Number of records in editorial history: 9902 (Displaying 500 most recent.)
senior member (history)
2020-08-14 10:08
approved
rejected
awaiting decision
The baskets were used to putting out the turf in the bog. The baskets were put on an ass's back attached to a straddle. The bottom of the basket is called the cliath og.
The scibs were made with sally sticks. They would get some sally and turn the tops of them up and weave the bottom with sally sticks. They would weave the sides of them the same way. The scibs were used for bringing in turf, and for turninang the potatoes after being boiled into it to cool.
The clothes baskets were made the same way as the scibs. The thin sally sticks were pealed and boiled. There was a handle on the clothes baskets. There was a great basket maker named John Martin Branraduff who is still living.
senior member (history)
2020-08-14 10:00
approved
rejected
awaiting decision
duine ar bith forán a chur oirthi, ar sise:
“Má tá píobaire agaibh, níl céol agaibh,
Má tá cuirim agaibh, níl ól agaibh,
A’s a Sheáin Uí Dhomhnaill is feárr duitse éirigh.
A’s bhí ‘teacht liomsa ‘na bhaile”.
Ní rabh de sin ach sin. D’éirigh sé i gcliseadh agus d’imthigh sé ‘na bhaile le n-a mhnaoi fhéin.
senior member (history)
2020-08-14 10:00
approved
rejected
awaiting decision
marbh fear as Gleann an Budallán”.
Caith sé rith an tráthnóna mar sin ag fiafruigh do gach duine caide’n scéal a bhí leis agus ní rabh as béal gach duine dá dtigeadh an bealach ach gur mharbh fear as Gleann an Budallán”.
Ní rabh faoiseamh le fághail aige agus ba é deireadh an scéil go rabh sé ag dul ó áit go h-áit agus ó theach go teach ar a sheachnadh agus an tóir in a dhiaidh.
Fear pósta a bhí ann agus fhad a’s bhí sé ar a sheachnadh bhí dáimh aige le cailín a bhí i dteach a bhainfeadh sé faoi go minic ann agus bhí sé ag brath í a phósadh. Fuair a bhean chéile leideadh ar seo agus ghléas sí comh tiugh géar a’s thiochfadh leithe agus níor chaill sí mórán ama gur bhain sí an teach amach.
Isteach ar an doras léithe, sheas sí i lár an urláir agus dhearc sí thart. Bhí a fear féin, Seán Ó Domhnaill, in a shuidhe ag taoibh na teineadh agus sul má rabh faill ag
senior member (history)
2020-08-14 09:59
approved
rejected
awaiting decision
deireadh a bhí air gar thárraing Seán smaichtín ar an “Bhudallán” a d’fhág gan mhothughadh é, agus d’imthigh leis an méid a bhí ann a chroiceann. Bhain sé faoi i dteach giota measardha amach as an bhaile mhór. Ach ba ghoirid go rabh sé in a scéal fríd an aonach “gur mharbh fear as gleann an budallán”.
Bhí Seán sa teach seo annsin agus é mio-shuaimhneach go leór. Nuair a thigeadh duine aníos ó’n aonach ag tárraingt ar an bhaile, bhí sé de léim in a sheasamh, a cheann amach ar an doras aige ag sgairtigh: “An bhfuil scéal ar bith leat ó’n aonach indiu?”
Ó; ré sgéal”, a deireadh an duine sin ach “Fear as Gleann a mharbh an budallán”.
Théigheadh se isteach ‘un toighe arais agus d’fhanadh go mío-fhoighideach go léor go bhfeiceadh sé duine nó beirt ag tarraingt abhaile ó’n aonach. Phreabhfadh sé ‘un dorais arais agus é ag glaoidh: “Caide’n scéal atá libh ó’n aonach indiu?”
“Ó! níl mórán”, a deireadh siad, “ach gur
senior member (history)
2020-08-14 09:58
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear in a chomhnuidhe i gGleanncholuimcille fad ó shoin a rabh Seán Ó Domhnaill mar ainm air. Bhí sé 'na phíobaire agus théidheadh é fhad leis na h-aontaighe féachailt a dtiochfadh leis beagán nó morán a saothrughadh le n-a ghléas cheóil.
Chuaidh sé go h-aonach Bhaile an Droichid uair eigín. Thigeadh fear fhad leis na h-aontaighe san am chéadna ag díol earraidhe a rabh an “budallán” mar ainm air. Ní rabh macasamhail an fhir seo le fághail san am. Bhí an t-an urradh ann agus ní rabh dul ag aon duine a bhuaidh a fhághail.
Ach cibé ar bith is cosamhail go dteachaidh Seán Ó Domhnaill a cheannacht rud eighinteacht uaidh agus ní rabh dul aca margadh a deánamh. Sa deireadh shéid eatorra agus bá é an
senior member (history)
2020-08-14 09:57
approved
rejected
awaiting decision
do léim sí thar an chlochán, agus i ndeireadh thiar thall do shroich an t-sean bhean a baile fhéin an oidhche sin.
senior member (history)
2020-08-14 09:56
approved
rejected
awaiting decision
Chuaidh an t-sean bhean fá choinne na bó agus d’iarr sí deoch bhainne uirthi fa choinne an chait.
“Bhéarfaidh mé bainne duit”, arsa’n bhó má bheir tú uchtán féir chugam as an chruaich udaí thall”.
Chuaidh an t-sean-bhean go dtí an chruaich, thug sí léithe uchtán féir agus thug do’n bhoin é. Annsin do thug an bo braon bainne dí, agus thug an t-seanbhean do’n chat é.
Ligh an cat an bainne, agus annsin thoisigh sé ag marbhadh an Fhranncaigh; thoisigh an Fhranncach ag geárradh an súgáin; thoisigh an súgán ag crochadh an bhúisteóra; thoisigh an búisteóir ag marbhadh an daimh; toisigh an damh ag ól an uisce; thoisigh an t-uisce ag múchadh na teineadh; thoisigh an teine ag dóghadh an bhata; thoisigh an bata ag buaileadh an mhadaidh; thoisigh an madadh ag baint greama as an mhuic. Sgánnruigh an mhuc agus
senior member (history)
2020-08-14 09:55
approved
rejected
awaiting decision
madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht.
Ach ní gheárrfadh an Franncach an súgán agus chuaidh an t-sean bhean ar aghaidh giota eile gur casadh cat uirthi.
“A chait”, ar sise, marbhuigh an Franncach; ní gheárrfaidh an Franncach an súgán; ní chrocfaidh an súgán an búistéir; ní marbhóchaidh an búistéir an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
“Marbhóchadh an Franncach”, arsa’n cat, “ma bheireann tú deoch bhainne chugan ó’n bhan udaí thall”.
senior member (history)
2020-08-14 09:54
approved
rejected
awaiting decision
Ach ní mharbhóchadh an búistéir an damh agus do chuaidh an t-sean bean ar aghaidh giota eile go bhfaca sí súgán.
“A shúgáin”, ar sise, “croch an búistéir; ní mharbhóchaidh an búistéir an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní chrochfadh an súgán an búistéir agus do shiubhal an tsean bhean léithe gur casadh Franncach uirthi.
“A Fhranncaigh”, ar sise, “geárr an súgán; ní chrochfaidh an súgán an búistéir; ní marbhóchaidh an búistéir an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an
senior member (history)
2020-08-14 09:53
approved
rejected
awaiting decision
mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní mhúchfad an t-uisce an teine agus d’imthigh an t-sean bhean léithe gur casadh damh oirthi.
“A dhaimh”, ar sise, “ól an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní ólfadh an damh an t-uisce agus ghread an t-sean bhean léithe arís gur casadh búistéir uirthi.
“A bhúistéir”, ar sise, “marbhuigh an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce, ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht.
senior member (history)
2020-08-14 09:52
approved
rejected
awaiting decision
abhaile anocht”.
Ach ní bhainfeadh an madadh greim as an mhuic agus d’imthigh an t-sean bhean léithe go bhfaca sí bata.
“A bhata”, ar sise, “buail an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní bhuailfeadh an bata an madadh agus shiubhal an t-sean-bhean léithe go bhfaca sí teine.
“A theine”, ar sise, dóigh an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht.
Ach ní dhóighfeadh an teine an bata agus shiubhal an t-sean bhean léithe go bhfaca sí uisce i lochán.
“A uisce”, ar sise, “múch an teine; ní dóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an
senior member (history)
2020-08-14 09:51
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar. Thoisigh sí ag machtnamh agus ag smaoitiughadh caidé ba choír díthe a dheánamh leis an reul. Sa deireadh ar sise, “Rachaidh mé go dtí an margadh ag ceannóchaidh mé muc. Ach cibé ar bith chuaidh sí go dtí an margadh agus cheannuigh sí muc. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile b’ éigean dí dul trasna ar chlóchán, ach ní rachadh an mhuc thar an chlochán léithe agus ní rabh fhios aicí caidé dheánfadh sí.
D’imtigh sí léithe gur casadh madadh oirthi, labhair sí leis an mhadadh agus dubhairt: “A mhadaidh”, ar sise, bain greim as an mhuic, ní rachaidh sí thar an chlochán damh agus ní thig liom a dhul
senior member (history)
2020-08-14 09:50
approved
rejected
awaiting decision
an buachaill gurabh’ é gan amhras.
“Ar mhaith leat feiceáil cia h-áit a bhfuil an sgian sin saidhte anois?” arsa’n buachaill ruadh.
Dubhairt an buachaill eile gur chuma leis.
Thug an buachaill ruadh leis é fhad le cailín agus bhí an sgian phóca sáidhte i mbrollach an chailín sin.
“Bain amach an sgian sin anois”, arsa’n buachaill ruadh leis, agus bhain.
(Ach murab é an sgian chéadna, bhéadh athrughadh scéil le h-innse).
senior member (history)
2020-08-14 09:49
approved
rejected
awaiting decision
Bhí bád iasgaireachta amuigh ar an fhairrge agus bhí fuireann an bháid ag tógail doruga nuair a thug siad fa dear an fhairrge ag éirghe i dtobainne. Bhí na suidhistí ag buaileadh isteach i ndeireadh an bháid agus cuma air nach bhfeicfeadh siad talamh glas a choidhche.
Chuir buachaill aca a mhéar i bpóca a bheirte, bhain amach sgian phóca agus chaith sé i n-éadán na h-urchoide í, (de brigh go ndeirtear go bhfuil an t-iarann coisgreachta) ar eagla gur neach ar bith a bhí ann a dheánfadh dochar daobhtha.
Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc go dtáinig siad a dtír. Ní rabh siad i bhfad ar an chladac go dtáinig buachaill ruadh fhad leis an bhuachaill a chaith an sgian agus d’fiafruigh sé dó: “An tusa a chaith an sgian?” Dubhairt
senior member (history)
2020-08-14 09:48
approved
rejected
awaiting decision
mo chapall trasna ar mo ghearrán fríd shléibhte a’s fríd mhullaigh, fríd curraigh boga báidhte, fríd miodúin aibhréidhteach gur casadh beirt gasraidhe seacht seachtmhain, damh ag buaileadh tobac i dtobar.
senior member (history)
2020-08-14 09:47
approved
rejected
awaiting decision
“Fear ar thuairisc na caillighe”.
An gchuala tú nó an bhfaca tú tuairisc na caillighe a báideadh ar maidin Dé Domhnaigh? Dhá uair roimh éirigh na gréine, uair indiaidh an mheadhón lae.
Cé’n sráid bháile no áit chomhnuidhe in ar báidheadh í?
Baidheadh í faoi comhrac na gcúig casadh an áit a bhfuil na h-ocht dtroighe déag de dhroichead cloiche ar bhárr teampaill cleiteach a baidheadh na caillighe.
Maith ma’s tá, dá bhfághainn-sé bás gheobhadh an chailleach mo thuairise-se agus caithfidh mise tuairise na caillighe a fhághail.
Ghleas mé no bhróga ar mhullach mo cinn, mo hata ar bonna mo chosa
senior member (history)
2020-08-14 09:46
approved
rejected
awaiting decision
na bíodh níos no nanráin fa dtaobh de.
