Number of records in editorial history: 6
senior member (history)
2017-03-02 18:17
approved
rejected
awaiting decision
Uair amháin bí cláiríneach ag dul thart ar thóir déirce. Ní raibh sé in an siubhal agus b'éigin dó mhuintir an tighe seo é a iompar go dtí an chéad teach eile.
Thárla sé go raibh beirt bhuachaill ghá iompar treasna na páirce agus do rith an tarbh in a ndiadh. D'fhág siad síos an barra agus do rith siad go dtí claidhe árd a bí ar thaobh na páirce.
Nuair a chonnaich an cláiríneach an tarbh ag teacht do rith sé agus bí se ag an gclaidhe rómpa agus as sin amach b'éigin dhó siubhail.
senior member (history)
2017-03-02 18:08
approved
rejected
awaiting decision
Níor dhubhairt sí aon cheó faoi an teaichín go dtáinig an táilliúir aníar chas an cailín óg leis. "Dá mbeicheá thiar" adeir an táilliúir d'fhanthá thíar" "bhí mé thiar muis" adeir sí "agus níor fhan mé thiar" "Céard a chonnaic tú thiar" adeir an táilliúir . "Connaic mé" adeir sí "seanáinín críon liath, sean bheainín gan aon chiall gabhairín ceangailte ar iall agus cabáiste glas mar bhiadh agus measann tusa a tháilliúir an raibh mise thiar" "Bhí tú thiar" adeir an táillúir. Achc nuair a bhí sé réidh chuaidh sé abhaile agus níor bhac sé leis an gcailín óg níos mó.
senior member (history)
2017-03-02 17:59
approved
rejected
awaiting decision
in a sheanáinín chríonn liath agus bhí máthair an táilliúra ins an teach freisin agus í in a sheanáinín gan aon chiall. Ní raibh rud ar bith sa teach le feiceál aice ach gabhar agus gad thart ar a mhuinéal agus é ceangailte ar chúl an dorais.
Séard a bí bruithte acú le h-aghaidh an t-suipéir achc crann cabáiste glas. Tháinig an táillúir abhaile in am suipéara. Níor aithnigh sé an cailín óg. Bhí sí 'na suidhe sa gcoirnéal agus braitín thart ar a cloigeann. Dubhairt sé le na mháthair cuid de'n chabáiste a thabhairt do'n mhnaoi bhoicht. Chuaidh siad a chodladh. D'éirigh an cailín óg ar maidin sul má bhí aon duine in a shuidhe agus tháinig sí abhaile.
senior member (history)
2017-03-02 17:12
approved
rejected
awaiting decision
Bhí táilliúir in a chómhnuidhe taobh thiar de Ghaillimh. Thagadh sé aníar an taobh seo ag déanamh éadaigh. Ní théigheadh sé abhaile go dtí Dia Sathairn. Bhí sé ag cúirtéarach le cailín óg an taobh seo de'n loch. Bíodh sé ag rúdh i gcomhnuidhe leis an gcailín óg "dá mbeirtheá thiar d'fhantá thiar." Ghléas sí suas i fhéin maidin Satharn. Thug sí máilín léithí faoi na h-ascail, sean clóicín ar a brághaid. Chuaidh sí siar trí Ghaillimh. Bhí sí ag cur tuairisge an bhaile in ar chómhnuigh an táilliúir. Fuair sí amach teach an táilliúra, d'iarr sí lóisdín ar mháthair an táilliúra , d'fhág sí istigh í.
Bhi athair an táilliúra ins an teach freisin agus é
senior member (history)
2017-03-02 16:49
approved
rejected
awaiting decision
Chas sé phort dhóibh "Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt agus Dia Céadaoin." Bhí na sídheoga sásta leis na foclaí nuadha agus bhain siad an cruit de. Chuaidh sé abhaile maidin a márach agus bhí sé chomh maith is a bhí sé ariamh.
senior member (history)
2017-03-02 16:38
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ann fadó agus bhí cruit air. Chuaidh sé ar an aonach go Tuaim agus dhíol sé bó. D'ól sé uisge beatha ar an mbaile mór nuair a bhí an bó díolta aige.
Nuair a bí sé ag teacht abhaile bí sé ar mesice. Nuair tháinig sé in aice le cnoc Máighe ar a bhealach abhaile chonnaic sé solas ins an gcnoc agus druid sé in aice leis. Chuala sé na sidheóga a canadh agus ag damhsadh agus an port a bí acu " Dia Luain,Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt."
Bhí guth maith aige.