainm do Cian. Ní stadadh sé acht ag goid acht an rud a ghoidead sé
senior member (history)
2022-05-30 21:50
approved
rejected
awaiting decision
leis teacht go dtí saoghal so chuige féin tar éis a bháis féachaint cad é an crot a bhéadh air ar an saoghal eile tar éis an slighe a bhí a shaoghal go léir caithte aige.
Tar éis tamaill cailleadh an fear agus lá dá raibh an sagart ag léigheamh Aifrinn tháinig an fear chuige. Tháinig sgannradh ar an Sagart mar d'aithnig sé cé bhí aige. D'fhiafruig sé de'n bhfear an raibh sé beo nó marbh? Do bhíos beo tamaill agus bhíos marbh tamaill agus táim beo anois os do choinnibh-se amach" ars an fear.
"Mise Cian na mBeann Óir is sia mo lón ná mo shaoghal
Níor chuireas aoinne riamh as mo thigh is níor cuireadh mise as tigh Dé."
Críoch.
senior member (history)
2022-05-30 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Cian na mBeann Óir
1. Siobhán Ní Súilleabháin, Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
2. Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
10. 6/3/'38
Bhí fear ann fadó agus bitheamhnach do b'eadh é. Bhí dáréag cloinne aige agus bíodar i n-a gcomhnuidhe i dtig thíos fé'n dtalamh. Bhí an fear so ana mhaith dos na daoine bochta. Gach duine acu a ghabhadh an bóthar thugadh sé go dtí n-a thigh féin iad agus thugadh sé biadh agus deoch agus lóistín na h-oidhche dóibh agus bóthar go leigeadh sé isteach iad ní amach annsan a leigeadh sé iad tráthnóna, chun ná beadh eolas chun an tighe acu.
Gach duine saidhbhir a ghabhadh an treo chun a thighe bhaineadh an fear so gach pingin dá gcuid airigid díobh agus bhí cnocán mór airgid aige ar deireadh. Chaith sé a shaoghal ar an slighe sin ag guid agus ag foghail agus ag fuadach. Nuair a bhí sé críonna roinn sé a chuid airgid ar a chlann mhac go léir agus nuair a bhí sé ag fághail bháis chuir sé fios ar an Sagart agus dhein sé aithrighe. Bhí sé ag cur síos do'n Sagart ar conus mar a bhí an saoghal caithte aige. Gach rann a chuireadh sé as deireadh an Sagart "Is beag é mo mheas ort a Chiain". Nuair bhí deireadh ráidhte ag an bhfear dubhairt an Sagart
senior member (history)
2022-05-27 23:36
approved
rejected
awaiting decision
111.
Cúig céad déag fáilte roimh Bainrioghain Flaithis Dé,
Do rugadh na h-Aingeal agus a baisteadh na Naomh,
Nár dhein riamh an peacadh is ná feadar cad é ,
Do thúirling na Flaithis ar Mhac dílis Dé.
1V.
Cúig céad déag fáilte roimh Mac dílis Dé,
'Sé Ard-Rí na Righthe 's na bprionnsaí go léir
Do thúirling ár n-ionnsuidhe le h-oibriú ó'n Spioraid Naomh
'S gurb É siúd an ghiúistis a mhaithfeadh a bpeacaí do'n saoghal
V.
Sé Mac Dé na Glóire mo Stór Chroidhe gan dabht,
Tá mo chroidhe ann agus m'anam ann agus ní'l iongnadh liom ann
D'fhulaing an Choróin céasta dá'r saoradh sa chrann
An t-Sleagh doimhin tré n-a thaobh mín is an choróin spíne ar a Cheann.
V1.
Sé Mac Dé na Glóire mo stór gheal im' chroidhe
Dachad lá ar an bhfásach agus an dream smál ar a thaoibh
Ní raoibh stoca ná bróg air ná póit air tar éis bídh
'S gur tháinig Iúdas fé n-a chlócaí is gur phóg sé ár ar a thaoibh (?)
V11.
A Críostaidhthe an t-Saoghail seo cuimhnigh (caoinig) bhúr n-Athair
Guilighidh go cruaidh agus buailighidh bhúr mbasa
An t-Sleagh tré n-A chroidhe buaileadh agus an fhuil uasal in a sreatha
Fulaing na daor-pháise agus é ag iomchar na croise.
Críoch.
senior member (history)
2022-05-27 09:29
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán Beannuighthe
1. Siobhán Ní Súilleabháin, Baile an Lochaigh, Baile na nGall.
2. Fuair sí an t-amhrán ó Pádraig Ó Súilleabháin. Féach L.4
1
Cúig céad déag fáilte naoi n-uaire is dachad,
Roimh Mac Dé na Glóire is na Maighdine Muire,
A rugadh i n-na dTrionóid é 'n-a Dhia agus in-a dhuine
'S gurb é Oidhche Nodlag Mhór tháinig Rí cheart chun Righthe.
11.
I dTeampall na Trionóide mar a doirteadh a fhuil mhilis,
Á chur i n-úil dóibh sin gur sgéal é bhí chuige
Fulaing na daor pháise agus é ag iomchar na croise.
senior member (history)
2022-05-27 09:14
approved
rejected
awaiting decision
1V.
A Íosa a Dhia dhílis is a Athair na nGrást,
Is anamh mé ag cuimhneamh oraibh oidhche ná lá
Is anamh mé ag guidhe chughaibh ar fíor stad na nGrást
Ach im' mhuidrín ban sé is gan taoimte ar mo chnámha (?)
V.
A Uain Dé ná díbir ód' ríoghacht mé le grine (?)
Cuir cosg le m' baoth-ghníomhartha is le' m' claon bearta lámha
Cuir ruaig ar droch-smaointe atá tar éis mo croidhe crádh
Is gur bain (b'óm) tigh do rugais buadh leat a Mhic Mhuire na nGrást
Críoch
senior member (history)
2022-05-26 23:34
approved
rejected
awaiting decision
1. Eibhlín Ní Loingsig
2. An Choill. Daingean Uí Chúise.
3. 11 bl.
4. Fuair sí an sgéal ó Bean Uí Shúilleabháin - An Choill, An Daingean - bean táilliúra
5.Tógadh í ar Oileán na mBlascaod
10. 4/3/'38
Guidhe
1.
A Mhuire Dhíis go dtagair taobh liom nuair is cruaidh mo chás
A Aingil Íosa bí dhom cuideacht go bhfaghaidh mé bás
A Chríost gheal dem díon dom is glac mé ar láimh
Is i ndeire na scríbe bí taobh liom is beiri m'anam slán.
11.
Gan Íosa ní'l aoibhneas ar an dtalamh le fághail
Gan Íosa bheadh díth agus easpa de ghnáth
Gan Íosa táir fíor-bhocht agus dealbh thar cách
Gan Íosa ní díon duit na Flathais go h-árd.
111.
Gan Íosa ní thigh choidhche leat codhladh go Sámh.
Má's ar mhuir nó ar Thír dhuit ná leig Íosa ar fán
Tabhair Árus id' chroidhe dhó is geobhair aoibhneas dá bhárr
is nuair a bheidh deire len-ár ndíbhirt is aoibhinn é do lá
senior member (history)
2022-05-24 00:16
approved
rejected
awaiting decision
Paidir i gcóir an lae.
Beirim suas do Dhia gach a ndeinimíd indiú. Iarraimíd a bheannacht dúinn féin agus d'ár saothar. Ó a Dhia mhór an Uile Chomhacht, impighim suas mo chorp agus m'anam, mo smaointe, mo labhartha agus mo ghníomhartha agus gach nidh dá bhfuil iachall orm a dhéanamh i rith an lae seo, a onóir agus a gcompáirtíocht le n-ár Slánuightheoir Íosa Críost a fhulaing ar ár san.
Impighim ort é go léir do ghabháil fá do
senior member (history)
2022-05-17 10:41
approved
rejected
awaiting decision
i n-am ar ngábhtar. Is tú an cara leighis dúinn i dtinn nó i sláinte agus cumaraighim m'anam ort sa Flaithis anáirde. Cabhair agus grásta agus cáirde ó Dhia chughainn, cabhair gach lá is táimíd á iarraidh. Sacraimínt na h-Aithrighe gp neartighidh Dia linn agus cumaruighim m'anam ort a Mhuire Mhaighdean Tighearna. Gaibhim fí timcheall a Michíl naomhtha nó ar an Naoimh a bhí ag tadhlacann na n-aon Mhic, ar Naoimh, ar Aingil nó ar Easbolaibh, a chléirigh nó ar na labhair a bhí bodhar gan éisteacht nó ar na daill ná feiceadh aon rud nó ar na mnáibh a chimil díot an t-éadach go bhfuair sí na grásta is an t-sláinte i n-aoinfeacht. Amen.
Paidir roimh an Choróinn
Ofráilim suas Coróinn na gCúig nDeichneabhar i n-onóir do Maighdin Glórmhar, a chur idir dhá láimh an Athar Siorruidhe i n-onóir do pháis agus bás ár dTighearna is i n-onóir dá ais-eirghe glórmhar.
Paidir ag coigilt na Teine
Coigilighm an teine fé mar a choigiligheann cách
Muire i gceann an tighe agus Brighid in-a lár
Na h-Easpoil Naomhtha agus a bhfuil sa Flaithis go h-árd
Ag coimeád an tigh agus a bhfuil ann go lá.
senior member (history)
2022-05-16 14:48
approved
rejected
awaiting decision
Paidreacha Eile
1. Seán Ó hAinifín
2. Muirbheach, Baile na ngall, Ciarraidhe.
3. 52 bl.
4. Iascaire
5. Muirbheach
6. 10/2/'38
Aifreann Dé ná tréig le faillighe, an Domhan le deagh-chroidhe dearnain mar beidh leat na bpian rúmain agus sliabhach feanaid agus an cnoc go bhfuil na táinte. Beidh Ifeann thíos ann is a chroidhe ar lasadh - domhan? (d'fhonn) sin a shlogadh an lá úd mar a maithfidh Mac Dé dúinn féin ár bpeacaí.
Paidir roimh dul a chodhladh.
Nuair a luighim san leabaidh, luighim san uaig.
M'faoistin go cruaidh leat-sa a Dhia.
A Thighearna táim ag iarraidh asplóid ort
A Mhuire laoghnaigh agus a Mhaighdean is trócaraighe go bhfeiceadh-sa radharc ar do theaghlach agus do mhór thócaire. Solus na Soillse agus radharc na trionóide agus grásta na foidhne i n-aghaidh na h-eagcóra. Grásta na foidhne go bhfaghas-sa agus mó cárdas ag iarraidh solus na saoirse ar Rígh gheal na soillse agus ar a Mháthair. A Mhuire Máthair mo ghean grádh thú mar is thú an chabhair iongantach
senior member (history)
2022-05-16 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Paidir i gcóir Dé Domhnaigh
Aifreann Dé ná tréig lé faillighe - An Domhnach leath deárnam mar bheadh leath na bpian rúman, fhuacht agus faillighe, an Cnoc in-a bhfuil na Táinte. Beidh Afreann thíos 'sa chroidhe ar lasadh d'fonn shin do shloghadh an lá úd mar a maithfidh Dia dhúinn féin ár bpeacaí.
Eibhlín Nic Gearailt
Baile Uí Sheaghdha
Daingean Uí Chúise
Nóta.
Tá an paidir seo ar an leathanach ar aghaidh ach a mhalairt de leagan air. Fuair sí an paidir ó
Pádraig Mac Gearailt - seoladh thuas.
senior member (history)
2022-05-12 23:35
approved
rejected
awaiting decision
Paidir i gcóir Dé Domhnaigh
Aifreann Dé ná tréig lé faillighe - An Domhnach leath deárnam mar bheadh leath na bpian rúman, fhuacht agus faillighe, an Cnoc in-a bhfuil na Táinte. Beidh Afreann thíos 'sa chroidhe ar lasadh d'fonn shin do shloghadh an lá úd mar a maithfidh Dia dhúinn féin ár bpeacaí.
Eibhlín Nic Gearailt
Baile Uí Sheaghdha
Daingean Uí Chúise
Nóta.
Tá an paidir seo ar an leathanach ar aghaidh ach a mhalairt de leagan air. Fuair sí an paidir ó
Pádraig Mac Gearailt - seoladh thuas.
senior member (history)
2022-05-10 22:23
approved
rejected
awaiting decision
An Pháis.
B'fhearr aon deor amháin aithrighe sa pháis ná urnuighthe a cumadh as bhéal daoine eile dá dtáinig. Míle buidheachas leat-sa a Íosa, Beir mé leat go Ríoghacht na bhFlaitheas. Amen.
Ní'l aon chrann ag fás tré thalamh ná go bhfuil lán dá thorthaibh. D'orduigh an Rí dá ghrásta ag fághail na Páise 'gus dá fullaing. Tairgne tré d-a dhéarnachaibh gan amhras do cuireadh. Do bhí a máthair féin ag féachaint air, is nár céasta léi é sin. "A shluagh mór Iudachaibh gan truagh agaibh do'n Slánuightheoir acht n 'l fhios agaibh cad tá a' dhéanamh agaibh" Is mór an brón a chorp d'fheicsint tréighthe go ro-mhór. Is truagh mór Séamus agus Eoghan agus Peadar faoi bhrón. NÍ scaolfí an Slánuightheoir anuas dó'd gcrois cúcha mar ní raibh anam 'na goile.
Do sgread a dhá sgéith is do ghoil an Mhaighdean Mhuire. Do leig dhá ghlaoidh déag i gcomh-chlos do'n saoghal uile. Do faisceadh na córdaí cruadha cnámh ar a dhá-láimh go ró - árd. Mar bhí na Iudachaibh ag magadh is ag déanamh amadáin de, Mac Mhuire a bhreith go tigh Píolait lán de rinnce is de shólás acht ní uair rinnce agus sólás é, acht uair doláis móir agus guil.
Siobhán Ní Shúilleabháin
Baile an Lochaigh
BaiIe na nGall.
senior member (history)
2022-05-09 22:54
approved
rejected
awaiting decision
Paidir roimh dul go dtí an t-Aifreann
Lá breagh saoire bhron Críost ar a Eaglais.
Corruigh mo chos go moch chun Aifrinn.
Corruigh mo bhéal chun Breithre Beannuighthe
Buail mo lámh ar slabhradh an anma (An Paidrín)
Tóg mé suas chun Mac na Banaltran
'Sé is mó cheannuigh sin agus 'Sé geobhaidh beo is marbh shin
Mar ní hé ár gcolainn a thug aon léigeaim dúinn
Acht an t-Árd-Rí mór ná labharfaidh bréag linn.
Paidir
A Íosa go bhfuil t-Ainm-se sgríobhtha os cionn gach ainm eile dá aoirde.
Umhluigheadh gach glúin go bhfuil Tú chomh chomhachtach leis an Athair, leis an Mac, leis an Spioraid Naomh. Toil Dé go ndeinimíd, Greann Dé go dtuilimíd, Ar bhóthar na nGrást go dtéighimíd, Srian le n-ar dteangann go gcuirimíd. Glór na Naomh is na n-Aingeal go gcloisimíd. Ó, a Thiarna go gcuirfidh tú isteach ár gcroidhe, osnaighe, aithrighe, deasgrádh Naomh Eoghain, Foidhne Naomh Iosep, Aithrighe Naoimh Augustín, deoracha Naomh Máire Maigdileán.
Fuasglóir an chinneadh daonndha agus onóir an lae indiu, go gcuiridh tú na grásta san ár gcroidhe fé mar bhíomair-ne rí-pháirteach, go dtabharfaidh tú dhúinn bheith rí-pháirteach i n-aoibhneas agus soghluistí síorruidhe na bhFlaitheas agus a bheith i gcomh-luadar na Naomh is na n-Aingeal. Flaithis Dé go bhfaghaimíd mar dualgas ar uair ár mbáis. Amen.
senior member (history)
2022-05-07 04:51
approved
rejected
awaiting decision
1. Pádraig Ó Súilleabháin
2. Baile an Locaigh, Baile na nGall, Ciarraidhe.
3. 68 bl.
4. Feirmeoir.
5. Baile an Lochaig
6 - 9 Ní fios
10. 5/2/'38
Ag coigilt na teine
Coigilighmís an teine mar a coigiligheann Críost an grádh
Muire i gceann an tighe is Naomh Brighid i n-a lár
Gach a bhfuil d'aingil is do Naoimh i gCathair na nGrást
Ag aodhaireacht an tighe is a bhfuil ann go lá.
Ag gabháil thar Teampall
Cloch sa leacht agus mo lic i mbeárnann agus beannacht Dé le h-anam an té cuireadh san áit sin.
Paidir a deirtear roimh dul a chodhladh.
Éanna máthair Muire. Muire máthair Dé
Naomh Eibhlís máthaiar Eoin baiste,
Cuirimse an triúr san im' chosaint ar ghalar mo leabhthan
An Crann gur céasadh Críost air i m' shábháil ó'n dtromluighe.
senior member (history)
2022-05-06 12:06
approved
rejected
awaiting decision
Paidir a dearfá nuair a bheitheá amuigh san oidhche.
Aisling a cuireadh ar Chríost
Agus gan é ach mí i bruigheann a Mháthar
Cuirim-se an aisling sin idir mé agus an namhaidh
Chun mé chosaint ar droch-bheartaibh an Domhain.
Paidir a dearfá chun ná thiochadh tromluighe ort.
Anna Máthair Mhuire
Muire Máthair Chríost
'Lís Máthair Naoimh Eoin Baiste
Críost a céasadh ar an gcrois
Á gCur i gceann na leabhthainn
Chun mé choimeád saor ó thromluighe
Agus ó gach droch-bheartaibh uile go maidin.
Paidir a déarfá nuair a luighfeá ar an leabhthainn
Luighim ar mo leabhthainn mar luighim ar an uaigh.
M'fhaoistin go cruaidh leat a Dhia
Ó a Mhuire mheidhreach is a mhaighdean ró-ghlórmhar
Grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórach
Rí na n-Aingeal is carthannach truagh bochtán
Dein díon dhom' anam anois is ar uair mo bháis.
Sinéad Ní Gogáin (do cnuasaigh)
Baile an Eanaig, Baile an Fheirtéirigh.
Críoch.
senior member (history)
2022-05-03 16:11
approved
rejected
awaiting decision
Tomhaiseanna
1. Aillibhi, Aillibhi, dhá chéad aillibhi caoire ceangailte buidhe rompa amach.
An Ré agus na Réiltíní.
2. Sguaigín liath an tighe seo thiar dul ar iasacht do'n tigh seo thoir.
Gráinne salainn
Brighid Ní Bhúidléir
ó Pádraig Ó Gríobhtha. (Féach thuas).
senior member (history)
2022-05-03 15:55
approved
rejected
awaiting decision
Mar Deintí Choinnle
Geibhtí múnla agus geir. Cuirtí an gheir in oigheann ag leighadh. Cuirtí an múnla i n-a sheasamh i bhpóll i bhfód móna. Isteach sa mhúnla chuirtí faideóga greamuighthe do tairnge ag a bárr. Nuair a bhíodh an geir chomh thanaidhe le h-uisge sgaoltí isteach sa mhúnla. Ní líonadh an meidh sin an múnla chaithtí é líonadh arís agus an tarna h-uair bheidh sí líonta. Chuirtí i leath taobh annsan é go mbíodh sé cruaidh. Chun an choinneal a tharrach aníos téidhtí leis an dteine an múnla agus tarraingightí aníos an choinneal. Nuair a bhíodh sí cruaidh lastaí é.
Brighid Ní Buidléir
Fuaireas an t-eolas sa ó Pádraig Ó Gríobhtha, Baile na h-Abhann, Lispóil, Dainghean Uí Chúise, Co. Chiarraighe.
Aois 78 bl.
senior member (history)
2022-05-02 23:14
approved
rejected
awaiting decision
ceann agus dubhairt sé an rud céadhna ach má seadh do thug sise an freagra céadhna air.
Do thug an cailín a bóthar abhaile uirthi féin annsan agus nuair a bhí sí imthighthe do labhair an chéad cheann agus dubhairt " Ní fheadar cad é an pionós a chuirfimíd ar an gcailligh úd mar gheall ar a dánaidheacht agus a droch-mhúineadh" agus dubhairt an tarna ceann "Sé mo ghuidhe-se dhi ach go h- áirighthe go raibh sí seacht n-uaire níos measa ag dul abhaile dhi ná mar bhí sí ag teacht agus go raibh druim mór uirthi is go mbeadh a srón ag scríobadh na talmhan nuair a bheidh sí ag siubhal." "Sé mo ghuidhe-se dhi" arsan tríomhadh ceann "ná gach uair a labharfaidh sí go dtuitidh piastaí agus froganna agus gach rud salach aniar as a bhéal.
Nuair a bhí an cailín ag dul abhaile do bhuaileadh sí a srón i gcoinne gach rud a bhíodh roimpi agus do thuiteadh sí. Nuair a chuaidh sí abhaile do ghlac fearg an leas-mháthair nuair a chonnaic sí an cruth a bhí ar a h-inghean féin. Gach uair a labhradh a leas-inghean do thagadh péarlaí as a béal ach nuair a labhradh an inghean thagadh piastaí aniar as a béal. Sa deireadh do bhris ar an bhfoidhne ag an leas-mháthair agus do mhairbh sí a h-inghean féin. Do phós an leas-inghean le Prionnsa agus do mhaireadar go sona sásta an dá lá déag agus an fhaid a mhaireadar.
Sinéad Ní Gogáin
1. Bean Uí Mhódhráin
2. Riasg, Baile an Fheirtéuraigh, Co. Chiarraidhe.
3. 73 bl.
4. Bean Fheirmeora.
10. 17/1/1938
senior member (history)
2022-04-29 10:15
approved
rejected
awaiting decision
sí léi na trí buidéil agus d'imthigh abhaile. Nuair a bhí sí imthighthe do labhair an chéad cheann agus dubhairt "ní fheadar cad an guidhe a b'fhearr a fhéadfaimís a thabhairt do'n cailín sin anois i dtaobh go raibh sí chomh maith "? 'Sé mo ghuidhe-se dhi acht go h-áirighthe" ar san tarna ceann "ná go raibh sí seacht n-uaire níos dathamhla ag dul abhaile dhi ná mar bhí sí ag teacht agus go dtuitidh Prionnsa éigin i ngrádh léi agus go raibh rath agus seán uirthi an cuid eile dá saoghal." "Sé mo ghuidhe dhi" arsa an tríomhadh ceann "ná gach uair a labhairfidh go dtuitidh péarlaí agus ór aniar as a bhéal."
Nuair a chuaidh an leas-inghean abhaile, do ghlac fearg ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí an t-arthughadh a tháinig uirthi agus cheap sí gurbh amhlaidh a bhí an draoi ag magadh fúithe. Do thuig sí annsan ná raibh faic le déanamh acht a inghean féin do chur go dtí an tobar féachint an athrochadh sé sí. Chomh maith do dhein. Do thug sí trí buidéil di agus dubhairt sí léi dul go dtí an tobar céadna ag triall trí buidéil uisge. D'imthigh an inghean léi go dtí go dtáinig sí go dtí an tobar. Do bhí sí ag saitheadh síos an chéad buidéal, nuair a léim chúiche aníos an chéad cheann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" agus dubhairt an cailín "ní dhéanfadh go deimhin, ní bheinn ag sailiú mo lámha leo." Do sháidh sí síos an tarna buidéal chun é líonadh agus do léim an tarna ceann aníos agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" ach dubhairt an cailín nách déanfadh. Annsan do sháidh sí síos an tríomhadh buidéal chun é líonadh agus do léim an chúiche aníos an tríomhadh
senior member (history)
2022-04-29 10:08
approved
rejected
awaiting decision
go dtáinig sí slán abhaile.
Nuair a chuaidh an cailín abhaile do bhí iongnadh agus alltacht ar an leas mháthair nuair a chonnaic sí í. Do bhí fearg an domhain uirthi leis agus ní raibh fhios aici cad a dhéanfadh sí. Sa deire do shocruig sí a h-aigne go rachadh sí go dtí an draoi arís, féachaint an gcuimhneochadh sé ar sheift éigin eile chun deire a chur léi. Seadh! Do chuaidh agus 'sé dubhairt sé léi an turas so, ná í a chur go dtí Tobar na gCeann ag triall ar trí buidéil uisge, agus dá dtagadh sí slán an turas so ná beadh aon rud chun deireadh a chur léi.
D'imthigh an leas-mháthair abhaile agus dubhairt sí leis an leas inghean dul go dtí Tobar na gCeann ag triall ar trí buidéil uisge dhi. D'imthigh an cailín léi go dtí go dtáinig sí go dtí an tobar. Do chrom sí síos agus do bhí sí ag sathadh isteach an chéad buidéal nuair a léim cuichi aníos an chéad cheann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus nuair a bhí an méid sin déanta aici do sháidh sí síos an tarna buidéal agus do léim cuichi aníos an tarna ceann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus annsan do sháidh sí síos an tríomhadh buidéal agus do léim cuichi aníos an tríomhadh ceann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus nuair a bhí an méid sin déanta aici, do thóg
senior member (history)
2022-04-22 22:25
approved
rejected
awaiting decision
lae go dtuit an oidhche uirthe. Do chuaidh sí isteach i dtig chun greim a dh'ithe agus chun a sgíth a leigint. D'fhiafruigh muinntir an tighe dhi cá raibh a triall agus dubhairt sí go raibh sí ag dul go dtí an Muilleann Draoidheachta ag triall ar phlúr dá leas-mháthair mar go raibh sí an-bhreóidhte ar fad. Bhí muinntir an tighe ag tathaint uirthe gan dul ann mar gach aoinne a théigheann ann ná tagann sé abhaile arís. Ach níorbh aon mhaith dhóibh a bheith léi. Dubhradar léi annsan fanacht an oidhche sin agus go bhféadfadh sí imtheacht go moch ar maidin, ach ní fhanfadh. Do thug an bhean coileach Márta dhi annsan agus dubhairt sí léi fanacht sa Mhuileann go dtí lár na h-oidhche agus nár bhaoghal dhi annsan.
D'imthigh an cailín léi annsan agus an coileach Márta aici. Nuair a tháinig sí go dtí an Muilleann do shuigh sí síos chun sos a thógaint. Timcheall a dódhéag a chlog do thosnuigh an Muilleann ag casadh agus ag casadh agus fothram an domhain á dhéanamh aige. I gcionn tamaill d'éirigh an fear fada dubh amach as an Muilleann agus do tháinig sé i leith go dtí an cailín. Do shuidh sé síos in aice léi agus dubhairt, "Sín do chosa geala bána in aice lé'm chosa fada dubha." Do bhí an cailín ag crith le h-eagla acht timcheall a meadhon oidhche go ghlaoidh an coileach agus d'imthigh an fear dubh. Do stad an muilleann do bheith ag casadh agus bhí gach aon áit ciúin arís. D'fhan an cailín annsan go dtí breacadh an lae annsan fuair sí an plúr agus thug an bóthar abhaile uirthi féin. Ar a slighe abhaile di, chuaidh sí isteach sa tigh go bhfuair sí an coileach ann agus bhí áthas an domhain ar mhuinntir an tigh
senior member (history)
2022-04-22 22:16
approved
rejected
awaiting decision
lae go dtuit an oidhche uirthe. Do chuaidh sí isteach i dtig chun greim a dh'ithe agus chun a sgíth a leigint. D'fhiafruigh muinntir an tighe dhi cá raibh a triall agus dubhairt sí go riabh sí ag dul go dtí an Muilleann Draoidheachta ag triall ar phlúr dá leas-mháthair mar go raibh sí an-bhreóidhte ar fad. Bhí muinntir an tighe ag tathaint uirthe gan dul ann mar gach aoinne a théigheann ann ná tagann sé abhaile arís. Ach níorbh aon mhaith dhóibh a bheith léi. Dubhradar léi annan fanacht an oidhche sin agus go bhféadfadh sí imtheacht go moch ar maidin, ach ní fhanfadh. Do thug an bhean coileach Márta dhi annsan agus dubhairt sí léi fanacht sa Mhuileann go dtí lár na h-oidhche agus nár bhaoghal dhi annsan.
D'imthigh an cailín léi annsan agus an coileach Márta aici. Nuair a tháinig sí go dtí an Muileann do shuigh sí síos chun sos a thógaint. Timcheall a dódhéag a chlog do thosnuigh an Muilleann ag casadh agus ag casadh agus fothram an domhain á dhéanamh aige. I gcionn tamaill d'éirigh an fear fada dubh amach as an Muilleann agus do tháinig sé i leith go dtí an cailín. Do shuidh sé síos in aice léi agus dubairt, "Sín do chosa geala bána in aice lé'm chosa fada dubha." Do bhí an cailín ag crith le h-eagla acht timcheall a meadhon oidhche go ghlaoidh an coileach agus d'imthigh an fear dubh. Do stad an muilleann do bheith ag casadh agus bhí gach aon áit ciúin arís. D'fhan an cailín annsan go dtí breacadh an lae annsan fuair sí an plúr agus thug an bóthar abhaile uirthi féin. Ar a slighe abhaile di, chuaidh sí isteach sa tigh go bhfuair sí an coileach ann agus bhí áthas an domhain ar mhuinntir an tigh
senior member (history)
2022-04-14 00:23
approved
rejected
awaiting decision
Leac an Easaig
Tá leac mór istig san abhainn i gCam an Lochaig agus Leac an Easaig a tugtar uirthi. Do bhí bean agus leanbh istigh fé 'n lic seo ar teicheadh in aimsir na nDhlighte peanaideacha. Gaibh saighdiúirí Shasanna an treó seo uair amháin agus chonnacadar an bhean bhocht agus an leanbh istigh fé 'n lic agus an t-uisge ag imtheacht do dhruim na lice. Do mhairbh duine des na saighdiúirí an bhean agus an leanbh. Níor thaithnig sé sin leis an gCaptaen agus do mhairbh sé an saighdiúr féin sa láthair céadhna. Tá an lic seo le feiscint fós go soiléir. Tá an t-uisge ag rith anuas dá druim fé mar bheadh eas. Sin é an fáth go dtugtar Leac an easaig air ó shoin anuas. Bíonn glór uathbhásach ag an lic seo le línn seóinseail aimsire.
Siobhán Ní Shúilleabháin.
Fuaireas an sgéal seo ó Pádraig Ó Súilleabháin.
Féach leathanach 4.
14 - 1- '38.
senior member (history)
2022-04-13 13:01
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a ragaidh tú an Róimh bí id' Rómhánach leo.
Síoda buidhe ar Shiobháin is preabáin ar a h-athair.
Tosach ceatha ceo agus deire cogadh gleo.
Tig ar taobh bóthair ní aistir gabháil ann.
Tabharthas Uí Bhriain agua a dhá shúil 'na dhiaidh.
Eibhlín Ní Cíobháin
Fuaireas iad so ó Pádraig Ó Cíobháin, Godrtadubha, Baile 'nFhirteuraig, Daingean Uí Chúise, Co. Chiarraí.