Uair éigín in a dhiaidh sin bhí beathadhaigh eallaigh ag inigilt ar thaoibh cladaigh. Bhí bearrach dhá bhliadhain ann a baineadh tuisleadh aistí agus shleamhnaigh sí síos le h-ált. Ní rabh s’ aon smál ní ba mheasa le na linn, ach amháin go rabh thios ar an chladach agus gan fios caidé’n dóigh a bhfuighfidhe aníos í.
Thárla go Brian fá na bailte agus thainig sé mar dhuine go mbreathnughadh sé an cás. Síos leis go dti’n cladach, chuir an bearrach ar a dhruim agus cha dteárn sé stad gur fhág sé ar bhruac na h-ailte í. Agus ó’n lá sin go dtí’n lá indiú tá “Fothar na mba droma” mar ainm ar an chladach sin.
senior member (history)
2020-08-14 09:45
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí fear ann aon uair amháin dar b'ainm Brian Ó Seasain agus bhí an dubh-urradh ann. Fear siubhail do bhí ann. Chuaidh sé isteach i dteach i gCúl na Cruaiche uair amhain. Thara gur lá gaoithe móire a bhí ann. Bhí fear an toighe as baile agus ní rabh aon duine i mbun an toighe an lá seo ach a bhean. Bhí eagla oirthi roimh an ghaoith mhóir agus rud eile bhí eagla oirthí go mbrisfidhe a’s go reubfaidhe an bád a bhí ag fear an toighe thios ar an chladach.
“Má tú a leitheid sin ‘e eagla ort”, arsa Brian, “tabhair damh-sa rópa agus socróchaidh mé na gnoithe”.
Thug bean an toighe an rópa do Bhrian, d’imthigh sé leis agus níor bh’fada go rabh sé arais agus an bád leis ar a dhruim.
“Sin cugat anois é” arsa Brian, agus
senior member (history)
2020-08-13 11:43
approved
rejected
awaiting decision
The townland in which I live is called Dunmanus West. There are about seventeen or eighteen families in it, and about seventy people, and they are all Catholics. Long ago - about forty years ago there were many more people in Dunmanus than there are at present, because there was a fishing industry there. A steamer used to come into the harbour to take away the fish. But when this fishing industry decayed a great number of the people went to other countries, - to England and America. Many men from the district used walk to Cork and beyond it in search of work in the harvest. One of these men is still living, James Denis.
Dunmanus has three townlands. - Fán -mór, Cumar, and Stiuch, but they all go under the (m) name of Dunmanus now. The most of the houses in Dunmanus are slated. There are not many old ruins in the land only one or two that are in my father's farm. In one of these old ruins the Cullinane family lived and the other ruin was an old school.
senior member (history)
2020-08-13 11:33
approved
rejected
awaiting decision
Trí nidh neamh - thuigsionách.-
Inntleacht mná, mil na mbeachóg,
Teacht a’s imtheacht na taoide.
Ni phi cian a masse in choirp.
Sin giota sean - ghaedhilge agus is ionann é a’s a rádh:
Ní mhaireann maise, nó áilneacht an chuirp i bhfad.
Tri comartha meraigi:-
Slicht a chire in a folt,
Slicht a fiacal in a chuid,
Slicht a luirge in a diaid.
senior member (history)
2020-08-13 11:32
approved
rejected
awaiting decision
Thug sé an t-sopóg arbhair do’n bhoin. Thug an bhó an braon bainne do. Thug sé an braon bainne do’n chat. Ruaig an cat an luchóg. Chuimil sé an t-im do chosa’ an ghadair. Ruaig an gadhar an fiadh. Shnámh an fiadh an t-uisce. Fhliuch an t-uisce an chloch. Líom an chloch an tuagh. Bhain an tuagh an t-slat. Nuair a tháinig Murchadh Mór agus an t-slat leis, bhí Murchadh Beag ar shiubhal agus ní fhaca sé a’n amharc air ní ba mhó.
senior member (history)
2020-08-13 11:31
approved
rejected
awaiting decision
do chosa’ gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Chá dtabhairfidh sinne aon bhunnóg aráin dhuit, arsa na mná go dtugaidh tú isteach trí criathar é agus ní’l a’n deor dá gcuirfeadh sé ann nach dtuitfeadh as arais.
Bhí sé mar sin go dtí sa deireadh go dtáinig an fheannóg-charrach thart. “Cuir láib leis”, arsa’n fheannóg, “chuir creafóg leis” agus bhéarfaidh tú isteach an t-uisce.
Chuir sé an láib agus an chreafóg leis an chriathar agus thug sé isteach trí chriathar uisce.
Thug mná an aráin an bhunnóg aráin do annsin. Thug sé an bhunnóg aráin do na bhuailteóiri. Thug na buailteóiri an t-sopóg arbhair do.
senior member (history)
2020-08-13 11:30
approved
rejected
awaiting decision
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na buailteóiri.
“Buailteóir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a scríobfadh im, im do chosa’ gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Cá dtugann sinne a’n t-sopóg arbhair dhuit, arsa na buailteóiri go bhfuig tú bunnóg aráin ó mhná an aráin sin thall.
Chuaidh sé fhad le mná na aráin annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na mná.
“Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do bhuailteóir, buailteóir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhain, bó a béarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a sgríobfadh im, im
senior member (history)
2020-08-13 11:30
approved
rejected
awaiting decision
géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir.
Chá dtéidhim sé leat, arsa’n cat, go bhfuigh tú braon bainne ó na buaibh breaca sin thall.
Chuaidh sé fhad leis na buaibh breaca annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n ba.
Bó a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a sgríobfadh im, im do chosa gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraoibh aréir.
Cha dtabhairfidh sinne aon deor bhainne duit, arsa na ba, go bhfágaidh tú sopóg arbhair ó na buailteóiri’ annsin.
senior member (history)
2020-08-13 11:29
approved
rejected
awaiting decision
go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
“Cá dtéidhim-se leat, arsa’n t-im go bhfuigh tú luchóg a sgríobfas mé”.
Chuaidh sé fa dhéin na luchóige annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n luchóg.
“Luchóg a sgríobfadh im, im do chosa’ gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Ní rachaidh mise leat, arsa’n luchóg go bhfuig tú cat a ruaigfeas mé.
Chuaidh sé fá dhéin an chait annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n cat.
“Cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a scríobfadh im, im do chosaibh gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar,
senior member (history)
2020-08-13 11:28
approved
rejected
awaiting decision
fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”
Ní rachaidh mise leat, arsa’n fradh, go bhfuig tú gadhar a ruaigfear mé.
Chuaidh sé fá choinne an ghadhair annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n gadar.
“Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murcádh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo cuid sughcraobh aréir”.
Ní rachaidh mise leat, arsa’n gadhar, go bhfághaidh tú im a chuimleóchas mé do mo chuid cósa.
Chuaidh sé fá dhéin an ime annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul? arsa’ t-im.
“Im do chosa, gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag
senior member (history)
2020-08-13 11:27
approved
rejected
awaiting decision
“Tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
“Ní rachaidh mise leat”, arsa’n tuag, go bhfuig tú cloch a líomhfas mé”.
Chuaidh sé fá dhéin na cloiche annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n chloch?
Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir.
“Chá dtéidhim-se leat” arsa’n chloch, “go bhfuigh tú uisce a fhliuchfas mé.
Chuaidh sé fá dhéin an uisce annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul? arsa’n t-uisce.
“Uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Chá dtéidhim leat, arsa’n t-uisce, go bhfuig tú fiadh a shnamh fas mé.
Chuaidh sé fá dhéin an fhiaidh annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n fiadh.
Fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a
senior member (history)
2020-08-13 11:26
approved
rejected
awaiting decision
Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dtaisgidh. Nuair a bhí deireadh bainte ag Murchadh Mór, d’iarr sé ar Mhurchadh Bheag an méid a bhain sé a thabhairt do. “Ó! arsa Murchadh Beag, “an méid a fuair mise d’ith mé iad”. “Maise, má dith”, arsa Murchadh Mór, buailfidh mise luach an iomláin ort anois. Cuaidh sé fa choinne slaite. “Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n t-slat.
“Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
“Chá dtéidhim-se leat”, arsa’n t-slat, “go bhfuig tú tuagh a bhainfeas mé.
Chuaidh sé fá dhein an tuaigh annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n tuagh.
senior member (history)
2020-08-12 10:50
approved
rejected
awaiting decision
11-5-1938
Tá mórán liosanna in ár bparóiste (paróiste Clann Labhráis). Tá lios i Loch Dhá Bhall, lios i dThúirín na Ghréine agus lios eile i gCuradh. Tamall maith ó shin cuaidh buachaill isteach i lios a Churadh agus coinneal ar lasadh aige. Théigheadh an coinneal i n-éag air cé gur las sé é trí nó ceithre
senior member (history)
2020-08-12 10:37
approved
rejected
awaiting decision
uaire. Buaileadh breoidhte an buachaill ceadhna agus níor mhair sé i bhfad. Buachaill de mhuinntir Dúnaidhe ón gCuradh do b'eadh é. I bhfailleacha móra iseadh bíonn na macalla agus fó uair oscaileann a ndhóirse.
Tá macalla i gCeann-sean-bhó i gCuradh Dubh agus i mbó Cárna. Aon uair amháin do dhóigh ceap atá 'na comhnaidhe i gChuradh Dubh na drisleacha a bhí ar an macalla. Do bhí an bó do b’fhe[?] a bhí aige marbh ar maidin roimis. Deirtear gur cómhradh aimsir bhreágh má bhíonn glór ag na macalla. Tá cilíneach i mbhaile na Cille agus tá sé beannuithe. Leanbhaí gan baiste a cuirtear ann. Dhóigh daoine éigint na drisleacha a bhí timcheall air agus thógadar na clocha a bhí ar an gclaidhe acht má dheineadar do buaileadh breoidhte iad agus gach aoinne eile bhí na dthigh. Chuireadar thar n-ais na clocha mar a bhíodar. Tá falla mór deanta mór timcheall air anois.
senior member (history)
2020-08-12 10:34
approved
rejected
awaiting decision
le bolgam a bhaint as agus ar sise ag tabhairt freagra air :
“Ólaim do shláinte a “Mhinic-a-Thig”
Fá tuairim sláinte an “Mhinic-nach-dTig”,
Is truagh nach é “Minic-nach-dTig”
A thigeas comh minic le “Minic-a-Thig”.
D’éirigh “Minic-a Thig” a gcliseadh, dfág slán aicí, agus bhain as amach agus níor chualathas scéal nó scuan uaidh ó shoin.
senior member (history)
2020-08-12 10:34
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaillí ag suirridh léithe. Is cosamhail go dtigeadh buachaill aca ar cuairt chuici go h-an mhinic ach chá dtigeadh an buachaill eile ach go h-annamh.
Tharla uair eigín go rabh siad araon i láthair an oidhche chéadna agus ar a theacht dóbhtha chuir sise fearadh na fáilte rompa. D’ullmhuigh sí féasta fa n-a gcoinne agus ní magadh nach rabh oidhche shubhailceach aca. Ach sul ma rabh deireadh leis an fhéasta labhair duine de na buachailli agus dubhairt; “ó tharla go bhfuil sinn araon i láthair caithfidh tú innse dúinn ciacu againn is feárr leat nó an bhfuil gean níos mó agat ar dhuine againn thar an duine eile. Ní féidir go bhfuil sinn araon mar an ionann”.
Bhí sise ar tí an cupa a thógail
senior member (history)
2020-08-12 00:03
approved
rejected
awaiting decision
used to strain the milk with a cloth which they called a nopigan. When they would be milking they used sing.
When she would be milked they used put a cross on the cow with froth. When they would be driving the cow they used say "hurch." They used have a horse shoe hanging inside on the back door for luck. When a person would be milking and if the cow did not stay quite he would say, "Fan an socair."
When they would be bringing the cow in the evening they would stand at the gate and say "hurch, hurch," and cow would come to them. When a cow would be after calfing they used boil milk and it used to get hard this this used to be called "beastings" milk. They used boil bread in the milk which was called sops. This custom is still observed in neighbourhood. When a cow would be after calfing they used tie a red rag to the calf's tail. This custom is still observed in my locality for the past thirty years.
They had no lanterns at that time. They used put a lighting candle in a can to show them light. They used
senior member (history)
2020-08-12 00:01
approved
rejected
awaiting decision
One time the people had many beliefs about the cow. They used to bless the cows on the hip bone after milking them so that they would give them milk. When a person used to go milking a cow and if the cow would not stand still he would say to her fan socair. Sometimes when people used to be selling cows they used to milk them into their shoes to take away the butter from them so as to have it in the next cows they would buy.