A aois:- 45.
senior member (history)
2022-04-13 12:49
approved
rejected
awaiting decision
Is treise dúthchas ná oileamhaint. Seachain an droch dhuine ach ní baoghal duit an duine macánta.
Póadh indiu is peicil amáireach.
Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breigil ar dhuine éigin.
Is feárr an chú a bhíonn sa t-siubhal ná an chú a bhíonn sa lúib.
Tar éis a tuigtear gach beart.
Is dóigh le fear na buile gur b'é féin fear na chéile.
Is maith an t-ancaire an t-adharta.
Ní bhíonn tréan buan.
Is iad na muca ciúine a itheann an Foghmhar go léir.
Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine éigin.
Tabhair dod' chomharsain is bí féin id' óinseach.
Is dána é gach gach madra ag dorus a thighe féin.
Crann gan stiúr nó cú gan eirbeall
Ag imtheacht ó thig an Diabhail go tig an Deamhain.
Ag suidhe go meadhon oidhche is ag luighe go meadhon lae.
Aithnigheann ciaróg, ciaróg eile.
An méid a bhailigheann an cníopaire, scaipeann an rábairne.
An rud a gheibhtear go bog, caithtear go bog.
An rud a theidhtheann i bhfad, teidheann sé i bhfuaire.
An rud ná cloisfidh an chluas ní chuirfidh sé buadhairt ar an gcroidhe.
Is feárr ann é nó as.
An rud a thógfadh duine is é a mharbhóchadh duine eile.
An rud nách fé dir a leigheas foidhne is feárr chuige.
Is minic a bhain duine slat chun é féin a bhualadh.
A scéal féin, scéal gach éinne.
B'annamh leis an gcat srathar a bheith air.
senior member (history)
2022-04-12 21:59
approved
rejected
awaiting decision
Sean Fhocail
Bean óg gan náire nó gáire gan éifeacht.
Is mairg a bhíonn i dtír gan duine leis féin.
Níor bhris focal maith fiacal riamh.
Inntin mná nó gaoth Mhárta.
Oidhche Fóghmhair nó tóin bonóice.
Ní idir carraig a Chinn san chloich a tá tú.
Breac loirgne lae Earraig formad lae an Fhoghmair.
Ná caith an t-uisce salach amach go mbeidh an t-uisce glan istig.
An scuab nua is feárr a scuabann an tigh.
Is minic a bhíonn bramaithín gioblach 'na chapaillín mustrach.
Ní h-ionann dul go tig an Ríogh agus teacht as.
Is feárr rith maith nó droch-sheasamh.
Is cuma nó muc an duine gan seift.
An té nách bhfuil láidir ní foláir do bheith glic.
Is mór an nidh an neart, arsa an dreoilín, nuair a chaith sé an ciaróg le faill.
Bíonn an duine 'na leanbh dhá uair.
Bíonn eagla ar an gcat a doghtar.
An rud ná bíonn leigheas air foidhne is feárr chuige.
Is maith é luach na foidhne.
Bíonn an déanach díoghbhálach.
Imthigheann an gaol agus scaipeann an grádh is ní bhíonn gaol ag éinne le duine gan áird.
Nuair a chruadhann ar an gcaillig caitheann sí rith.
Ní gheibheann lámh iadhtha ach dorn dúnta.
senior member (history)
2022-04-11 23:38
approved
rejected
awaiting decision
(b) Do ghruaig a bhearradh Dia luain.
(c) Posadh ar an Luan nó ar an Aoine.
(d) Posadh i mí lughnasa nó i mí na Bealtiane.
(e) Tosnú ar aon obair nua Dia Luain.
9. Nuair a raghfá isteach i dtig is ceart duit gabháil amach a dorus a ghaibh tú isteach.
10. Ní ceart bheith amuigh tar éis a dó dhéag a chlog san oidhche mar go mbíonn na mairb amuigh an t-am sin.
11. An teinteán a fhágaint reidhthe san oidhche roimh dul a chodhladh mar go mbíonn na mairbh ar fuaid an tighe.
12. Gan an luaith a chur amach deidheannach san oidhche ar eagla go gcaithfá ar anam o'n saoghal eile é.
13. Droch-rath iseadh salann a dhortadh le linn bídh.
14. Gan an t-uisce salach a chaitheamh amach go mbeadh an t-uisce glan istigh ar eagla go mbearradh gairid ort.
15. Nuair a bheadh duine ag tógaint tighe nua is ceart do pingin nó píosa airgd éigin a chur thíos fé nuair a bheadh sé ag cur síos an bunúghadh, ar eagla ná beadh an rath ar an dtig na dhiaidh.
16. Dá dtagadh marc buidhe ar láimh duine, dearfaí go mbeadh duine éigin a bhaineas leis chun bás d'fághail.
17. Deirtear gur ceart sop glan a chur taobh amuigh de'n dorus Oidhche Nodlag chun go nglanadh an Mhaighdean Muire a cosa sul a ragadh sí isteach an tig.
18. (a) Beadh droch-rath ort dá gcaithfá éadach uaithne ag pósadh.
(b) Nuair a bheithfá ag deanamh scrudúidthe
senior member (history)
2022-04-11 22:16
approved
rejected
awaiting decision
Piseóga.
1. Bheith ag taidhbhreamh ar uibhe lobhtha, comartha go gcaillfear duine éigin.
2. Tochas id' shrón bheadh duine éigin ag cur síos ort.
3. Ial do bhróig scaoilte bheadh duine éigin ag cur síos ort.
4. Tadhbhreamh ar capall dhubh comhartha leitreach.
5. Tochas id' láimh clé comhartha eile go raibh leitir ag taghat chughat.
6. Tochas id' láimh dheis comhartha go raibh duine éigin chun láimh a crothadh leat.
7. Dé mbeithea ag tabhairt tae do dhuine i dtig cuirp is ceart do é ól pe'ca thaithneochadh sé leis nó ná déanfadh, mar deirtear, go mbeadh gráin ag an duine mhairbh ort muna n'ólfa an tae.
8. Bheadh droch rath ort dá ndeanfá na rudaí seo leanas:-
(a) Scáth fearthaine a oscailt istig i dtig.
senior member (history)
2022-04-11 00:07
approved
rejected
awaiting decision
Piseóga.
1. Bheith ag taidhbhreamh ar uibhe lobhtha, comartha go gcaillfear duine éigin.
2. Tochas id' shrón bheadh duine éigin ag cur síos ort.
3. Ial do bhróig scaoilte bheadh duine éigin ag cur síos ort.
4. Tadhbhreamh ar capall dhubh comhartha leitreach.
5. Tochas id' láimh clé comhartha eile go raibh leitir ag taghat chughat.
6. Tochas id' láimh dheis comhartha go raibh duine éigin chun láimh a crothadh leat.
7. Dé mbeithea ag tabhairt tae do dhuine i dtig cuirp is ceart do é ól pe'ca thaithneochadh sé leis nó ná déanfadh, mar deirtear, go mbeadh gráin ag an duine mhairbh ort muna n'ólfa an tae.
8. Bheadh droch rath ort dá ndeanfá na rudaí seo leanas:-
(a) Scáth fearthaine a oscailt istig i dtig.
senior member (history)
2022-04-11 00:06
approved
rejected
awaiting decision
1. Bheith ag taidhbhreamh ar uibhe lobhtha, comartha go gcaillfear duine éigin.
2. Tochas id' shrón bheadh duine éigin ag cur síos ort.
3. Ial do bhróig scaoilte bheadh duine éigin ag cur síos ort.
4. Tadhbhreamh ar capall dhubh comhartha leitreach.
5. Tochas id' láimh clé comhartha eile go raibh leitir ag taghat chughat.
6. Tochas id' láimh dheis comhartha go raibh duine éigin chun láimh a crothadh leat.
7. Dé mbeithea ag tabhairt tae do dhuine i dtig cuirp is ceart do é ól pe'ca thaithneochadh sé leis nó ná déanfadh, mar deirtear, go mbeadh gráin ag an duine mhairbh ort muna n'ólfa an tae.
8. Bheadh droch rath ort dá ndeanfá na rudaí seo leanas:-
(a) Scáth fearthaine a oscailt istig i dtig.
senior member (history)
2022-04-07 23:02
approved
rejected
awaiting decision
Fuaireas iad so ó Domhnall Ó Cinnéide, Gordta Dubha, Baile 'nFhirteuraig, Dainghean Uí Chúise, Co. Ciarraidhe.
Aois - 86.
senior member (history)
2022-04-06 10:57
approved
rejected
awaiting decision
"Do chothuig biadh an ghráinne nár fhás i ndrom ná i gclais" arsa an cailín agus do labhair sí arís leis an mnaoi sidhe - "Cuirim-se mar bhreith agus mar cleasa droma draoidheachta ort" arsa sí "gan féachaint i m'dhiaidh go gcuirfear mé díom an maol chnoc."
D'imthig an cailín léi annsan agus Seánach Séamuis i n-aoinfheacht léi. Ní rabhadar i bhfad as an slighe nuair do labhair an bhean sidhe arís:- "Ná beireadh tuitim na h-oidhche ná eirighe lae amuigh arís air nó má bheireann is liom-sa arís é." Pé sgéal é tháinig Seánach Séamuis abhaile acht níor chríochnuig sé an bhliadhain nuair a rug an t-sean-chailleach léi arís é agus ní fheachaidh aoinne riamh ó shoin é.
A Críoch
Siobhán Ní Shúilleabháin
1. Ainm an duine ó'n a bhfuaras an sgéal:- Pádraig Ó Súilleabháin
2. A Seoladh:- Baile an Lochaig, Baile na nGall, Co. Chiarraí.
3. A Aois:- 68 bl.
4. Gairm Beatha:- Feirmeoir beag
5. Cá'r tógadh é:- Baile 'n Lochaig
6. Cé d'innis an sgéal do:-
7. Cá mhéid bliadhan ó shoin:-
senior member (history)
2022-04-05 11:20
approved
rejected
awaiting decision
í go dtí an áit i n-a raibh Seánach Séamuis fé draoidheacht ag an mnaoi side. Bhí sí sin eirighthe amach di féin ag cíoradh a cuid gruaige. Tháinig inghean Mhairín i leith a cúil uithi i dtreo na féadfadh sí feuchaint uirthi. Do labhair inghean Mhairín annsan agus adubhairt,
"Beannuighim duit-se a bhean bhinn bhéasaigh,
Fé mar bheannuig Críost agus aon Mhac Dé sin
An bhfuil agat tuairisg ar Seánach Shéamuis
Ar phós sé fós nó an bhfuil gan déanamh
Nó an bhfuil aon óig bhean ar t'eolas réidh leis."
Do labhair an t-sean chailleach annsan agus arsa sí "cad é do chúram-sa do'n bhfear mór tréitheach san?" "Ó" arsa an cailín "tá seacht mbliadhan ó rugas uaim é as comhthalán rinnce." Annsan do labhair an cailln le faobhar.
"Mar an gcuirir é féin chugham cuir an spré chugham,
Cuir chugham seacht gcéad seana phuidheach ceanann buidhe bhléideann
Seacht gcéad caora mín tais gléigeal
Seacht gcéad gabhar maol donn ar aon dath
Seacht gcéad gandal agus a n-annlan géadhna
Seacht gcéad tona d'ór na Gréige
Agus seacht gcéad barraille de'n airgead cros raolach"
"Táir ós mo coinnibh amach" arsa an g-sean chailleach "agus tabharfadh iad go léir duit" "Ní sgarfadh mo lámh leat nó go sgarfadh mo ghrádh leat" arsa an cailín. "Cad é an biadh a chothuigh tú an fhaid is bhís sa bhaile ag do máthair?" arsa an tsean chailleach.
senior member (history)
2022-02-21 22:20
approved
rejected
awaiting decision
Bhíodh poll i lár na cloiche agus bhíodh sé cómh mór le grealeal. Bhíodh píosa adhmad aníos as an bpoll aca agus bhídís síos suas leis. Bhíodh an sean-fhocal sa ar siubhal aca "Tugaid an leith i luath, Tugaidh na cruaca ag cáthadh. Beidh muilleann ar gach sruth agus leanbh i mbun gac páiste,
Seán Ó Cathasaig. Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Pádraigh Ó Cathasaig. Baile an Góilín do é.
senior member (history)
2022-02-21 21:54
approved
rejected
awaiting decision
Seana-Iarsmaí
Sé an slíghe a bhuailidís coirce fadó ná le cloc bró
senior member (history)
2022-02-21 21:38
approved
rejected
awaiting decision
Seana Iarsmaí
Tá cloca móra ina seasamh i mBaile an Mhuillinn. Deirtear gurb iad na Fianna a cuir ann iad agus deirtí gur daoine na cloca san fadó. Tá casán i mBaile an Fheirteúraig agus gloadhann siad casán na Naomh air. Deirtear go raibh naomh curtha ann agus gach aon uair a bhíodh na daoine ag ghabháil thairis go gcaitheadh siad cloc ann agus tá carnán cloc ann ó shoin. Sé an paidir a deireadh na daoine ná Beannacht Dé lle h-anamaca na marbh agus go bhfuasgalófiai iad.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.di é.
senior member (history)
2022-02-18 22:17
approved
rejected
awaiting decision
sgríobhte air. Deirtear gur b'iad Clanna Míleadh a sgríobh ann é.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean,
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-02-18 22:11
approved
rejected
awaiting decision
Seana-Iarsmaí
Tá mórán seana-goláin le feiscint tímcheall na h-áite seo. Tá ciorcal cloc thuas sa cnoc i mBaile an Góilín. Deirtear go bhfuil duine éigin curtha ann. Tá cloca beaga go léir ag seasamh tímcheall ann agus tá doras déanta annsan le cloch eile. Tá dhá cloch móra ag seasamh ann agus cloc mór anáirde ar a mbarra. Deirtear go bhfuil duine éigin curtha annsan leis. Tá goláin mhóir in aice an Coláisde i mBaile an Gháilín. Tá óghamh sgríobh
senior member (history)
2022-02-18 21:58
approved
rejected
awaiting decision
ag imteacht tráthnóna. Na siongáin a bheith ar an mbóthar. Na cait a bheith ró gairid don dteine. Na caorac a bheith ag teacht anuas ó'n gcnoc. Na ba a bheith ag rith le brothal um tráthnóna. An spéir a bheith dearg thiar tráthnóna cómhartha deag-aimsire. An spéir a bheith ana gorm iseadh cómhartha deagh-aimsire. Deatac a bheith ag teacht anuas an tsimné iseadh cómhartha báistighe.
Micheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-02-17 22:35
approved
rejected
awaiting decision
Seancus i dtaobh na h-aimsire.
Bogha gréine ar maidin iseadh cómharthaí báistigh. Fáinne tímcheall ar an ngealaig iseadh cómharthaí báistigh. Grian a bheith geal ag dul fé tráthnóna iseadh cómharthaí báistigh.
Nuair a mbíonn an réilthín ró gairid do'n ghealaig. Nuair a bhíonn an gealach iompuighthe síos suas. Nuair a bhíonn rudaí gléasta ag dul tríd an aeir. Nuair a bheadh na faoileáin ag teacht isteach ar an dtalamh. Na sgiatháin leathair a bheith ag imtheacht ana íseal. Na géanna a bheith ag socarúghadh na gcleití. Féach-mara a theacht isteach ó'n uisge agus a theacht ó's cionn na talmhan. Na róinnte a bheith ag teacht i bhfoithin. Na míola cortha a bheith
senior member (history)
2022-02-16 12:37
approved
rejected
awaiting decision
19. Duibhín ó Duibh. Thar fairrge anoir. Ag innsint a sgéil, gan féith gan fuil. (Leitir).
20. Muilleann an dheineadh an abhainn. Is é ag imtheacht thall is thoir. Coineall is Coinnleóir ann. Is cuirse leath preann as san.
Micheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-02-15 22:38
approved
rejected
awaiting decision
10. Cím-sé é is ní fheiceann tusa é, Is is giorra dhuit-se ná dómh-sa é. (Do chul).
11. Fear fada dubh, ina sheasamh sa tsruth, gan fochal na phus acht dud, dud, dud. (Roth muillinn).
12. Fear sa gleann is a thig ar a dhrom (Slimide).
13. Bean fada gléigeal is í ag faire ar a corp féin. (Coinneall).
14. Feac annsan é is pus air (Adharta).
15. Cím cúgham aniar ó, Bhaile Gála, trí muca fireanna, reamhra, d'íosfaidís a dtiocfadh rómpa acht ní cacfaidís oiread is a caine (Ceithre cúinní an teampaill).
16. Cím na suidhe na seasamh í,
Cím ar bhláth an aitinn í,
Níl gaoth ná grian a leagfadh í,
Is ní stadann sí de shiúbhal.
(An Gealach).
17. Do caitheas suas é cómh bán le sneachtadh is tháinig sé anuas 'na óir buidhe leachta (Ubh).
18. Cuaidh beirt do mhuinntir cró. Ag bainnt slat lá ceadhaig. An méid a bhaineadar caitheadar uatha é agus an méid nár bhaineadar thugadar leó é. (Dhá phréacán ag priocadh cleití as a céile).
senior member (history)
2022-02-15 00:00
approved
rejected
awaiting decision
Tómhaiseanna.
1. Ainimhidhe, ainimhidhe, dhá céad ainimhidhe agus caora mór ceannsach rómpa amac. (Gealach agus Réiltíní).
2. Téir an coill is tabhair leat brosna.
Ná tabhair leat scathán cam díreach.
Is ná tair abhaile coidhche gan brosna.
3. Ritheas is fuaireas, shuidheas is cuardeaghuis,
Dá bhfaighainn é ní thabharfainn liom é.
Acht nuair ná bfuaireas, thugas. (Dealg id chois)
4. Cad is caime ná abhainn (Snáithín sceite).
5. Firín beag íseal, íseal,
Firín beag íseal glic
Cuireann sé fetters fé caoire
Is thugann sé an oidhche amuigh.
6. Féach sa cúinne é is dhá céad súil air (corcán súip).
7. Cím cúgham ar an móin, fearain beag is feac na thóin. (Dearadaol).
8. Buidéal fíona is cos as
is d'ólfadh mac Rígh deac as (Buidéal leinbh).
9. Léine a bhí is ní do líon ná do mac Rígh le buadh.
Sgáth na gréine trí na thaobh. Is í gan níghe gan fíghe, gan filleadh, gan fuadh. (Brat siorraig).
senior member (history)
2022-02-14 00:20
approved
rejected
awaiting decision
File:- Inghean Seán Ó Duinnshléibhe.
Do bhí sí pósta i nDuncaoin le athair an Phápa (leas-ainm ar fear). Dúbhairt Seán dá mbeadh aoinne do's na cailíní ábalta ar filídheacht do dhéanamh go n-imtheóchaidh an fhilídheacht ón muinntir a thiocfadh na dhiaidh. Oidhche amháin do bhí ceann dos na páístí ag iarraidh addition do dhéanamh agus bhí ag teip air. Do bhí sí ag féacaint air agus tháinig olc uirthi cuige agus chúm sí bhéarsa. Seo í an bhéarsa a dhein sé.
Addition, addition, do ceilg is do crádh mo croidhe,
B'fhearr liom bheith ag tarrac cloca gach lá ar mo dhruim
Ná bheith ag iarraidh addition a cur isteac id shean mhálaod cinn.
Bh Seán ag éisteacht leí agus tháinig éad air. Bhí fhios aige ná leanfadh an filídheacht aoinne dá shliocht go bráth airís.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-02-11 23:19
approved
rejected
awaiting decision
do Pádraig Ó Curráin. Do bhí an fhilídheacht aige ó dhúthcais. Is as Gaoidhluinn a dhein sé é. Ní raibh aon sgríobh aige agus do sgríobhadh fear ón mbaile síos do iad. Ní raibh aon Fhoghluim air. Do bhí ana mheas ag muinntir an bhaile air. Do b'é an slíghe bheatha a bhí air ná fídheóireacht. Do bhí file eile i mbaile an Mhúraigh dá'rbh ainm dí Siobhán Ní Shéaghdha. Do dhein sí amhrán mar gheall ar rinnce a bhí i gCimín. Fuair sí deich sgillinge as é dhéanamh. Seó í an t-amhrán:-
Bhí ball i gCimín i dtig an Liathaig Maitiú
Bhí biadh agus deoch ann agus é go flaitheamhail.
Bhí inghean Mhichil Cealthram ann agus í ag rinnce le smúit.
Bhí Pérer an Dath ann is a dhá choisín chama.
Do tháinig sé abhaile chúgham ag lorg a chuid bidh
Bhí buailteóirín deas ann ó Bhaile an Gainín,
Agus sé mo mhór thuairim ná mairfeadh sé mhí.
Tháinig sé ar an mbaile é féin agus Nóirín,
Agus dein sí cíopróg do stacaí ainntinn.

Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2022-02-10 19:49
approved
rejected
awaiting decision
Pádraig Ó Curráin - File
Bhí file i mBaile an tSéibhmuraig dárb ainm
senior member (history)
2022-02-10 19:44
approved
rejected
awaiting decision
Ráthanna agus Liosanna
Tá lios i mBaile an Góilín i dtalamh muinntir Shiochradha. Tá cuma cruinn air agus tá díg mhór tímcheall uirthi. Tá trí tor draoighean ag fás in áirde ar bhárr an chlaidhe. Do bhí lios san Cíll tímcheall deich mbliadhna fichead ó shoin agus do bhí mórán cloca innte. Do deineadh í do réabadh agus do tairrigheadh na cloca cun tig a thógaint. Do fuaireadh bró agus tuagh istig innti. Nuair a bhíodar ag tosnúghadh ar an dtig do thógaint do buaileadh breoidhte fear a tíghe agus cailleadh é taréis cúpla lá agus níor tógadh an tig riamh ó shoin.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-02-02 00:29
approved
rejected
awaiting decision
a dhéanamh agus é a cur na luighe ann.
Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2022-02-02 00:25
approved
rejected
awaiting decision
Leighiseanna.
1. Dá mbeadh tinneas fiacail ar duine gráinne aoil a cur isteac san fhiacal.
2. Fiacla duine mhairbh a thabhairt ón dteampaill agus iad chuir isteac id bhéal dá mbeadh tinneas fiacail ort. Turas a thabhairt ar Thobar Ceatlín.
3. Dá ngortadh duine a chos raghadh sé amach agus bhaineadh sé Meacanna an Company. Do bhainfidís an croiceann do agus cuirfidís isteach leis an áit a bheadh leónta é. Do fhanfadh sé ar an gcos go dtí go mbeadh sé leighiste.
5. Dá mbeadh fuil srón:- An cré a bheadh fé thor truim a cur isteac lé'd srón.
6. Dá mbeadh dathacha ar dhuine leabaidh neantóga
senior member (history)
2022-02-01 22:19
approved
rejected
awaiting decision
agus ní fhéadfadh sé léimeadh in áirde cuige. Sa deire mharbh sé na caoire go léir agus do cuir sé in áirde ar a céile iad, go dtí go rabhadar cómh árd árd leis an bpoll. Annsan do cuaidh sé in áirde ortha agus do léim sé amac.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-02-01 00:09
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta
Aon oidhce amháin tháinig madra ruadh go dtí seómra ina raibh mórán caorach. Ní fhéadfadh sé dul isteach san ndoras agus do dhein sé poll i mbarra an tíghe agus do chuaidh sé síos. Nuair a bhí sé tamall istig bhí sé ag cuimhneamh conas a thiocfadh sé amac. Bhí an poll ró árd uiadh agus
senior member (history)
2022-02-01 00:01
approved
rejected
awaiting decision
9. Cuas an Fhaithig:- Mar tá fathac curtha ann.
10. Cuas na Teórainn:- Mar sé an teóra é idir Muinntir Ui Shúilleabháin agus Muinntir Siocradha é .
11. Carraig na n-éan:- Mar bíonn mórán nead ag na h-éin ann.
12. Gort na Liostrom:- Mar bhí sé lán do liostroim sar ndeineadh é do réidhteach.
13. Cuas an Ratha:-
14. An Mionán Dubh:-
15. Na Cloca Breaca:-
16. Gort na Leaca:-
17. An Cairrig Breac:-
Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-30 23:35
approved
rejected
awaiting decision
Ainmneaca Goirt
1. Gort a Gleanna:- Tá gleann mór ann.
2. Gort a Caidéal:- Tá caidéal mór ann agus tá mórán cloca le fághail istig ann.
3. Gort na Leasa:- Tá lios istig 'na lár.
4. Gort a Carainn:- Mar bhí mórán lioctáin ann sara ndeineadh é réidhteac.
5. Gort na Pailíse:- Mar bhí pailís ag fás ag an dTighearna Fionntrágha ann fadó.
6. Gort na gCapall:- Bhíodh mórán capaill ag an dTighearna Fionntrágha ann.
7. Gort an luig móir:- Mar bhí log mór uisge i na bhun.
8. Gort an Tuair:- Cuirtí na ba isteac ann gac tráthnóna taréis iad a bheith crúidhte.
senior member (history)
2022-01-28 22:54
approved
rejected
awaiting decision
gac aoinne amac. Cuaidh fear ag triall ar na póilíní acht bhíodar imighthe nuair a tháinig na póilíní. Ní bhfuaireadh amach cé'r b'iad fhéin ó shoin.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-28 22:48
approved
rejected
awaiting decision
Pósadh
Tímcheall trí fichid bliadhain ó shoin phós Seán Mac Gearailt ón nDainghean le cailín ón gCill. Inghean Uí Shúilleabháin a b'ainm di. Is ar an Satharn a phósadar. I dtig an cailín a bhí an pósadh aca. Do fuair gach aoinne a ndóithin le n'ól agus le n-ithe. Tig íseal a b'eadh é agus ceann tuighe air. Siar san oidhche do connacadar cúcha buachaillí tuighe. Bhí fiche duine aca ann. Cuaidh cuid des na daoine amac cun an teich a cur ortha acht bhíodar ró mhaith dóibh. Bhriseadar isteach agus do óladar a raibh san sathac. Nuair a bhíodar ar meisge thosnuigheadar ag caitheamh na mugaí ar na daoinibh. Do cuireadar
senior member (history)
2022-01-24 21:16
approved
rejected
awaiting decision
bhéal an mhúnlaig. Do leig sé an geir leighte isteach ann agus líon sé an múnla. D'fág sé sa mhúnla é go dtí gur dhóigh leis go raibh sé cruaidh a dhóithin cun í do thógaint amac. Do bhí solas na bliadhna aige annsan as a cuid geire.
Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2022-01-24 21:04
approved
rejected
awaiting decision
Seana Ceárdanna.
Tímcheall cúig mbliadhna déag ó shoin cuaidh Seán Mac Gearailt go dtráig na Muirighe ag triall ar ualach gainimhidhe. Fuair sé sathach caithte isteach ar an dtaoide agus thug sé abhaile leis é. D'osgail sé an sathach agus bhí fhios aige gur geir a bhí ann. Do cuir sé isteach san corcán cuid de agus do leigh sé é ar an dteine. Fuair sé múnla cun coinneall a dhéanamh don ngeir. Fuair sé tairghne agus ceangail sé blúire snáithín bán d'aon dtairghne agus do cuir sé treasna ar
senior member (history)
2022-01-20 00:25
approved
rejected
awaiting decision
agus slinnte ag imtheacht le gaoithe. Ní leigeadh eagla do aoinne a cheann a chur thar doras. Nuair a d'eirigheadar ar maidin bhí gach aon garraidhe leimhéalta. Do séideadh ceann tíghe le muinntir Séaghdha siar dhá mhíle ó'n mbaile. Thóg sé an lá ar fad uatha a gcuid do bhailiú. Bhí na seán-daoine á rádh nár tháinig a leithéid de ghála le céad bliadhna.
Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-20 00:12
approved
rejected
awaiting decision
Doineann
Tímcheall deich mbliadhna fichead ó shoin tháinig gála mór gaoitne i bparóisde Múrach. Tímcheall na Nodhlag a b'eadh é. Do thosnuigh sé ar a deich a chlog san oidhche agus ní chiúinigh sé go maidin. Ní raibh aon coinne ag aoinne leis. Níor fhágadh aon stáca sa pharóisde nár séideadh. Bhí stán
senior member (history)
2022-01-19 00:32
approved
rejected
awaiting decision
macairí. Thánadar Béal na gCloc aniar go Baile Móir. Bhíodar sa Bhaile airís go luath tráthnóna agus cuaidh an beirt aca a chodhladh an oidhche sin. Ar maidin go moc d'eiriig Seámas Ó Gormáin. Dúbhairt sé leis an fear eile an raibh sé 'na shuidhe acht dúbhairt sé go raibh raibh gac aon cnámh 'na corp tinn. Dúbhairt Seámas Ó Gormáin go raibh sé féin cómh maith agus a bhí sé riamh agus dhein sé babhta rinnce. Do cuaidh an fear thar lear abhaile agus ní fada a bhí sé sa bhaile nuair a cailleadh é taréis an' siubhlóid ar fad.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean dom é.
senior member (history)
2022-01-18 00:01
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail
Bhí fear ina cómhnuidhe i mBaile Móir dárb ainm Seámas Ó GormÓin. Bhí sé ana mhaith chuin siubhail agus chuin fiadhaig. Tháinig stróinséar thar lear á thástáil. Ar maidin go moch d'eirig an bheirt aca. D'fágadar Baile Móir. Ar dtúis cuadhar anáirde ar Cnoc Branndáin. Annsan drom a chnuich soir go barra cnoc Abhanascáil treasna siar go cnoc na
senior member (history)
2022-01-17 00:42
approved
rejected
awaiting decision
nuair a d'iompuig an naomhóg. Bhí ana stuirm ann agus bádhadh beirt aca. Bhí snámh ag an bhfear eile agus bhí sé ag snámh ar feadh na h-oidhche. Bhí dreámhre ag teacht aníos ón uisge agus thug sé faoi bhreith air acht tháinig tonn agus thug sí leis é, síos arís. Thug sé fé leis airís agus d'imthig an rud ceadhna air. An cuigeamhadh babhta dhein sé an bheart agus tháinig sé saor. Ó shoin i leith níor cuaidh sé ag iasgach.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean dom é.
senior member (history)
2022-01-13 22:34
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail.
Tímcheall dachad blian ó shoin cuaidh triúr fear amach ag iasgach i mBaile na nGall. Tímcheall a dó dhéag a clog san oidhche bhí h-ocht céad éisg marbh aca agus dúbhradar go raghaidís abhaile. Ní rabhadar acht tímcheall deich slait ón gcaladh
senior member (history)
2022-01-13 22:28
approved
rejected
awaiting decision
Triúr Clainne na bárr scolóige:-
Do bhídís san ag faire gach aon bhád bhriste a thiocfadh isteach. Do tháinig bád isteach in aice le Cathair Saidhbhín agus cuaidh siad isteac innti. Ní leigidís d'aoinne eile dul isteach innti acht iad féin. Cómh luath agus bhíodar istig do connaic na daoine cat agus é air na seólta anáirde. D'imthigh an bád agus an triúr istig innti. Ní bhfuair aoinne aon tuairisg ortha ó shoin.
Seán Ó Gríbhthín, Muillnagleemig, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Gríbhthín, Muillnagleemig, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-13 22:28
approved
rejected
awaiting decision
Triúr clainne na bárr scolóige:-
Do bhídís san ag faire gach aon bhád bhriste a thiocfadh isteach. Do tháinig bád isteach in aice le Cathair Saidhbhín agus cuaidh siad isteac innti. Ní leigidís d'aoinne eile dul isteach innti acht iad féin. Cómh luath agus bhíodar istig do connaic na daoine cat agus é air na seólta anáirde. D'imthigh an bád agus an triúr istig innti. Ní bhfuair aoinne aon tuairisg ortha ó shoin.
Seán Ó Gríbhthín, Muillnagleemig, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Gríbhthín, Muillnagleemig, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-13 15:33
approved
rejected
awaiting decision
phúca go dtí Muillinagleamig. Sin tímcheall dhá mhíle. Tá an cloch le feiscint fós. Tá tímcheall h-ocht dtonna déag méadhcain innti.
senior member (history)
2022-01-12 23:09
approved
rejected
awaiting decision
Na Fianna.
Tá lios i gCathrama Phúca agus deirtear gurbh é Fionn Mach Cúmhaill a thóg é. Do bhí cloc mhór lasmuigh do agus do bhíodh gac aoinne d'iarradh é do caitheamh. Do theip ar gach duine acht Fionn. Do bheir sé air an gcloic agus d'árduig sé í le fuinneah. D'imthig an cloc ó Ceathramhain na
senior member (history)
2022-01-12 22:57
approved
rejected
awaiting decision
áit atá an t-aonac anois. Do bhí fear dárb ainm Mícheál Ó Concúbhair 'na cómhnuidhe ins an áit agus do bhí cómhacht aige. Nuair d'feicfidh sé na daoine ag dul isteach. do thógadh sé an t-airgead amach as a bpócaí i gan-fhios dóibh. Fé dheire thug an Tighearna Fionntrágha fé ndeara é agus d'fág sé an áit. Díoltar dhá phingin paidhc as gach ainimhidhe sar a leigtear isteach san bpáirc iad. Geibhtear leath-coróinn luck as gach ainimhidhe a díoltar. Aonac na mbanbhaí an t-aonach is coitcheannta a bhíonn sa Dainghean.
Seán Ó Gríbhthín, Muilleannagleamaig, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Gríbhthín, Muilleannagleamaig, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-12 22:36
approved
rejected
awaiting decision
Aonac.
Gort an Aonaig:- Tá an gort so i gCatair bó síne. Do bhíodh aonac capaill ann fadó agus do cuireadh tig tábhairne ar bun ann. Do thuit na daoine ar meisge agus do thárla gráscar mór eadtortha agus do cuir Naomh Monacan mallacht ar an áit as san amac. Ní raibh aon aonac san áit as san amac. Caith an fear gur leis an d'tig táhairne an áit d'fágaint agus do cuaidh sé go dtí Fionn Tríágha agus tá a shliocht ann ó shoin. Tímcheall le dachad bliadhain ó shoin do bhíodh an Tighearna Fionntrágha ag bailúghadh ciosa san
senior member (history)
2022-01-12 11:33
approved
rejected
awaiting decision
mhac go raibh sé ann toisg é d'ithe. Do dhein an mac amhrán mar geall air. 'Sé an t-amhrán é ná:-
Céad moladh le Muire mar dheineas an Aoire,
Agus mara mbeadh gur dheineas is mise bheadh síos leis
Bheadh mo cuid feóla na spólaibh cíor-dhubh.
Is ó Muire beannuighthe screadann óm croídhe thú.
Seán Ó Gríbhthín,Muillnagleámaig, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Gríbhthín, Muillnagleámaig, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-12 00:31
approved
rejected
awaiting decision
An Carraghas:-
Níl sé ceadaighthe do aoinne feól d’ithe gach Dia Ceadaoin agus Aoine sa Carraghas. Bhí fear ann fadó agus d’ith sé feóil sa Carraghas agus dúbhairt sé le na mhac é d’ithe act ní dhéanfad. Nuair a caileadh an fear cuaidh sé go h-Ifreann agus dúbhairt sé le na
senior member (history)
2022-01-11 22:27
approved
rejected
awaiting decision
tighthe ar Seán Mac Genadha ó Baile Riabhach. Do bhí beirt fear tuas ann an oidhche céadhna ag obair agus nuair a bhíodar ag dul abhaile do las ceann aca a phíp agus do caith sé an lasán isteach sa tig. Ceap sé go múchadh sé acht níor mhúc. Do thóg na tighthe go léir teine. Do dóghadh mórán inill do gach saghas. Do dóghadh féar, coirce, dhá pónaire, capall agus mórán ainimhighthe. Tímcheall a ceathair a clog ar maidin do connach an cailín an deatach go léir agus do rith sí amach. Do bhí gach rud dóighthe acht amháin beithidheach ag Ó Curráin aca ag féarach. Do bhí sí sin amuigh agus a eirbeall ar lasadh agus do mhúch an cailín aimsire é. Ní fhéadfaidís na tighthe a mhúchadh agus do tháinig gála gaoithe. Do dóghadh an cnoc annsan agus muilleann nuadha. Do fuair sé dhá mhpúnt airgid as na rudaí a dhóghadh. Deirtear go raibh Dia buidheach do agus gur mhór an t-ádh a bhí leis an oidhche a dóghadh iad.
Seán Ó Gríbhthín, Muilleann na Gleameug, Dainghean.
Thug Bríghd Ní Gríbhthín, Muilleann na Gleameug, Dainghean do é.
senior member (history)
2022-01-10 23:23
approved
rejected
awaiting decision
Dóighteán
Tímcheall le cúig bliadhna ó shoin do dóghadh mórán
senior member (history)
2022-01-10 23:19
approved
rejected
awaiting decision
greim capaill is ní bhlaiseannn sí biadh (Speal)
5. Dáréag araon leabaidh, Is gan aoinne aca ar leath tomall (Spócai na cairte)
6. Tá trí fichead páiste ag Pádraig Ó Broin
Tá trí fichead mála ag gach páiste aca san
Tá trí fichid práta i ngach mála aca san
Cé méid práta ag Pádraig Ó Broin. (Níl aon phráta aige)
7. Teachtaire beag idir dhá thig is bíonn sé amuigh isdoidhche (Casán)
8. Tagann sé isteach ar guailnibh daoine agus téigheann sé amach 'na snáithín síoda (Móin)
9. Cuaidh sé suas an bóithirín, tháinig sé anuas an bóithirín agus thug sé an bóithirín ar a dhrom. (Dréimire)
Ní sé thoir ort, Níl sé thiar orqt, Tá sé ort, is ní trom leat é. (t-ainm)
Treasa Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-08 00:11
approved
rejected
awaiting decision
Tómhaiseanna
1. Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag tabhairt eólais agus mac an giobalacán ag rith 'na ndiaidh. (Bó ag rith)
2. Soitheach gan tóin agus é lán d'feóil duine. (Méaracán)
3. An rud a caitheann an duine bocht uaidh cuireann an duine saidhbhir 'na phóca é. (Smuga)
4.Tá sé thoir, tá sé thiar, is mó a greim ná
senior member (history)
2022-01-08 00:01
approved
rejected
awaiting decision
agus sé an ainm a bhí air ná Tomáisín Ruadh. Lá amháin do bhí sé ag beirbhiúghadh taraig chun é cur i dtig na mbó. Do fhliuch sé ós cionn an corcáin i ngan fhios di agus amac ar an dteine. Do las an taraig suas agus do thóg an tig teine gan moill. Nuair do connaic muinntir Baile an Mhuillinn an tig ag dóghadh do bhailígheadar go léir le chéile agus bhíodar ag caitheamh uisge ar an dtig agus níí fhéadfaidís é mhúchadh. Do dhóghadh gach aon rud a bhí istig sa tig.
Treasa Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-05 23:17
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
Bhí fear ina cómhnuidhe i mBaile an Mhuilinn
senior member (history)
2022-01-05 23:15
approved
rejected
awaiting decision
The tri-colours were to be seen along the conquerors side,
Although the paint had been rather fresh
It was washed off by the tide.
For the next regatta she is prepared
with green she is painted o'er,
And the like of her will not be seen
with her crew from Ballymore.
X1.
Their trainers Eugene Sullivan, likewise
Moriarty John
And also Pat Griffin, that big and sponky man
Next comes Maurice Cleary, we'll finish up the core
With Neill and Batt and the Gearaltac they were all from Ballymore.
Treasa Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-05 22:44
approved
rejected
awaiting decision
did before.
And we drank their health on Monday night in Cousheen Ballymore.
V111.
Cuas have the side of a country for their pick and choice.
From Ballyknockane to Ballygaw and the village of the mice.
They have canoes in plenty, they have men by the score
And we have but the seven men in Cousheen Ballymore.
1X.
Good luck to those hardy lads wherever they may go
They are a credit to this place as the people all may know.
They have the hearts of Irishmen as everybody know.
They are a credit to their people and to Cousheen Ballymore.
X.
senior member (history)
2022-01-04 22:05
approved
rejected
awaiting decision
They never put down their dulpins, this brave and daring four.
? ? ? ? ? ? ?
111.
The Cuas canoe then came in view, no doubt they were good men
But as for to beat those hardy lads, they should be as good again.
The Reneigh canoe then turned up, likewise the Reneigh four.
They also came to bring the race and put down Ballymore.
1V.
And when the race was started, Ned Moriarty took the lead.
And Cleary cried "Well keep it, boys, we'll show them of what we are made."
They turned the pole most gallantly, those brave and daring four.
And Paddy Neill then shouted, "We'll hold it, Ballymore."
V.
senior member (history)
2022-01-04 21:46
approved
rejected
awaiting decision
Filí
Seo amhrán a dhein Seán MacGearailt ó Baile Móir ar rás naomhóg a bhí idir Baile Mór agus Cuas.
1.
Come listen here my trusty friends and I'll sing for you a song.
I'll all about those hardy lads I wont delay you long.
They left their homes that morning with spirits light and gay.
Sure it's well they knew their arms would win the honours of the day.
11.
They stepped into their canvas boat and soon gave her a name.
Ned Moriarty then he did strip off and the others did the same.
senior member (history)
2022-01-03 21:40
approved
rejected
awaiting decision
dearga ortha agus iad ag rinnce istig ann. Ní fheachaidh aoinne riamh ó shoin aoinne ann.
Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-03 21:37
approved
rejected
awaiting decision
Ráthanna agus Liosanna
Tá lios i mBaile Móir i dtalamh muinntir Uí Cinnéide. Tá ceann eile i dtalamh muinntir Uí Fhiannachta agus táid i radharc a chéile. Lios céarnógach iseadh é agus tá poll ná lár. Deirtear go gcuirfeadh an Lochlannaig ór i bhfolach ann agus go mbíodh brocanna á fhaire dóibh agus tá mórán dos na brocannaibh ann fós. Deirtear aon oidhche amháin go raibh Muiris Ó Cléirig ag teacht abhaile leis na ba agus ní raibh aoinne 'na theannta acht an madra agus nuair a bhí sé ag teacht gearrha don lios thosnuig an madra ag sceamhuighíl. Connaic Muiris Ó Cléirig an solas sa lios agus daoine beaga agus casóga
senior member (history)
2022-01-02 22:27
approved
rejected
awaiting decision
Is fada an Luan é a Cíomháin.
In uisge fuar nách bhfuil foláin
Acht dá bhfaghainn-se féin mo rogha
D'losfainn leath don domhan.
Sé an Luan a bhí Cíomháin ag trácht air ná "Lá an Luan" .1. an Lá Déidheannac.
Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2022-01-02 22:18
approved
rejected
awaiting decision
Ainimighthe Neamh-Shaoghalta.
Deirtear go mbíodh piast mór le feiscint i loc i mBaile an Lochaig. 'Sé an ainm a tá ar an loch ná loch Cráilí. Thagadh sé aníos as an uisge gach seachtmhadh mbliadhain agus d'íosfadh sé na ba agus na h-ainimighthe go léir a bhíodh tímcheall air. Thagadh Naomh Cíomháin na h-aon seacht mbliadhna cun an phiast a mharbhúghadh. An lá so tháinig Naomh Cíomháin. Bhí sé ag faire is ag faire féachaint cathain a thiocfadh an piast. Sa deire sháidh sé aníos a ceann. Do bhí corcán mór ag Naomh Cíomháin agus caith sé anuas ar ceann na péiste é. Dúbhairt sé go bhfágadh sé air a ceann é go Luan. Tháinig an Luan agus Luan eile agus Luan eile agus níor thóg Cíomháin an corcán. Sa deire labhair an piast agus dúbhairt sé:-
senior member (history)
2021-12-31 00:15
approved
rejected
awaiting decision
toisc é bheith tógtha 'na talamh féin.
Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-12-31 00:11
approved
rejected
awaiting decision
Do theastuig uatha tig nuadh do thógaint i mBaile Móir. Do thagaidís gach lá chun an tíghe agus nuair a bhí an tig nách mór tógtha aca dóghadh ortha é. Aon oidhche amháin nuair a bhíodar 'na gcodhladh fuair duine dárb ainm Liam Ó Luasa galún íle agus beart tuighe agus cuir sé an tig trí theine. Muinntir Ó Murcadha a b'ainm dos na daoine gur leó an tig. Ní rabhadar 'na gcodhladh i mBaile Móir in aon cor. Théighidís abhaile go Baile an Fhásaig gach oidhche. Nuair a tháinig muinntir Ó Murchadha lár na mhárach tháinig iongnadh ortha an tig a bheith lasta taréis é thógaint. Dúbhradh go raibh Liam Ó Luasa air. An maidean taréis do an tig do dhógadh do chuaidh sé féin síos go dtí's na Gárdaí á gearrán féin. Tamall 'na dhiaidh sin do chuireadh go dtí an Osbéidéal i gCill Áirne é agus tá sé ag obair ann ó shoin. Do tógadh tig muinntir ó Murchadha airís tamall 'na dhiadih sin agus táid ag maireactain ann anois. Deirtear gurb é an fáth gur dhóigh sé an tig ná
senior member (history)
2021-12-30 00:16
approved
rejected
awaiting decision
Dógadh
Do comhnuig daoine i mBaile an Ásaig fadó agus tá na daoine céadhna ann fós.
senior member (history)
2021-12-30 00:13
approved
rejected
awaiting decision
cé cailleadh ar an gcrois. Ní raibh aon fhreagra ag an mbuachaill le tabhairt ar an gceist acht leig sé air gur b'amhlaidh a bhí an freagra dearamhdhta aige. Bhí sé ag cuimhneamh ar an fhreagra mar d'eadh nuair a phrioc an máighistir é cun eagla a chuir air. Anois bhí sé mar dhroch-bhéas ag an mbuachaill céadhna bheith ag easganaidhe i gcómhnuidhe. Nuair a phrioc an máighistir é labhair sé go tapaidh agus dúbhairt "Ó, Íosa Chríost." "Go maith" arsa an Sagart agus d'imthigh sé leis go sásta. Ní nách ionghnadh ceap sé go raibh an freagra ceart ag an mbuachaill. Ní dhéanfadh an buachaill aon nídh mara mbeadh an priocadh a fuair sé ón máighistir agus an droch bhéasa bhí aige féin.
Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-12-28 23:55
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta - Cat Fiadhain
Bhí bean ann tímcheall céad bliadhain ó shoin agus bhí trí cinn de cait aici. Aon lá amháin cuaidh ceann aca isteach sa curpad agus bhris sé rud éigin. Cuir sí an gadhar 'na dhiaidh. D'imthigh sé leis gur tháinig sé go dtí an bhfairrge. Sé an áit a maireann sé ná san eidhneán. Itheann sé cuileóga agus franncaig uisge agus éin. Deirtear gur mar sin a deineadh an céad cat fiadhain riamh.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 23:55
approved
rejected
awaiting decision
agus trí cinn do gamhna leis. An lá céadhna do marbhuigheadh garsún sa Dainghean. Sé an ainm a bhí air ná Seán Guild agus Seámas Ó Gríbhthín a bhí 'na theannta. Cuaidh duine aca anáirde ar an gclaidhe agus marbhuigheadh é sin. An duine a bhí ar an dtalamh níor deineadh faic leis.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 23:55
approved
rejected
awaiting decision
Leigheasanna
1. Niascóid:- Eirbeall an madra ruadh a fhliuchadh agus íé a cimilt do.
2. Tinneas-fiachail:- Sgannradh a chuir ar duine agus d'imtheóchadh an tinneas-fiacail uaidh.
3. Britíneach:- An duine a mbadh sé air a thumadh i dtobar uisge fuair.
4. Craos-galar:- Ceann an ganndail a cuir siar id bhéal ar feadh naoí maidne ar cealachán.
5. Fiabhras:- Nuair a bheadh lá is fiche glanta aige bheadh súil leis nuair a déarfadh sé é thó duine a leigiseadh tú
"Is feárr súil le béal an chuain ná súil le béal na h-uagha." Tá bean thoir sa bhinn báin agus sé an ainm atá uirthi ná Máire Ní Réal. Tá sí ag déanamh plástar as luibh gorm cun rudaí teine a leigheas. Deineann sí an luibh a bheirbhiughadh agus nuair a bhíonn sé beirbhighthe leigeann sí do fuaradh.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 23:54
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Grinn
Mór-cuid bliadhnta ó shoin do cuaidh máighistir sgoile go dtí an Dainghean le le ranng buachaillí go gcuirfeadh an t-Easbog fé láimh Easbog iad. Tháinig an Sagart cúcha cun iad a ceistiúghadh sa Teagasc Críostuidhe. D'fhiafruig sé do dhuine dos na buachaillí
senior member (history)
2021-12-28 22:34
approved
rejected
awaiting decision
Seán Ó Fiannachta ó Cillaroth ag teacht abhaile ón nDainghean lá aonaig. Bhí sé tímcheall a h-aon a chlog san oidhche agus bhí sé ar meisge agus thosnuig sé ag amhrán. Nuair a bhí sé tímcheall trí míle ó na tig féin cualaid sé glór taobh thíar do sa cairt. D'iompuigh sé siar acht ní tháinig aon eagla air. Annsan tháinig an rud taobh amuigh fé phus an capall agus cad a bheadh ann acht gadhar a bhí cómh mór le beithidheach. Bhí sé cun léime isteach sa cairt chun é d'ithe mara mbeadh go raibh maide ina láimh aige.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Cíomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 22:21
approved
rejected
awaiting decision
Gadhar Fiadhain
Tímcheall trí fichid bliadhain ó shoin bhí athair
senior member (history)
2021-12-28 22:18
approved
rejected
awaiting decision
Leigheasanna
1. Niascóid:- Eirbeall an madra ruadh a fhliuchadh agus íé a cimilt do.
2. Tinneas-fiachail:- Sgannradh a chuir ar duine agus d'imtheóchadh an tinneas-fiacail uaidh.
3. Britíneach:- An duine a mbadh sé air a thumadh i dtobar uisge fuair.
4. Craos-galar:- Ceann an ganndail a cuir siar id bhéal ar feadh naoí maidne ar cealachán.
5. Fiabhras:- Nuair a bheadh lá is fiche glanta aige bheadh súil leis nuair a déarfadh sé é thó duine a leigiseadh tú
"Is feárr súil le béal an chuain ná súil le béal na h-uagha." Tá bean thoir sa bhinn báin agus sé an ainm atá uirthi ná Máire Ní Réal. Tá sí ag déanamh plástar as luibh gorm cun rudaí teine a leigheas. Deineann sí an luibh a bheirbhiughadh agus nuair a bhíonn sé beirbhighthe leigeann sí do fuaradh.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíiomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 00:22
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta - Cat Fiadhain
Bhí bean ann tímcheall céad bliadhain ó shoin agus bhí trí cinn de cait aici. Aon lá amháin cuaidh ceann aca isteach sa curpad agus bhris sé rud éigin. Cuir sí an gadhar 'na dhiaidh. D'imthigh sé leis gur tháinig sé go dtí an bhfairrge. Sé an áit a maireann sé ná san eidhneán. Itheann sé cuileóga agus franncaig uisge agus éin. Deirtear gur mar sin a deineadh an céad cat fiadhain riamh.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíiomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-28 00:08
approved
rejected
awaiting decision
agus trí cinn do gamhna leis. An lá céadhna do marbhuigheadh garsún sa Dainghean. Sé an ainm a bhí air ná Seán Guild agus Seámas Ó Gríbhthín a bhí 'na theannta. Cuaidh duine aca anáirde ar an gclaidhe agus marbhuigheadh é sin. An duine a bhí ar an dtalamh níor deineadh faic leis.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíiomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-24 00:22
approved
rejected
awaiting decision
Doineann
Tímcheall trí fichead bliadhain ó shoin tháinig tuille mhór. Bhí an Tighearna Fionntrágha ina cómhnuidhe i mBaile an Góilín an uair sin. Tháinig an tuille anuas trí gleann ón gcnoc. Thug sé coca féar agus stácha coirce ón dTighearna Fionntrágha. Do baineadh an ceann dá thig. Bhí tóirneacha agus splanncaca leis ann agus bhí mórán ainimhighthe amuigh ag an dTighearna Talmhan. Do mharbhuigheadh capall
senior member (history)
2021-12-24 00:12
approved
rejected
awaiting decision
uair dárb ainm muinntir Dála. Cuaidh beirt síos sa bhFaill agus bhí duine dos na cómharsain 'na teannta. Fuaireadar soitheach geasa sa bhfairrge. Thugadar leó abhaile é. Nuair a cuadhar abhaile bhí sé beagáinín dorcha. Lasadar an coinneal os cionn an tsoithigh féachaint an raibh puinn ann. Do lasadh an t-íle an tig agus na daoine. bhí asal agus capall istig sa tig an uair sin an uair sin agus do lasadh iad san leis.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíiomháin, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-12-22 22:11
approved
rejected
awaiting decision
Cruadhtan
Bhí dream daoine 'na gcómhnuidhe i bhFán
senior member (history)
2021-12-22 22:08
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail
Do bhí bean dárb ainm Siobhán Ní Dúinnsléibhe ó Bhaile an tSléibhe. Is minic a thagadh droch tinnis-cinn uirthi. Ana siúbhalaidhe do b'eadh í. Fadó ní raibh aon capall ná cairt ann agus cuaidh sí go dtí Tobar na Molt cun an turas a thabhairt i dTráighlí. Ag siúbhal a cuaidh sí ann. Cuaidh sí ann roimh breicfeasta ar maidin agus bhí sí sa baile ar a seacht tráthnóna. B'sin t-ochtmhadh míle a bhí siúbhalta aici. Tháinig t-ionghnadh ar gach aoinne gur shiúbhluig sí an bhóthiar chómh tapaidh sin. Deirtear gur shiubhal sí seacht míle níos tapúla ná mar a shiúbhalóchadh aoinne eile. An bhliadhain ina dhiaidh sin cuaidh sí ann airís ag siúbhal agus ní tháinig aon tinneas cinn uirthi as san amach.
Siobhán Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Chíiomháin , Baile an Góilín, Dainghean.di é.
senior member (history)
2021-12-22 00:49
approved
rejected
awaiting decision
tsáipéil an uair sin. Cuaidh Eóghan Ruadh síos agus shuidh sé ar an mhóin agus níor cuaidh sé go faoisdine in aon cor. Dhein sé an bhéarsa so an fhaid is a bhí sé 'na shuidhe ar an móin:-
Ní hé an bochtanas is oth liom a bheith síos go deó
Acht an tarcuisne a leanas é ná leighiseadh leómhan
Má tá an t-athair mac mar an Eaglais níl brígh 'na glór
Agus ní feárr dul go dtí faoisdine ná suidhe ar an móin.
Tamall ina dhiaidh sin leis bhí Eóghan Ruaidh ar dul isteach sa tsáipéil ag éisteacht aifrinn agus ní leigfí isteach é gan leath-phingin a dhíol. D'iompuigh sé amach go dtís na daoine agus dúbhairt sé leó:-
A dhaoine naomtha annso atá an margadh
Aifreann Dé á dhíol ar leathphinghin.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Daingean.
Thug Tomás Ó Conchubhair, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-12-22 00:24
approved
rejected
awaiting decision
Filí. Eoghan RuadhÓ Súilleabháin
Ana fhile a b'eadh é sin. Lá amháin bhí sé ag dul cun faoisdine sa Dainghean. Bhí sé ar thosach cun dul isteach sa bhosca agus bhí fear saidhbhir taobh thiar do. Glaoidh an Sagart ar an bhfear saidhbhir agus thug sé faoisdine do ar dtúis. Bhíodh móin ins an
senior member (history)
2021-12-15 00:35
approved
rejected
awaiting decision
D'fhág mo ceann go feall fén gcré.
Eóghan ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-15 00:29
approved
rejected
awaiting decision
Eachtra na Mná Máire Thar Lear
Fadó riamh bhí bean ann. Bhíodh sí i gcómhnuidhe ag troid. Ana gaisgidheach mná do b'eadh í. Ceap sí ná marbhochfaí go deó í. Bhí na Fianna i n-Éirinn an uair sin. Dhein sí suas a h-aigne teacht go h-Éirinn cun troid leó. "Oscar" a b'eadh ceann dos na Fianna. Tháinig sí go h-Éirinn go dtí Oscar. Thosnuigheadar ag troid. Bhíodar ag troid trí lá agus trí oidhche. Ar deireadh bhí Oscar ag fághail an láimh uachtair uirthe agus bhain sé an ceann di. Nuair a bhí sí ag fághail bháis dúbhairt sí na focail seo:-
Ní hé Oscar do mhairbh mé
Acht trom bhuillí Gall caoí.
senior member (history)
2021-12-14 22:16
approved
rejected
awaiting decision
fhéadfadh an dá capall eirighíughadh agus cailleadh iad. Bhí sé díreach á gcur nuair a léimeadar amach sa bhfairrge agus ní fheachaidh aoinne ó shoin iad.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.do é.
senior member (history)
2021-12-13 23:58
approved
rejected
awaiting decision
Capall Draoidheachta
Bhí fear ina cómhnuidhe i mBaile Íochtarach tímcheall le céad bliadhain ó shoin. Bhí inghean aige agus cuir sé í go Baile an Mhuillinn, agus thug sé cúig céad púnt di. Phós sí ann. Bhíodh sí ag bruighean le na fear gach aon lá. Cailleadh í agus nuair a bhíodh an máthair ag dul an Dainghean bhíodh an fear ag treabhadh agus aon lá amháin agus í ag dul an Dainghean bhí sé ag treabhadh. Thuit an dá capall sa clais. Bhí a gcosa buailte suas le na céile. Ní
senior member (history)
2021-12-13 23:36
approved
rejected
awaiting decision
mbó cun go mbeadh an rath ortha. Crúdhtar an dá shine ar dtúis. Ní ceart aon bhainne a dhortha le linn crúidhte. Nauir a bhíonn ba taréis breith cuirtear an gamhain fén gceann chuin é líobhadh.
Capall:- Stáblá a tugtar ar an dtig ina mbíonn sé. Sé an slíghe a glaodhaimíd ar na cearca ná tuic, tuic, na lacain téic, téic, ar na géanna, beadaí, beadaí.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.do é.
senior member (history)
2021-12-10 19:01
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe na Feirme
Na ba, gamhna, capall, cearca, lacain, géanna, agus muca. Is iad ainmneacha na bó ná:- Concúbhair, Devane, Kerry, Johnston An bó mhaol, Jack Faid, agus Santi. Sé an a slíghe a glaodhaimíd ortha ná h-oile agus h-óil. Tig na mbó a thugaimíd ar an dtig ina mbíonn na ba. Sé an leabhaidh a cuirfimíd fútha ná tuighe, féar, gainimh agus aiteann. Cuirtear brúscar fútha leis. Crocaimíd peictiúr ár Slánuightheóir i dtig na
senior member (history)
2021-12-10 18:46
approved
rejected
awaiting decision
a bhíonn ortha ná ithte. An té a gheibheann an fáinne sin é is luatha a phósfar. An té a gheibheann an cipín sin é a caillfear agus an té a gheibheann an mhéaracán beidh sé ina tháilliúr. Taréis an tsuipéir faigheann siad tobán mór d'uisge agus cuirid úbhall isteach ann agus bíonn gach aoinne ag iarraidh an úbhaill d'fághail.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-07 19:44
approved
rejected
awaiting decision
an aitinn ghil:- Seana bhóthar é sin atá i mBaile an tSléibhe. Ní cuimhin le h-aoinne cathain a deineadh é.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-07 19:18
approved
rejected
awaiting decision
Cluichí
1. Seáinín a Phúca:-
2. Nóiníní Bána:- Sé an slíghe a imirightear iad san ná capíní d'fághail agus laithróid. An duine go mbeidh an cuid is mó nóinín ina caipín sin é an duine a bheidís ag caitheamh air.
3. Rounders:- Cuirfeá trí cinn do cloca ina seasamh agus déanfá ciorcal. Raghadh gach aoinne isteach sa ciorcal agus d'fanad cuid eile aca amuigh. Caithfeadh an dream amuigh an liathróid isteach agus bhuailfeadh an dream istigh amach airís é agus rithfidís go dtí's na trí cloca.
4. Birín beó, Birín marbh, is má gheibheann mo bhirín bás idir do dhá láimh beadh an trom trom ort.
Bóthair an ceanntair:-
i. Bóthar an cnuic: Bóthar an Bhrúnaig, Bóthar
senior member (history)
2021-12-07 19:17
approved
rejected
awaiting decision
Cluichí
1. Seáinín a Phúca:-
2. Nóiníní Bána:- Sé an slíghe a imirightear iad san ná capíní d'fághail agus laithróid. An duine go mbeidh an cuid is mó nóinín ina caipín sin é an duine a bheidís ag caitheamh air.
3. Rounders:- Cuirfeá trí cinn do cloca ina seasamh agus déanfá ciorcal. Raghadh gach aoinne isteach sa ciorcal agus d'fanad cuid eile aca amuigh. Caithfeadh an dream amuigh an liathróid isteach agus bhuailfeadh an dream istigh amach airís é agus rithfidís go dtí's na trí cloca.
4. Biríb beó, Birín marbh, is má gheibheann mo bhirín bás idir do dhá láimh beadh an trom trom ort.
Bóthair an ceanntair:-
i. Bóthar an cnuic: Bóthar an Bhrúnaig, Bóthar
senior member (history)
2021-12-07 14:14
approved
rejected
awaiting decision
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-07 14:04
approved
rejected
awaiting decision
a bhí a thréimhse caithte ann ní thabharfadh sí aon phágh dhó agus dhein sé píosa filídheachta. Lá eile bhí sé ag bainnt aitinn agus bhí fear eile tamall uaidh ag baint. Dúbhairt an fear eile leis.
"A Fhir úd ón Dainghean do deinis mé mhealladh:
Nuair a thugais óm bata agus treamhsan,"
Acht d'fhreagair Duinnshléibhe agus dúbhairt sé.