The cow used to stick her head into a hole in the "bails" and a board used to be pushed back so that she could not pull her he
senior member (history)
2020-08-11 23:57
approved
rejected
awaiting decision
The name of my townland is Tromoroe which means Trom Ruadh, Red alder. It got its name because of all the trees that were growing in it long ago. It lies to the west side of the parish of Kilmurry Ibrickane.
At present there are seventeen houses in this townland but there were more in it long ago. The most common surname is Shanahan. A few generations ago the most of the land was owned by the Shanahans but some of the names have changed since.
There are about seven old pensioners in the place namely. Mrs. Ryan, Mr. James Haren, Mr. Patrick Shanahan, Mrs. Shanahan, Mr. Andrew Shanahan, Mrs. Gallagher and Mr. Moloney. They have a good many Irish and English stories of the great deeds of the
senior member (history)
2020-08-11 23:49
approved
rejected
awaiting decision
“Bhal, siubhal leat anois”, ar seisean, “agus póssaidh mise thú”.
D’imthigh sí leis agus cheannuigh sé culaidh éadaigh díthe ó bun go bárr agus pósadh iad. Agus bhí sí in a sáith de’n t-saoghal ó sin amach. Ach bhí athrú scéil ag a chuid leas deirbhsiúracha nó ní rabh aca-san ach an cruaidhtean agus an t-anás agus an t-ocras go deireadh a saoghail.
senior member (history)
2020-08-11 23:49
approved
rejected
awaiting decision
D’fhiafruigh sí do cia fhad a bhí a thriall anocht. D’innis sé díthe go rabh sé ar lorg na giorrsaighe a bhí ag caitheamh na bróige a bhí in a láimh.
“Bhal”, arsa’n t-sean bhean, “tá fhios agam-sa cia h-áit a bhfuigh tú an ghiorrsach sin: Siubhal leat, agus na gabh anonn nó anall go rabh tú ag a leitheid seo de theach - ag innse do an áit a rabh an teach agus an bealach a bheirfeadh ann é. Nuair a thug an-leas-mhathair fa dear é ag tionntughadh aníos bealach a’ toighe chuir sí íochtar an trunnca ar a cuid inghineacha fhéin. Bhí an dílleachta bocht in a suidhe sa chlúdaigh agus gan uirthi ach na bratóga. Nuair a tháinig seisean isteach rinne an leas-mháthair forbhfailte mór roimhe. Annsin d’amharc sé thall agus i bhfas ar na giorrsachai uilig agus fa dheireadh chuaidh sé fhad leis an dílleachta agus dubhairt sé léithe :
“An tusa chaill an bhróg ag geafta thoigh’ an phobail Dia Domhnaigh seo a chuaidh thart?”
“Is mé, go dearbhtha”, ar sise.
senior member (history)
2020-08-11 23:48
approved
rejected
awaiting decision
i nganfhios mar bhéadh eagla uirthi go bhfeicfidh í. Bhí a leas-máthair agus a cuid leas-deirbhsiúracha ag teacht amach in a diaidh agus a gcinn tógtha in áirde go h-uaibhreach aca. Bhí mac an Riogh in a sheasamh ag an doras ag breatniughadh ortha do réir mar bhí siad ag teacht amach. Thug an dilleachta giorrsaighe iarraidh theacht thart ar a chúl ar eagla go bhfeicfeadh sé í, ach fuair sé a shúil oirthí, agus thug sé iarraidh í a leanamhaint le ceileabhar a chur oirthi. Ach sul ma dteachaidh aige fághail fhad cainnte léithe, bhí an rópa sgaoilte aici-se agus thug léim suas ar an chliobóg.
Shín seisean a lámh ag saoilstín go bhfuigheadh sé greim láimhe uirthi, ach caidé a fuair sé greim air ach ar an bhróig do bhí ar a cois, agus bhí an bhróg leis, in a laimh. Dubhairt sé annsin nach bpósfadh sé a’n bhean go bráthach ach an bhean a d’fhóirfeadh an bhróg díthe. Bhí sé ag siubhal thart annsin feuchailt an bhfuigheadh sé bean ar bith a rabh bróg de’n chineal céadna aicí. Casadh an t-sean bean bacach seo dó tráthnóna amháin go h-an mhall.
senior member (history)
2020-08-11 23:47
approved
rejected
awaiting decision
an t-sean chliobóg atá sa stábla, suidh ar a druim agus imthigh leat ‘un aifrinn fosda. Tá mac Riogh le bheith sa phobal agus an cailín is breaghta agus is doigheamhla a bhéas ann, tá sé le í a phósadh agus ar ndóighe, b’fheidir gur ionnat fhéin a chuirfeadh sé spéis.
Agus bhéarfaidh mise sean bhróga agus sean-stól duit agus nuair a rachas tú fhad le geafta thoigh’ an phobail fág an cliabóg in a seasamh ceangailte le giota rópa”. Rinne sí gach nidh dar iarr an t-sean bhean uirthi a dheánamh. Chuaidh sí ar a glúine taobh istigh de dhoras thoigh’ an phobail leis na droch éadaigh a bhí uirthi. Bhí an leas-mháthair agus a triúir ingheanach fhéin thuas ag riaghalacha na h-altóra agus iad cóirigh go péacach leis an uile chineal galantais ag dréim go sanntóchadh mac an Riogh bean aca. Nuair a bhí an t-aifreann thart agus an uile dhuine ag teacht amach as an phobal bhí an dílleachta bocht ag iarraidh a bheith ag teacht amach fríd na daoine
senior member (history)
2020-08-11 23:46
approved
rejected
awaiting decision
ghnáthach léithe a dheánamh i gcomhnuidhe.
Shuidh sí ins an t-sean áit a mbíodh sí ann i dtólamh agus thúsaigh sí ag smaoitiughadh ar an chaora dhubh a bhí marbh agus a bhí ‘na ceann comh maith sin díthe agus thoisigh sí ag caoineadh go truaghcánta a’s go craidhte. Le sin fhéin tchídh sí sean-bean bhacach a rabh bata léithe in a láimh ag tarraingt aniar chuici as faoi chreig a bhí ann. Bheannuigh an t-sean bhean díthe agus arsa sise.
“A thaisce ‘s a stór, caidé an fáth a bhfuil tú ag caoineadh”?
“Bhal, innseochaidh mé sin dhuit”, arsa’n ghirrseach, ag túiseadh agus ag innse dí fa’n chaoraigh.
Bhal, is mise an chaora sin, arsa’n t-sean bhean, agus bhéinn mo chailín óg murab é gur sgiob an madadh ceann de na cosa, ach anois tá mé ‘mo shean-bhean creapailte le mo shaoghal. An bhfuil fhios agat, ar sise, caidé a dheánfas tú Dia Domhnaigh seo chugainn. Tá, “nuair a imtheóchas an mhuinntir eile uilig ‘un aifrinn ar an chóisde tabhair thusa leat
senior member (history)
2020-08-11 23:45
approved
rejected
awaiting decision
Ó arsa’n girrseach, “níl mé i n-innibh a’n dath a ithe indiu le buaidhreadh agus le cumhaidh go bhfuil tú ag dul m’fhágail”. Ó, ith do sháith, arsa’n chaora, b’féidir go mbéadh aríst ann”.
D’ith sí beagán beag de’n bhiadh ach ní thiocfadh léithe morán a ithe, ach í ag caoineadh go cráidhte.
“Bhal, anois”, arsa’n chaora, tá mé ag imtheacht uait. Ach an bhfuil fhios agat caidé a dheánfas tú, “Nuair a bhéas mé marbh ag d’athair ar an tráthnóna seo agus nuair a bhéas sé ag feannadh an croicinn díom, bhí thusa cinnte a bheith do shuidhe ag na thaoibh agus cuir na ceithre cosa isteach ins an croiceann, cas é agus fág ‘na luighe é ag taoibh na cloiche móire atá taobh thíos thiar dein teach”.
Rinne sí seo ach dá bhárr ar an mhio-fhortún, tháinig madadh thart agus sgiob sé ceann de na cosa a bhí ins an chroiceann sul ar mhothuigh sí. Ar maidin láthair na - bhárach d’imthigh an dílleachta ‘na chnuic mar ba
senior member (history)
2020-08-11 23:44
approved
rejected
awaiting decision
bréagh, ag túiseadh agus ag innse dáthe fá’n chaora dhubh a bhí ag teacht fhad leithe leis an uile chineál bidh. Há! Há! arsa’n mháthair, b’fhurust aithne go rabh an dilleachta seo ag fághail ósta maith agus nach rabh sí i nuinighin an méid a bhí sé ag fághail sa teach seo. Ach go dtigidh tráthnóna i mbárach, ar sise, ní bhfuighidh sí morán nó gheobhaidh mise an chaora sin marbh”, arsa sise. Bhí an dílleachta ag cúl éisteacht leis an chainnt a bhí ag dul eatorra agus láthair na bhárach nuair a d’imthigh sí ‘na chnuic thoisigh sí ag caoineadh agus shuidh sí ar chúl ardáin agus í ag caoineadh léithe.
Tháinig an chaora dhubh fhad léithe agus d’fhiafruigh sí díthe caidé an fáth a rabh sí ag caoineadh. Ó, tá, arsa’n ghirrseach, tá mo leas-mháthair le tusa a mharbhadh ar an tráthnóna seo agus caidé a dheánfas mise do dhiaidh nó gheobhaidh mé bás le h-ocras.
Ó, ní bhfuigh, arsa’n chaora, ag spreidheadh an éadaigh ag na taoibh agus i bpreabadh na súl bhí bórd bréagh air.
“Ith do sháith anois”, arsa’n chaora
senior member (history)
2020-08-11 23:43
approved
rejected
awaiting decision
“A ingheán Ó”, “an bhfaca tú iongantas ar bith indiú?”
“Ní fhaca mé dadaidh”, a mháthair, ar sise, ach an t-anas agus an t-ocras, agus ní rachaidh mise chnuic níos mó”. Agus níl fhios agam caidé’n dóigh a bhfuil an dilleachta giorrsaighe beo ar chor ar bith ins an chnoc agus an t-anas atá sí ag fághail. Is Cuma díthe, ar sise, caidé,n t-anas atá sí ag fághail, dearc ar an cailín bréagh atá inntí le bhur dtaoibh-se. Arsa sise, leis an triomhadh inghean, ”caithfidh tusa dhul na chnuic go bhfeicfidh tú an seórt saoghail atá ann”.
D’imthigh siad leobhtha agus ní rabh siad an-fhada sa chnoc go dtí gur thuit sise in a codladh fosda. Caisé bhí uirthi-se ach ceithre súla agus d’fhan dhá shúil aca fosgailte agus chonnaic sí an uile sheort a bhí ag dul eadar an dilleachta agus an chaora dhubh. Nuair a tháinig siad a bhaile tráthnóna d’fiafruigh an mháthair díthe an bhfaca sí iongantas ar bith sa chnoc indiu. Chonnaic mé oiread, ar sise, ionnas nach bhfuil iongantas do’n dilleachta seo a bheith ar a cailín
senior member (history)
2020-08-11 23:42
approved
rejected
awaiting decision
aca a dul abhaile, bhí an bhean a bhí in a codladh le musgladh aicí agus í chor-a-bheith fleaichte. Nuair a tháinig siad abhaile d’fiafruigh an mháthair díthe: “A inghean Ó! an bhfaca tú iongantas ar bith indiú?”
Ní fhaca mise a dhath, a mháthair, ar sise, ach an t-anas agus an t-ocras agus ní rachaidh mé ‘na chnuic níos mó.
Lathair - na bharach d’iarr sí ar bean eile aca a dhul leithe ‘na chnuic. D’imthigh siad leobhtha agus ní rabh siad i bhfad sa chnoc go dtí gur thuit sí seo in a codladh fosda. Nuair a fuair an chaora dhubh í seo in a codladh tháinig sí leis an éadach, spréidh sí é mar rinne sí gach iarraidh roimhe sin, tháinig gach uile chineal bidh air agus d’ith agus d’ól an dilleachta a sáith. Chruinnigh an chaora dhubh an t-éadach agus d’imthigh sí leithe suas an cnoc mar rinne sí gach uair roimhe sin. Nuair a bhí sé i n-am aca dhul abhaile bhí an bhean a bhí in a codladh le musgladh agus í cor a bheith caillte. Nuair a tháinig siad abhaile, d’fhiafruigh an mháthair díthe,
senior member (history)
2020-08-11 23:41
approved
rejected
awaiting decision
chnoc, Thigeadh an ghiorrsach a bhaile nuair a bhíodh an oidhche dhubh ann agus go minic í fliuch, fuar, cughnailte. Ach ba chuma, bhí sí ag bisiughadh sa chruth nach rabh a’n chailín eile ins an áit a bhí comh bréagh nó comh doigheamhail léithe. Ní rabh fhios ag an leas-mháthair caidé’n dóigh faoí’n Righ a rabh sí a deánamh a leithéid de chailín bhréag le taoibh a cuid ingeanach féin mar bhí fhios aicí in a croidhe istoigh an droch bheart a bhí sí ag imirt uirthi. Smaoitigh sí go gcuirfeadh sí bean dá cuid ingeanach féin leithe ‘na chnuic, agus chuir. Níor bh’fada sa chnoc iad gur thoisigh sé ag cur fearthanna agus thuit a inghean fhéin in a codladh. Nuair a fuair an chaora dhubh in a codladh í tháinig sí fhad leis an dílleachta giorrsaighe, spréid an t-éadach roimpi, agus tháinig an uile chineal bidh ar an éadach. D’ith sí agus d’ól sí a sáith de’n uile chineál. Chruinnigh an chaora dhubh an t-éadach agus d’imtigh sí leithe má rinne sí gach aon uair roimhe sin. Nuair a bhí sé i n-am
senior member (history)
2020-08-11 23:40
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh. Bliadhain a d’fhan an bhaintreabhach diomhaoin gur phós sé arais agus bhí an dara bean go h-an olc do’n dilleachta giorrsaighe. Ní rabh sí a tabhairt a ceart bidh dithe mar bhí sí ag tabhairt dá cuid páisdí féin agus nuair a d’éirigh sí mór láidir ionas go rabh sí i n-innibh a dhul a dh’obair, díbriughadh sí ‘na chnuic í ag bhuachailleacht eallaigh. Bhí caora dhubh ag siubhal le caoirigh a h-athara sa chnoc agus thigeadh sí ‘ach uile lá fhad leis an dílleachta agus spréidheadh sí éadach geal ag na taoibh, a’s tigeadh an uile chineál bidh ar an éadach sedo go dtí go n-itheadh an ghiorrsach a sáith. D’imthigheadh an chaora leis an éadach annsin fríd na caoirigh eile a bhí ar an
senior member (history)
2020-08-11 23:39
approved
rejected
awaiting decision
Chonnaic sé an fheoil istoigh sa phota agus dubhairt sé nach n-íosfadh siad san feóil ar an Aoine. Sheas sé os cionn an phota, chuir a “Ribín” fá na mhuineál, agus thionnthuigh an fheóil isteach in a iasg. Agus tar éis sin thionntuigh an ministir agus a bhean chun an chreidimh fíor.
senior member (history)
2020-08-11 23:38
approved
rejected
awaiting decision
dearbhráthair an bhaoghailigh agus é in a shaghart. Chuaidh sé isteach ‘un toighe agus ní bréag a rádh nach rabh fáilte roimhe.
Annsin d’fhiafruigh an sagart d’á dheárbhrathair ciarbh’í an bhean a bhí aige. Dubhairt an dearbhráthair gurab í a bhean fhéin í agus gurab í inghean an mhinistir í fosda. Rinneadh réidh tráth bidh fá n-a choinne agus nuair a bhí a chuid deánta aige thionntuigh sé an bhean óg chun an chreidimh fíor.
D’innis siad do’n t-sagart annsin go rabh súil aca cuairt a thabhairt ar an mhinistir lá - thar - na - bhárach, agus chuaidh. Tharla gurab í an Aoine a bhí ann lá - thar - na - bhárach agus bhí pota mór feola ar an teinidh ag bean an mhinistir fa choinne an dinneára. Nuair a shroich siad an teach bhí fearadh na fáilte rompa. Bá ghoirid gur túiseadh ag deánamh réidh an dinnéir agus bhí bean an ministir ag cainnt ar an fheoil mhaith a fuair sí fa choinne na h-ócaide. Cualaidh an sagart iad ag cainnt ar seo agus chuaidh sé suas fhad leis an phota agus d’amharc isteach ann.
senior member (history)
2020-08-11 23:36
approved
rejected
awaiting decision
a dtáinig sé. Bhí comhrádh fada ag an mhinistir leis an bhuachaill. Sa deireadh arsa’n baoghailleach, “ba mhaith liom dá dtabharfa do inghean damh mar bean chéile” arsa seisean.
“Bhéarfaidh agus fáilte”, arsa’n ministir.
Thionntuigh sé ar a inghean annsin agus dubhairt: “An bhfuil tú sásta an buachaill seo a phósadh”, arsa’n t-athair.
Dubhairt sise go rabh. Shuidheadar thart annsin ag cainnt ar ghnoithe an phósta agus socrughadh go bpósfaidh an lánamhain cúpla mí in a dhiaidh sin. Pósadh agus tháinig siad araon a chomhnuidhe go dtí’n Mhachaire.
Chuaidh na bliadhantha thart agus lá amháin smaoitigh siad go rachadh siad a dh’amharc ar an mhinistir. An lá sul a dteachaidh siad ar an astar tháinig each geal bán agus fear ag marcuidheacht air anoir ó bhaile mhór na nGleanntach agus ní dheárn sé stad nó comhnuidhe gur shroich sé teach an bhaoghailigh, agus stad sé annsin. Cé bhí ann ach
senior member (history)
2020-08-11 23:36
approved
rejected
awaiting decision
sa stábla agus ar a theacht isteach dó tchíd sé litir mhór scríobhtha ar an tábla. Bhí cunntas ins an litir gur imthigh an dearbhrathair le bheith ‘na shagart agus go dteachaidh an deirbhsiúir ins na mná riaghalta. Ó seo amach bhí sé leis fhéin ach ní rabh caill no anás ar bith air.
Seachtmhain in a dhiaidh seo chuaidh sé a dh’amharc ar inghean an ministir arís. Nuair a shroich sé an teach tháinig sé anuas de’n bheathadhach. Nuair a tháinig sé ‘un talaimh tháinig an cailín amach as an toigh agus chuir sí fáilte roimhe. D’iarr sí air theacht isteach agus suidhe agus go gcuirfeadh sí fhéin an beathadhach sa stábla agus chuir. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an ministir agus a bhean ‘na suidhe ag an teinidh, eisean ag leigheamh leabhair agus a bhean ag scríobhadh litre. D’éirigh siad in a seasamh agus chuir siad foradh na fáilte roimh an strainnséir.
Ar thoradh moille tháinig an inghean isteach agus d’innis sí do na h-athair ciarbh’é an strainnseir agus cár b’as
senior member (history)
2020-08-11 23:34
approved
rejected
awaiting decision
do’n pháirc a dtiocfadh leis an capall a chur isteach ann. Dubhairt sí go rabh. D’iarr sé uirthí a dhul leis agus an stábla a thaisbeáint do. Chuaidh. Nuair a chuir sé an capall sa stábla, d’imthigh sé síos ‘na páirce agus d’imthigh an cailín léithe fá na gnoithe fhéin. Nuair a bhí an lá mór thart chuaidh sé go dtí an stábla go bhfuair sé an capall. Nuair a bhí sé ag druid dorais an stábla labhair an guth ar a chúl. Thionntuigh sé thart. Cé bhí ann ach an cailín. D’fhiafruigh sí do caidé mar thaitnigh an lá leis. Dubhairt sé go rabh an lá ar fheabhas. Annsin rinne sí é a comoradh fhad leis an fhairrge. Sheas siad tamall annsin ag cainnt agus ag comhrádh. Dubhairt seisean go rabh sé i n-am aige bheith ag breith as. Chuaidh sé de léim ar dhruim an bheithidhigh, léim an beathadhach amach san fhairrge agus d’imthigh leo ag tarraingt ar an bhaile. Ní a shroic sé an baile, ní rabh an bheirt eile a d’fhág sé in a dhiaidh sa bhaile, ní rabh sin sa tigh. Chuir sé an beathadhach
senior member (history)
2020-08-11 23:34
approved
rejected
awaiting decision
fhichead punta air. Bhí an capall seo an-chríonna. Lá áirighthe, bhí lá spóirt le bheith i bPoinnte Luachrais agus thug sé amach an beathadhach as an stábla agus chuir an diallaid air. Léim sé ar dhruim an bheithidigh agus d’imthigh leo cos i n-áirde ag tarraingt ar an Phoinnte. Nuair a tháinig siad fhad leis an chuan stad siad. D’amharc an beathadhach trasna na fairrge agus leig sé osna as. Thug sé léim amháin isteach san fhairrge agus d’imthigh ar an t-snámh. Snámh an beathadhach leis go dtáinig sé isteach ar an talamh thirin ar an taobh thall de’n chuan. Nuair a tháinig siad i dtír, léim an buachaill anuas de dhruim an bheithidhigh agus shín leo ag tarraingt ar pháirc na h-imeartha ar a bhealach ‘un na páirce casadh cailín óg air a bhí an-chumtha. Chuir sé ceileabhar uirthi agus d’fiafruigh sé díthe cé í fhéin? D’innis sí do gurab í inghean an mhinistir a bhí inntí agus go rabh sí ag dul go toigh na comharsan fá choinne bainne. D’fhiafruigh sé díthe an rabh áit ar bith neas
senior member (history)
2020-08-11 23:32
approved
rejected
awaiting decision
“Mór uaisle na tíre agus Baoghalaigh an Mhachaire”.
Dream daoine a bhí ann fad ó shoin ar a dtugtaoi “Baoghalaigh an Mhachaire”. Bhí teach bréagh sglátaí aca agus iad in a gcomhnuidhe a chois na fairrge. Beirt bhuachaillí agus cailín a bhí sa teaglach agus bhí an triúir aca an-dílis dá chéile.
Tharla uair amháin gur cheannuigh an mac a b’óige capall gorm air aonach Áird a’ Rátha agus thug sé dhá-
senior member (history)
2020-08-10 17:08
approved
rejected
awaiting decision
arais ag snámh”.
“Ó” ar seisean, má tá sin amhlaidh níl gar damh-sa féachailt leat agus caithfidh mé an geall trom a íoc, agus d’íoc sé é.
senior member (history)
2020-08-10 17:08
approved
rejected
awaiting decision
sé i Nua Eabhrach romhainn.
Dhearc an caiftín go géar agus nuair a thug sé fa dear é d’órduigh sé ar an bhomaite an fear a thabhairt ar bórd.
Nuair a shroic siad céidh Nua Eabhra bhí fear ann agus é ag maoidheamh gurab ‘é fhéin an snáimhtheóir a b’fhearr a bhí ar an domhán. Bhuail an fear seo geall leis gurab é fhéin a bh’fearr ag snámh. Bhuail siad geall trom le na chéile agus tháinig an lá a rabh siad le fiachailt ciacú a b’fhearr. Sul ar thoisigh siad chuaidh fear na h-Éireann isteach i siopa éadaigh agus cheannuigh sé an dubh-rud Eadaigh ann. Cheangail sé an beart ar a dhruim. “Caidé tá tú ag deánamh leis na h-éadaigh sin”? arsa fear Mhearaice.