"Má tá aon fheabhas ar an aiteann
Druidfid mé id' aice d'fonn a bheith seal ag labhairt leat.
Bríste má thugais a bhí lom caithte lobhtha i dtosach an bhille nó i dtabharathas.
Caoin cnaoí go dtagadh fé dhéin dlíghe don gcaillig
Do bhéarfadh a h-anam do dhéanaibh.
Nell Thaidhg Óig dhein sí bhéarsa ag cáinne duine eile.
1.
Do bhí fear tíghe agam ná bíodh a bruighhean liom i dtaobh teacht san oidhche ón mbaile thoir.
Acht ní mar sin díobh-sé do dheineabhair bhúr ndícheall
Ar mé dhíbirt an Clasach soir
senior member (history)
2021-12-07 12:37
approved
rejected
awaiting decision
Branndán Ó Gríbhthín (File)
File do beadh é sin. Bhí paiste talmhan aige i bParóisde Múrach. Nuair a deineadh an stirípeáil níor thaitin leis an píosa talmhan a fuair sé agus dhein sé Amhráin do Mc. Leíc Laun.
Seán Ó Duinnsléibhe:- File a cómhnuig san oileán do beadh é sin. Bhí sé ana bhocht. Cuaidh sé ag spailpínteacht go dtí baintreach. Nuair
senior member (history)
2021-12-07 00:27
approved
rejected
awaiting decision
aige. Cuir Pádraig Ó Nealagáin cearc marbh agus nimh uirthi 'na phluais. D'ith sé cuid de agus bhí sé bréoidhte ar feadh cúlpla mí. Dúbhairt sé go gcuirfeadh sé nimh chuige airís. Fuair sé bád beag agus maircréal buidhe agus nimh ann. Nuair a cuaidh sé cuige cuir sé an maircréal ann. An lá 'na dhiaidh san cuaidh sé cuige airís. Bhí an marcréal ithte aige acht amháin an áit 'na raibh an nimh. Dein sé airís é agus cuir sé nimh ar an maircréal ar fad acht níor ith an madra ruadh greim do.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-06 00:05
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta.
Sé bliadhna ó shoin bhí madra ruadh thoir san Eisg. Bhí mórán díobhála déanta
senior member (history)
2021-12-06 00:01
approved
rejected
awaiting decision
dtig na gcearc ag na daoine. Aon oidhche amháin tháinig madra ruadh go dtí baintreach agus mhárbh sé sé cinn de cearca uirthi. Bhí eagla uirthi dul isteach chuige agus glaoidh sí ar dhuine éigin. Cuaidh sí isteach annsan agus bhí na cearca ar fad bailighthe tímcheall na teine aige agus bhí ceann treasna ar a bhéal aige agus leig sé ar a bheith marbh. Níor tháinig an fear aniar 'na theannta in aon cor ar dtúis agus cuaidh sí siar ag glaodhach air cun an craiceann a bhaint do. Bhí sé ag cur faoibhir ar a sgian. Nuair a cuaidh sé soir bhí an madra ruadh imthighthe agus dhá gé aige. Connaic duine eile é agus dubhairt sé gur geall le fear é a bheadh ag tabhairt dhá capall leis ag treabhadh.
Séamas Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-12-03 22:24
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta
Tímcheall le dachad bhliain ó shoin bhíodh teine i
senior member (history)
2021-12-03 22:21
approved
rejected
awaiting decision
ann i gcómhnuidhe.
3. Gort na Séidhe:- Mar tá sé 'na bharra.
4. Gort a' Cairn:- Tá carnán mór cloc 'na bharra.
5. Rithileán:- Bhí sé lán de cladhthacha beaga.
6. Gort Philip:- Mar bhí fear darb' ainm Phílip ina cómhnuidhe ann fadó.
7. Gort na Hata:- Fuaireadh seana-hata ann fadó.
8. Gort na Mine:- Mar bhí sé curtha in aimsir na mine.
9. Cuas an Alley:-
10. Dún na h-Eisge:-
11. Carraig na gCaorac:-
12. Bóithirín na Cránach:-
13. Uaig an Capaill Bháin:-
14. Gort na Staile:-
15. Na Trí Spící Dhúbha:-
16. Poll an Mhadra Ruadh:-
Séamas Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Loinghsigh , Baile an Góilín, Dainghean dho é.
senior member (history)
2021-11-29 22:16
approved
rejected
awaiting decision
Ainmneacha Goirt
1. Gort a Leasa:- Tá lios 'na lár.
2. Gort na bhFaoileáin:- Bailígheann mórán faoileán
senior member (history)
2021-11-29 22:11
approved
rejected
awaiting decision
Piseoga i dtaobh Pósadh
1. Dá mbeadh duine ag pósadh caithfeadh sé rud éigin le duine eile do chaitheamh.
2. Dá gcaithfeadh duine bróga buidhe ní bheadh an t-ádh leis.
3. Dá gcaithfeadh duine éadach gorm bheadh an t-ádh leis.
4. Nuair a bheadh beirt pósta deireann go gcaithfí éadach an cailín a thabhairt abhaile roimpí.
5. Nuair a bheadh beirt pósta ní ceart dóibh dul abhaile i n-aon cairt amháin.
Ba ceart duine aca a bheith cun tosaig agus duine cun deirig.
6. Sean bhróg a caitheamh leó amach an doras.
7. Rud éigin a ceangal leis an ngluaisteáin.
8. Nuair a bheadh garsún ag dul a pósadh cuireann muinntir an tíghe bíreán ina casóig agus ní bhíonn fhios aige é i dtreó is go mbeadh an -ádh leis.
Séamas Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muiris Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean dho é.
senior member (history)
2021-11-22 23:52
approved
rejected
awaiting decision
Doineann
Tímcheall deich mbliadhna fichead ó shoin bhí beirt garsúin ina cómhnuidhe i Sráid Eóghian sa Dainghean. 'Sé an ainm a bhí ortha ná Mícheál Ó Muircheartaig agus Seán Ó Conchúbhair. Aon lá amháin chuadar suas go dtí an "ngrove" ag triall ar caoire. Sin píosa talmhan atá thuas i mbarra an Dainghin. Chuaidh duine aca in aice an chlaidhe ó chioth bháistighe a tháinig. Tháinig splanncaca go h-obann. Bhí duine aca ag dul treasna an claidhe le súil le foithid ar an dtaobh eile. Ní raibh sé acht díreach anáirde ar an gclaidhe nuair a bhuail splannc é. Marbhuigheadh é. Theich an fear eile, le na n-anam. Tá cros san áit sin ó shoin.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Bríghid Ní Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-11-22 23:31
approved
rejected
awaiting decision
ar ceann eile. Dúbhradar leis é chur isteach agus chuir. Nuair a thánadar abhaile dúbhradar nár aon náth leis é cur isteach.
Séamus Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Muirís Ó Loinghsigh, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-11-22 23:22
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Cáileamhail
Tímcheall deich mbliadhna ó shoin bhí seana-bhean caillte i gCeann Sléibhe. Cuir a mac tórramh uirthi. Cuaidh sé an Dainghean ag triall ar sathach pórtair agus rud le n-ithe. Cuir sé an córtha (cómhra) a ndéanamh. Tháinig sé go dtí an tig na raibh an sathach (soitheach) ceannuighthe aige. Ní raibh aon fhear sa tig a cuirfeadh an bhairille isteach sa chairt ‘na theannta. Bhí sé ag fanacht go dtiocfadh duine éigin an treó acht ní tháinig. Dúbhairt sé leis féin ná beadh sé ag féachaint air níos mó. Rug sé air agus chuir sé glan isteach sa cairt é. Dúbhairt gach aoinne go dtabharfadh sé a ndóithín do bheirt fhear eile é dhéanamh agus níor creideadar é. I lár na h-oidhche nuair a bhí an bairille ólta cuaidh sé féin agus beirt eile an Dainghean ag triall
senior member (history)
2021-11-22 00:09
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Cáileamhail
Tímcheall deich mbliadhna ó shoin bhí seana-bhean caillte i gCeann Sléibhe. Cuir a mac tórramh uirthi. Cuaidh sé an Dainghean ag triall ar sathach pórtair agus rud le n-ithe. Cuir sé an córtha (cómhra) a ndéanamh. Tháinig sé go dtí an tig na raibh an sathach (soitheach) ceannuighthe aige. Ní raibh aon fhear sa tig a cuirfeadh an bhairille isteach sa chairt ‘na theannta. Bhí sé ag fanacht go dtiocfadh duine éigin an treó acht ní tháinig. Dúbhairt sé leis féin ná beadh sé ag féachaint air níos mó. Rug sé air agus chuir sé glan isteach sa cairt é. Dúbhairt gach aoinne go dtabharfadh sé a ndóithín do bheirt fhear eile é dhéanamh agus níor creideadar é. I lár na h-oidhche nuair a bhí an bairille ólta cuaidh sé féin agus beirt eile an Dainghean ag triall
senior member (history)
2021-11-22 00:09
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Cáileamhail
Tímcheall deich mbliadhna ó shoin bhí seana-bhean caillte i gCeann Sléibhe. Cuir a mac tórramh uirthi. Cuaidh sé an Dainghean ag triall ar sathach pórtair agus rud le n-ithe. Cuir sé an córtha (cómhra) a ndéanamh. Tháinig sé go dtí an tig na raibh an sathach (soitheach) ceannuighthe aige. Ní raibh aon fhear sa tig a cuirfeadh an bhairille isteach sa chairt ‘na theannta. Bhí sé ag fanacht go dtiocfadh duine éigin an treó acht ní tháinig. Dúbhairt sé leis féin ná beadh sé ag féachaint air níos mó. Rug sé air agus chuir sé glan isteach sa cairt é. Dúbhairt gach aoinne go dtabharfadh sé a ndóithín do bheirt fhear eile é dhéanamh agus níor creideadar é. I lár na h-oidhche nuair a bhí an bairille ólta cuaidh sé féin agus beirt eile an Dainghean ag triall
senior member (history)
2021-11-22 00:06
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Cáileamhail
Tímchealll deich mbliadhna bhí seana-bhean caillte i gCeann Sléibhe. Cuir a mac tórramh uirthi. Cuaidh sé an Dainghean ag triall ar sathach pórtair agus rud le n-ithe. Cuir sé an córtha (cómhra) a ndéanamh. Tháinig sé go dtí an tig na raibh an sathach (soitheach) ceannuighthe aige. Ní raibh aon fhear sa tig a cuirfeadh an bhairille isteach sa chairt na theannta. Bhí sé ag fanacht go dtiocfadh duine éigin an treó acht ní tháinig. Dúbhairt sé leis féin ná beadh sé ag féachaint air níos mó. Rug sé air agus chuir sé glan isteach sa cairt é. Dúbhairt gach aoinne go dtabharfadh sé a ndóithín do bheirt fhear eile é dhéanamh agus níor creideadar é. I lár na h-oidhche nuair a bhí an bairille ólta cuaidh sé féin agus beirt eile an Dainghean ag triall
senior member (history)
2021-11-19 23:03
approved
rejected
awaiting decision
An Tighearna Talmhan
Do b'iad na Tighearnaí talmhan a bhí san áit seo na Rísig. Tighearna Fionntrágha agus Clarissa Hussey. Cuir Tighearna Fionntrágha mórán daoine amach as a gcuid talmhan. Cuir sé na Feirteáraig Bhaile Uachtarach amach as a gcuid talmhan. Chuir sé Cáit Mórán amach leis. Do bhídhtí ag bailiughadh deachmuidhte annso tímcheall deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Do bhí ana smacht ag na Rísig ar na ndaoine. Caithidís a bheith ag obair na h-aon lá dóibh. Ní thugaidís aon phágh dos na daoine agus annsan muna raghfaidís ag obair dóibh cuiridís amach as a gcuid talmhan iad. Nuair a cuireadh an Feirteáraig as a gcuid talmhan cuirfead na báillí cúcha. Ní thabharfadh aoinne bhraon bhainne dhóibh. Caitheadar bó a thabhairt leó siar. Nuair a bhíodar á tabhairt siar cuadar isteach i dtig óil. Nuair a thángadar amach bhí an bó imighthe. Deineadh amhrán mar gheall air sin
senior member (history)
2021-11-19 22:59
approved
rejected
awaiting decision
An t-Aonach
Bhíodh aonac i ngort le Pádraig Ó Loinghsig i mBaile an Mhuilleann fadó. Aon ceannuightheóir amháin a bhíodh ann. Théigheadh cuid do mhuinntir an Dainghin ag ceannach an tráthnóna roimh-ré. Ana cómhartha ar an lá 'na dhiaidh a b'eadh é sin. Tá páirc speisíalta sa Dainghean do gach aonac. 'Sé an rud an t-earnest ná an lump-penny a tugtar as an mbeithidheach nuair a díoltar aiste. Caithtear dhá phinghin a dhíol as gach beithidheach agus leath-raol as gach bó ag dul isteach an geata. Nuair a díoltar capall ní ceart an ceannrach do thabhairt uait. Aonach muc agus beithidheach is mó a bhíonn sa Dainghean. Ní bhíonn aon aonach capall ná caorach inns an Dainghean. Marcáltar na muca agus na beithidhigh le seisiúr nó le dath éigin.
Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Baile an Ghóilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-11-18 22:24
approved
rejected
awaiting decision
bhí fear san oileán agus bhí sé amuigh i naomhóg. Connaich sé mórán éadaighe geala ar crochadh ag trimiúghadh agus fear agus capall is cairt aige. Nuair a connacih sé iad chas sé isteach agus ni chuaidh sé amac ó shoin.
2. Bh í fear agus bean ag teacht ón nDainghean oidhche fliuch fiadhain. Nuair a bhíodar age Lios an Mhóránaig bhí capall sleamhain dubh ag ithe i dtaobh an bhóthair. "Nách breágh an capall é" arsa an fear leis an mnaoií. Tabharfaidh sé go mullach an clasaig sin. Dúbhairt an bean leis leigint do mar ná feadar sé ná go púca é. Le na linn sin léim an capall amach air an mbóthar agus níor stad sé go gcuaidh sé go mullach an clasaig. Deirtear gur ag faire óir a bhíodh sé nó gur capall saighdiúra é mar connaic beirt fear mórán saighdiúirí ann tamall mhaith ina dhiaidh sin.
Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Baile an Ghóilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-11-18 11:33
approved
rejected
awaiting decision
Ainimighthe Neamh-Shaoghalta
Bhí fear i nDún Chaoin agus connaic sé bád agus triúr fear ag eiríghe amac as Cuas na nGeán. Bhí trí caipíní dearg ortha agus d'imthigheadar an Cuan amac.
senior member (history)
2021-11-18 11:31
approved
rejected
awaiting decision
Ainimighthe Neamh-Shaoghalta
Bhí fear i nDún Chaoin agus connaic sé bád agus triúr fear ag eiríghe amac as Cuas na nGeán. Bhí trí caipíní dearg ortha agus d'imthigheadar an Cuan amac
senior member (history)
2021-11-18 11:26
approved
rejected
awaiting decision
ní ceart an t-uisge do caitheamh amach go maidean nó thiocfadh na púcaí cúghat i rith na h-oidhche. Ní deintear aon bróga tímcheall na h-áite seo. Bíonn boinn, leascaí, sála, barra cinn, uachtair. Na h-úirlisí a bhíonn aige a ndéanamh iseadh casúr, snáithín céireach, meanaighthe, prinnsiúr, tairghní agus ceap. Deisígheann na gréasaighthe na bróga agus deisíghimíd féin iad uaireannta. bFlúirsíghe gréasaighthe fadó ná mar atá siad anois. Leasuighthí leathair sa Dainghean fadó. Caithtí bróga adhmaid fadó. Nuair a bhídís ag leasúghadh an leathar bhíodh poill mhóra sa talamh aca.
Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Ghóilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Baile an Ghóilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-11-11 23:33
approved
rejected
awaiting decision
Cúram na gCos
Bhíodh na daoine tímcheall fiche bliadhain fadó sara gcaithidís bróga. Bhí fear i nDún Chaoin agus ní cuirfeadh sé air acht aon bhróg amháin. Nuair a bhíodh sé sin caithte aige ar an gcúilín cuireadh sé air an ceann eile. Ní caith Biddy Moriarty aon bhróg riamh. Téigheann na leanbhaí óga cosnoctuighthe tamall san tSamhradh. Nuair bheadh na cosa nighthe
senior member (history)
2021-11-11 23:23
approved
rejected
awaiting decision
bhíodar cortha tháinig an dubh ortha. Nuair a connaic na mná uaisle é sin dhíoladh ar na gúnaí agus gach saidhbhreas agus ceannuigheadar síol i gcóir na h-ath bliadhna. Bhíodh neantóga báirnigh agus cluimhín cait le n-ithe aca agus cailleadh daoine le daoine fiabhras an uair sin. Nuair a connaic na Sasanaig a raibh ag fághail bháis cuireadar tighthe súp ar bun cun go n-iompóghadh na h-Éireannaig ar an gcreideamh prodastúnach.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-08 22:40
approved
rejected
awaiting decision
Fear Siúbhal
Bhí fear siúbhal 'na cómhnuidhe sa Cam fadó. Aon lá amháin bhuail sé isteach go dtí bean ar an mbaile. Nuair a théigheadh sé isteach sa tighthe loirgiugeadh sé a dinnéar. Nuair a cuaidh sé isteach go dtí an mnaoí seo loirg sé a dhinnéar ann. Nuair a bhí deire ithte aige loirg sé túbháile ar an mnaoí. Ní raibh aon túbháile aice le tabhairt dó. Dúbhairt sé léi gan é bhac mar sin. Dúbhairt sé léi a h-aprún a thabhairt cun a lámha a ghlanadh. Thug sí do é. D'fhan sí tamall maith istig sa tig. Fé dheire d'imthig sé amach. Ní raibh sé acht seacht rainne ón dtig nuair a caith sí é leanamhaint. Bhíodar ag imtheacht leo nó go mbuail sean-duine ón mbaile leó agus d'fhiafruig sé dí cá raibh a triall. D'innis sí dho cad a thárla. Caith díot an t-aprún arsa é sin agus cas ar a chéile é agus caith taobh istig don gclaidhe é. Dhein sí amhlaidh agus cuaidh sí abhaile. Níor thug sí a h-aprún d'aoinne as san amach.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-08 22:38
approved
rejected
awaiting decision
Fear Siúbhal
Bhí fear siúbhal 'na cómhnuidhe sa Cam fadó. Aon lá amháin bhuail sé isteach go dtí bean ar an mbaile. Nuair a théigheadh sé isteach sa tighthe loirgiugeadh sé a dinnéar. Nuair a cuaidh sé isteach go dtí an mnaoí seo loirg sé a dhinnéar ann. Nuair a bhí deire ithte aige loirg sé túbháile ar an mnaoí. Ní riabh aon túbháile aice le tabhairt dó. Dúbhairt sé léi gan é bhac mar sin. Dúbhairt sé léi a h-aprún a thabhairt cun a lámha a ghlanadh. Thug sí do é. D'fhan sí tamall maith istig sa tig. Fé dheire d'imthig sé amach. Ní raibh sé acht seacht rainne ón dtig nuair a caith sí é leanamhaint. Bhíodar ag imtheacht leo nó go mbuail sean-duine ón mbaile leó agus d'fhiafruig sé dí cá raibh a triall. D'innis sí dho cad a thárla. Caith díot an t-aprún arsa é sin agus cas ar a chéile é agus caith taobh istig don gclaidhe é. Dhein sí amhlaidh agus cuaidh sí abhaile. Níor thug sí a h-aprún d'aoinne as san amach.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-07 21:17
approved
rejected
awaiting decision
Leighiseanna
1. Dulmán a bheirbhiúghadh agus sáile cur sa corcán 'na theannta agus an duine a níghe ann.
2. Bruitíneach:- An fuighleach a fhághadh an fhiréad 'na dhiaidh a d'ól.
3. An leanbh a chur isteach fé bholg an asail:- Leigheas is eadh é sin don triuc .
4. Dhá fhrog a chur isteach id bhéal:- Cun tinnis fiachal a leigheas. Bhí tobar i laithtaoibh agus théigheadh na daoine ag tabhairt an turais ann gach bliadhain. Leighiseadh sé na daoine a bheadh caoch. Bhí fear ann agus bhí capall breágh láidir aige agus bhí sé caoch. Thug sé an capall ag tabhairt an turais. Leigheasadh an capall agus buaileadh an fear caoch agus níl aon leigheas insan tobar ó shoin.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-06 22:19
approved
rejected
awaiting decision
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-06 22:17
approved
rejected
awaiting decision
Coinín Ainmhighthe Allta
Bhí coinín i mBaile an Góilín tímcheall cúig mbliadhna ó shoin. Bhí ana rith aige agus bhíodh gach aoinne ag iarraidh breith air. Dath bán a bhí air. Aon lá amháin tháinig muinntir an Dainghean amach agus dachad cú aca. Cuireadar an coinín amach as an bpoll le madra beag. Sgaoileadar na cuite ina dhiadh acht ní fhéadfaidís breith air. Caitheadar tabhairt suas tráthnóna. Dúbhradar go raibh draoidheacht aige. Fuaireadh marbh cúpla lá ina dhiaidh sin ar an gcnoc é.
senior member (history)
2021-11-06 22:05
approved
rejected
awaiting decision
an t-uisge go léir aisti. Cuiridís amach ar árús ag fuaradh í. Nuair a bheadh sé cruaidh leaghaidís airís é. Bhí múnla i ngach aon tig an uair sin. Gheibhidís crúiscín beag cun an geir a leigint isteach sa múnla. Bhíodh an snáithín beag caol aníos lár slíghe sa mhúnla agus théigheadh an geir síos ar gach taobh di. Bhíodh na daoine suas insan oidhche a ndéanamh so.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fiannachta, Baile Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-05 21:05
approved
rejected
awaiting decision
Seana Céardanna
Ní raibh aon éadaighe siopa a n-úsáid fadó. Dheineadh na daoine sníomh a dhéanamh ag baile agus iad a dhathú leis. Dheiniidís ruaim do barra na sgeach agus as rútaí na sgeach agus as samha. Cuiridís lán an corcáin ag beirbhiúghadh ar an dteine. Caithfeadh sé bheith ag fliuchaidh trí uair a cluig. Deintí dath buidhe as duileasg na gcloch. Ní dhéanfadh an ruaim an ngnó, chathtaoí an bhódh agus an cuprós do ceannach le cur tríd an ruaim agus dheineadh sé dath dubh. Cun cótaí do dhathú dearg cathtaoí dath dearg a ceannach agus ailim vinegar nó mar a mbeadh vinegar agat. Dhéanfadh meadhg géar an gnó. Bhíodh sé do nós ag daoine fadó caora nó bó a mharbhúghadh i gcóir an Nodhlag. Coimeádfaidís an gheir a bheadh ionnta. Leaghaidís an geir agus thagadh
senior member (history)
2021-11-02 00:16
approved
rejected
awaiting decision
eile agus cuireadh míle ón dtig é.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fiannachta, Baile Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-11-02 00:11
approved
rejected
awaiting decision
An Doineann
Céad bliadhain ó shoin bhí stoirm mhór ann. Bhíos im cómhnuidhe i Dún Caoin an uair sin. Ní raibh aon coinne aca leis an stoirm agus ní raibh aon rud i bhfearras aca. Bhí líontíghe áirighthe ann agus bhris plánaí na bhfuinneóga isteach air an úrlár. Ní fhéadfadh aoinne dul amac an doras mar séidfí an díon don tíghe. Caithfidís dul amac tríd an bhfuinneóg agus bhíodh duine ollamh cun an bhfuinneóg do dhúnadh 'na dhiaidh. Séideadh an stán do thighthe na mbó ar na cómharsain agus é ag imtheacht ar nós na gaoithe san aer. Bhí an stáin na cnocáin ar maidin in áit éigin go raibh foithin. Ní raibh aithne a coda féin ag éinne ar an stáin. Bhí cairt agus í lán do thuighe sa gairridhe agus bhí sí iompuighthe ar maidin. Séideadh cliathán do seomra ba agus do buaileadh i gcoinne seómra codhlata na cómharsa é. Dhúisig sé as gcodhladh iad agus ritheadar as an seomra mar thuigeadar gur crith an tig ar fad. Thógadh an ceann do thig
senior member (history)
2021-11-01 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
Bhí bean i mBaile an Góilín tímcheall céad bliadhain ó shoin. Bhí tig i mbun an cnoic aici. Fallaí féidín a bhí fén dtigh. Bhí mórán trom ag fás tímcheall air. Tá poll i lár na binne agus d'fás cuid de'n dtrom agus d'imthig an tig trí theine. Tá rian an tseana-thíghe le feiscint ann fós.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-10-29 21:59
approved
rejected
awaiting decision
na gadhair agus fuair sé an deich bhpúint a gealladh do. Dá mBearfadh na gadhair air sracfaidís as a céile do. Bhí an cúrsa trí mhíle. Fuair an Brianach míle squae .1. rith sé dhá míle fhiaid is a bhí na gadhair ag rith trí míle.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, An Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean di é.
senior member (history)
2021-10-29 21:41
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail
Do bhí fear 'na cómhnuidhe i mBaile Móir dárb ainm an Brianach. Do cuaidh sé ar geall deich bpúint go mbuadhfadh sé ar gadhar-fiadhaig ag rith. Do b'é an rith é ná go sgaoilfí leis na madraí ag an nDeac nuair a bheadh an fear ag an nGallán. Do sgaoileadh leis na gadhar chun siubhail. Do chuadar an cómhargar treasna an droichid agus deirim-se leat ná rabhadar i bhfad ag cuir díobh. Ní raibh sé acht laistig don ngeata nuair a tháinig an céad gadhar suas go dtí an ngeata. Sé sin an geata atá thuas in aice an Óisbealeál. Bhuaidh sé air
senior member (history)
2021-10-28 22:05
approved
rejected
awaiting decision
ag rith le h-eagla rómpa. Lá eile cuaidh fear isteach i ngort ag guid turnaipí. Bhí an duine gur leis na turnapaí i bhfolach istig sa ngort. Nuair a bhí sé ag guid na turnaipí bhuaileadh buille de thurnaip eile air san éadan agus d'fan an rian 'na éadan go dtí go gcailleadh é.
senior member (history)
2021-10-28 21:58
approved
rejected
awaiting decision
An Droch-shaoghal
Sara dhúbhaig na prátaí tháinig tuille mór agus 'na dhiaidh sin d'éag na barraí ar fad agus tháinig an dubh ar na prátaí. Ní raibh aon biadh ag na daoine annsan agus gheibhidís ba agus caoirig agus mharbhuighidís iad. Théighidís isteach ins na tighthibh agus goididís na prátaí. Turnapaí is mó a bhíodh le n-ithe aca agus bhídís lán t-sásta le iad d'fhághail. Aon oidhche amháin goideadh dhá caora ó fhear. Do caith sé an lá á gcuardach acht ní bhfuair sé iad. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tráthnóna connaich sé beirt fhear istig i mbotháinín ar thaobh cnuic agus an dá caora ar crochadh anuas istig agus iad marbh aca. Níor d'fan an fear le fhiafruighe dhóibh cé leis iad acht cur sé do
senior member (history)
2021-10-26 10:34
approved
rejected
awaiting decision
bliadhain nuair a cailleadh é. Tá sé curtha i bhFionntrágha.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-26 10:31
approved
rejected
awaiting decision
File
Do bhí file 'na cómhnuidhe in Imleach dárbh ainm Seán Mac Gearailt. Seán Phaddy an Imlig a tugtaí air. Ba ó dhúthchas a bhí an fhilidheachta aige. Tá gaolta do i mBaile Móir agus cúmann siad filídheacht leis. Do chúm sé an "Paidirín Páirteach" agus "Paddy Saucepan." Feirmeóir do b'eadh é. Tímcheall ceithre mbliadhna déag ó shoin ó cailleadh é. Bhí sé tímcheall ceithre fichead
senior member (history)
2021-10-25 15:00
approved
rejected
awaiting decision
ó Baile Min.
D'ólfadh sé a léine is do glaodhadh ar bhairrile díghe.
Is dá mbeadh aige Éire go léir go gcaithfeadh sé í.
Nuair a cloisfidh na cómharsain agus muinntir Baile Mín
an triall a thugamair leó síud is ba dhóbair go raghadh a i ndéin.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-24 23:55
approved
rejected
awaiting decision
Agus do réir mo oipionún lucht cineóige níor cuaidh air a croidhe.
1V.
Ba géarr go bhfeaca glór níos mó ná san ar fuaid an tíghe.
Glais á phléasgadh is dóirse agus ceól ag laistí
Cud agus Mr Flowman ar bó thíomáint le buillí
Thug sé iarracht ar dhul na sgórnaig acht ar an nóimint cosnuigheadh.
V.
A Gearaltaig Sheáin Mham go bhfuileann tú fíor
Is fadó dúbhraidís máirseáalach sé an Dainghean so thíos
Go dtógadh sé an Bounty sa bhád agus go bráth ná tiochfadh airís.
Go mbeadh na cúin stáblaí á thabhairt chun an tíghe.
V1.
Ná fuil fhios ag gach aoinne ná raibh aon éifeacht ceart an mnaoí
Do tairrig uirthi in aon cor an péarlach
senior member (history)
2021-10-21 22:44
approved
rejected
awaiting decision
cairt. Cuireadh Miss Mary isteach an díg. Tháinig Cud abhaile agus seo é an t-amhrán a dhein Seán Ó Cíomháin mar gheall air.
1.
Do gluaisigheadar go módhamharach chun bóthar an Góilín
Briseadh na Bolts agus an nóimint cuireadh an díg.
Agus do b'iad san na treasannaig a bhí á tharrac go módhamharach cun cinn.
11.
Tháinig Captaoin duine uasail is thóg an mnaoí uasail na shuidhe
Agus d'feach ar an Sportsman fhéacaint cén notion a bhí i bpláitín a cinn
Agus do tairrig ar an nóimint
Cuireadh go deo é go dtí Bpotney síos.
111.
Do bhíos-sa i dtig an Coachouse nuair a connach cúgham i leith an bóthar
Mo Sportsman agus a asailín buídhe.