“Tá”, ar seisean, “tá mé ag dul a dtabhairt abhaile liom go h-Éirinn. Ní rabh morán éadaigh ag mo bhunadh nuair a d’fhág mé thall agus dar liom go mbéadh rud eighínteacht liom chuca. Thig leat-sa a bheith liom agus nuair a bhéas muid tuirseach thall tiochfaidh muid anall
senior member (history)
2020-08-10 17:06
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ag dul go Mearaice uair éigín fad ó shoin agus ní rabh a sháith airgid aige le na bhealach a íoc, agus ar an ádhbhar sin ní leigfeadh an caiptín ar bhórd an t-soithigh é. bhí máirnealach ar an luing agus d’fhiafruigh sé de an rabh snámh aige agus dubhairt seisean go rabh. “Bhal” ar seisean, “má bheir tú damhsa an méid airgid atá agat bhéarfaidh mé liom tú ar an t-soitheach i nganfhios”, agus thug.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go rabh siad ag tarraingt comhgarach do chéidh Nua Eabhra agus chaith an mairneálach an fear amach ‘san fhairrge. Thionntuigh sé ar an chaiftín agus dubhairt, Ó, a chaiftín, ar seisean, an fear nach dtabhairfeá leat ar bórd i nDoire tá sé ag snámh roimh an t-soitheach agus ‘sé an chuma atá air go mbéidh
senior member (history)
2020-08-10 17:05
approved
rejected
awaiting decision
t-oifigheach, nó sin fear nach bhfacaidh mise ariamh go fóill taobh istoigh de na ballaí seo go dtí indiú, agus ó thárla go rabh tú i n-innibh gniomh comh fearamhail sin a dheánamh cuirfidh mise dhá stríoch ort i n-áit an ceann a bhí ort a bhaint díot.
senior member (history)
2020-08-10 17:04
approved
rejected
awaiting decision
mhórán, ba é an deireadh a bhí air go rabh sé ag troid agus ag banntrá[igh]? le lucht na taibhirne. Léim duine aca amach agus sgairt ar an chonstábla. Tháinig sé go tapaidh agus ba ghoirid go rabh sé ‘un sleanntrach’ leis an bhacach. Níor luaithe duine aca thíos no thuas go dtí sa deireadh gur éirigh leis an chonstábla é a stréachail taobh amuigh de’n doras. Leis sin, tháinig an searseant agus constábla eile le láimh chuidigh a thabhairt dó. “Seo”, ar seisean, “fanagaidh amach, nuair a thug mise an fad seo é, bhéarfaidh mé rith a’ bhealaigh é.
Nuair a shroic sé ‘na bearaice, ní rabh mórán ‘e bhárr aige. Bhí sé briste, bruighte agus a rabh air sgiallta, stróctha. Casadh an t-oifigeach air taobh istoigh de’n dorás. “Cá bhfuair tú an bitheamhnach sin”? arsa’n t-oifigeach leis an chonstábla.
“Bhí sé shiar annsin sa teach taibhirne ag réabadh agus ag sgeanadh gach nidh dá bhfuigheadh sé greim air”, arsa’n constábla.
“Creidim sin i gceart” arsa’n
senior member (history)
2020-08-10 17:03
approved
rejected
awaiting decision
“Tabhair damh iad” arsa’n bacach, “agus nuair a bhéas tú réidh liom-sa ‘sé an rud a chuirfeas an t-oifigeach dhá srtíoc ort ní amháin thú a bhriseadh”. Rachaidh mise síos go dtí an teach taibhirne agus ólfaidh mé luach an dá sgilling. Toiseóchaidh mé ag troid agus ag réabadh a bhfuil istoigh. Bhí tusa ‘do sheasamh comhgarach do’n teach agus cuirfidh siad éileamh ort. Tar thusa agus
bhí cinnte gan a’n constábla a leigean ‘mo chomhair ach thú fhéin. Beir thusa orm-sa agus béidh tamall streachailt eadarainn araon ar feadh tamall. Leagfaidh mise thusa agus leagfaidh tusa mise. Béidh muid mar sin ar feadh tamaill agus i ndeireadh ama éireóchaidh leat mise a fhághail taobh amuigh de’n doras. Streachail leat mé síos an t-spáid go dtí an bearraic”.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, d’imtigh an bacach leis go dtí an teach taibhirne agus d’ól sé a sháith. Níor bhfada gur thoisigh an aighneas, agus ó’n bheagán go dtí an
senior member (history)
2020-08-10 17:02
approved
rejected
awaiting decision
Bhí constábla i gConndae an Chabhain aon uair amháin agus chuaidh sé anonn go h-Albain agus fuair sé stáisiún annsin. Ní rabh dul aige aon chás d’fhághal agus dá bhrigh sin dubhairt an t-oifigeach leis lá amháin go gcaithfeadh sé é a bhriseadh.
Thárla go rabh sé ag spaisteóireacht fá’n t-sráid an tráthnóna céadna sin agus tháinig bacach as a bhaile dhuthchais thart agus thug sé fá dearc an smúid agus an ghruaim a bhí ar agaidh an chonstábla. D’fhiafruigh an bacach dó an rabh aon dath ag cur imnidhe air. Dubhairt an constábla leis go rabh an t-oifigeach ag dul a bhriseadh chionnus go rabh sé ag sáriughadh air aon chás d’fhághail.
“Bhal”, arsa’n bacach leis, “an bhfuil dhá sgilling agat”?
“Tá”, arsa’n constábla.
senior member (history)
2020-08-10 17:01
approved
rejected
awaiting decision
iad na cait fiadhaine a thug do é síos ag an t-sean cill.
“A Mhurchaidh bhig dhílis, dóigh an dá shúil amach asain agus chaith isteach sa t-sean chill mé” arsa Murchadh Mór. Dhóigh Murchadh Beag an dá shúil as agus d’fhág sé shíos sa t-sean chill é.
An oidhche sin chruinnigh na cait fiadhaine isteach agus dubhairt an sean chat liath go rabh duine eighinteacht ag cúl-eisteacht an oidhch, fá dheireadh agus anois go rabh inghean an Riogh leigheasta Cuartigidh ar siadsan le chéile go bhfeicfidh sibh an bhfuil a’n duine istoigh anocht. Chuartuigh siad agus fuair siad Murchadh Mór agus rinne siad giotai beaga agus biadh mialtóige de. Bhí a sháith ag Murchadh Beag fhad a’s bhí sé beó ach níor gnothughaidh mise dadaidh air ach stocai bainne reamhra agus bróga páipéir.
senior member (history)
2020-08-10 17:00
approved
rejected
awaiting decision
ar bith a leigheasfadh í ach uisce an tobar beag sin thíos. Annsin nuair a d’imthigh siad cuaidh Murchadh Beag síos ar a lámha a’s ar a chosa fhad leis an tobar, chuir sé a lámh sa tobar agus chumil sé an t-uisce ar a shúile agus fuair sé radharc na súl arais. Annsin, chuartuigh sé buiudeál go dtabhairfeadh sé cuid de’n uisce fhad le inghean an Riogh. Sháruigh sé air buideál a fhághail ach thug sé leis lán dhá shean bhróig, agus chuaidh fhad le cúirt an Riogh. D’fhiafruigh sé cia rabh an cailín a bhí breoidhte? Taisbeanadh do í agus annsin thug Murchadh Beag lán na bróige d’uisce díthe le h-ól.
Thug sé an t-uisce díthe le h-ól trí mhaidin indiaidh a cheile agus ar an triomhadh maidin bhí sí in a sláinte arais. Annsin thug an Rí mala óir do Murchadh Beag agus d’imtigh sé leis ag tarraingt ar an bhaile.
Nuair a bhain sé an bhaile amach d’fhiafruigh Murchadh Mór dó cia bhfuair sé an mála óir? Dubhairt sé gurrab
senior member (history)
2020-08-10 16:59
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b’ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mhór agus caidé rinne Murchadh Mór ach dearg sé bior iarainn sa teinidh agus dhóigh sé an dá shúil amach as Murchadh Beag. Annsin chaith sé isteach i mála é agus d’iomchar sé leis é agus chaith sé isteach i gcill é.
An oidhche cheanann chéadna sin chruinnigh na cait Fiadhaine isteach agus thoisigh siad a d’innse sgéal. Bhí sean chat liath bán ann agus thoisigh sé d’innse sgéil. Nuair a bhí mise mo phisín bhí mé ‘mo chomhnuidhe i dteach an Riogh. Lá amháin nuair a thoisigh mé a dh’ól an bhainne tháinig fear isteach agus bhuail sé mé le fód mónadh. Leig mise trí ribe de mo chuid fionnaidh isteach sa bhainne, d’ól inghean an Riogh é agus tá sí tinn ó shoin. Níl rud
senior member (history)
2020-08-10 16:58
approved
rejected
awaiting decision
thabhairfeadh siad dídean duinn. Agus sin an fáth a rabh an táirneach agus na splanncacha agus an ghaoth mhór ann aréir. Anois béidh sibh-se ag éirge níos saidhbhre acha’n lá a bhéas ag teacht agus an rud nach mbéidh agaibh indiu bhí dhá oiread agaibh i mbárach agus ceithre oiread anóirthear
bFhíor dóbhtha, d’éirigh siad comh saidhbhir a’s gur thóg siad cúirt nach rabh a leithéid eile i nÉirinn ariamh nó ó shoin agus ní bhéidh go bráthach.
senior member (history)
2020-08-10 16:57
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a tháinig siad isteach d’iarr sé ortha dhul amach agus an bhó a bhlighe. Dubhairt an seanduine nach dtiocfadh leobhtha nó nach rabh inntí ach bearrach. Go díreach, le bheith umhal, chuaidh siad amach agus bligh siad lán stópa de bhainne.
Annsin nuair a chuaidh siad a luighe, thoisigh an ghaoth-mhór, agus tairneach agus splanncacha agus shaoil siad gur dhual de’n teach tuitin ortha agus nach mbéadh siad beo ar maidin. Nuair a d’éirigh an seanduine amach ar maidin ní rabh cloch ar bun cloiche san áit a rabh an caisleán nach rabh leagtha go dtí’n dubhsraith.
“Ó” arsa’n seanduine, “tá mo ghnoithe dheánta. Iad-san a bhí ag coinneáil dóigh bheó orainne annseo agus tá siad féin ar shiubhal anois agus mar sin de, caithfidh muid-inne a dhul amach a’ chruinniughadh ár gcodach”.
“Bhal” arsa Muire, “bhí siadsan comh bocht libh-se nuair a bhí sinne thart an iarraidh dheireannach agus dubhairt muid-inne go mbéadh siad ag éirighe níos saidhbhre gach lá agus nuair a tháinig sinne thart i mbiadhna ní
senior member (history)
2020-08-10 16:56
approved
rejected
awaiting decision
ag doras an chaisleáin. Tháinig an bhean fhad leis an dorás agus dubhairt nach dtiochfadh leóbhtha iad a choinneáil, go rabh siad ró-bhocht agus go rabh lán bharraidheacht uaisle ag teacht fá’n teach. Thionntuigh siad amach arís go buadhartha brónach agus chuaidh siad fhad leis an teach a rabh an t-seanbhean agus an seanduine ann. D’iarr siad lóistín agus dubhairt siad go gcoinneóchadh siad iad go maidin. Nuair a bhí siad ‘na suidhe thart fá’n teinidh d’fhiafruigh Muire dóbhtha an rabh a’n phréata aca. Dubhairt an seanduine nach rabh a’n phréata aca ach an méid a chur siad indé.
“Bhal” arsa’n leanbh, “gabh amach agus bain na préataí [ura]?.
“Ó; ní thiocfadh liom”, arsa’n seanduine, agus gan mé ach dá gcur indé”
Leis an umhlaidheachta a dheánamh chuaidh siad amach agus bhain siad na préataí i bfheárr a baineadh ar an bhaile sin ariamh nó ó shoin agus ní bhainfear a leithéid go bráth arís.
senior member (history)
2020-08-10 16:55
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Muire agus a Mac amuigh ag cruinniú déirce lá amháin. Bhí siad ag siubhal leó agus fa dheireadh tháinig siad fhad le teach beag. Chuaidh siad isteach ann agus d'iarr siad lóistín. Dubhairt bean a’ toighe go dtabhairfeadh sí lóistín dóbhtha ‘siud a’s go rabh siad an-bhocht agus nach dtiocfadh leobhtha morán níos mó nó dídean an toighe a thabhairt dóbhtha. Nuair a tháinig am codlata chuaidh sí a luighe agus ar maidín lá thar na bhárach nuair a bhí siad ag imtheacht thionntuigh Muire thart agus dubhairt sí go mbéadh siad ag eirighe saidhbhir gach lá ó seo amach. Sa deireadh d’éirigh siad comh saidhbhir a’s gur thóg siad caisleán. Tháinig sean lanamhain thart agus thug lucht an chaisleáin a sean arús dóbhtha.