Do cuireas cun buírd iad le prátaí, feóil agus anairthe buidhe.
senior member (history)
2021-10-21 22:26
approved
rejected
awaiting decision
Filí
File do b'eadh Seán Ó Cíomháin agus dhein sé mórán filídheachta. Maireann sé fós agus tá sé ina chómhnuidhe i nGleann Fáin. Do bhí sé in aimsir ag na Goodmans i mBaile Móir ar feadh h-ocht mbliadhna déag. Seo amhrán do chúm sé mar gheall ar fear dárbh ainm do Cud. Do bhí cómhnuidhe ar an bhfear so i mBaile Móir agus cuaidh sé an Dainghean lá agus bhí Miss Mary ina theannta. Bhí asal agus cairt aca agus bhí Cud ag tiomáint an thapaidh. Leagadh an t-asal aagus briseadh an
senior member (history)
2021-10-21 00:01
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus Caitheamh Aimsire
Beirt do teacht le chéile agus glaodaidís ainm eile ar a chéile annsan bhéarfaidís ar lámha a chéile agus tiochfadh na daoine a beadh ag imirt leó agus raghaidís i líne díreach agus raghaidís fé lámhaibh an bheirt eile agus coimeádfá an duine deireannach a bheadh sa líne agus d'fiafreóchfaí dho cé 'cu b'feárr leis d'on dá ainm a thóg a beirt eile. Annsan raghadh sé taobh thiar don nduine go dtógadh sé a ainm agus nuair a bheidís críochnuighthe tairrigeóchadh an dá thaobh agus bhuadhadh an taobh ba láidre.
senior member (history)
2021-10-20 23:55
approved
rejected
awaiting decision
an rinnce ar siúbhal istig sa lios agus an fear a d'fág sí 'na dhiaidh breóidhte ar a leabaidh ag rinnce le cailín a cailleadh tamall droimis sin. Bhí sí scannruighthe agus nuair a cuaidh sí abhaile d'innis sí don muinntir a bhí aige baile é acht ní creididís é. Lár na mháireach cailleadh an fear.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-20 23:46
approved
rejected
awaiting decision
Liosanna agus Ráthanna
Tá trí lios i mBaile Móir agus táid ar radharc a chéile. Tá poll mór ag dul fé thalamh agus thabharfadh sé go dtí na trí liosanna thú. Deirtear go raibh fear breóidhte i mBaile Móir agus cuaidh bean ón mBaile á fhiosrú. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile an cómhghar trís na páirceannaibh, caith sí gabháil thárais ar lios tímcheall a jh-aon dhéag a clog san oidhche. Connaich sí
senior member (history)
2021-10-19 21:57
approved
rejected
awaiting decision
ritheadh an tsean-bhan 'na ndiadih agus bhéarfadh sí ortha. Cuireadh sí ag beirbhiú mar dheadh agus leigeadh uirthe a bheith á mblas agus caitheadh sí na daoine deasa isteach sa phárlús agus caitheadh sí na daoine grándha amach sa bhuaile.
1. Bóthar na Trágha.
11. Bóthairín an cnuic
111. Bóthar a Cuaisín
1V. Bóthar an Aitinn
V. Bóthar an Tobair
V1. Bóthar na Sgeach
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-19 21:53
approved
rejected
awaiting decision
Ritheadh an tsean-bhan 'na dhiadih agus bhéarfadh sí ortha. Cuireadh sí ag beirbhiú mar dheadh agus leigeadh uirthe a bheith á mblas agus caithadh sí na daoine deasa isteach sa phárlíús agus caithadh sí na daoine grándha amach sa bhuaile.
1. Bóthar na Trágha.
11. Bóthairín an cnuic
111. Bóthar a Cuaisín
1V. Bóthar an Aitinn
V. Bóthar an Tobair
V1. Bóthar na Sgeach
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-19 21:42
approved
rejected
awaiting decision
Seáinín a Phúca:- Sé sin ceirt a chur ar do shúile agus a bheith ag rith i ndiaidh na daoine a bheadh ag imirt leat agus an duine go mbéarfá air bheadh sé sin 'na Seáinín a Phúca.
An Madra Ruadh agus na Géanna:- Na daoine go léir a ceangailt do na céile i líne agus sin iad na géanna, annsan tiocfhaidh an madra ruadh agus beadh sé ag iarraidh breith ar na géanna.
An Seana-bhean laith:- Scata do theacht le chéile agus duine acu a bheith na seana-bhean. Thiocfadh an chuid eile tímcheall uirthe agus bheidís ag iarraidh uirthi cead cun dul amach ag imirt a thabhairt dóibh. Déarfadh sí go raibh an lá ró olc agus fanacht istig. Taréis tamall leigheadh sí leó. Casfaidís tímcheall deich nóimintí. Déarfadh sí, "Cá rabhaimair?" "Bhíomar ag an bhféasta." "An dtugaimair aon nídh cúghamsa?" "Thugamair" a deirfidís. "Cá bhfuil sé?" Tá sé anáirde ar an ndriosúr." "Conas a gheobhadh é?" "Le cathaoir." "Cad a dhéanfad má thuitim?" "Féadfair do cnámha do bhriseadh." a deirfidís. Annsan
senior member (history)
2021-10-18 22:19
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus Caitheamh Aimsire
Beirt do teacht le chéile agis glaodaidís ainm eile ar a chéile annsan bhéarfaids ar lámha a chéile agus tiochfadh na daoine a beadh ag imirt leó agus raghaidís i líne díreach agus raghaidís fé lámhaibh an bheirt eile agus coimeádfá an duine deireannach a bheadh sa líne agus d'fiafreóchfaí dho cé 'cu b'feárr leis d'on dá ainm a thóg a beirt eile. Annsan raghadh sé taobh thiar don nduine go dtógadh sé a ainm agus nuair a bheidís críochnuighthe tairrigeóchadh an dá thaobh agus bhuadhadh an taobh ba láidre.
senior member (history)
2021-10-14 22:34
approved
rejected
awaiting decision
nuair a tháinig sí go dtí an doras. Bheir sí air agus caith sí an doras amach. Chuaidh sí tharnais abhaile cun a d'innisnt do mhuinntir an tíghe acht nuair a thánadar amach chun é d'fheiscint bhí sé curtha do suas an cnoc.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-14 22:27
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Allta.
An Cat Fiadhain, an Coinín, an Broc, an Madra Ruadh, an Gráineóg.
An Madra Ruadh:- Tá mórán madraí ruadha tímcheall na h-áite seo agus is minic a tugann siad cearca agus géanna ós na daoine. Tímcheall le leath bhliadhain ó shoin bhí ceann aca i mBaile an Góilín air a cúig a clog ar maidean. Nuair a dh'eirig bean an tíghe fuair sí tig na gcearc oscailte agus an madra ruadh istig. Do bhí trí cinn do cearca marbh ar an úrlár agus ceann eile ina bháal aige. Do leig sí air go raibh sí marbh
senior member (history)
2021-10-13 12:21
approved
rejected
awaiting decision
X11.
Ó bhíomair ceapaighthe i gcóir anaithe an lae úd
'S ná fuil teóra le cómhachta Dé agaibh:
Cuiridh bhúr dtoil le toil an Aoin Mhic
'S gur mhaith an mhaise d'bhúr n-anam bocht féin sibh.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-13 12:14
approved
rejected
awaiting decision
A Uilliam Mhór, sé mo bhuaidhirt id luighe thú.
Fear breágh, calma, acfuinneach mín-tais,
Do b'feárr ar shráid thú, ar clár nó ar bhínnse,
Nó ar uair ba ghádh dhuit Lá na Bruighinne.
1X.
Mo groidhn go dainghean an banarthla thál orraibh
Is a bheith beó na beathaidh nuair do theanguig bhúr mbás di.
Agus cun labhairt i gcarthain is aindis d'bhúr mnáibh é
Ag filleadh abhaile go dealbh ar a máithribh.
X.
An té a chídhfeadh amharc ar anaithe an lae úd.
Bhí caorthaoigeall dhearga, fearthann is gaoth ann
Bhí an t-aer ar beathadh agus an fhairrge gléigeal.
An t-am do cailleadh na fearaibh in aonfeacht.
X1.
D'réir mar measaim agus a thuille dá rádh air.
'S fada ó carthain an sagart atá agaibh.
Nár thug uaidh sgríobhtha an t-Ave Mária
Do thabharfaí isteach ar lag na trágha iad.
senior member (history)
2021-10-12 22:19
approved
rejected
awaiting decision
1V.
Mo ghroidhn bhúr n-athair ba greadaighthe bhí an croidhe aige
Bhí ag féachaint ón dtalamh ar an anaithe a bhí agaibh.
Ag traochadh a leanbh a's ní mar sin a bhíomair
Ach na laochaibh gaisge nó gur lagaig an scríobh iad.
V.
Ní cás a rádh ná gur b'árd an gaoth í.
Do ghluais aduaidh do bhruach na maol cnoc.
Nár d'fág maide aca na fearras chun saoithair
Acht a ngéaga geala dá leathadh ins an tríéan-mhuir.
V1
Níor cás duit seasamh ná gur b'anaithe tréan é.
'S a rádh gur cailleadh an fearaibh seo in aon cor.
Nár snámhadar suas an cuan le chéile.
Agus teacht isteach i mbéal na h-Éireann.
V11.
A Mháire Ní Bhrosnachán is cráidhte an scéal duit
Is is olc an seans a bhí i dtosach do shaoghail leat.
Dá mbá leat tarrac ar airgead Déamair.
Fear na phearsain, ní casfaí led shaoghal ort,
senior member (history)
2021-10-12 15:52
approved
rejected
awaiting decision
Do fuaireadh corp Mhichíl agus Muiris ian dhiadh sin acht ní bhfuaireadh corp Liam riamh ó shoin. Do fuaireadh corp Mhichíl i gCuas Fada agus corp Muiris i dtráig a Choma. Do dhein file gur b'ainm do Seán Ó Duinnsléibhe ón mBlascaod caoineadh ortha.
1.
An sgéal so agam-sa is mithid dom innsint
Ar cáil na bhfear do leagadh i nDuibhneach
Go bhfuil tuath an Dainghin go h-atuirseach dá gcaoineadh
Agus daoine déirce go léir ag guidhe dhóibh.
11.
A thriúr Luasaig mo mhíle léir sibh.
Mo phúr ró mhór sibh in Uachtar Éirinn
Go raibh achfuinneach in bhúr nguaille ag déanamh saothar
Agus carthannacht in bhúr gcroidhe 'stig ag díol na déirce.
111.
Mo cúmha go dealbh nách i Sasana do bhíomar
Nó isteach sa talamh mar a mbaistear "Greenland."
Nó thuaidh sa Ghaillimh cé gur b-aistear gabháil tímcheall
Is go mbeadh siúl abhaile ag bhúr n-athair airís libh.
senior member (history)
2021-10-12 00:28
approved
rejected
awaiting decision
Do cuadhar amach an maidean so ag iasgach gliomach. Bhí an maidean céadhach(ceathach) acht bhí sí ana chiúin. Bhí seana-bhean gurb ainm dí Cáit Ní Bheoláin fé clár ar an mbaile an lá céadhna. Nuair a bhíodar tímcheall leath slíghe idir Fionntrágha agus Baile Móir do d'eirig an stoirm agus bhí an fhairrge gléigeal. Do bhí na h-aoinne ag faire féacaint an bhfeicidís an triúr marbh nó beó acht níor b'aon maith é mar bhíodar báidhte. Do chuaidh fear dárb ainm do Pádraig Ó Gríbhthín go Fionntrágha ar capalll iallaite acht ní bhfuair sé tásg ná tuairisc ortha. Do bhí gach aoinne ag paidireóireacht go dtiocfaidís slán abhaile agus bhí a muinntir trí na chéile mar geall ortha. Dúbhradh go bhfeachaid fear dárb ainm Pártolán Ó Luasaigh (b'sin dearbhráthair do Muiris agus Uilliam) an triúr ag snámh ar bharra an uisge i gCuaisín acht nuair a chuaidh sé in aice leó d'imthigheadar as a radharc. Annsan thuig sé gur b'iad a spirid a bhí ann. Do
senior member (history)
2021-10-10 23:51
approved
rejected
awaiting decision
Na Luasaigh
Do cómhnuig na Luasaigh i mBaile Móir. Beirt dearbhráthair do b'eadh Muiris agus Uilliam agus mac úncail díobh a b'eadh Mícheál. Do b'iad san an triúr a bádhadh ar an naomhadh lá déag do Mhárta h-ocht céad déag agus a seascadh naoí (1869) a bádhadh iad.
senior member (history)
2021-10-10 23:40
approved
rejected
awaiting decision
tógaint caisleán i gCathair Áird agus an méid a bhíodh tógtha aca i rith a lae bhíodh sé leagaighthe airís rómpa lár na mháireach. Maidean an tríomhadh lae do labhair an guth leó agus dúbhairt:-
Ná tóg do caisleán igCathair Áird
i leabhaidh luighe na bhfear
Acht tóg do caisleán i Ráth Fhionnáin,
Mar is ann a rithfidh leat.
Do thógadar an caisleán i Ráth Fhionnáin ina dhiaidh sin agus tá sé le feiscint ann fós.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-08 23:10
approved
rejected
awaiting decision
de'n t'sáipáil. Do leanadar don bhruighean suas bóthar Cathair Áird agus bhí bruighean mór aca i bPáirc thuas ann agus mharbhuigheadh mórán des na Gearaltaig agus cuireadh ins an bPáirc sin iad. Do bhí capall óg age duine dos na Treanntaig agus cuimhnig duine des na Gearaltaig gur mhaith an rud an srian a gearradh agus scaoileadh leis an gcapall ar cos anáirde. Do dhein sé é sin agus níor stad an capall riamh is coidhche nó go dtáinig sé go dtí poll mór isteach sa bhfaill ar an dtaobh thoir do Fionntrágha. Ní raibh fhios ag an Treanntaig cad a dhéanfadh sé anois mar ceap sé ná léimfeadh an capall an poll go deó. Do thug sé na spuir den gcapall agus léim sé an pholl gan aon duadh. Ní raibh aon nídh ag cuir tinnis air anois acht gur b'amhlaidh a bheadh doras an stábla ar osgailt, agus go mbainfí an ceann do sa doras. Do connaich seana bhean ón mbaile ag teacht é agus dhún sí doras an stábla. Tháinig sé slán abhaile. Tamaill ina dhiaidh sin bhí na Treanntaig ag
senior member (history)
2021-10-07 22:49
approved
rejected
awaiting decision
Léim an Treanntaig.
Do mhair dhá dhream láidir i bhFionntrágha fadó, na Gearaltaig agus na Treanntaig. Is é an áit a bhíodh t-sáipéal an uair sin ná ins an áit a thá scoil Fionntrágha anois. Do b'iad na Treanntaig an dream deireannach a théigheadh isteach go dtí an Aifreann gach aon Domhnach agus an dream ba thúisge a gheibheadh amac. An lá so cuaidh duine dos na Gearaltaig amac rompa agus thosnuig an bruighean taobh amuigh
senior member (history)
2021-10-07 22:36
approved
rejected
awaiting decision
eile agus bhíodar ag siúbhal ortha airís agus connachadar an púca airís agus coisrigheadar iad fhéin agus d'imthig an púca isteach i bpoll a bhí sa claidhe agus glaodhadar Poll an Phúca ar an áit sin ó shoin. Deirtí gurab amhlaidh a bhí óir nó rud éigin luachmhar i bhfollach istig sa pholl agus go mbíodh an mhadra á fhaire.
Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig iÓ Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.
senior member (history)
2021-10-06 23:54
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Grinn
Aon oidhche amháin tímcheall a h-aon nó a dó a clog san oidhche bhí beirt fhear ag teacht abhaile ón nDainghean agus bhí braoinín ólta aca. Tímcheall trí mhíle ar an dtaobh thiar den nDainghean áit idir Cluais agus Baile Móir, deirtí go mbíodh púca á d'fheiscint ann. Do bhí an beirt fear anois ag déanamh ar an áit agus bhí fios aca go maith go mbuaileadh an púca leó agus bhíodar ar an baillí crith roimis. Níor b'fhada go rabhadar i leith ar an gcluais nuair a connacadar an rud bán ag déanamh ortha. Madra mór bán a bhí ann agus bhí teine dhearg ag teacht amach as a bhéal. Do thuit duine aca i laige agus nuair a connach an fear eile an púca ag déanamh air , do coisrigh sé é féin agus d'imthig an púca. Annsan d' éirigh an fear
senior member (history)
2021-10-01 23:19
approved
rejected
awaiting decision
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-10-01 22:45
approved
rejected
awaiting decision
ag Ceann Tairbh. Tá an áit sin in aice le Binn Báin.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-10-01 22:41
approved
rejected
awaiting decision
Bhíodh madra le feiscint i mBaile an Ghóilín. Oidhche amháin bhí fear ag teacht abhaile taréis a bheith ag iasgach. Lean an madra é go dtí doras a thíghe. Bhí an madra cómh mór le gamhain.Bhiodh sé le feiscint as as san amach gach aon oidhche. Oidhche amháin rug fear air agus thug sé abhaile é. Chómh luath agus thug sé isteach sa tig é deineadh bean do. Do thuit an fear i luige agus cailleadh é. D'imthig an bhean agus ní fheacaidh aoinne ó shoin í. Taréis tamall do connach duine an fear ag snámh san uisge
senior member (history)
2021-09-28 23:08
approved
rejected
awaiting decision
leis na lámha a tógtar an t-ím amach. Leighiseóchadh bláthach géar casachtach. Bhí meadair ann fadó. Bhíodh cipín air agus barra leathan air agus bhítí á bhualadh taobh taobh agus glaodhaidís loinnighthe mar ainm air. Leigtear gaoth isteach ann cúpla uair. Bíonn glór balbh aige nuair a bhriseann sí.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-09-28 22:39
approved
rejected
awaiting decision
Tá meadar againn agus glaodhaimíd meadar mar ainm uirthi. Uair sa tseachtmhain a deintear an cuigeann. Bíonn beirt ag casadh na meidre. Dá dtiocfadh stróinséar isteach ba ceart trí casadh a thabhairt ar an mheidir. Dá mbeadh an cuigeann déanta ceart braon bláthaighe a thabhairt do nó ní bhriseadh sí. Tímcheall le leath h-uaire a cluig a bhítear a dhéanamh. Tímcheall le ceithre troig ar fhaid atá sí agus dhá troig ar leithead. Ba cheart gráinne salainn agus braon uisge coisrigheann a chuir i dteannta an uachtair.
senior member (history)
2021-09-26 23:45
approved
rejected
awaiting decision
Go bráth níl bó ná gamhain aca cun casadh cun a dtír.
V11.
Ó tháinig an gloine láithreach
Is í lán den mbrandy láidir,
Fé tuairim saoghal is sláinte
Do lucht cleachta an tíghe.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-09-24 23:51
approved
rejected
awaiting decision
leabhartha.
Trácht liom seal gan foghluim.
Air mo ghairbh cnoicín fraoig.
Is gan ag fás na gleannta acht bláth an aitinn gallda.
Mná súd ag gol is ag canntarnaig
is gan bainne aca ná ím.
V.
Is náireach an bheart don tséidir
Go bhfásann pluma ar géagaibh:
Árd na dtúth ná smeara neac aca na gáirdín
Acht gleannta mara is maol cnuic.
Go ramhairuigheann sioc le géirlic.
Is le fuacht gur theich na naosgaig,
Ó bhúr ngairbh cnoicín fraoig.
V1.
Ní fhásann ribe geamhair ann
Níl stacha ag teacht ná h-abhar (arbhar) ann
Is ní gnáthach muca reamhara aca ar an margadh le díol.
Acht áras tuille is angair gach lá den t-seachtmhain ann.
senior member (history)
2021-09-23 22:45
approved
rejected
awaiting decision
air an líon.
11.
Dúnchaoin anois gan amhras,
Is aoibhinn liom a ghleannta.
Is aoibhinn í lá Samhraidh,
Mil is fíon ann mór-chuid,
Dá gcaitheamh ag lucht grinn
Is a Rígh-bhean mhilis malltaisg
Do Ríoghdaibh ceart an ceanntair,
Síor cur síos ar fheabhas air ó mhaidean go dtí an oidhche.
111.
An t-oileán mór le h-áireamh.
Barra buar anois fágaim.
Ag an t-oileán mór le h-áireamh,
Gur barra tuinn go dtáinig go Tairbeart i dtír
Thar leabharthaibh breacha an Pháipa má coisfeann a thuille trácht air.
Beidh rabhartha buille i ndán dúinn
Agus an racfaimís le baois.
1V.
Níl fáigh ná file i ndeabhramh scoláire ná fear
senior member (history)
2021-09-21 00:16
approved
rejected
awaiting decision
Filí
Séamas bán. Do cómhnuig sé i nDúncaoin. File maith do b'eadh é. Do bhí sé in Uibh Ráthach oidhche agus thosnuig sé ag cáineadh na h-áite.
Lá breágh aoibhinn grianmhar
Is mé tráth na mbáth úd siar domh
Iseadh casadh mé sa Tiaracht abhfad amac ón dtír
Mar a raibh éisgíní 'na céadta ag preabairnaig
senior member (history)
2021-09-21 00:01
approved
rejected
awaiting decision
uirthe. Do cailleadh fear sa Gaireannaig fadó. Bliadhain 'na dhiaidh sin chonnaic duine é ag tarrac chloc go dt an lios. Tá lios eile i mbaile an tSagairt. Tá sé i gcúinne an ghoirt. Lios cruinn iseadh í sin leis. Tá cúirt mhóir ann agus tá fear dárb ainm Cathasaigh in a cómhnuidhe ann. Do cailleadh a chlann ar fad acht amháin duine. Deir sé gur go dtí an lios a thógadh uaidh iad.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-09-17 22:31
approved
rejected
awaiting decision
Ráthanna agus Liosanna
Tá lios sa Loc. Deirtear gurb iad na Loclannaig a tóg í ar dtúis. Lios cruinn iseadh í. Tá trom ag fás anáirde
senior member (history)
2021-09-17 22:26
approved
rejected
awaiting decision
Ní ceart aon uaig nuadha a déanamh Dé Luain nó na h-aon uair a geobhfá thairris cídhfá rud éigin ann. Dá mbeadh bád nuadh agat ní ceart duit dul ag iasgach ar an Satharn nó ní bheadh an rath ort.
Ní ceart do leanbh dul ar scoil Dé Luain nó caillfí an leanbh san sar a mbeadh an bliadhain caithte.
Níor ceart duit aistriúghadh go dtí tig nuadh Dé Máirt nó bheadh duine éigin do lucht an tíghe sin marbh sar a mbeadh an bliadhain caithte. Nuair a raghfadh ag baint coirce an céad lá ní ceart duit tosnúghadh go dtí lár an lae.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-09-17 00:34
approved
rejected
awaiting decision
Laetheannta crosta
Ní ceart tosnúghadh ag treabhad Dé Luain nó thuitfeadh rud éigin amach ar an capaill.
senior member (history)
2021-09-17 00:28
approved
rejected
awaiting decision
déanfá ceithre tuigí a thárnáil ar dhá phíosa adhmaid. Annsan cuirfá bairilín bán air agus bheadh an capall déanta.
2. Cipín a lasadh sa teine agus birín beó, birín marbh, agus má gheibheann mo bhirín bás idir do dhá láimh beidh an trom, trom ort. An duine go raghadh sé amach air a bheith ag magadh fé.
3. Cúpla bosca a dhéanamh de pháipéar agus pingin a chuir isteach ann agus é dh'fiafrúghadh do gach duine ciaca bosca ina raibh an pingin agus an duine a bheadh ceart, an pingin a thabhairt do.
4.Trí ciorcail a táirnach ar an dtalamh agus a bheith ag caitheamh pinginí isteach ann agus an duine go mbeadh an cuid is mó pingini istig aige geobhadh sé cúpla pingin.
senior member (history)
2021-09-16 23:31
approved
rejected
awaiting decision
déanfá ceithre tuigí (tuigíos) a thárnáil ar dhá phíosa adhmaid. Annsan cuirfá bairilín bán air agus bheadh an capall déanta.
2. Cipín a lasadh sa teine agus birín beó, birín marbh, agus má gheibheann mo bhirín bás idir do dhá láimh beidh an trom, trom ort. An duine go raghadh sé amach air a bheith ag magadh fé.
3. Cúpla bosca a dhéanamh de pháipéar agus pingin a chuir isteach ann agus é dh'fiafrúghadh do gach duine ciaca bosca ina raibh an pingin agus an duine a bheadh ceart, an pingin a thabhairt do.
4.Trí ciorcail a táirkach ar an dtalamh agus a bheith ag caitheamh pinginí isteach ann agus an duine go mbeadh an cuid is mó pingini istig aige geobhadh sé cúpla pingin.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-09-16 22:43
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus Caitheamh Aimsire
1. Cun capall do dhéanamh as adhmad ar dtúis geobhfá píosa adhmad agus déanfá é scúmhadh (scamhadh), Annsan cuirfá dhá shúil gloine ann. Annsan dhéanfá dhá phíostám a dhúbailt agus cuirfá ar an gceann é agus bheadh na cluasa déanta, Dhéanfá dhá lata adhmaid a thárnáil ar an gceann agus bhí an muineál déanta. Annsan
senior member (history)
2021-09-15 00:41
approved
rejected
awaiting decision
Leigheasanna
(1) Frog do chur siar id bhéal dá mbeadh teinnis fiachail ort.
(2) Dá mbeadh ceann tinn agat eidhneán do cur leis.
(3) Dá mbeadh teinnis cnámha ort íle róin a chur leis.
(4) Meachan an company cun gortúghadh.
(5) Neantóg do cuir siar id bhéal cun teinnis cinn.
(6) Slimide do cur le neascóid.
(7) Gas cun neascóidí beaga.
(8) Dá mbeadh gearra doimhin ort peileachán do bheiriughadh agus é cuir isteach sa scoilt.
(9) Ím leachta do theinnis do theinnis droma.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-09-14 06:21
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Fiadhain
An Dairdéal. (Darbh-daol).
Maireann an dairdéal fé thalamh. Deirtear gur bé an slíghe a deineadh an céad uair é ná as croiceann caorach. Nuair a bhí na Iúdaigh cun Íosa do mharbhúghadh do cuaidh beirt des an Iúdaigh á lorg. Nuair a bhíodar á lorg dúbhairt duine leis an nduine eile cathain a d'éalaig sé agus ní túisge bhí an focal ráidhte aige ná bhí ainimhidhe fada caol roímis amach agus dúbhairt sé, indhé, indhé é sin. B'shin é an dairdéal.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-09-13 23:42
approved
rejected
awaiting decision
na ngadaighthe, Gleann an Cuasa, Tig Sheáin Murphy, Cúl an troim, Cuas na bhfeac mara, Gleann na Faill.
Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-05-22 00:10
approved
rejected
awaiting decision
Ainmneacha Goirt
Móinéar Thade:- Mar bhíodh móinéar ag fear darbh ainm Thade ann gach aon bhliadhain.
Seana-Bhaile:- Mar tá mórán fotharacha le feiscint ann.
Gort na gcloc:- Mar tá mórán cnocán cloch sa ghort.
Gort an gleanna:- Ma tá gleann ag dul tríd an ngort.
Gort na trágha:- Mar tá sé in aice na trágha.
Gort an aitinn:- Mar tá mórán aiteann ag fás ann.
An clais:- Gort ana dhoimin iseadh é sin.
An Bhróig:- Mar tá déanamh na bróige air.
Cuas Átha:-
Na Béidíní:- Mar faill ana dhainséarach iseadh í.
Cairrig na nCrocóga:- Mar is ann a dheineann na crocóga a nead.
Gort na cré buídhe:- Mar tá cré ana bhuídhe ann.
Tobar an Skylac:-
Cuas na púcaí:-
An Ally:-
An Turet:- Ciorcal na gcoiníní, Poll an bhroic, uaimh na gcaorach, Fotharach Devane, Páirc
senior member (history)
2021-05-20 00:13
approved
rejected
awaiting decision
cúig nóimintí.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-05-20 00:11
approved
rejected
awaiting decision
Sean Nósanna
(1) Ní ceart éadac dubh a chaitheamh ag dul ar pósadh.
(11) Éadach le duine eile a bheith ort.
(111) Gan an fear a bheith i dteannta an mhnaoí an oidhche roimh ré.
(4) Nuair a bheidís ag dul abhaile gan aoinne aca a dhul isteach an doras céadhna nó go gcaillfí duine éigin aca.
(5) Nuair a bheidís ag fágaint an tséipéail seana bhróg do caitheamh leó nó bheidís bocht go deó.
(6) Nuair a bheidís ag dul isteach san ngluaisteán an fear a dhul isteach roimis an mhnaoí.
(7) Nuair a thagaidís abhaile an bhean do dhul go tig a mhuinntire ar feadh deich nóimintí .
(8) Nuair a thiocfaidís amach as an tsáipéal caithfeadh an fear a chúl a d'iompódh leis an mhnaoí.
(9) An oidhche a phósafaidís caithfeadh an fear bróg leis an mhnaoí a chuir air féin agus é d'fágaint air ar feadh
senior member (history)
2021-05-18 14:02
approved
rejected
awaiting decision
Ní bhfuair aoinne amach cá'r b-'as iad.
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-05-18 13:58
approved
rejected
awaiting decision
Pósadh
Tímcheall le deich mbliadhna is ceithre fichead ó shoin bhí fear i mBaile an Góilín dárbh ainm Seán Ó Ghairbhíghe. Dp phós sé bean dárbh ainm inghean Ní Churráin ó Bhaile an Bhonnaig. I mBaile an Góilín a bhí an pósadh. Do bhí leann agus biotáille ann fhlúirseach. Tímcheall a h-aon a clog tháinig mórán buachaillí tuíghe. Bhí an tig ana bheag agus bhí mórán des na daoine lasmuigh. Connaic na daoine sin ag teacht na buachaillí tuighe agus glaodhar ar na daoine a bhí istigh agus dúbhradar leó go raibh droch-fhuadar fútha. Ní fada go rabhadar le chéile agus is geárr go raibh an teiche curtha orthu. Nuair ba dhóigh leó go rabhadar imthighthe cuadar isteach agus is geárr go rabhadar ar fad ar meisge. Is geárr go dtáinig na buachiallí tuighe airís. Bhriseadar isteach an doras agus d'óladar an méid a bhí istig. Dó bhí bó ceangailte 'sa cúinne agus mharbhuigheadar í. D'imthigheadar abhaile annsan agus ní raibh fhios ag aoinne cé'r b'iad.
senior member (history)
2021-05-12 11:48
approved
rejected
awaiting decision
tógtha. I bpoll mór doimhin a bhí sé tógtha. Bhí mórán trom ag fás tímcheall na sgoile. Fear do mhuinntir Shúilleabháin a bhíodh ag mhúineadh. Deirtear gurbh ón nDainghean é. Tráthnóna deireannach a bhíodh sé ag múineadh mar bhíodh eagla air roimh na Sasanaig. Tímcheall le cúig duine déag a gheaobhadh slíghe sa scoil. Do caitheadh mórán dos na daoine Béarla do labhairt an uair sin agus agus tabharfadh na leanbhaí Gaedhluinn. Ní raibh aon phágh do mhúinnteóir an uair sin agus do b'éigean do gach duine go raibh aon nídh aca leath-raol sa tseachtmhain a dhíol. Na daoine ná bhíodh san aca thugaidís bainne nó arán nó feóil do. Tá an poll ina raibh an sgoil le fescint fós agus tá crann mór truim ag fás in aice na h-áite. Bhí rian na sgoile le fescint ann go dtí le deich mbliadhna ó shoin. Leagadh an uair sin é nuair a bhí na daoine ag tógaint na tighthe nuadha tímcheall na h-áite seo.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-05-04 00:22
approved
rejected
awaiting decision
Scoileanna Scairte
Tímcheall le céad is ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí scoil i mBaile an Góilín. Móinéar Thade a tugtaí air an ngort ina raibh sí
senior member (history)
2021-05-04 00:18
approved
rejected
awaiting decision
gadaighthe agus thugadar leó mórán ainimhighthe. Cúpla lá 'na dhiadih sin chuaidh na buachaillí aimsire soir agus taréis mórán cuardaig ní bhfuaireadar na h-ainimighthe, Chuadair abhaile agus dúbhradar leis an Tíghearna go raibh ceithre cinn do bheithidhig agus sé cinn do caoire imtighthe. Bhí ana fhearg air agus chuir duine dos na seirbhísig ins gach treó. D'imthigh duine aca soir thar Dainghean. Bhí sé dhá lá á lorg. Ar deire chuaidh sé suas an Cnoc na Gairreannaig. Fuair sé amach gur triúir fear ón nGairreanaig a ghoid iad. Duine do Mhuinntir Fhiannachta, Seámas Ó Súilleabháin agus Tomás Conchúbhar. Do cuireadh príosúin trí mhí ortha.