Bliadhain ó’n am sin, tháinig Muire agus a Mac thart arís agus bhuail siad
senior member (history)
2020-08-06 19:48
approved
rejected
awaiting decision
The cure for a wart was to get a shell-snail and after taking him out of the shell to rub him to the wart, then the snail was stuck in a thorn of a black-thorn tree and left there to die and when he was withered the wart had withered away also.
A child that had the chin-chough (whooping cough) its parents brought in a gander and let it breathe into the child's mouth. The gander's breath was supposed to have healing properties.
senior member (history)
2020-08-06 19:42
approved
rejected
awaiting decision
The names of the fields on my father's farm are :- Pairc an thige which means the field of the house. Pairc an tobair, the field of the well, Pairc na claise, the field of the laig or hollow. Pairc na ngamhann, the field of the calves.
senior member (history)
2020-08-06 19:38
approved
rejected
awaiting decision
We have a churn at home and it called a "plunge" churn. Our churn is fairly high and it about two feet wide round the bottom and top, and it is narrow in the centre. Our churn is about thirty years of age.
The article we move up and down to churn the milk is called the staff. The top part of the churn is called the crib, and the bottom part is called the "staves".
In summer butter is made about three times a week, and in winter it is made about once a week. When strangers come in they help at the work because if they did not they would be taking the good of the milk with them. It takes about an hour to churn the milk and it is churned by hand.
People know that the butter is done where they see the butter coming up in lumps. Water is used during the process to wash down the churn and to make the milk churn.
When the butter is ready it is left to cool. Then it is taken out into a dish and salted. After that it is "haired" and then it is washed until the water runs clear off it. Then it is made up in either pound prints or half pound prints for sale.
We use the butter milk for drinking and
senior member (history)
2020-08-06 19:36
approved
rejected
awaiting decision
half on each side and each side join hands. Then one side advances in and out against the other and they say, "Will you have a glass of wine see we are soldiers. Will you have a glass of wine for we are the roughy soldiers."
Then that side stands and the other side does the same and they say, "We don't want your glass of wine see we are soldiers. We don't want your glass of wine for we are the roughy soldiers."
Tig.
The game starts by casting lots to find out who is to start. Any number can play it if the place is big. Then that one runs after the rest of the children and the first one he catches has to do the same.
Thread thread the needle can
When people are playing "Thread thread the needle can two of them go out and choose a colour each and then they catch each other's hands and the other people go out under their hands. The two people holding hands say. "Thread thread the needle can let them all pass by except the very last one." When it comes to the last person she stands between the other people's hands and they ask her which of the colours she prefers and which ever one says she is
senior member (history)
2020-08-06 19:32
approved
rejected
awaiting decision
The Bleach-yard, extended from Jail Hill through Lynnburg Tce., to Ballinderry - as far as bank of Brosna, which was called "The Road of the Divisions."
Flax. Great crops of flax were grown by farmers of the locality and of neighbouring counties. It was sold at the flax-market to the mill-owner.
The mill stood on the banks of the Brosna - where the present "dog-track" runs. Her the flax was stept in bundles in the Brosna - scutched and combed in the scutch mill - woven into linen, and finally stretched to bleach on the green. The bleach-yard was at one time owned by a Mr Tobin. It was called by the Irish name "Tuar" - old people of the present day still call it by that name.
The linen was dyed in a dyeworks - situated on Jail Hill somewhere behind Old Jail. It was owned by a Mr. Ferguson - the father of Dr. Ferguson who sent Brian Seery to the gallows. In the dyeworks a number of young girls and boys were employed for the princely sum of 2 1/2 d. per day.
senior member (history)
2020-08-06 19:25
approved
rejected
awaiting decision
man John found it. Then "My man John" would say "Is it I sir." Then the leader would say "Yes you Sir" The next question would be Who then Sir? and my man John would say "Cock o'the walk". or some other of the names. The same questions would go on with aich player and whoever would be last would have to pay something as a forfeit and then the game would begin over again. We also used to peg an' ould slipper from wan to t'other of us, too and try to ketch it 'Hurry the brogue that was. An' all the ould rhymes we used to have did yez ever hear. "The twelve days of Christmas: 'twas like this:- The first day of Christmas my true love sent to me
A partridge and a pear tree
senior member (history)
2020-08-06 19:23
approved
rejected
awaiting decision
People in olden times were early risers, and so a day's work was often done before the morning meal, which consisted of oat-meal porridge and milk or potatoes and milk. Milk was drunk from noggins, i.e, wooden mugs, handleless, made by coopers of which there were many engaged in work in town. The plates off which they ate were also wooden and were called platters. The table was usually kept by the wall and when in use it was drawn out on middle of floor and family sat around it. Sometimes is consisted of a leaf or shelf of timber which was nailed to the wall by leather hinges. It was raised for meal time and dropped down again when not in use.
The midday meal consisted of potatoes, butter, buttermilk. In houses of the poor the potatoes were boiled and drained through a "crandy" a round wicker basket. Crandy was placed on floor and family sat around and ate the potatoes out of their skins off platters held on their knees. Knives and forks were unknown but wooden spoons were used. Some times the potatoes were turned out of crandy on to a "práisgín" spread on floor.
senior member (history)
2020-08-06 19:16
approved
rejected
awaiting decision
There was a woman who lived in Benagh named Mary O'Hanlon who was a hard worker She had not got any land of her own so therefore she used to take conacre from a farmer named O'Hagan. In this land she used to sow corn. When the corn was ripe each year she used to reap and tie an acre of it in one day. Her cutting implement was a hook.
(Ghost of Queen Maeve!
A man named Walter Parks who resided in Killian was known as a good reaper as he cut two acres of corn in the one day.
A man named James Mc Kevitt mowed an acre of corn in less than one day.
A woman by the name of Mrs Boyle cut an acre and a half of corn and tied it and put it in stooks in one day.
A woman named Mrs Feeney who lives in Maddoxland cut an acre and a half of corn in one day
There was a man who lived at Rampark shore named
senior member (history)
2020-08-06 19:09
approved
rejected
awaiting decision
ariamh i na gártha molta agus na gártha cáinte, na gártha beannachtaighe agus na gártha mallachtaighe. Atá muid caillte i ndiaid theacht aniar ó Chonnachta isteach ar thráigh Gaoith-barra le lasta do na préataí bána.
senior member (history)
2020-08-06 19:08
approved
rejected
awaiting decision
Ramás na Ragairidhe.
Éirigh do shuidhe, a bhean an toighe, agus na crádhaidhe an Rí do lámha ag tabhairt déirce do na bochta’. Na h-abair thusa liom mar adubhairt an droch bhean aréir liom i, “na h-ith an t-arán briste agus na bris an t-arán slán, agus na codluigh dhá oidhche ins an teach amháin”, bocht, nocht, lom, léir mar atá mise anocht gan bó shamhraidh, gan maoin fhóghmhair, gan athair, gan mháthair. Gan mhód, gan mhúnadh, foscail an doras agus leig mé isteach. Tabhair dúinn thachtadh muice firinne do ghruth, ochair spóil do croidhe na circe, gugán do’n leamhnacht, t-sláman do’n olann, ceann reamhar do’n mheasgán, beagán do’n bheagán, agus morán do’n mhorán mar tcídheann an Rí agat é. atá na ceithre gártha liom-sa is feárr a bhí le a’n fhear bocht a chuid thart
senior member (history)
2020-08-06 19:07
approved
rejected
awaiting decision
“Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith”, ar leanamhaint.
VIII
D’éirigh an dreólan dearg suas ins an aer,
Bhuail an t-iolar spor air agus leag sé anuas ins an “yard” é,
Go rabh míle maith agat, a ioláir mhóir na spáige
Is beag ar thóin do phutóige mise a’s clann mo mháthara,
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
senior member (history)
2020-08-06 19:06
approved
rejected
awaiting decision
“Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith”, ar leanamhaint.
VI
Tháinig an muineál fada thart ar bh’ainm dí an chorr-mhónadh
Bhí sponnc a’s teine cneasa léi agus púdar ann a póca
Ba deas uaithe cearc a chur ar “spit” agus a rósadh
Bhí cúpla duisín easgcong léi dhá thárraingt ann a cóiste,
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
VII
Tá fíon ‘s uisge beatha aige, rum, gin, a’s branndaigh
Bhí an crotach-marach a’ seinnm agus an philibín a’ damhsa
Bhí siad ag teacht chuig an sailear anall ó Righ na Frainnce,
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
senior member (history)
2020-08-06 19:05
approved
rejected
awaiting decision
“Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith” ar leanamhaint.
IV
D’éirigh an piobaire maoineach agus sheinn sé suas an plannstaidh
D’éirigh na daoine ag briseadh a gcroidhe a’dhamhsa
Níor fhág siad mias no siothlán, píosa “tin”, no cam
Nach dteárn siad míle giota de le deifre ‘sior an damhsa.
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
V
Tháinig an Fheannóg-charrthach agus chuir sí thart a’ pláta,
Labhair sí go cabach rud ba mhinic lé a dheánamh
Mura gcuirfidhe tusa [“Rapup”]? Ort a fhollachus do chnámha.
Dheánfaidh mise píosaí beaga do do chnámha,
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
senior member (history)
2020-08-06 19:04
approved
rejected
awaiting decision
“Agus olamuid sláinte na n-éanlaith”.
II ar leanamhaint.
Mar tá Morán Níc Giolla Phádraig agus Cáit Níc Giolla Bhrighide,
Agus olamuid sláinte na n-éanlaith.
III
Is mise Seán Ó Díosachain, mach do Shighle Níc Comhghamhna,
Tá ba agam ‘s caoirigh agus caoi mhaith ‘un bamfheise,
Mura dtugaidh tú d’inghean damh, dheánfaidh mé do chlampa
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
senior member (history)
2020-08-06 19:03
approved
rejected
awaiting decision
Amhrán -- “Agus ólamuid sláinte na n-eanlaith”.
I
D’éirigh an t-iolar mór amach ag cruinniughadh cuid na Cásga,
D’fhág sé fuagradh ag an phobal iad uilig a bheith ar a ngárda.
Nach bhfágfadh sé a’n chearc aca arús go Dún Phádraig
Go dtabhairfeadh sé do’n tseabhach iad agus leoga ní le grádh
Agus ólamuid sláinte na n-éanlaith.
II
Arsa Maorla Mórdha Thárdha le Gráine Níc gCeannfhadlaidh,
Tabhair damh bárra do dhá láimh, tá grádh agam le mí ort,
Tá cleamhnas mór le fághail agam an oidhche roimh an aonach
senior member (history)
2020-08-05 10:23
approved
rejected
awaiting decision
5
Fair creature, just name this young soldier
No doubt, but I know the young man,
No heiress could ever be bolder,
Nor that unto which he belongs,
I served in that bold gallant regiment
And that for a number of years,
He cannot escape from my judgement
Sweet lovely wee maid of Dunleer,
6
His name is young Edward O Farrell,
The same I will never disown,
He left me a comfortless girl,
His loss for to ever be bemoan,
For him I would sail the seas over,
Or travel the globe for my dear,
But oh! I'm a heart-broken girl
That will shortly die in Dunleer
7
Not sure of this
He tells her that her lover was shot & showed her a gold ring belonging to her lover which she recognised.
senior member (history)
2020-08-05 10:04
approved
rejected
awaiting decision
1. Amhran a fuair mé ó bhéal Eibhlín Bean MhícChonaill, (Nellie Bheag)
“Seán Bharr a Ghleanna”, a thug sí mar ainm air.
I
Ag éirigh damhsa ar maidin, chualaidh mé’n uam da casadh
Grian an tsamhraidh ‘lasadh blath binn na n-éan
Ní shinfead taobh ar leabaidh ó neóin arís go headradh
Cuir siúcra ar uisge bheatha ‘gus mo mhuirnín da ól.
II
Thóg mé suas an leanbh, suas go tigh an leanna,
Gur shín mise ar an leabaidh í ‘sgur labhair mé léi i gcéill
Stad do do chúrsaí feasta a Sheáin Bharr a’ Ghleanna
‘S iomaidh cailín deas a mheall tú le linn do shaoghail.
III
Rachfaidh mé go Gaillimh ag éisteacht leis na seanaibh
‘Náit a bhfuil mná óga farsaing, tigh high colour orthu ‘s scéimh
Ní phillfidh mé na bhaile go n-goirfid cuach an earraigh
Béidh fear eile ag Fanny i ngleann dithe féin.