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-04-30 23:35
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
Nuair a tháinig an Tíghearna Fionntrágha go Baile an Góilín bhí scata beidhthidheach agus caorac aige. Dá bhrígh sin bhíodh scata gadaighthe ag faire air. Bhí fhios ag an Tíghearna Fionntrágha é sin. Bhíodh triúr fear thoir ag an Rinn aige ag faire. Bhíodh bothanna beaga tógtha ar barra na h-aille aca. Oidhche Nodlaig dúbhairt sé leó dul chun a thíghe féin mar go mbeadh féasta mór aca. An oidhche sin tháinig mórán
senior member (history)
2021-04-30 23:20
approved
rejected
awaiting decision
raghad. Isteach chun Ceann Tairbh a bhíodar ag dul. Do thuit Tomás na codhladh. Taréis tamaill do glaoidh a dearbhráthair ar Thomás. Nuair a dhúisigh sé d'fiafruig sé dá dearbhráthair cé h-iad na daoine a bhí cúcha isteach. Do cheap an dearbhráthair gur spearmhrúidí a bhí air agus dúbhairt sé leis ná feaca sé aoinne. Ní speamhrúidí atá orm-sa arsa Tomás. Ní túisge bhí sé ráidhte aige ná iompuig an bád agus bádhadh an beirt aca.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-04-29 23:24
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail.
Bhí fear ina cómhnuidhe sa Lac tímcheall le ceithre fichid bliadhain ó shoin. Sé an ainm a bhí air ná Tomás Mac Dómhnaill. Do caithfeadh sé a shaoghal ag baint dilisg agus ag iasgaireacht. Dúbhairt sé leis féin go raghadh sé ag baint dilisg ar an Domhnach bhí cuige agus go ndíolfadh sé an méid a thug sé leis. Do iarraidh sé don a deaghbhráthair an raghadh sé ina theannta agus dubhairt seisean go
senior member (history)
2021-04-29 23:10
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail.
Bhí bean i bparóisde an Fhirteúraig dárb ainm Cáit Ní Shúilleabháin. Bhí an mach breóidhte i dTráighlí. Chuaidh sí an Dainghean tímcheall a h-aon a clog mar bhí súil aice le marcaidheacht d'fághail ón 'Gingle.' Do bhí sé sin imthighthe agus do b'éigean dí dul ann ag siubhal. Do bhí sí age baile airís air a cúig a clog. Sé sin bhí 80 míle siúbhalta aice i cúig uaire.
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-04-14 23:47
approved
rejected
awaiting decision
Duine cáileamhla
Bhi fear sa Cuan tímcheall cúig míle ón áit seo dárb ainm Cúpar. Do glaodhach sé ar an méid cuite a bhíodh sa pharóisde agus do théigheadh sé ag rás leó. Ní bhuadhach aon chú air mar deirtear go raibh diabhalaidheacht aige. Bhíodh sé féin chun tosaigh i gcómhnuidhe. Annsan thabharfadh sé cúig púint don duine gur leis an cú a bheadh 'na dhiaidh féin. Phós sé agus cailleadh a bhean agus chuir sé i mbun an goirt é. Annsan d'imthig sé go h-America agus níor cualadh aoinne trácht ó shoin air.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-04-14 23:28
approved
rejected
awaiting decision
leamhnacht léi agus thug sí go Dún Chaoin é. Nuair a bhí an méid sin déanta aici chuaidh sí abhaile airís. Bhí sí age baile i gcóir na tráthnóna. Bhí sí taréis triocha míle a shiubhal.
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-04-13 00:32
approved
rejected
awaiting decision
Duine Cáileamhail
Bhí bean i bparóisde na Muiridhig tímcheall trí fichead bliadhain ó shoin. 'Sé an ainm bhí uirthi ná Cáit Ní Gearailt. Do chuaidh sí an Dainghean ar maidin. Cualaidh sé go raibh a deirbhsiúir breóidhte i mBaile na Abhann agus gur bhé an fiabhras a bhí uirthi. Do thug sí próca
senior member (history)
2021-04-09 22:26
approved
rejected
awaiting decision
Cómahrthaí Gaoithe:-An ghaoth a bheith ana láidir tráthnóna. Dá mbeadh an gaoth indheas san oidhche cómhartha báistíghe iseadh é.
Éanlaithe:- Tagann na faoileáin ón bhfairrge (cómhartha báistíghe)
Nuair a bhíonn na géanna ag léimeadh.
Nuair a bhíonn an sgíatháin leathair ana íseal sa spéir. (cómhartha báistíghe).
Nuair a thagann na caoire ón gcnoc. Dá ritheadh na ba lá breágh.
Dá mbeadh smúit an bhóthair ag imtheacht le gaoith.
An deatach a bheith ag teacht anuas an tsimné.
Súth a bheith ag tuitim anuas an tsimné.
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-04-09 22:05
approved
rejected
awaiting decision
Seancas i dtaobh na h-aimsire
Sgamaill dúbha a bheith ins an spéir iseadh cómahrtha báistíghe. Na réiltíní a bheith gairid don nGealach. An Gealach a bheith iompuighthe. Ana theas a bheith ins an ngréin i lár an lae.
senior member (history)
2021-04-09 21:59
approved
rejected
awaiting decision
as an áit. (earball na muice).
8. Deatach sa ngleann is gan oan spré ann. ( )
9. Is deacair é thómhas na cárta mar tá sé láidir buan. An méid ná d'fanann san mbágh de, gheibheann sé an áth ó thuaidh. ( )
10. Fear sa clais is beart air. (slimide)
11. Tabhartas ó Mhurchadh, is dhá shúil 'na dhiadih ( go mbeadh súil le duine dhá oiread an rud a thug sé)
12. Asal agus bríste air is é ag rinnce ar an bhfléig.
13. Cara na mban sa cúil
Agus cara na bhfear sa tsiúbhal. ( )
14. Fear fada dul 'na sheasamh sa tsruth.
Is gan focal 'na phus acht do dí ó do. (muilleann)
15. Tagann sé isteach ar guaillnibh daoine,
Is téidheann sé mach 'na snáithín síoda (móin)
Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean,
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, do é.
senior member (history)
2021-04-08 22:32
approved
rejected
awaiting decision
Tomasana
1. Chídhim cúgham aniar. Trí capaill, trí sirriam, trí póilíní óir, trí prócáidín fiadhaig. (tóirneach)
2. Méisín cúmtha, camtha, béal fúithi is a bhonn anáirde. (Báirneach)
3. Lán na páirce de gamhnaibh bána, is gamhainín dearg eadtora istig. (An teanga agus na fiacla)
4. Ceann an duine beo i mbéal an duine mhairbh (Ceann madra i gcorcán)
5. Fear sa cúinne is dhá céad súil air (Pota súip)
6. Fear fada gléigeal, is crios dá thaobh féin air. (punainn coirce).
7. Bhí sé ag coiríghe is ag coiríghe is níor corruig sé riamh
senior member (history)
2021-04-08 22:08
approved
rejected
awaiting decision
Cuireadar na plátaí thar n-ais agus bhí sé ag dul i bhfeabhas. Lá amháin bhí muínntir an tíghe sa Dainghean. Nuair a thánadar abhaile ní raibh sé tímcheall an tíghe in aon cor. Bhí faitcíos mór ortha agus cuímhnigheadar gur b'amhlaidh a fuaduigeadh é. Ní fheacadar riamh ó shoin é. Deirtear gur tógadh go dtí an lios é.
Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.
senior member (history)
2021-04-08 16:14
approved
rejected
awaiting decision
Cistí óir i bhfolach
Fadó riamh ó shoin bhí fear i mBaile an Ásaig dárb ainm Mícheál Ó Súilleabháin. Lá amháin bhí sé ag aoidhreacht bó. Bhí lios ins an ngort agus thosnuig sé ag siubhal mór thímcheall uirthi. Bhí poll i lár an leasa agus d'fhéach sé isteach ínnte. Do conaic sé mórán plátaí óir istig an. Bhí ana áthas air agus rug sé leis cuid aca. Nuair a thug sé leis iad thosnuig sé á n-usáid. Lár na mháireach tháinig breoidhteacht ana olc air. Annsan chuímhnig muinntir an tíghe taobh gur thug sé na plátaí as an lios gurbh amhlaidh a milleadh é.
senior member (history)
2021-04-07 22:17
approved
rejected
awaiting decision
'Sé an uair a chídhtí é ná gach aon tráthnóna nuair a bhíodh an grian imighthe fé. Aon lá amháin chuaidh fiche fear amach i mbád chun breith air. Bhí slabhraí agus téadáin agus gúnnaí aca.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é
senior member (history)
2021-04-07 22:08
approved
rejected
awaiting decision
'Ainimhighthe Neamh Shaoghalta
Deirtear go raibh piast mór le feiscint i mBaile an Lochaig istig sa loc ann fadó. Aon lá amháin bhí a bhéal oscailte aice chun an baile do sloghad nuair a rug fear an corcán agus dúbhairt sé leis an piast ná chuirfead sé an corcán air a ceann acht go dtí luan. Sé an bhrígh a bhí leis an luan ná lá an luain. Níor tháinig sé riamh ó shoin agus ní fhéadfadh an piast aon rud a dhéanamh mar tá an corcán ar a cheann. Cídhtear uaireannta fós é agus deirtear leis go raibh capall uisge le feisgint i mBaile Móir fadó díreach amach ón mbaile sa bhfairrge
senior member (history)
2021-04-07 22:08
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Neamh Shaoghalta
Deirtear go raibh piast mór le feiscint i mBaile an Lochaig istig sa loc ann fadó. Aon lá amháin bhí a bhéal oscailte aice chun an baile do sloghad nuair a rug fear an corcán agus dúbhairt sé leis an piast ná chuirfead sé an corcán air a ceann acht go dtí luan. Sé an bhrígh a bhí leis an luan ná lá an luain. Níor tháinig sé riamh ó shoin agus ní fhéadfadh an piast aon rud a dhéanamh mar tá an corcán ar a cheann. Cídhtear uaireannta fós é agus deirtear leis go raibh capall uisge le feisgint i mBaile Móir fadó díreach amach ón mbaile sa bhfairrge
senior member (history)
2021-04-06 22:25
approved
rejected
awaiting decision
bróga adhmaid san áit seo fadó. Do bhíodar ag leasúghadh leathair sa Dainghean fadó. Do caithtí seithí ainimhighthe mar bróga tímcheall na gcos na h-áite seo.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-04-06 22:19
approved
rejected
awaiting decision
Cúram na gCos
Ní caithfead aoinne bróga fadó go dtí go mbídís sé mbliadhna déag d'aois. Bhí bean air an mBaile seo fadó agus níor chaith sí aon bhróig riamh. Do bhí an t-ainm a bhí uirthi ná Siobhán Ní Mhuircheartaig. Téidheann na n-aon duine cos-nochtaighthe, sa tSamhradh. Sé Mícheál Ó Súilleabháin a deisígheann na bróga dúinn. Siad so na focail a bhíonn ag daoine a bhíonn ag deisiú bróga, buaircín, bóinn, sálaí, h-uactair, teanga. Bhí gréasaighthe i bhfad ní ba fhlúirisíghe fadó ná mar táid anois. Do caithtí
senior member (history)
2021-04-03 00:37
approved
rejected
awaiting decision
tugtar an meadar do chun cúpla casadh do a thabhairt do le h-eagla go ndéanfaí é coiriú. Ar feadh uair a cluig a bhítear á dhéanamh. Le n-ár lámha a dheinimíd é chur ag imtheacht. Na cosa a tugtar ar an rud a bhíonn againn á casadh tímcheall. Bhí fear ann fadó agus tháinig sé isteach le linn duine a bheith ag déanamh cuiginne agus níor thóg sé aon cas don meidir agus dá mbeidís ag iarraidh í bhriseadh ó shoin ní fhéadfaidís é bhriseadh in aon chor. Tá leigheas ag bainnt leis an mbláthaighe. Deirtear dá mbeadh an mbríteanach ort, deirtear dá ndéanfá an bláthach do bheirbhiúghadh agus é thabhairt le n-ól don nduine agus go ndéanfadh sé é leigheas. Le n-ár lámha a thógaimíd amach an t-ím. Tugiamíd chuid don mbláthach dos na gamhna. Cuirimíd a thuille de i gcíste agus deinimís a thuille do a dhíol. Tá an bláthach ana mhaith dá mbeadh sgórnach tinn agat, é bheirbhiúghadh agus é cimilt dod' sgórnach. 'Sé an slíghe go mbeadh fíos agat
senior member (history)
2021-04-03 00:35
approved
rejected
awaiting decision
go mbeadh sé briste ná má bhíonn glór balbh aige agus braithfeá ana throm é. An fhaid a bhítear ag déanamh na cuiginne tógtar amach an cipín a bhíonn ann a thógaint amach agus sgaoiltear isteach an t-aer trí nó ceathar d'uaireannta.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é
senior member (history)
2021-04-03 00:22
approved
rejected
awaiting decision
tugtar an meadar do chun cúpla casadh do a thabhairt do le h-eagla go ndéanfaí é coiriú. Ar feadh uair a cluig a bhítear á dhéanamh. Le n-ár lámha a dheinimíd é chur ag imtheacht. Na cosa a tugtar ar an rud a bhíonn againn á casadh tímcheall. Bhí fear ann fadó agus tháinig sé isteach le linn duine a bheith ag déanamh cuiginne agus níor thóg sé aon cas don meidir agus dá mbeidís ag iarraidh í bhriseadh ó shoin ní fhéadfaidís é bhriseadh in aon chor. Tá leigheas ag bainnt leis an mbláthaighe. Deirtear dá mbeadh an mbríteanach ort, deirtear dá ndéanfá an bláthach do bheirbhiúghadh agus é thabhairt le n-ól don nduine agus go ndéanfadh sé é leigheas. Le n-ár lámha a thógaimíd amach an t-ím. Tugiamíd chuid don mbláthach dos na gamhna. Cuirimíd a thuille de i gcíste agus deinimís a thuille do a dhíol. Tá an bláthach ana mhaith dá mbeadh sgórnach tinn agat, é bheirbhiúghadh agus é cimilt dod' sgórnach. 'Sé an slíghe go mbeadh fíos
senior member (history)
2021-04-02 00:24
approved
rejected
awaiting decision
An Chuigeann
Tá cuigeann againn sa bhaile. Tá sé cúig troighthe ar leithead agus sé troighthe ar fhaid. Deinimíd an cuigeann dhá uair sa tseachtmhain sa tSamhradh agus uair amháin sa Geimhreadh. Má thagann aon stróinséar isteac le linn bheith ag déanamh cuiginne
senior member (history)
2021-04-02 00:18
approved
rejected
awaiting decision
do crú, ba ceart cros a chuir air a drom le coinneall céireach. 'Sé an biadh a itheann an capall ná féar, coirce, aiteann, tuighe agus prátaí. Sa Geimhreadh a deantar iad a bhearradh. Nuair a bítear ag glaodhach ar na gamhna deirtear suc, suc. Ar na cearca deirtear tiuc, tiuc. Ar na géanna deirtear gé, gé. Ar na turcaighthe deirtear biadh, biadh. Ar na muca deirtear doc, doc. Nuair a deantar na ba do thiomáint deirteas sheois abhaile nó h-eó-na abhaile.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-04-01 23:26
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe na Feirme
Tá ba, capall, ponair, caoire, géanna, lachain, cearca, muca agus gamhna againn. Tá téadáin a deintear na ba do ceangal. Cuirtear luachair, tuighe, brúscar móna agus gainnimh mar easair fútha. Deintear crú nó peictúir beannuighthe do cróchadh i dtig na mbó chun go mbeadh an rath ar na ba. Siad so ainmneacha na mbó, Luacair, Iarlaithe, Bó na leath-aidhairce, an Druimfhionn, an bó mhaol, Bó Cléirigh, An Mháiréad, Rinn bhudihe, An bó bhuidhe, An bó dhearg, Báiní. Tig na mbó a tugtar ar an tig ina mbíonn na ba ceangailte. Staic a tugtar air an rud a bhíonn an téadán ceangailte dho. Ba ceart bó do crú ar thaobh na láimhe deise. Deirtear nách ceart bainne do dhortadh oidhche Bealtaine. Nuair a deantar bó
senior member (history)
2021-03-31 23:58
approved
rejected
awaiting decision
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-31 23:57
approved
rejected
awaiting decision
ann. Bhí suas le céad tig ann fadó acht cailleadh a bhfurmhór agus an méid nár cailleadh d'imthigheadar as an dtír go dtí America. Tighthe slinne iseadh na tighthe go léir acht thig amháin. Séaghdha iseadh an ainm is coitciannta ann. Tá seisear sean-daoine ós cíonn deich mbliadhna is trí fichead ann. Tá Gaedhluinn aca go léir. Is féidir leó ar fad sgéalta a d'innsint as Gaedhluinn agus as Béarla. Siad so iad Donncadha Mac Cárthaig, Muiris Ó Cléirigh, Eóghan Ó Fiannachta, Pádraig Ó Cinnéide, Pádraig Ó Néill. Ó Baile Móir, Daingean iseadh iad go léir. Talamh maith méith atá ann. Deineadh ainm na h-áite a luadhadh i n-amhrán a dhein Muiris Mac Gearailt mar gheall ar rás a bhí idir Cuas is Baile Móir. Bhuaidh naomhóg Baile Móir agus annsan dhein sé an t-amhrán ag moladh fir Bhaile Mhóir i dtaobh gur bhuadar air Chuas. Tá sean fhotharacha na 'Goodmans' le feiscint ann fós.
senior member (history)
2021-03-31 23:27
approved
rejected
awaiting decision
Mo Ceanntar féin
Baile M óir is ainm dom bhaile féin. Tá sé i bParóisde na nGleannta agus i Barúntacht Corca Dhuibhne. Tá trí tighthe fichead
senior member (history)
2021-03-31 23:20
approved
rejected
awaiting decision
Carn Cloc
Tá carn mór cloc thoir in ár dtalamh-ne i mbarr na h-aille. Deirtear gur marbhuigheadh fathach dárb ainm Maolín (nó Faoilín) ann agus tá sé curtha ann. Bhí sé ag faire an chairn annsan. Tá a ainm ann ó shoin "Uaig an Fhathaig." Tá "Léim Uí bFaoilaín" mar ainm ann leis. Tá cnocán mór do clocaibh móra agus cré ann fós.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-30 22:27
approved
rejected
awaiting decision
an dúbhán 'na sgórnach. Bhéarfá ortha annsan.
8. Bheith ag déanamh súil ribe.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-30 22:23
approved
rejected
awaiting decision
Cluicí.
1. Bheith ag imirt caisil agus Mí Márta a dheintear é sin.
2. Bheith ag déanamh capall maide;- 'Sé an slíghe a deintear é ná geobhfá adhmad agus dhéanfaí an cabhaill. Annsan dhéanfá an muineál agus an cheann. Annsan bheadh sé déanta agat.
3. Bheith ag déanamh cliabhán éin.
4. Bheith ag déanamh rud le gallóg agus leathar chun breith ar éanlaithe.
5. Bheith ag imirt líathróid láimhe.
6. Ceithre cloca a leathadh amach sa gort. Duine a bheith ar gach cloc agus duine eile a bheith istig i lár agus líathróid aige. Glaodhach gach duine ar an nduine ba mhaith leis annsan. Dá mbuailfeadh sé aoinne ná beadh ar an gcloich bheadh sé sin 'na amadán. Sin é an duine a bheadh i láir annsan agus an líathróid aige.
7. Córda a d'fághail agus dúbhán a chuir ar a barra. Annsan píastaí agus arán d'fághail agus é a chur air a bharra chun go mbéarfhadh na faoileáin ar na píastaí ag go gceangalóchadh
senior member (history)
2021-03-30 21:59
approved
rejected
awaiting decision
na prátaí tháinig an dubh ortha. Ní raibh aon phráta age's na daoine i gcóir na nua-bhliadhna agus chaitheadar fios a chuir ortha go thíorthaibh thar lear. Nuair a duibh na prátaí an céad bliadhain tháinig tuille mór agus lean sé ar feadh seachtmhaine nó níos mó. An bliadhain 'na dhiaidh sin bhí feabhas ortha agus níor dhuimh acht beagán díobh. Ní bhíodh aon rud le n-íthe acht iasg agus bainne an bliadhain sin. Bhí suas le ceithre púnt ar paca mine agus ní raibh aon airgead ages na daoine, chun é ceannach. Gheibheadh mórán daoine bás leis an ocras ar thaobh an bhóthar. Fuair mórán daoine bás san áit seo. Fuair suas le dhá céad duine bás leis an ocras 'sa pharóisde séo ar thaobh an bhóthair. Bhí i bhfad níos mó doine ann an uair sin ná mar a thá anois.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é
senior member (history)
2021-03-29 22:31
approved
rejected
awaiting decision
An Droch-shaoghal
Deirtear gur luig an droch shaoghal ana mhór ar an áit seo. Aon bhliadhan amháin nuair a bhí na prátaí go léir bailighthe isteach ins na tighthe tháinig an dubh ortha agus lobhadh na prátaí ar fad. An bhliadhain ina dhiaidh sin nuair a bhí gais glasa air
senior member (history)
2021-03-29 22:22
approved
rejected
awaiting decision
sé ina phrodastúnach agus cuaidh sé ar sgoil na bprodastúnach. Nuair a bhí sé múinte d'iompuig sé thar n-ais airís. Sgríobh sé é seo.
1.
A Athair Eóghan is mór an pray tú.
Is cúrsaí bróin tú i bparóisde an Fheirtéuraig
Ba bréag é do sheasamh ar Átha nó ar bheinnse
Nó ag léigheamh an Aifrinn i bpobul Dhúncaoin Thiar.
11.
Ní air tuairisg do mhairbh a t-athair id thrácthaim
Nó do dheirbhsiúirín uasal atá go h-uaigneach id éagmuis.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-29 21:43
approved
rejected
awaiting decision
Filí
File do b'eadh Mícheál Ó Súilleabháin. Rugadh i mBaile Móir é tímcheall 110 bliadhna ó shoin. Bhí sé ina buachaill aimsire ages na daoine tímcheall na h-áite seo ar feadh tamaill. Annsan d'aisthrig sé go dtí bóthar an tseana shéipéal sa Daingean. Bhí sé ina fhear cloigín sa Daingean. As Gaedhluinn a dheineadh sé a cuid filídheacht. Ó dhúthchas a bhí an fhilídheacht aige mar file a b'eadh a athair agus a deirbhshiúir. Bhi sé ceithre fichead bliadhain nuair a cailleadh é. Tá sé curtha sa Dainghean. Do b'é an slíghe a fuair sé a chuid sgóláireacht ná d'iompuig
senior member (history)
2021-03-28 23:52
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhí ana chuid cré tógtha aníos aca dhún an poll isteach ortha agus ní mór ná go marbhuigheadh iad go léir. Deirtear go raibh peidhre broch ag féaracht an óir agus tá siad ann riamh ó shoin. Deirtí go gcídfí soillse ann fadó.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-28 23:45
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal
Deirtear gur chuir na Lochlannaig ór i bhfolach ann nuair a bhíodar rith chun catha in aice le Faill na Mná. Cualaidh na daoine go raibh an t-ór ann agus chuadar á réabadh.
senior member (history)
2021-03-28 23:35
approved
rejected
awaiting decision
Ráthanna agus Liosanna
Tá lios in ár dtalamh-ne. 'Sé an slíghe a thá sé ná, claidhe mór tógtha air dtúis. Annsan tá díg mór ann agus tá claidhe eile mór thímpeall air sin. Tá poll istig i lár agus tá claidhe tímcheall air. Deirtear gur bíad na Lochlannaig a thóg é. Tá déanamh cruinn air. Tá sé ag féachaint chun na gréine. 'Sé an rud a bhíonn ag fás ann ná leamhnacht buidhe agus méiríní dearga. Tá sé i radharc gach lios eile sa bhaile agus deirtear go bhfuil casán fé thalamh ag imtheacht uaidh go dtí gach lios eile sa bhaile.
Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-26 21:38
approved
rejected
awaiting decision
Bréagán agus Caitheamh Aimsire.
Ceithre clocha a leathadh amach sa ngort, Duine a bheith air gach cloch agus duine eile a bheith i láir an ghoirt agus líathróid aige. Annsan glaodhach gach aoinne air an duine ba mhaith leis. Bheadh an fear istigh i lár ag
senior member (history)
2021-03-25 23:28
approved
rejected
awaiting decision
sráide a chur leis agus leisghiseóchadh sé é. Dá mbeadh dathacha ort neantóga a cimilt dod cnáimha agus leighiseochadhís tú. Dá mbeadh an britíneach ort tú a chuir fé bholg an asail agus tú a thógaint amach sa taobh eile. Dá mbeadh tinnis fiacail ort 'frog' a chuir isteach id bhéal. Dá ngortófaí do chois nó do láimh íle róin a chimilt do. Dá ngearfá tú féin nead dubhán fhalla a cimilt do. Dá mbéarfadh an mhadra ruadh ort blúire dá earball a cimilt do. Dá mbéarfadh rón ort, rón eile a mharbhú agus blúire do a cimilt don áit a rug sé ort agus do dhéanfadh sé é leigheas.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-25 16:23
approved
rejected
awaiting decision
Leigheasana
(1) Dá mbéarfhadh madra ort go mbeadh an gobh air é a mharbhúghadh agus a croidhe do d'ithe.
(2) Dá mbeadh dathacha ort dúlamáin a bheirbhiú agus an t-uisge a bheadh ann a chimilt dod' chnámha.
(3) Dá mbeadh casacthach ort leamhnacht buidhe a bheirbhiú agus a chuir ag tarieach (tarrac) agus an t-uisge d'ól. Dá mbeadh dóghadh ort ag an dteine sóda a chuir leis agus dhéanfadh sé é leigheas. Dá ndóghadh neantóg tú cupóg
senior member (history)
2021-03-25 15:55
approved
rejected
awaiting decision
Na Fotharacha beaga:-
Gorta Thathaig (lathaig),
An Gairridhe bheag.
Gort na seana Thíghe.
Gort an 'Drywall'í
Gort an Droma.
Bóithírín an Droma.
An Pháirc gearra.
Gort Cuaisín na gCaorach.
Gort na Bróige.
Bóithírín an Aitinn.
An Gort Glas.
Barra Faill na mBó.
An Slionán.
Faill na Saor.
Faill na Gainimhidhe.
Faill na Mná.
Faill na bPúcaí
Focair na gapaill.
Gort Eibhlís.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-24 22:40
approved
rejected
awaiting decision
Ná pollacha gorma:-Tá poill gorm ann.
Poll na bhFranncac: Tháinig franncaig isteach ann fadó.
An Cnaipe:-
An Bréagaire árd:-
Léim an bhuachalla:-Léim Mhaoláin é.
Faill an Caisleáin:-Tá caisleán mór i lár na faille.
Dún Uí Mhaolíáin:-Bhí gaisgídheach mór ann ag féaraich ar cuain dárb ainm Maoláin.
Leabaidh an Fhathaigh:- Sin é an áit a bhíodh an fhathach 'na codhladh.
Faill na cloiche gile:-Tá cloch mór geal ann.
Poll an Cheóil:-Deirtear go gcloistí ceól ann.
Cuas na Rátha:-Tá lios thuas i mbarra an h-aille.
Cuas Briste:- Tá sé leagaighthe.
Páirc na gcnapán:-Tá mórán cnapán siongáin ann.
An Carraig Dubh:-
Páirc Láir:-
Páirc na gCloc:-Tá mórán cloca ann.
Tóin an Bháis:-
Gort na stácaí:-
Gort Cháit:-
Gort an Lioctáin:-
Gort a' Leasa:-Tá lios ann.
Gort Fhada:-
Gort an Phónaire:-
An Gort Iostarach:-
Gort a' Phoill:-
Gort an Chaidéil:-
Gort Raibín.
Gort Sheáin:-
Gort a' Spúince:-
An Mhóinéar:-
An Pháircín Bán.
An Pháirc Garbh:-
Gort an uisge:-
senior member (history)
2021-03-23 21:42
approved
rejected
awaiting decision
Áit-Ainmneacha
Cuaisín na gCaorach:-Sin é an áit a bhfearfaidís air na caoire.
Faill na mBó:-Tháinig bó isteach ón bhfairrge.
Cuas na Muice:-Thuit Muc le faill ann.
Faill Díomhaoin:-Thagadh mórán adhmaid isteach ins na faillteacha eile is ní thagadh aon rud annsan.
Cuas na bróige:-Mar tá déanamh bróige air.
Cuas Ceann an Claidhe:-Tá claidhe mór ós a cionn anáirde.