IV
‘Nois atá mé follamh, ‘gus gan dhá phighinn agam le cathadh
Mo chupla gamhain breac ‘gus mo chú le mo thaobh
Béidh mé féin ar maidin ag creamhair na ngob fada
Go dtigidh crúbaí ar an choll agus blath ar an éidhean.
senior member (history)
2020-08-05 10:02
approved
rejected
awaiting decision
VI
Taramuid go tigh ‘n óil go n-ólaid muid buideal den drom
‘S a bhfuil do mhná óga gan phósadh bí’t siadsan linn
Níl an eaglais dar gcomhair, ‘s níl ach glórthaí meisge in ar gcionn
‘S beidh agam bean óg faoi bhruach na coilleadh ud thall.
VII
Casadh damh ‘n síodhagaidh shíos ag súil bheal na h-atha
Labhair sé comh caomhail síodamhail macanta ar mná
D’fhiafruigh mé féin do ‘n sgaoilfeadh rud ar bith’n gradh
Nuair a théid sé fan chroidh ní sgaoilfear é go bráth.
senior member (history)
2020-08-05 10:01
approved
rejected
awaiting decision
1. Amhran ó bhéal Eibhlín Bean Mhíc Chonaill.
I
Tá mé mo shuidh ó déirigh an ghealach aréir
Ag cur teineadh síos ‘s da gríosadh ‘s da fadughadh go géar
Tá bunadh an tigh na luighe a’s mise liom féin
Na coiligh ag glaoidh ‘s an tír na gcodladh ach mé.
II
Ach a’s bé’n tól bhí cóta maith ar mo dhruim
Stocaí a’s bróga a’s cró maith seasgair den chlann
‘S gurb iad na mná óga a mheabharaidh an tole in mo chionn
‘S da leigfinn féin dóbhtha ní dóiche go mbainfeadh siad liom.
III
‘Mhuire ‘s a righ gan mé mar lach an chinn bháin
Na mar éanacha na gcraobh, nó mar aghaidh na dtonna fan tráigh
Mar in iúil le mac an roigh go direigfeadh fir eile le mná
Go bhfuighinn se cead cainnte le plannta deas an tsliabh bháin
IV
A oganaigh bháin ní adhbhar magaidh duit mé
Níl agat le radh ach amháin de go bhfuil mé gan spré
Ní tusa mo ghradh ‘s go brath na h-abair gur mé
Ma tá mé gan bólacht is feárr liom codladh liom féin.
V
Ceithre lá dhéag gan bhréig a chaith mé fan tsliabh
Ag imirt ‘s ag ól le óig mhnaibh deasa fa shliabh
Ma chaill mé mo stóir ní doiche gur chaill mé mo chiall
Níor mhór liom do phóg na’n bhróg tá da cathadh le bliadhain.
senior member (history)
2020-08-05 09:25
approved
rejected
awaiting decision
V
Ach, a Cheití gheal mhín, nach h-aoibhinn duit-se gach lá,
I bhFlaitheas na naomh ‘n-áit a bhfuil na mílte anam gan smál,
Ní h-ionann is mar bhím, ag caoineadh fá mhullaigh na n-árd,
‘S gur ins an talamh ‘na luighe, tá saoghal mo charad ar mhná?
Tomhais -- Caidé atá níos gile no sneachta na h-oidhche?
(Anam gan peacadh)
senior member (history)
2020-08-05 09:24
approved
rejected
awaiting decision
III
Dá bhfeicheadh sibh aréir í ‘ndiaidh an bás a chlaoidh,
A comhair deánta reidh ó láimh an t-saoir
A comh caol singil gan bhriseadh gan bhearr oirthi--
Ach is é mo scéal truagh! chan bhfuair mé cainnt aicí.
IV
Tá dhá cheann an toighe ‘na luighe is ar lár gan dóigh,
Ó d’imthigh an bhean chaoin, faraor a bhí soineannta cóir,
Lámh thapaidh gan ghruaim nár chlaonaigh le nidh ar bith beó---
‘S do dhiaidh, a bhean chaoin, cá bhím-se ráithe beó.
senior member (history)
2020-08-05 09:22
approved
rejected
awaiting decision
Máire Níe gCeannfhaele, (88 bl. d’aois)
Cill Fhánaid,
Gleanncholuimcille.
Ceití Ní Eadhra.
I
Tá mise ag imteacht fa mullach na n-árdán donn
Mar i n-iúl go bhfeicfinn mo leanbh nó scáil a chinn
A cúl trom triopallach famainneach fáinneach fonn
‘Sé mo scéal truagh mo leanbh bheith sínte i [gcill]?
II
A Cheití Ní Eadhra, is fágtha d’imtigh tú uaim
Mo chroidhe in mo lár gur fhág tú comh dubh leis an ghual.
Níor fhan tú agam ach trí ráithe amháin ba ghiorra ná’n uair
Is cead troda leis an bhás trí lá sul ar imtigh tú uaim.
senior member (history)
2020-08-05 09:20
approved
rejected
awaiting decision
D’imtigh seisean ag an gearrán leis agus thárraing sé ar an bhaile ann ár tógadh é. Nuair a b’fhada leis an mhnaoi a bhí sé gan pilleadh oirthi d’imthigh sí ag cur a thuairisce. Chualaidh sé ar a bealach go rabh sé san teach seo agus chuaidh sí fhad leis an teach. Do h-innseadh díthe annsin go dteachaidh se na bhFlaitheas le mailín-plúir agus le plainncead báinín.
Caidé, arsa sise, bhí seisean ag deánamh na bhFlaitheas le mailín-plúir agus le plainncead bainín.
Tá, arsa’n t-sean bhean, “mac damh-sa a fuair bás agus bhí sé ag innse damh nach rabh a sháith éadaigh leabtha air san oidhche agus nach rabh sé ag fághail leath a sháith le h-ithe agus smaoitigh mé gur mháith an tárrthail an mailín-plúir aige agus an plainncead bainín san oidhche. Ach níor phill mo shean ghearrán ó shoin agus creidim nach bpillfidh”, ar sise.
senior member (history)
2020-08-05 09:20
approved
rejected
awaiting decision
an fear deireannach a rabh mé ag cainnt leis sul ar fhág mé thuas”.
Ó, an síleann tú, ar siadsan, “go bhfuil a sháith le h-ithe aige nó an bhfuil a sháith éadaigh leabhtha air san oidhche?”.
“Bhí sé ag innse damh go mbíodh sé an fhuar san oidhche agus nach mbíodh sé ag fághail leath a sháith le h-ithe”, ar seisean.
Bhal, arsa’n t-sean bhean, dá mbéadh fhios againne an chéad lá eile a bheiththea ag dul suas d’fheudfadh muid-inne mála feacht gcloch plúir agus plainncead úr bainín a chur leat fhad le donnchad.
Bhal, ar seisean, bhéarfainn-se sin liom agus fáilte ach níl gléas iomchuir ar bith agam.
Bhal, arsa’n t-sean bhean, tá sean ghearraí bán ins an teach seo, agus tig leat a thabhairt leat agus an mailín-plúir agus an plainncead a chur ar a dhruim. Feudann tú fhéin suidhe ar a dhruim fosda agus nuair a bheirfeas tú na-neithe seo do Donncadh níl agat ach an t-adhastar a chasadh ar mhuineál an ghearránn agus bainfidh sé fhéin an baile amach.
senior member (history)
2020-08-05 09:18
approved
rejected
awaiting decision
Shiubhal sé leis giota eile agus ní rabh sé i bhfad gur casadh baicle eile air agus iad i bfastódh le boin mhór dhuibh. “Caidé atá sibh ag deánamh? arsa seisean. “Tá muid ag iarraidh an bhó a chur suas ar an toigh go n-ithidh sí an féar atá ag fás ar cheann an toighe”, arsa siadsan.
“Nár bh’fursa do fhear agaibh dréimire a fhághail agus a dhul suas ar an teach, an féar a bhainnt agus a chaitheadh anuas” arsa seisean.
“Ó, níl focal bréige agat”, arsa fear aca. “Tchíor damh”, ar seisean, “gur daoine gan tuigse sibh”.
Shiubhal sé leis giota eile agus níor bhfada gur casadh teach air. Chuaidh sé isteach ann agus bhí seanduine agus seanbhean ‘na suidhe ar gach taoibh de’n teinidh.
“A dhuine uasail”, arsa duine aca, “cia fhad ar shiubhal tú indiú?”
“Shiubhal mé as na Flaitheas”, arsa seisean.
Chár bh’féidir”, arsa duine aca, go bhfaca tú donnchadh bocht s’ againn ann.
“Maise chonnaic”, arsa seisean, agus is
senior member (history)
2020-08-05 09:17
approved
rejected
awaiting decision
arsa sise, cuifidh mé deireadh leis an ghamhain sul a ndeánfaidh sé mé a náiriugadh.
“Ó na marbh an gamhain”, arsa’n mháthair, ach innis do d’fhear caidé bhí tú ag deánamh.
An lá a tháinig an fear ‘na baile, “bhal”, arsa’n bhean leis, creidim go bhfuil sé comh maith agam-sa innse duit leis an ghamhain atá ins an bhoitheach a innse duit”.
“Caidé sin?”, a bhean, a chroidhe, arsa’n fear léithe. Agus d’innis sí do caidé a rinne sí.
“Ó, bhal” ar seisean, “níl dochar ar bith ann sin”. Tchior don fear go rabh ciall an-uathbhasach ag na daoine do bhí ins an áit.
D’éirigh sé amach a dh’amharc uaidh agus tchid sé baicle ag cruinniughadh thart fá’n teach. Shiubhal sé fhad leobhtha agus d’fhiafruigh sé daobhtha caidé bhí ag cur bhuadhartha ortha? “Tá muid”, ar siadsan, “ag iarraidh an teach a thabhairt thart san dóigh nach mbéadh an ghaoth ar an doras”.
“Nach síleann sibh” ar seisean, “gur bh’furse díbh an doras a bhfuil an ghaoth air a dhruid agus an dorás atá ar chúl an toighe a fhosgladh”.
“Ó! níl focal bréige agat” arsa fear aca.
senior member (history)
2020-08-05 09:16
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur bh’éigean do imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.
Chuaidh a bhean isteach i mboitheach do bhí ag taoibh an tighe lá dá rabh seisean ar shiubhal. Bhí gamhain óg ceangaile sa bhoitheach agus rinne sé búirfeadhach. ‘Se an rud a thuig sí gurab é an rud a bhí an gamhain ag rádh go n-innseóchadh sé do’n fhear caidé bhí sí ag deánamh. Shíl sí go mbéadh sí náirighthe dá mbéadh fhios ag an fhear caidé bhí sí ag deánamh. “A Mháthair”
senior member (history)
2020-08-04 10:42
approved
rejected
awaiting decision
chailligh agus rinne siad bainfheis a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
senior member (history)
2020-08-04 10:42
approved
rejected
awaiting decision
nach gcodlóchadh sí. Níor bhlas sí na milseáin agus cá dtáinig néal chodlata oirthi ach oiread. Ach go mall san oidhche d’imthigh an ‘bloc’ amach ar an doras agus lean sí é. Tharraing sé ar chreig agus lean sise é. D’fhoscail doras rompa agus isteach leobhtha i dteach a bhí ann. Bhí cailín sa teach agus bhuail duine aca buille ar an “bloc” agus rinne gasúr de. D’iarr siad ar chailín cuid de na milseáin agus na cná a thabhairt daobhtha agus go dtabhairfeadh siad slat dhraoidheachta díthe. Thug agus fuair sí an t-slat draoidheachta. Ar a mbealach abhaile bhuail sí buille ar an ghasúr agus rinne “bloc” arais de.