Cuas Glas:-
senior member (history)
2021-03-23 21:31
approved
rejected
awaiting decision
i gcómhnuidhe. Do cuirfeadh sé trí nó cheathrar do coir annsan air. Do dheineadh sé líathróid go tapaidh annsan as i dtreó na h-imtheóchadh an cas as airís. Deirtear go mairfeadh na téadáin sin trí nó ceathrar do bhliadhna gan lobhadh. Ana théadáin a b'eadh iad. Ag chuir téadáin air tighthe tuighe is mó a úsáidfidís iad mar ní lobhadh siad go ceann i bhfad.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-22 15:02
approved
rejected
awaiting decision
Sean Ceárdanna
Do bhí fear ina cómhnuidhe i mBaile Móir fadó fear dárb ainm Mícheál Ó Fiannachta. Tímcheall ceithre fichead bliadhain ó shoin a bhí sé ann. Do bhí sé ag déanamh téadáin. Do b'é an tslíghe a dheineadh sé iad ná gheibheadh sé ruaimneach bó nó capall. Annsan gheibheadh sé uisge agus d'filleadh sé i gcómhnuidhe an ruaimneach tímcheall an tuighe i dtreó mar a bheadh an cas ag teacht ann i
senior member (history)
2021-03-22 09:11
approved
rejected
awaiting decision
dáth cróna dhéanamh do le bhódh? a chuir tríd, rud é sin a gheobhfaí á dhíol. Sa tSamhradh ar barra na sgceach a gheibhtear an rud a dheineann an dath as agus sa Geimhreadh ag preachaibh (fréamhacha) na sgeach a gheibhtear é. Sé an rud is feárr a dhéanfadh sé a dhathúghadh ná plainín agus líonta. Deintear an dath céadhna as saimha (samhadh) a bheirbhiú agus an rud céadhna a chuir tríd.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-22 08:46
approved
rejected
awaiting decision
Seana Ceardanna
'Sé an slíghe a dheintí dath dubh fadó ná aon tsaghas sceiche acht gan é bheith feóighithe a thabhairt isteach ón ngort agus é bheirbhiúghadh istig in uisge. An ruaim a thagadh amach as a measca le neántarach a gheibhtear i measg an fhraoigh. Annsan an rud a bheadh ag ait le dathúghadh a cuir isteach i gcorcán go mbeadh sé ag fliucaig. Dá ba mhaith leat d'féadfá
senior member (history)
2021-03-22 00:57
approved
rejected
awaiting decision
eile ná beadh tig i mBaile Móir ná beadh leagaighthe. Do shéid sé coca féir ó Partalán Ó Luasa agus nuair d'éirig sé air maidin ní raibh pioc de sa gairridhe. Bhí cúig tonna féir sa coca. Do shéid sé leis gach coca eile a bhí i mBaile Móir acht do bhraitheadar an gála, agus d'éirigheadar 'na suidhe agus ceangaluigheadar go dainghean iad i dtreó ná séidfí iad.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-19 22:14
approved
rejected
awaiting decision
Doineann
Tháinig gála mór ghaoithe tímcheall na h-áite seo cúig bliadhna déag ó shoin. Ana droch gála a b'eadh é. Deirtear nár tháinig gála cómh olc leis le céad bliadhain. Do séideadh an ceann do gach tig i mBaile Móir nách mór. Ní sheasaimh sé acht tímcheall le fiche nóimintí agus deirtear dá seasóchadh sé cúig nóimint eile
senior member (history)
2021-03-19 15:22
approved
rejected
awaiting decision
agus scaoiledh teine leis an gcoca féir. Annsan do ritheadar agus leigeadar don gcocha bheth ag dóghadh leis agus chuadhar a chodhladh. Nuair a d'éirig an Ciabhánach ar maidean 'sé a fuair an scannradh nuair a connach sé a coca bréagh féir dóighte go talamh taréis an méid duaidh a fuair sé a sholáthair agus á bhailiúghadh le chéile acht ní bhfuair sé amach ó shoin cé dhóigh é agus is mó iarracht a dhein sé é d'fághail amach.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-18 22:19
approved
rejected
awaiting decision
Dóighteán
Bhí buachaill aimsire ag'es na Goodmans fadó dárb ainm Seán Ó Chiabhán. Dob ó "Gleann Fán" é. Bhí sé ana cruinn ar fad. Bhíodh sé gach bliadhain ag bailiúghadh féir tímcheall an bhaile chun é do dhíol nuair a bheadh coca mór féir aige. An bhliadhain seo bhí sé ag bailiúghadh an féir ó dubh go dall na h-oidhche. Ceannuigheadh sé leis é dá bhfaghadh sé saor é le ceannach. Nuair a bhí coca mór féir aige; tímcheall trí thonna féir cad a dhein fir óga an bhaile acht a n-aigne a dhéanamh suas an coca do dhógadh. Aon oidhche amháin nuair a bhí gach aoinne ina gcodhladh sa bhaile thugadar leó puínt íle
senior member (history)
2021-03-18 15:40
approved
rejected
awaiting decision
raibh acht acra bainnte ag an stróinséar an uair sin. Do chuaidh an stróinséar abhaile agus bhí gach aoinne ag magadh fé i dtaobh gur bhuaidh Davey air.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é.
senior member (history)
2021-03-18 15:14
approved
rejected
awaiting decision
agus do tógadh é i Baile an Mhuillinn acht taréis tamaill d'aistrig sé go Baile Móir. Do bhí sé ag obair ag an dTíghearna Fionntrágha i mBaile an Góilín. Ana spealadóir a b'eadh é. Ní raibh a leithéid le fághail sa dá pharóisde mar spealadóir. Aon lá amháin tháinig stróinséar chuige á thriall ag baint féir. 'Sé an ainm a bhí ag an stróinséar ná Pádraig Mac Domhnaill. Thar lear a tháinig an stróinséar. Do bhí an triail a chuir sé air ná buadhcheaint ar féir ag bainnt ceithre acra do shean-fhéar. Tar na mháireach do thosnuig an beirt aca air maidin go luath. Ní dh'itheadar greim d'aon rud ar maidean le deabhadh, acht píosa d'arán tor. Bhíodar ag bainnt agus ag bainnt air a ndícheall. Nuair a tháinig lár an lae caith an stróinséar tabhairt suas bhí sé cómh tuirseach san. Do bhí dhá acra go leith bainte ag Davey an uair sin. Ní raibh acht acra. Ní
senior member (history)
2021-03-17 22:46
approved
rejected
awaiting decision
Daoine Cáileamhla
Do bhí fear ina cómhnuidhe i mBaile an Mhuillinn fadó dárb ainm Davey Hoare. Tá Baile an Mhuillinn trí mhíle ón áit seo. Do rughadh
senior member (history)
2021-03-17 22:40
approved
rejected
awaiting decision
d'feiscint chun an méid óir a bhí aca a thabhairt do. Dúbhairt Máire Ní Ghráda go raibh Pádraig caillte agus nuair do connaic sí Pádraig ag teacht do fuair sí buicéad d'uisge té agus do chuir sí an teiche ar Phádraig. Níor tháinig sé aon uair eile. Do cailleadh an bheirt agus fuair sí an t-ór. Do chuir sí an t-ór i bhfolach in aice le tig Muiris Ó Lyne. Do connac mórán daoine í agus sí ag cuardach na h-áite agus ní bhfuair sí riamh ó shoin é. Deirtear go bhfuil an t-ór ann fós. Tá tig Muiris Ó Lyne i mBaile an Góilín.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Daingean.
Thug Seán Ó Gríbhthín, Muilleann na Gliomaig, Dainghean dó.
senior member (history)
2021-03-17 22:40
approved
rejected
awaiting decision
d'feiscint chun an méid óir a bhí aca a thabhairt do. Dúbhairt Máire Ní Ghráda go raibh Pádraig caillte agus nuair do connaic sí Pádraig ag teacht do fuair sí buicéad d'uisge té agus do chuir sí an teiche ar Phádraig. Níor tháinig sé aon uair eile. Do cailleadh an bheirt agus fuair sí an t-ór. Do chuir sí an t-ór i bhfolach in aice le tig Muiris Ó Lyne. Do connac mórán daoine í agus sí ag cuardach na h-áite agus ní bhfuair sí riamh ó shoin é. Deirtear go bhfuil an t-ór ann fós. Tá tig Muiris Ó Lyne i mBaile an Góilín.
Eoghan Ó Fiannachta, Baile Móir, Daingean.
Thug Seán Ó Gríbhthín, Muilleann na Gliomaig, Dainghean dó.

íííííí
É é
Í í
É é
Á á
Ó ó
Ú ú
senior member (history)
2021-03-17 22:23
approved
rejected
awaiting decision
Cistí óir i bhfolach
Nuair do tháinig an Tíghearna Fionntrágha go Baile an Góilín air dtúis do chuir sé gach duine amach as an áit acht beirt sean-fhear dárbh ainm Tomás Ó Conchubhair agus Seán Ó Conchubhair. Do bhí fhios aige nách fada a mhairfhidís. Do bhí mórán stoc aca agus do thagadh Pádraig Ó Loinghsig ó Baile an Mhuillinn aníos cúcha gach maidean chun aire a thabhairt dos na h-ainimhighthe. Do bhí cailín aimsire leis aca dárb ainm Máire Ní Ghráda. Nuair a bhíodar ag fághail bháis theastuig uatha Pádraig Ó Loinghsig
senior member (history)
2021-03-17 22:09
approved
rejected
awaiting decision
Sgaoilfeá léi annsan. Ní bheadh aon ghor uirthe. Cuirtear cleite tríd a shrón leis acht is amhlaidh a choimeádainn san amach as an nead í.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-03-17 13:29
approved
rejected
awaiting decision
Sgaoilfeá léi annsan. Ní bheadh aon ghor uirthe. Cuirtear cleite tríd a shrón leis acht is amhlaidh a choimeádainn san amach as an nead í.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-03-17 13:24
approved
rejected
awaiting decision
nuair a théigheadh muinntir an tíghe á crú. Bhí eagla ar fhear an tíghe dul ag faire agus chuir sé duine eile ag faire dhó agus thug sé gunna dhó. Bhí sé an oidhche ar fad ag faire agus ní tháinig aoinne go dtí maidin. Annsan chonnaic sé an cat mór ag gabháil aníos agus ag dul á crú. Sgaoil sé urchar fé agus ar an nóimit d'iompaig sé isteach ina bean agus do theith sí.
Is ceart coinneall beannuighthe do lasadh nuair a bheithfeá ag crú bó nua-beartha. Nuair a bheithfeá ag glaodhach ar na cearca déarfá tioc, tioc; ar na géanna beadaí, beadaí; ar na lachain fíon, fíon; ar na turcaithe biadh, biadh;
Cearc go dtiocfadh gor uirthe agus ná teastóchadh uait í chur ar gor, déanfadh í cheangal as a dá chois agus í do crochadh anuas ar feadh leath h-uair a chloig agus nuair a
senior member (history)
2021-03-17 00:48
approved
rejected
awaiting decision
Ainimighthe na Feirme
Tá ba, gamhna, capaill, caoire, againn sa bhaile, Siad na h-ainmneacha atá ar an ba na Kerry, Charity, Francy óg agus Dowd. Cuirimíd féar agus tuighe agus raithneach agus gainnimh mar easair chúcha. As na h-adharca a ceangaluightear iad agus staic tiománta isteach sa bhfalla. Tá peictiúir dár slánuightheóir ar crochadh sa cró. Bhí bó ag fear san áit seo fadó agus thagadh cat dubh á crú i ngan fhios don bhfear agus ní bhíodh aon bhraon bainne aici
senior member (history)
2021-03-17 00:34
approved
rejected
awaiting decision
roinnt plúr tríd agus deintear é bhácáil. Cuirtear im air annsan nuair a bhíonn sé bhácálta agus é the. Ní íostar é agus é fuar. Rud ana shláintamhail iseadh é, adeirtear é ithe te.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fiannachta Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-03-15 00:42
approved
rejected
awaiting decision
chuirimíd aon drilleanna leis. Ní úsáidtear aon céachta adhmaid annso anois acht chonnaic mo mháthair chríonna ceann. Bhí déanamh aon chéachta air adeir sí acht é bheith déanta d'adhmad agus é bheith abhfad níos lúgha. Bhíodh soc iarainn air agus sole-plate iarainn. Ní chuirtí ag treabhadh aon bháin é ach ithir i gcómhnaidhe agus coinnleach. Nuair a chuirtí fé sgríb prátaí deintear iad do phacáil le sean-ránn nó sluasad. Ní chabhruigheann na cómharsain le na chéile acht dá mbeadh na prátaí ag dul déanach in aoinne thiocfadh muinntir an bhaile agus chuirfidís do iad. Nuair a thagann na prátaí ar barra cuirtear 'guano' leó agus taosgtar cré ortha. Annsan nuair a bhíonn na gais cuibhseach mór deintear iad do sprayáil, dhá uair agus deintear na 'seaimpíní do 'sprayáil' trí h-uaire. Cuirtear
senior member (history)
2021-03-12 23:59
approved
rejected
awaiting decision
Na Prátaí
Cuirimíd prátaí gach bliadhain. Sé an chéad rud a dheinimíd ná aoileach na mbó, na gcapall, na gcearc agus na muc do tharrac amach sa ghort agus é do leathadh. Annsan riastálaimíd cuid de agus fágaimíd cuid eile le hiompóghadh. Gearrtar na scioltáin. 'Sé an tslíghe a chuirimíd na leapthacha ná trí cosa corcáin a dhéanamh leis na sgioltáin agus annsan an chré do thaosgadh orthu le sluasad. 'Sé an tslíghe a chuirimíd fé sgríb iad ná sgríob a dhéanamh ar dtúis agus sgioltáin do leathadh síos in aice léi. Annsan sgríob eile do dhéanamh isteach 'na choinne sin agus bheadh an sgioltán san fé chré. Anois leathtar sgioltáin ar gach taobh den dá sgríb sin agus cuirtear sgríob eile isteach ó gach taobh agus bíonn na ceithre sgríobanna iompuighthe anois agus na leabaidh curtha. Ní dheinimíd-ne iad do shághadh ins an bhaile seo. Ní
senior member (history)
2021-03-11 22:36
approved
rejected
awaiting decision
Riabhach.
Tobar Monachain:- Tá an tobar so ar thalamh Seán Mac Gineá i mBaile Riabhach. Tugann na daoine turas air gach aon Domhnach Cásga. Tugtar chúig turas tímcheall an tobair thíos, cheithre cinn tímcheall an dara tobar agus naoi gcinn tímcheall ar an gcnocán cloch. Siad na leigheasanna athá le fághail uaidh na tinneas cinn agus tinneas fiacail. Nuair a bhíonn siad ag déanamh ar an dtobar deireann siad:-
Go mbeannuightear duit a Mhanachain Naomhtha
Go mbeannuighe na h-aingil duit fé mar bheannuighim-se féin duit
Is chúghat-sa a tháinagh ag gearán mo péin leat
Ag lorg mo leighis in ainm Dé ort
Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Ghóilín
Thug Cáit Ní Fiannachta Baile an Ghóilín dom é.
senior member (history)
2021-03-11 22:23
approved
rejected
awaiting decision
Toibreacha beannuighthe
Tá trí cinn do thoibreacha beannuighthe sa pharóisde , Tobhar Mhichíl i mBaile Móir, Tobar Adhnard i mBaile an Ghóilín agus Tobar Monachain i mBaile
senior member (history)
2021-03-10 19:16
approved
rejected
awaiting decision
cailíní óga tímcheall an bhaile ó thigh go tig. Bíd ag seinm ceóil agus bíonn aighte-fidil ortha. Bíonn siad ag rádh amhrán éigin i gcómhnuidhe. Bíonn an Bhéarsa seo thíos ar siubhal aca.
"Dreoilín a fuaireas-sa thíos ar an Inse.
Fé bhrághaid cairrge agus carabhat síoda air.
Thugas-sa chúghaibh é a lánamhna an tíghe seo
Agus go mba seacht bhfeárr um an dtaca so airís sibh."
Tugann muinntir gach tíghe pinginí nó rud éigin le n-ithe dos na buachaillí a théidheann tímcheall. Cuireann na buachaillí gach saghas éadach ortha féin. Bíonn capaill déanta d'adhmad ag cuid dos na buachaillí. Bíonn brat ag cuid eile aca agus ainm éigin curtha ar an mbrat aca. Téigheann na cailíní óga agis na buachaill óga san ndreoilín agus téigheann na fir móra ann leis.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Daingean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-03-09 19:33
approved
rejected
awaiting decision
Lá le Stiophán.
Tagann Lá le Stiophán ar an fichead séamnhadh lá do mhí na Nodhlaig. Air an lá san téigheann na garsúin agus na
senior member (history)
2021-03-09 19:29
approved
rejected
awaiting decision
leis an dtobar. Tá cloch in áirde air an ndroichead agus tá cros geárrtha amach air. Nuair a thugann daoine an turas tosnuigheann siad ag an dtaobh clé den tobair agus deinid an córoinn. Annsan téidheann siad mór tímcheall an tobair naoí n-uaire agus iad ag paidireóireacht. Annsan téidheann siad air an dtaobh eile den dtobair agus deireann siad an coróinn airís. Sara dh'fágann siad an tobar ólann gach aoinne deoch den uisge. Cuireann gach aoinne rud éigin anáirde air an ndroichead. Cuireann cuid díbh leath-phingin ann nó cnaipe. Leigistí teinnis cinn ann agus teinnis droma don té a dheineann an turas.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-26 22:38
approved
rejected
awaiting decision
Tobaireacha Beannuighthe
Tá tobar bheannuighthe i mBaile Móir. 'Sé an tobar é ná tobar Mhichíl. Tá sé tógtha cois bóthair. Bíonn turas ann gach bhliadhain lá Fhéile Mhichíl, sé sin an naomhadh lá fichead de mí Meadhon Fóghmhair. Tá falla tógtha tímcheall air an dtobar. 'Siad Pádraig ó Fiannachta ó Baile Móir agus Mícheál ó Dhonnchadha ós na Gleannta a thóg an falla tímcheall ar an dtobar tímcheall le fiche bliadhna ó shoin. Tá droichead beag in aice
senior member (history)
2021-02-26 22:24
approved
rejected
awaiting decision
ins an mbaile acht tá tobar beannuighthe ann. Tobar Mhichíl is eadh an tobair sin. Tá seana-thobar eile in aice lem' thig. Níl aon uisge ann anois acht bhíodh uisge ann fadó. Do bhí cloch mór i lár an tobair agus nuair corruigheochfaí an t-uisge thagad eascú mór amach fén gcloich. Deirtí go raibh leigheas ins an t-uisge a bhíonn san tobar san.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-26 21:40
approved
rejected
awaiting decision
dul ón mbóthar publídhe go dtí barra an bhaile.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-25 23:26
approved
rejected
awaiting decision
Bóithre
1. Bóthar Séamaisín Bán:- Sin bóthar caol atá ag dul ón mbóthar publidhe go dtí lios. Do cómhnuig fear d-árb ainm Séamaisín Bán ann fadó agus sin é an cúis go dthagadh an ainm sin air.
2.Bóthar an Cladáin:- Sin bóthar a théigheann ón mbóthar publídhe go dtí baile beag air a dtugtar an cladán.
3. Bóthar an Cuaisín:- Sin bóthar a théigheann go dtí an bhfairrge ain aice le baile air a dtugtar an Cuaisín. Ní acht ceithre tighthe ann.
4. Bóthar a Phóna:
5. An Stray:- Sin cómhgar i mBaile an Góilín.
6. Bóthar a cnuic:- Sin bóthar ag dul suas go dtí cnoc Baile Móir.
7. Bóthar barra an bhaile:- Sin bóithirín atá ag
senior member (history)
2021-02-25 22:42
approved
rejected
awaiting decision
duine 'na suidhe ar an leath-chlaidhe agus duine eile ar an slabhra agus a bheith á luascadh síos agus suas.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-25 22:38
approved
rejected
awaiting decision
imirt leó. Cuirfeá dhá cloich ar an dtalamh agus caithfeá suas cloch eile. Annsan bhéarfá air an gloich a bheadh caithte suas agus air na clocha a bhíonn air an dtalamh le chéile.
2. Seáinín a Phúca:-Éadach do chuir ar do shúile agus a bheith ag breith ar an gcuid eile.
3. Bíonn scata leanbhaí i dteannta a chéile agus beireann siad ar lámhaibh a chéile agus bíd ag rinnce mór dtímcheall i bhfáinne agus ag amhrán agus ag rádh, "Síos linn, Síos linn, Síos linn go léir" agus lúbann siad síos go talamh.
4. Téigheann duine i bhfolach agus bíonn an chuid eile ag iarraidh é d'fághail amach.
5. Teigeann leanbh uirthi gur madra ruadh í agus teigeann na leanbhaí eile ortha gur géanna iad. Annsan ritheann an mhadra ruadh i ndiaidh na géanna.
6. Téadán do ceangal idir dhá chrann ag leanbh do chuir 'na suidhe air. Annsan déantar an téadán do luascadh.
7. Bheith ag imirt anáirde ar chairt.
senior member (history)
2021-02-25 00:03
approved
rejected
awaiting decision
ceannac cuid dos na prátaí uatha chun síl. Do bhí na daoine ag obair at thistúin sa ló an uair sin. Do bhi min-déirce á thabhairt amach san nDainghean. Do gheibheadh gach duine ceithre clocha don min gach seachtmhain. Do bhí na sagairt á thabhairt amach leis dos na daoine. Do cailleadh mórán daoine an uair sin. Do bhí suas le céad tig i mBaile Móir agus do cailleadh a bhfurmhór tímcheall na h-aimsire sin. Do bhí biadh ana gann. Do bhí trí púint ar mála míne agus ní bhíodh sé le fáil in aon cor uaireannta. Do bhí na tighearna talmhan ana cruaidh ar na daoine. Do bhí Bess Rice san áit seo agus bhí sí ana cruaidh.
Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-25 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Cluichí
1. Ag imirt poiríní:-Bímíd ag imirt cluiche le cloca uaireannta. Faghaimíd cúig cloca agus téigheann triúr nó ceathrar againn ag
senior member (history)
2021-02-24 23:54
approved
rejected
awaiting decision
ceannac cuid dos na prátaí uatha chun síl. Do bhí na daoine ag obair at thistúin sa ló an uair sin. Do bhi min-déirce á thabhairt amach san nDainghean. Do gheibheadh gach duine ceithre clocha don min gach seachtmhain. Do bhí na sagairt á thabhairt amach leis dos na daoine. Do cailleadh mórán daoine an uair sin. Do bhí suas le céad tig i mBaile Móir agus do cailleadh a bhfurmhór tímcheall na h-aimsire sin. Do bhí biadh ana gann. Do bhí trí púint ar mála míne agus ní bhíodh sé le fáil in aon cor uaireannta. Do bhí na tighearna talmhan ana cruaidh ar na daoine. Do bhí Bess Rice san áit seo agus bhí sí ana cruaidh.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-24 23:38
approved
rejected
awaiting decision
An Droch-shaoghal.
Do luig an droch-shaoghal ana mhór ar an áit seo. Do bhí dhá oiread daoine ann an uair sin agus a thá anois. Do bhí na prátaí bainnte ag gach duine agus iad istig sa tig aca nuair a tháinig an dubh ortha. An Lobha Dubh a tugadh air an dubh nuair a tháinig sé ar dtúais. Gabáiste a bhíodh le n-ithe aca nuair a tháinig an dubh air na prátaí. Do bhí fo-dhuine nár tháinig an dubh air na prátaí aca in aon chor agus bhíodar ag
senior member (history)
2021-02-24 23:26
approved
rejected
awaiting decision
gallanta ná faghaidís náda de bhárr lá an dreoilín. Bhí ár láir cómh cómhrac le láir bhán Domhnall, cómh beárrtha le smólach d'imtheocaidh ó píleár. Cuadhamair don stáise sin go dtí Baile Crám siar agus níor mhaith an t-ádh é dá fheabhas í a slíghe. Acht speal is curránaibh is picí sáthach in dhiaidh ár lárach is í air ár ndruim.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Nioclás Ó Gríbhthín, Baile Ghá, Paróisde Moorach, dom é.
senior member (history)
2021-02-24 00:31
approved
rejected
awaiting decision
ná ní raibh aibíd air os cómhair an tsaoghail
Acht isteach san oidhche deineadh caoineadh míos air agus do bhí braon díghe air ar nós gach n-aon.
Air teacht an tíghe dóibh bhí roinnt pinginí aca, agus bhí salacar bruíghne ann 'sé díogh gach sgéal
Do bhí fir dá síneadh ann le bataí druighean-glas agus gan scáth ón gclaidhe ann mar páirc na bpiléar
Bhí fear i meadhon-aois ann go féasóg buidhe air agus fuair sé snaidhm uaitha i mbéal a cléibh.
Dod' fan san sínte is níor ghaibh sé tímcheall agus bhí gol agus caoineadh air ar feadh trí lae.
Fuaireamair sgilling gléigeal thuas ón gCinnéidach agus do chuir san féin orann eirighe croidhe.
Do seasóchadh ráte sin i rith an lae dúinn. ba shuairc é an saoghal dúinn i mbliadhna airís.
Dp chuadhamair den stáir sin go dtí Paddy Jim an Garden is ba mhaith an t-ádh é dá raghadh linn dul.
Acht bhí tarbh beárrtha thiar sa yard rómhainn agus do chuir le fánaig sinn gan mórán moill.
Bhí Nell an Bhánaig ar Quarry an Geárrtha agus a dhá láimh cráidhte 'ge clipí úsg.
Agus do labhair go dána le h-ár bhfearaibh
senior member (history)
2021-02-23 23:18
approved
rejected
awaiting decision
Chuir sé a dhá lapa le céile agus is gearr gur dhein sé píosaí.
Bhí liosáinín féir-glais agam fhéinig a cothuigheadh mo bhuaibh is mo laoigh.
Do tairring-sé bóthaar tré thaobh de agus claidhe fada gléigeal tríd síos.
Ar maidean 'seadh cualadh sa an t-éirleac is im dhrawits? (draibhlis) ní raibh fascoin ón síon.
Is do gluaisuigheas fé dhéin na h-áiféise feacaint conas mar riarófaí an dhlíghe.
Is Branndán Ó Gríbhthín a dhein an t-amhrán so thíos leis. Mar gheall air Lá an Dreoilín a dhein sé é. Bhí an t-éan aca agus cailleadh é i lár an lae. Bhí sé féin sa Dreoilín an lá san i bParóisde Moorach agus dhein sé an amhrán.
"Maidean Gheimridh do dheineamair smaoineamh ag siubhal na tíreach gan brón sa tsaoghal.
Ár ndreoilín taoibh linn is gur lag an Rígh é is gur luig an scríob air fé lár an lae.
Ní raibh caoineadh air ná ní raibh píp air
senior member (history)
2021-02-23 22:27
approved
rejected
awaiting decision
File
File a'beadh Branndán Ó Gríbhthín. Cómhnuig sé i mBaile Ghá. Cailleadh é tímcheall le trí bliadhna ó shoin. File ana mhaith ab'eadh é, agus nuair a deineadh an talamh do riaradh idir na daoine dhein sé amhrán mar gheall air. Ní dheineadh sé aon fhilidheacht go dtí go mbíodh sé ar meisge. Fear dárb ainm do McLoughlin a dhein an talamh do riaradh. Tugtaí an "Laca" mar leas-ainm ar McLoughlin.
1.
Do gluais chúghainn an Laca bhreágh gléigeal is dtosach an lae is an mhí.
senior member (history)
2021-02-20 21:59
approved
rejected
awaiting decision
Ó tháinig an gloine láithreach is í lán den mBrandy láidir
Fé thuairim saoghal is sláinte do lucht cleachta an tíghe.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaigh, Baile an Góilín, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-20 21:37
approved
rejected
awaiting decision
Gan foghluim air mo gairbh cnoichín fraoig.
Is gan fás 'na gleannta acht bláth an aithinn galldha
Mná súd ag gol is ag canntarnaig is gan bainne aca ná ím.
V.
Is náireach an bheart don tséidir go bhfásann pluma ar géagaibh ann.
Árd na dtúth ná sméara neac aca na gáirdín
Acht gleannta mara is maol-cnuic go reamhairuigheann sioc le géirleac.
Is le fuacht gur theich na naosgaig ó bhúr ngarbh cnoicín fraoig.
V1.
Ní fhásann ribe geamhair ann, níl stáca ag teacht ná habhar ann
Is ní gnáthach muca ramhara aca ar an margadh le díol.
Acht céras tuille is angair? (angaid) gach lá den tseachtmhain ann
Go bráth níl bó ná gamhain ann le casadh chun a tír
senior member (history)
2021-02-19 22:49
approved
rejected
awaiting decision
-arnaig air an líon.
11.
Dúnchaoin anois gan amhras: Is aoibhinn liom a ngleanna.
Is aoibhinn í lá Samhraidh. Mil is fíon ann mór - cuid dá caitheamh ag lucht grinn.
Is a Rígh-bhean mhilis malltais Do Ríoghaibh cheart an ceanntair.
Siar chur síos ar fheabhas air ó mhaidean go dtí an oidhche.
111.
An t-oileán mór le h-áireamh. Barra buar anois fágaim.
Ag an t-oileán mór le h-áireamh gur barra tuinn go dtáinigh go tairbheart i dtír
Thar leabharaibh breaca an Phápa. má cloisfim a thuille trácht air
Beidh rabharta bulla i ndán dúinn agus an seacfaimís le baois.
1V.
Níl fág ná file in deamhramh scoláire ná fear leabhartha trácht liom seal.
senior member (history)
2021-02-19 11:40
approved
rejected
awaiting decision
Filí
'Sé Séamus Bán do sgríobh an fhilidheacht seo. Do cómhnuigheadh sé i nDúncaoin. File ana mhaith a'beadh é. Do bhí sé in Uíbh Ráthach oidhche agus thosnuig sé ag cáineadh na h-áite.
1.
Lá breágh aoibhinn griannmhar. Is mé 'na tráth na mbláth úd siar dom.
Iseadh casadh mé sa uascracht? (uaircheas) abhfad ón dtír.
Mar a raibh éisgíní na céadta ag preab-
senior member (history)
2021-02-18 22:24
approved
rejected
awaiting decision
Díreach i lár na leasa istig bhl ceathrar fear agus cómhra dubh aca anáirde air a nguaillibh. D'fhan sí ag féachaint ortha agus d'fhanadar san ag féachaint uirthi. Leigeadar an cómhra dubh air an dtalamh agus rith an bhean. Níor chuaidh sí sin ag goid aon nídh ó shoin. Bhíodh eagla ar gach aoinne dul in aice leis an lios mar ní raibh fhios ag éinne cér b'iad na fir a bhí ann.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-18 22:14
approved
rejected
awaiting decision
Liosanna agus Ráthanna.
Tá lios i mBaile Móir agus déanamh cruínn air. Tá claidhe tógtha mór dtímcheall air agus tá díg lasmuigh den gclaidhe. bhí bean i mBaile Móir fadó agus théidheadh sí amach gach oidhche ag goid. Oidhche amháin nuair a bhí sí ag teacht abhaile tímcheall a dó dhéag a clog chaith sí dul tharais an lios. Connaic sí beirt fear agus iad ag cainnt
senior member (history)
2021-02-17 23:35
approved
rejected
awaiting decision
teacht dá dtabharfá sgilling dóibh. Leigeann daoine do cuid dos na bacaig fanacht istig oidhcheannta. Tagann fear tímcheall agus tá sé saghas áit. Bhíodh mála mór aige i gcómhnuidhe, agus lá amháin nuair a bhí sé ina codhladh d'fheach duine eile isteach san mála. Bhí gach aon tsaghas rudaí istig ann. Bhí páipéirí beaga deasa agus sliogáin agus gach aon rud a gheibheadh sé air an mbóthar istig san mála.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-17 11:58
approved
rejected
awaiting decision
Lucht Siúbhail
Tagann mórán bacaig tímcheall na h-áite seo. Duine aca iseadh Danny Coffey agus bíonn a bheirt dríthear leis tímcheall. Mícheál is ainm do dhuine aca agus bíonn a dó nó a trí do asail i gcómhnuidhe aige. Díolann sé agus ceannuigheann sé asail chun praifid a dhéanamh ortha. Tagann dream eile tímcheall leis gurb ainm dóibh McCárthaig. Bíonn "caravan" aca san agus tá clann mór díobh ann. Bíonn an t-athair ag glanadh simnéidhe. Tagann Johnny McElligot ar a dtugtar 'Johnny ate a bit' tímcheall ag bailiúghadh prátaí. Tagann dream eile ó Conndae éigin eile. Bíonn ponairí le díol aca uaireannta. Sé an ainm a tugtar ar na daoine sin ná "Sheridans". Tagann Seán Mána agus Biddy Fondlom agus bean eile ar a dtugtar Mage-the-fish mór tímcheall leis. Tagann mná eile leis agus deirfhidís leat cad a thuitfeadh amach ain an aimsir atá le
senior member (history)
2021-02-17 11:31
approved
rejected
awaiting decision
"saighdiúirí." Bíonn siad ag bualadh an dá ceann i gcoinnibh a chéile.
6. Cuireann leanbh amháin cirt ar a shúilaibh agus bíonn na leanbhaí eile ag rith mór thímcheall uirthi. Bheadh an leanbh go mbeadh an chirt ar a shúile ag iarraidh breith ar dhuine éigin aca. Tugtar 'Seáinín a Phúca' ar an leanbh go mbíonn an chirt ar a shúilibh.
7. Dúnann duine a shúile agus téigheann an cuid eile i bhfolach. Nuair a oscalann an duine a shúile bíonn sí ag iarraidh na leanbhaí eile d'fághail amach.
8. Cuireann leanbhaí téadán ceangailte idir dá chrann agus ceangaluighídh cláirín i lár na théide. Suidheann duine ar an gclár annsan agus beireann ar an dtéad ar gach taobh. Beireann duine eile air an dtéadán agus luascann sé é.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire Bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-16 12:05
approved
rejected
awaiting decision
Deineann siad cosa agus lámha le ceirteacha. Deineadh gúnaí beaga annsan di agus cuirid hata uirthi. Nuair a bhíonn sí déanta suas annsan tugann siad ainm éigin uirthi.
3. Bailígheann scata cailíní le chéile agus faghaidh cúig cloca. Cuireann siad cloc ins gach cúinne den ngoirt agus cloc eile i lár an ghoirt. Bíonn duine anáirde ar gach ceann des na cloca. An té a bhíonn air an gcloich i láir an ghoirt tugtar an óinseach uirthi. Bíonn na cailíní eile ag rith ó cloich go cloich agus bíonn an t-óinseach ag iarraidh dul anáirde air ceann éigin dos na cloca eile.
4. Bíd ag imirt cleas eile leis "an madra ruadh agus na géanna." Bíonn cailín ag leigint uirthi gur madra ruadh í agus bíonn sí ag iarraidh breith ar an cailíní eile mar dh'eadh gur géanna iad san.
5. Téigheann beirt ag imirt uaireannta le rudaí fada a fhásann air a dtugtar
senior member (history)
2021-02-16 11:44
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus caitheamh aimsire
1. Téigheann cailíní beaga amach ins na páirceannaibh agus bailigheann siad nóiníní. Gheibheann siad snáithín agus snáthad agus cuireann siad na nóiníní isteach ins an snáithín. Cuireann siad tímcheall a mhuiníl iad annsan.
2. Deineann cailíní Bábóga leis. Faghann siad tuighe agus deineann siad mála beag do cenct? (ceirt). Cuireann siad an tuighe isteach ann agus annsan cuireann siad ceann ar an mbábóige
senior member (history)
2021-02-15 00:24
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus caitheamh aimsire
1. Téigheann cailíní beaga amach ins na páirceannaibh agus bailigheann siad nóiníní. Gheibheann siad snáithín agus snáthad agus cuireann siad na nóiníní isteach ins an snáithín. Cuireann siad tímcheall a mhuiníl iad annsan.
2. Deineann cailíní Bábóga leis. Faghann siad tuighe agus deineann siad mála beag do cenct? . Cuireann siad an tuighe isteach ann agus annsan cuireann siad ceann ar an mbábóige
senior member (history)
2021-02-15 00:00
approved
rejected
awaiting decision
cuir sé an "traps" airís agus bheir sé air mhadra ruadh. Thug sé leis abhaile é agus is annsan a thug sé fé ndeara ná air an mhadra ruadh acht trí cosa go leith. D'aithnigh sé go maith annsan gurb é an mhadra ruadh céadhna é agus riamh ó shoin. Deireann sé gurb fhéidir madra ruadh a mhealladh dhá uair.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é.
senior member (history)
2021-02-13 21:30
approved
rejected
awaiting decision
Ainimhighthe Alta.
Tá sean-fhocal ann ag rádh "madra ruadh dhá uair ní mhealltar é." Bhí sean-duine ina cómhnuide i mBaile an Góilín cúpla bliadhain ó shoin dárb ainm Pádraig Ó Siocradha agus níor chreid sé an sean-fhocal san. Chuaidh sé air an gcnoc agus cuir sé "trap" in aice le uisge. Bheireadh ar madra ruadh. Níor fhéad sé é fhéin a scaoileadh mar bhí beirthe air ceann dá chosaibh. Cad a dhein sé acht an méid sin den chos a gearradh dho fhéin agus cuir sí dho. Nuair a tháing an sean-duine fuair sé go raibh an madra-ruadh ró mhaith do. Tamall mór ina dhiaidh sin
senior member (history)
2021-02-13 21:13
approved
rejected
awaiting decision
43. Cúinne an coinín.
44. Bóithirín an eas.
45. Cairrig na scoile:- Tá carraig mór ins an áit in raibh scoil fadó.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Tomás Ó Conchubhair, Móin a Rígh, Dainghean.
senior member (history)
2021-02-13 21:06
approved
rejected
awaiting decision
22. Philadelphia:- Sin gort le mhuinntir ó bhailíghís.
23. An Múcán:- Cnocán mór i gort mhuinntir ó bhailíghís.
24. Bóithirín Séamaisín Bán.
25. Cairrig na Léime:- i dtalamh muinntir Uí Fhiannachta.
26. Carrig na hEisce:-
27. Carrig an mharbhuighthe:- Tá sé i bportach le muinntir Gríbhthín ó Muilleann na glíamaig.
28. Ceann tairbh:- Gort le muinntir Fhiannachta.
29. Páirc na sgeach:- Tá sé lán do sgeacha.
30. Gairridhe Fháirnáin:-
31. An Fhóna:-
32. Páirc a tsalainn.
33. Buailtín Sheáin Thaidhg.
34. Gort a chaideál:- Bhí caideál ann fadó.
35. Páirc Johnson.
36. Páirc Lyne.
37. An Grafa.
38. Tig Baker.
39. Tig Seannra.
40. Tig na bPúcaí.
41. Bóithirín na bléine.
42. Gort an Cuimín.
senior member (history)
2021-02-12 21:10
approved
rejected
awaiting decision
Ainmneacha Goirt
1. Páirc na Scoile:- mar bhí scoil ann fadó
2. Páirc na Leasa:- mar tá lios ann.
3. An seana mhór.
4. An seana bheag.
5. Páirc an phúca:-i dtalamh mar bhíodh púcaí le feiscint ann.
6. Páirc na gcloc:-Tá sé lán de cloca.
7. Cnoc an coirce.
8. Páirc an Rafaig:-i dtalamh muinntir Concúbhair.
9. Na cnoca dúbha.
10. Na seana goraí:-
11. Páirc an Rafaig:-i dtalamh muinntir Slatara.
12. Páirc an cnámha.
13. Lúb na móna
14. An seana garraidhe.
15. Cnoc na toirce
16. An bléin.
17. An goirtín caol.
18. Sruthán na lathaighe.
19. Cnocán na gCaorach.
20. Tobar an lín.
21. Logan an fhathaig.
senior member (history)
2021-02-12 21:07
approved
rejected
awaiting decision
Ainmneacha Goirt
1. Páirc na Scoile mar bhí scoil ann fadó
2. Páirc na Leasa mar tá lios ann.
3. An seana mhór
4. An seana bheag
5. Páirc an phúca:-i dtalamh mar bhíodh púcaí le feiscint ann
6. Páirc na gcloc:-Tá sé lán de cloca.
7. Cnoc an coirce
8. Páirc an Rafaig:-i dtalamh muinntir Concúbhair
9. Na cnoca dúbha
10. Na seana goraí
11. Páirc an Rafaig:-i dtalamh muinntir Slatara
12. Páirc an cnámha.
13. Lúb na móna
14. An seana garraidhe
15. Cnoc na toirce
16. An bléin
17. An goirtín caol
18. Sruthán na lathaighe
19. Cnocán na gCaorach
20. Tobar an lín
21. Logan an fhathaig
senior member (history)
2021-02-12 11:43
approved
rejected
awaiting decision
Seana-Ceárdanna.
Ins an tsean aimsir dheineadh mórán daoine stalc iad fhéin. Do bhí bean i mBaile Móir dárb ainm Cáit Ní Ghearailt. Dheineadh sí mórán stailc. Tá sí ag maireachteannt fós acht ní dheineann sí in aon chor anois é. Geibheadh sí prátaí agus nígheadh sí iad. Bhrúghadh sí iad annsan nó go dtiocfadh an t-uisge go léir asta. Cuirfeadh sí an t-uisge san isteach in árús éigin agus chuirfeadh sí amach fén ngréin é ar feadh ceithre uair an cluig. Taréis an ama san bhíodh sé cómh cruadh agus a bheadh aon stalc. Ní bhíodh sé cómh bán leis an stalc athá á ndíol anios acht bhíodh sé cómh maith ins gach slíghe eile.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire Bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dhom é.
senior member (history)
2021-02-12 11:43
approved
rejected
awaiting decision
Seana-Ceárdlanna.
Ins an tsean aimsir dheineadh mórán daoine stalc iad fhéin. Do bhí bean i mBaile Móir dárb ainm Cáit Ní Ghearailt. Dheineadh sí mórán stailc. Tá sí ag maireachteannt fós acht ní dheineann sí in aon chor anois é. Geibheadh sí prátaí agus nígheadh sí iad. Bhrúghadh sí iad annsan nó go dtiocfadh an t-uisge go léir asta. Cuirfeadh sí an t-uisge san isteach in árús éigin agus chuirfeadh sí amach fén ngréin é ar feadh ceithre uair an cluig. Taréis an ama san bhíodh sé cómh cruadh agus a bheadh aon stalc. Ní bhíodh sé cómh bán leis an stalc athá á ndíol anios acht bhíodh sé cómh maith ins gach slíghe eile.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire Bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dhom é.
senior member (history)
2021-02-11 11:36
approved
rejected
awaiting decision
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Eóghan ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean a thug dom é.
senior member (history)
2021-02-11 11:33
approved
rejected
awaiting decision
Dóighteán
Tímcheall le deich mbliadhna fichead ó shoin do dóghadh stáca coirce air Muiris Ó Cléirigh ó Baile Móir. Bhí Muiris Ó Cléirigh agus fear eile ón mBaile thuas i mbarra Cnuic Baile Mhóir. D'feacadar síos agus chonnacadar an dóighteán mór. Ceap Muiris Ó Cléirigh gur b'é Tig muinntir Néill a bhí ag lasadh agus thosnuig sé ag gáiridhe. D'fhág sé an cnoc agus tháinig sé leath-slíghe síos. Is é a fuair an phreab nuair a chonnaic sé a stáca féin tré theine. Is é an slíghe a lasadh é ná thug duine dos na leanbhaí bosca lasáin leis agus las sé an stáca. Tháinig muinntir an Chuaisín go léir chuige agus thugadar uisge aníos ó'n bhfairrge agus mhúchadar an teine. Deirtear mara mbeadh go múchadh é go ndóghfaí an Cuaisín go léir.
senior member (history)
2021-02-11 11:09
approved
rejected
awaiting decision
ins gach tig dá bhfaghadh sé é.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Daingean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Daingean.dom é.
senior member (history)
2021-02-10 23:59
approved
rejected
awaiting decision
Fear Cáileamhail
Tá fear 'na cómhnuidhe i Sráid Éoghain sa Dainghean. 'Sé an ainm atá air ná Donnaca Maceileód. Téidheann sé mór-thímcheall ná háite ag bailiúghadh prátaí. Bíonn deabadh air i gcómhnuidhe chun a bheith thar nais san nDainghean sara dtuiteadh an oidhche. Lá amháin bhí sé ag bailiúghadh prátaí i mBaile an Góilín agus sar a raibh an mála lán aige bhí an tráthnóna déanach tagaigthe. Cuaidh sé síos go dtí an dtráig. Caith sé dho a chuid éadaig agus chuir sé anáirde air a ceann iad. Ceangal sé an mála prátaí tímcheall air agus snámh sé treasna ó Bhaile an Góilín go dtí an Dainghean. Bhí sé traocta nuair a shrois sé an taobh eile agus dúbhairt sé go ndéanfadh sé airís é dá mbeadh gá leis. Tugtar "Johnny ate a bit" ar an bhfear san i dtaoibh an méid mór bídh a itheann sé. D'íosadh sé bíadh
senior member (history)
2021-02-10 11:19
approved
rejected
awaiting decision
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín dhom é, ón
áit ceadhna.
senior member (history)
2021-02-10 11:16
approved
rejected
awaiting decision
déanta ag mnáibh. (Mí Feabhra mar sé an mí is giorra é)
9. Cad é an rud a bhíonn lán do phuill agus a coimeádann uisge (machdual)
10. Cad leis is féidir soitheach do líonadh cun é déanamh níos eadroime (le puill)
11. Cad tá agat agus úsáideann do cómharsain é níos minicí é ná tú féin. (t-ainm)
12. Cad tógtart uait sar a dtugtar duit é. (Do phictiúr)
13. Tobairín fíor-uisge
Air fíor-bhánk an tsléibhe
Fuinneóigín gloine air
agus doraisín cré (an t-súil)
14. Tá botháinín sa gáirdín, Go raghadh na céadta ann, Ní bhfaghainn-se slíghe ann, Ná leath mo cuid éadaig. (Cruiceóg beach)
15. Is cruinne é ná do ceann,
Is sia é ná na mílte crainn (ceirtlín olna)
16. D'eirig an bean na seasamh, ar bhárr an chnuic is d'feach sí siar.
Bhuail sí snaidhm ar ceann dá cosaibh, is mairfidh sí na ceadhta bliadhan (An Grian)
senior member (history)
2021-02-08 11:49
approved
rejected
awaiting decision
Tomhaiseanna.
1. Cad a mheadhann an ghealach (ceithre ceathrú)
2. Cad é an rud a bhíonn age cat agus na bíonn ag aon ainmhidhe eile (piscíní)
3. Tháinig sé isteach ar dhrom na daoine agus cuaidh sé amach cómh mín le síoda (móin)
4. Lán na páirce de gamhnaibh bána agus gamhainín dearg eadroma istig (na fiacla agus an teanga)
5. Cím chúgham anoir, fear na srutháin, fear na sruth, fear na coise caoile cruadha, agus mo dhá thruagh mo laog gan rith. (Sin é dúbhairt caora nuair a connaic sí mactíre ag teacht)
6. Níl sé amuigh ort, níl sé istigh ort, Tá sé ort is ní trom leat é. (t-ainm)
7. Nuair a bhuaileann an clog trí déag , cad é an t-am é (in am an clog do shocrú)
8. Cad é an mí is lúgha go mbíonn cainnt
senior member (history)
2021-02-08 00:30
approved
rejected
awaiting decision
gclár beag a bhí istig sa bhosca agus dúbhairt sí "Cuir phiúint leanna annsan tapaidh"
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín dom é, ó Baile Móir.
senior member (history)
2021-02-08 00:21
approved
rejected
awaiting decision
Sgéal Grinn
Bhí seana-bhean i mBaile Móir fadó agus, gach oidhche, cómh luath agus a thiocfadh an doirceacht théigheadh sí go dtí an Dainghean ag triall ar phiúint leanna. Tugadh sí galúinínín stáin léithi chun é cur isteach ann. Oidhche amháin nuair a cuaidh sí an Dainghean cuaidh sí go dtí faoisdine sara bhfuair sí an phiúint.
Bhí an té a bhí sa taobh eile don bosca ana fhada ag déanamh a fhaoisdine. Ní fada nó go dtuit an tseana-bhean dá codhladh. Nuair a iompuig an sagart cúichi dhúisig sí de phreib. Bhí an galúinín stáin ina láimh i gcómhnaidhe aici. Nuair a dhúisig sí ceap sí gur sa tig óil a bhí sí. Chuir sí an galúinín anáirde ar an
senior member (history)
2021-02-07 12:04
approved
rejected
awaiting decision
bhliadhain sin ní caillfí puinn daoine tímcheall na h-áite seo.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag
Thug Seán Ó Fiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-07 12:00
approved
rejected
awaiting decision
éigin aca a dtabhairt go dtí an roilig. Lá áirighthe bhí an mháthair ag tabhairt an mhic deireannach dtí an roilig agus bhuail bean ó Gleann Luic í. Dúbhairt an bhean ó Gleann Luic léi teacht isteach nuair a bheadh an mac curtha agus go mbeadh cúpla prátaí róstaighthe aici dhi. Do tháinig agus bhí an oiread san ocrais uirthe go ndúbhairt sí gur maith an rud nách iad na prátaí a bhí curtha sa roilig in ionad a mic. Thughadh sí gach mac léi go dtí an roilig ar a drom. Bhí an Cholera annso leis le linn an ghorta. 'Sé an biadh a bhíodh aca na picil éisg agus císte buidhe. Thug na Sasnaig súp dóibh agus thug na Sagairt min buidhe. Lobhaidh na prátaí istig ins na seomraí mar tháinig tuille mór a chuaidh isteach ins na seomraí. Bhíodh drom na ndaoine leis na dóirse ag iarraidh an tuille do choimeád amach. Dá bhfásgadh na turnapaí féin an
senior member (history)
2021-02-07 07:28
approved
rejected
awaiting decision
An Droch-saoghal
Luig an Gorta go mór ar an áit seo. Bhí líon-tíghe mór sa Cam agus gach aon lá ar feadh seachtmhaine bhíodh duine
senior member (history)
2021-02-07 07:23
approved
rejected
awaiting decision
6.
Is nuair a eirigheann suas an tslat ní fanann uithre aon mheas
Acht ag feitheamh leis an mbrainnse is óige
'Sa a rígh na gcómhacht go bhfóirir ar mo chúis
Mar isí Bean dubh an Ghleanna a gheóbhadh mé
Le na linn sinn bhí sé in iomall an uisge (sé sin abha an aice a thíghe) agus chaith an bhean í féin amach as an gcairt agus ní fheacfaidh sé riamh ó shoin í. Isé an fáth go gcaith sí í féin amach ná mar ná féadfadh droch rud dul thar uisge.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag
Thug Cáit Ní Fiannachta Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-07 07:09
approved
rejected
awaiting decision
mo chúis
Mar sí Bean dubh an Ghleanna go bróid mé
3.
Bean dubh an Ghleanna an bhean úd,
Dob fhearra an bhean úd ba dheise gáire
'S a píp mar an sneachta, a gruaig mar an ealla
'S a cam seang singil áluinn
4.
Gheóbhainn-se bean sa Mhúmhain is triúr bean i Laighin
Is bean ó Rígh ál Seóirse
Bean na gruaige buidhe 's do bhfaighinn í lem' chroidhe
Bean,bean, agus míle bó léi
5.
Cé chídhfeadh mo thig is gan de dhíon air acht na glais
Is é tógaighthe ar thaobh an bhóthair
Nuair a eirigheann an bheach, do dheineann ann a nead
Le grian is le teas an tSamhraidh
senior member (history)
2021-02-06 23:00
approved
rejected
awaiting decision
File
File b'eadh Seumas bán. Do chómhnaig sé i mBaile an Gleanna. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó'n nDaingean ar a deich a chlog, agus tháinig bean isteach sa chairt chuige agus chúm sé píosa filídheachta mar gheall air. "Poll Dubh an Ghleanna" a thug sé ar an amháin. As Gaedhlinn a dheineadh sé filídheachta ar fad. Ní raibh aon bhéarla aige.
Poll Dubh an Ghleanna
Tá bó agam ar sliabh is táim le seal ina dhiaidh
Ó chailleas mo chiall b'nóchair dá seóladh soir is siar
Is gach áit dá ngabhann an ghrian
Nó go gcasann sí aniar tráthnóna
2.
Nuair fhéachainn fhéin anonn ins gach áit go mbíodh mo rún
Rítheann óm shúil sruth deóra
'Sa rígh na gcómhacht go bhfóirin ar
senior member (history)
2021-02-06 22:14
approved
rejected
awaiting decision
File
File b'eadh Seumas Bán. Do chómhnaig sé i mBaile an Gleanna. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó'n nDaingean ar a deich a chlog, agus tháinig bean isteach sa chairt chuige agus chúm sé píosa filídheachta mar gheall air. "Poll Dubh an Ghleanna" a thug sé ar an amháin. As Gaedhlinn a dheineadh sé filídheachta ar fad. Ní raibh aon bhéarla aige.
íííííííííííí
É é
Í í
É é
Á á
Ó ó
Ú ú
senior member (history)
2021-02-06 22:07
approved
rejected
awaiting decision
mar tá dhá chloich tímcheall sé troighthe ó na chéile ina seasamh. Deirtear go bhfuil ceann aca ag ceann an duine agus an ceann eile ag a chosa. Tá port árd idir an dá chloic agus déanamh tuama air. Tamall uaidh tá leaba déanta de chlocha díreach ar bharr na faille agus chídfeá Lios na Ráth uaithe. Níor thug aoinne riamh fé í réidhteach. Tá lios eile i dtalamh Scannláin i mbaile an Góilín agus an déanamh céadna uirthe acht go bhfuil claidhe mór árd tímcheall ar an gceann athá i dtalamh Scannláin. Tá tor troim istig ina lár so. Thugadar fé í réidhteach acht tháinig a leithéid do thinneas cinn ar gach duine a bhí ag obair go cheap sé go sgoilteadh a cheann agus d'fág sé annsan é. Tá na liosanna so cruinn.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag
Thug Cáit Ní Fiannachta Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-06 22:07
approved
rejected
awaiting decision
mar tá dhá chloich tímcheall sé troighthe ó na chéile ina seasamh. Deirtear go bhfuil ceann aca ag ceann an duine agus an ceann eile ag a chosa. Tá port árd idir an dá chloic agus déanamh tuama air. Tamall uaidh tá leaba déanta de chlocha díreach ar bharr na faille agus chídfeá Lios na Ráth uaithe. Níor thug aoinne riamh fé í réidhteach. Tá lios eile i dtalamh Scannláin i mbaile an Góilín agus an déanamh céadna uirthe acht go bhfuil claidhe mór árd tímcheall ar an gceann athá i dtalamh Scannláin. Tá tor troim istig ina lár so. Thugadar fé í réidhteach acht tháinig a leithéid do thinneas cinn ar gach duine a bhí ag obair go cheap sé go sgoilteadh a cheann agus d'fág sé annsan é. Tá na liosanna so cruinn.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag
Thug Cáit Ní Fiannachta Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-06 21:43
approved
rejected
awaiting decision
Ráthanna agus Liosanna
Tá lios in aice le h-uaig an mháirnéalaig. Tá sí tímcheall le leath mhíle ó lios athá in aice le Lios na Ráth. Tá cloch mhór ann agus tá sí follamh thíos fúithe. Tá an chloch tamall beag uaithe agus deirtear go bhfuil casán fé thalamh ón gcloich go dtí an lios. Tá mórán aitinn ag fás tímcheall uirthe agus tá mórán carraigeacha istig ina lár. Bhí dhá chlaoidhe tímcheall uirthe acht tá siad sgéithe agus tá féar glas ag fás anois ós a gcionn. Tá aon chorp amháin curtha innte
senior member (history)
2021-02-06 00:43
approved
rejected
awaiting decision
sligirní agus bhuaileadar an doras amach. Ní leigfeadh eagla do bhean an tíghe dul na ngoire. Sin é a bhí uatha agus dhein an corcán goire dhóibh.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn Bheag
Thug Cáit Ní Fiannachta dhom é.
senior member (history)
2021-02-06 00:42
approved
rejected
awaiting decision
sligirní agus bhuaileadar an doras amach. Ní leigfeadh eagla do bhean an tíghe dul na ngoire. Sin é a bhí uatha agus dhein an corcán goire dhóibh.
Mícheal Ó Fiannachta, Rinn Bheag
Thug Cáit Ní Fiannachta dhom é.
senior member (history)
2021-02-05 22:23
approved
rejected
awaiting decision
(4) Tagann Micí Healy ag bailiú sean iarnai
(5) Tagann King Ashe ag bailiú ubh
(6) Rinney ó Conndae an Chláir ag bailiú phrátaí agus plúr
(7) Mikey Coffee ag ceannach asal agus á ndíol
(8) Tagann "Johnny ate a bite," ag bailiú prátaí agus íosfadh sé a bhfaghadh sé
Sgéal:- Lá tháinig beirt tincéirí isteach i dtig. Bhí corcán prátaí beirbhighthe in aice na teine. Thaithnig an corcán go maith leó chun goire. Cromadar ar áiteamh ar cad do go raibh an corcán déanta. Leigeadar ortha fearg mhór do bheith ortha. Bhí casúr i ndorn gach aoinne aca. "Miotal bán iseadh é" arsa duine aca. "Ní headh" arsa an duine eile acht grós bán agus bhuail sé buille ar an gcorcán le na linn sin. D'réir mar bhíodar ag áiteamh bhí na buillí ag dul i gcruadha go dtí go raibh an corcán ina sligirní. Bhailígheadar chúcha na
senior member (history)
2021-02-05 11:08
approved
rejected
awaiting decision
(1) Tagann fear gur b'ainm do Mac Cárthtaí do tímcheall annso cúpla uair sa bhliadhain. Bíonn sé ag díol galúnaighe agus iallacha bróg. Bailígheann sé ruaimneach agus buidéil. Codluigheann sé sa chistin mar deir na daoine gur fear ana shaibhir é agus go bhfuil a lán airigid aige agus coimeádann sé a mhála fé na cheann.
(2) Tagann fear eile gur b'ainm do Danny Coffie ana mhinic tímcheall na háite seo. Bailígheann gach duijne óg agus aosta isteach ag éisteacht leis mar bíonn sé lán do sgéalta acht is i mbéarla a bhíonn sé a n-innsint. Tá a lán amhrán aige leis agus bíonn sé é á rádh. Ní raghadh sé in aon leaba acht téigheann sé isteach i bpaca sa chúinne. Bíonn mála beag aige air a dhrom agus bíonn sé ag deisiúghadh umbrellas. Ní thógfadh sé déirc acht a dhóthain le nithe.
(3) Tagann Mary Crownes ag bailiúghadh prátaí agus ag díol éisg.
senior member (history)
2021-02-04 22:10
approved
rejected
awaiting decision
mharbhúghadh le liathróid déanta do leathair.
Cliabhán éan:- h-ocht maide d'fághail ar dtúis. Ceithre cinn do chur ag seasamh anáirde díreach agus cheithre cinn eile i mbun. Na cheithre cinn athá ina seasamh do cheangal ar bharra agus iad do cheangal i mbun leis. Líontáin d'fagháil do chur tímcheall ar agus é cheangal leis na seastáin. Bogha d'fághail anois agus í shághadh sa talamh. An gabhaltóg do chur ar mbogha anois agus fé an gcliabhán agus bheadh sé ar tinneall. Dá seasóchadh éan ar an mbogha thuiteadh an cliabhán agus bheadh beartha ar an éan.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Aindrias Ó Fiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-04 11:13
approved
rejected
awaiting decision
agus nuair a bhuailfeadh an duine istig í chaitheadh sé rith agus trí clocha do bhualadh agus teacht thar n-ais sa chiorcal airís.
(2) Báid do dhéanamh as Leistrum: Ar dtúis píosa leistrium d'fághail, é stracadh síos na lár, an áit stracaighthe do chur isteach sa leath h-eile agus é do cheangal le dealg sceithe.
(4) Beirt do bhreith ar lámha a chéile agus a bheith ag imtheachta i leith a gcúl.
(5) Ag déanamh gunnaí:- Píosa damhrán d'fághail agus tuige beag eile. Ceirt do chur ar bharra an tuige agus á sághadh isteach san amhrán. An t-amhrán do líonadh le h-uisge agus é chaitheamh leis an tuige.
(6) Dhá phíosa córda d'fághail agus píosa leathair do cheangal eadthortha. Cloch do chur ar an leathar agus caihfeadh sé í.
(7) Sé nó seacht do chaipíní d'fághail agus bheadh seisear nó seachtar ag imirt. Raghaidís ag bailiú nóiníní ina gcaipíní. An té go mbeadh an chuid is mó nóiníní aige gheóbhadh sé a
senior member (history)
2021-02-03 11:06
approved
rejected
awaiting decision
Bréagáin agus Caitheamh Aimsire
(1) Ciorcal do dhéanamh agus raghadh leath a mbeadh ag imirt isteach innte agus chaitheadh an leath eile isteach an liathróid
senior member (history)
2021-02-03 11:03
approved
rejected
awaiting decision
beag glas agus cos caol as agus bláth buidhe air iseadh an luibh sin. Tá an salachar a bheadh i gcró na gcaorach go maith chun britíneach do leigheas. Deintear é bheirbhúghadh agus é sgagadh. Deintear an rud a bheadh fágtha do chur trid bainne agus é d'ól agus chuirfeadh sé an bhritíneach tríd amach.
Breóidhteachta: Fiabhras, sgárlitín, Craos-galar, Tinneas cnámha, Dathacha, Cholera. Bhí an cholera annso fadó agus mhaireadh sé aoinne go dtagadh sé ar acht uair a chloig. Chómh luath agus thagadh sé ar dhuine théightí ag triall ar an gcómhra dhó mar ní tháinig aoinne riamh as.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-03 10:48
approved
rejected
awaiting decision
Leigheasanna
Bhí bean ina cómhnaidhe i mBaile an Bhiocáire darbh ainm Máire Ní Chinnéide. 'Sé an ainm a thugaidís uirthe ná Máire an leighis. Dheineadh sí leigheas do aoinne a bheadh millte. As an talamh a dheinedh sí é. Ní thugadh sí fios d'aoinne mar bhíodh sí féin ins na púcaí. Deineadh sí luibh an choirighthe d'fághail leis agus leighisfeadh sí aoinne a bheadh coirighthe. Plannda
senior member (history)
2021-02-03 10:39
approved
rejected
awaiting decision
siúbhalta ag an madra ruadh agus ní bhfuair sé aon rud le nithe ann. Tháinig sé thar n-ais agus luigh sé san áit céadhna sa bhád. Thug na fir leó é abhaile airís go Cuan Fionntrágha. Chómh luath agus chaitheadar amach as an mbád é d'imthig sé chun an chnoic agus d'fág sé na fir annsan agus a mbéal ar oscailt aca.
Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Rinn bheag dom é.
senior member (history)
2021-02-02 22:04
approved
rejected
awaiting decision