Nuair a mhuscail an t-sean chailleach ar maidin, “Níor chodluigh tusa aréir”, arsa sise leis an chailín. Nuair a fuair an cailín shíos ag an doras í bhuail sí buille dein t-slat draoidheachta oirthi agus rinne cloch dí. Chuaidh sí amach agus bhuail buille ar an dhá chloich ghlais agus thionntuigh in a gcailiní iad. Ba iad seo a cuid deirbhsiuracha fhéin. Bhuail sí buille ar an “bloc” agus rinne buachaill de agus i ndeireadh ama phós sé i féin. Bhí seomra lán d’ór ag an t-sean
senior member (history)
2020-08-04 10:41
approved
rejected
awaiting decision
sí cuid de’n arán. Dubhairt sí go rannfadh agus fáilte. Chuir an fheannóg carrach a ghob isteach sa tobar agus chuir an mhil ar uachtar agus an fhuil ar íochtar agus d’iarr oithhí cuid de’n mhil a ithe, agus anois, arsa’n fheannóg léithe, “rachaidh tusa go dtí’n teach céadna a dteachaidh an bunadh eile agus na h-ith aon cheann de na milseáin nó na cnoí a bhéarfas an t-sean chailleach dhuit. Rinne sí dhá chloich ghlasa de do beirt dheirbhsiúir fosda”.
D’imthigh sí agus shiubhal sí leithe go bhfaca sí an solus agus an teach chéadna a chonnaic an mhuinntir eile. Tharraing sí air agus chuaidh isteach ann. bhí an t-sean chailleach ‘na suidhe ag an teineidh agus d’fhiafruigh sí díthe cia rabh sí ag dul? Dubhairt an cailín go rabh sí ag iarraidh aimsire. “Maith mar tharla” arsa’n chailleach, “Tá cailín a dhith orm-sa. Níl morán le deánamh ach an ‘bloc’ seo a choimhead sa’n oidhche, feudann tú codladh san lá”.
Nuair a bhí an chailleach ag dul a luighe thug sí cnap milseáin agus cnoi don chailín agus d’iarr sí uirthi a bheith dá n-ithe agus
senior member (history)
2020-08-04 10:40
approved
rejected
awaiting decision
taobh amuigh de’n doras. Bhuail buille oirthi le na slait droidheachta agus rinne sí cloch ghlas dí.
Bliadhain ó’n lá sin dubhairt an inghean a b’óige go n-imtheóchadh sise fosda. Rinne an mháthair dá thuirtín aráin an iarraidh seo fosda - tuirtín mór agus thuirtín beag.
Nuair a bhí an inghean a b’óige ag imteacht d’fiafruigh an mháthair dí;
“Ciacú is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mallacht no an tuirtín beag agus mo beannacht”
Is feárr liom an tuirtín beag agus do bheannacht ar sise. D’imtigh sí agus an tuirtín beag léithe agus bhí a máthair ag beannachtaigh oirthi gur fhág sí a h-amharc.
Shiubhal sí léithe gur casadh an tobar céadna oirthí a casadh ar an bheirt eile a rabh íochtar meala air agus uachtar fola air. Shuidh sí síos ag an tobar ag ithe an aráin agus níor bhfada go dtáinig an fheannóg cearrach thart agus d’fhiafruigh díthe an rannadh
senior member (history)
2020-08-04 10:39
approved
rejected
awaiting decision
Shiubhal sí léithe annsin go bhfaca sí teach agus solus ann. Thárraing sí ar an teach a’s chuaidh sí isteach ann. bhí sean-chailleach ‘na suidhe ag taoibh na teineadh agus d’fiafruigh sí díthe, cia h-áit a rabh sí ag dul? Dubhairt sise go rabh si ag iarraidh aimsire. Dubhairt an chailleach go rabh cailín a dhith oirthí-se, nach rabh mórán le deánamh ach “bloc” a bhí aicí a choimheadh. Dubhairt sí nach rabh aicí ach a choimead san oidhche a’s go dtiochfadh léithe codladh sa lá. Rinn an cailín aimsir leis an chailligh.
Nuair a bhí an chailleach ag dul a luighe thug sí cnap milseáin agus cnoi díthe agus d’iarr sí uirthi a bheith dá n-ithe agus nach gcodlóchadh sí.
Ach nuair a bhí sí déidheanach go maith san oidhche thuit an cailín thart in a codladh agus d’imtigh an bloc leis amach ar an doras. Nuair a mhusgail an chaileach ar maidin bhí an “bloc” ar shiubhal.
“Chodluigh tú” ar sise leis an cailín agus d’iarr sí uirthi seasamh
senior member (history)
2020-08-04 10:38
approved
rejected
awaiting decision
an cailín seasamh taobh amuigh de’n doras, bhuail sí buille oirthí le na slaitín draoidheachta agus rinne sí cloch ghlas dí.
Nuair a bhí an cailín ar siubhal lá agus bliadhain, bhí iongantas ar a muinntir sa bhaile nach rabh sí ag scríobhadh agus annsin dubhairt an darna bean go n-imtheóchadh sí fhéin.
Rinne an mháthair dhá thuirtín aráin an iarraidh seo fosda - tuirtín mór agus tuirtín beag - agus nuair a bhí an darna bean ag imtheacht d’fhiafruigh sí díthe: [“Ciacú]? Is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mhallacht no an tuirtín beag agus mo bheannacht”.
Thug sí leithe an tuirtín mór agus bhí a máthair ag mallachtaigh oirthí gur fhág sí a h-amharc.
Shiubhal sí léithe gur casadh an tobar céadna oirthí a casadh ar a deirbhsiúr. Shuidhe sise síos fosda ag ithe an aráin agus níor bhfada go dtáinig an fheannóg charrach thart agus d’fhiafruigh díthe an rannadh sí cuuid de’n arán.
“Ní rannfaidh” ar sise, “ballaigh leat”.
senior member (history)
2020-08-04 10:37
approved
rejected
awaiting decision
cuid de’n arán. Dubhairt sise nach rannadh go rabh sé beag go leór aicí fhéin.
Nuair a bhí a sgríste deánta aicí d’imthigh sí go bhfaca sí teach agus solus ann. Thárraing sí air agus chuaidh isteach ann. bhí sean-chailleach ‘na suidhe ag taobh na teineadh agus d’fiafruigh sí díthe, cia h-áit a rabh sí ag dul? Dubhairt sise go rabh sí ag iarraidh aimsire. Dubhairt an chailleach go rabh cailín a dhith oirthi-se, ach nach rabh mórán le deánamh ach “bloc” a bhí aicí a choimhead. (Gasúr a bhí ann a dteárn sí fhéin “bloc” de le draoidheacht). Dubhairt sí nach rabh aicí ach a choimheadh san oidhche agus go dtiocfadh léithe codhladh sa lá.
Nuair a bhí an chailleach ag dul a luighe thug sí cnap milseán agus cnoi díthe. “Thig leat bheith dá n-ithe seo agus ní thiocfaidh codladh ar bith ort” ar sise.
Ach anonn go maith san oidhche thuit sí in a codladh agus d’imthigh an “bloc” leis amach ar an doras. Nuair a mhusgail an chailleach ar maidin bhí an “bloc” ar shiubhal.
“Codluigh tú” ar sise, “ar ndóiche d’iarr mise ort gan codladh”. Annsin d’iarr sí
senior member (history)
2020-08-04 10:36
approved
rejected
awaiting decision
Bhí baintreabhach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sine aníos in a cailín, dubhairt sí lá amháin go n-imteochadh sí. Rinne an mháthair dhá thuirtín aráin, tuirtín mór agus tuirtín beag, agus nuair a bhí an inghean a ba sine ag imtheacht, dubhairt a mháthair leithe:
[“Ciacú]? is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mhallacht nó an tuirtín beag agus mo bheannacht?”
“Is feárr liom an tuirtín mór agus do mhallacht” ar sise.
D’imthigh sí agus an tuirtín mór léithe agus bhí a máthair ag mallachtaigh oirt, gur fhágh sí a h-amharc.
Shiubhal an cailín léithe gur casadh tobar oirthi a rabh fuil ar uachtar air agus mil ar íochtar. Shuid sí síos ag ithe cuid de’n arán. Tháinig an fheannóg carrach thart agus d’fiafruigh díthe an rannadh sí
senior member (history)
2020-08-03 20:47
approved
rejected
awaiting decision
About 90 years ago there lived in the town-land of Currough (Curradh-muc) about a mile to the east of Tralee a spinning woman, by the name of Mrs. Keating. She was a noted spinner. One day the wheel of her spinning wheel broke down completely. The poor woman did not know what to do or where she could get one as good. She was told that there were very good spinning wheel in Cahersiveen about 50 miles from Tralee. She got up one morning at day-break and she started out from Currough (Curradh-muc) Tralee for Cahersiveen 50 miles away bare-footed too. When she arrived in Cahersiveen in the evening she returned back to Currough with a new spinning wheel on her shoulder. She did the journey back and fore on the same day bare-footed.
senior member (history)
2020-08-03 20:40
approved
rejected
awaiting decision
Michael O'Brien from Listellick (Lios-Tullaig) Tralee was a famous local thatcher he was also a good dancer and singer and great story teller.
He thatched houses from Ballyheighue to Castle-island and from Listowel to Castle-maine. People used to wait for months for him he was so good. He used to get 2 [?] per day for his thatching. He died at the age of '70 years and he was buried in Rath (Ráth) Graveyard east of Tralee. He was related to Michael O'Brien the great thatcher also from Listellick mentioned in page 72.
senior member (history)
2020-08-03 20:35
approved
rejected
awaiting decision
Long ago a man named Jack Shaker lived in Ballygarry (Baile-Ghairidhe Ballyheighue and he had a [?] Twins were born to him a boy and a girl. The boy was called the Lord of Ballygarry and the girl was called the maid of Ballygarry. Their father so rejoiced at the birth of the twins that he jumped a river which was twenty-two feet wide and ever since this part of the river is called the Ballygarry Leap.
senior member (history)
2020-08-03 20:33
approved
rejected
awaiting decision
Years ago there lived a woman by the name of Mary OConnor in Droumthacker (Drom Tóchair) about three miles to the east of this school. She was a noted singer. One summer's evening as she was going to the well for a pail of spring water she started to sing “Cáit Ní Dhuibhir” There was a man just then - a John Griffin from Ardfert just passing and he heard the lovely singing. He immediately proposed marriage to her she was such a sweet singer.
She used to go around to all the local weddings singing and she could stay "Caoining" at a local wake for hours.
senior member (history)
2020-08-03 20:21
approved
rejected
awaiting decision
chugaibh anois an ceann agus tá mo phunta bainte agam”, ar seisean.
Sgannruigh an baicle a bhí istoigh agus d’imthigh leobhtha ag léimnigh amach ar dhorsa agus ar fhuinneóga agus thug na bonna leobhtha comh tiugh teith a’s tháinig leobhtha. Bhí an punta bainte ag an fhear eile agus ba chuma leis.
senior member (history)
2020-08-03 20:20
approved
rejected
awaiting decision
é ag glaoidh os árd; “Is liom-sa an ceann sin; Sin mo ceann-sa; Is liom-sa an ceann sin agus RI”
Chaith an fear an ceann fhad leis agus phill sé ‘na roilige agus thoisigh a thochailt arais féacail an bhfuigheadh sé cloigeann eile. Fuair, agus d’imthigh leis ag tarraingt ar an teach. Nuair a bhí sé ag teacht comhgarach do’n teach, tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag sgairtigh:
“Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann sin; Sin mo cheann-sa agus RI”.
Chaith sé an ceann chuige agus phill ‘na roilig arais. Romhar sé agus thochail sé go bhfuair sé cloigeann eile agus nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do’n teach tháinig fear an bhraithlín roimhe arais agus é ag glaoidh os árd:
“Is liom-sa an ceann-sin; Sin mo cheann-sa; Is liom-sa an ceann-sin”
Dubhairt an fear leis: “Ar ndóiche, ní trí cinn a dhith ort”.
D’imthigh an fear ag reathuidhe isteach ‘un toighe, chaith sé an ceann ar an tábla agus dubhairt, “Sin
senior member (history)
2020-08-03 20:19
approved
rejected
awaiting decision
Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhair nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí nó nach rabh a dhath uaigneas air. Bhí roilig comhgarach do’n teach agus dubhairt sé go rachadh sé síos agus go dtógfadh sé ceann duine marbh aníos as an uaigh. Dubhairt fear a’ toighe leis, “bhí geall nach ndeánfadh”.
Dubhairt an fear eile, “cé an geall?”
“Punt an geall”, arsa fear a’ toighe.
Thug an fear leis spád agus chuaidh síos go dtí an roilig. Nuair a chonnaic fear a’ toighe go mbéadh an punt bainte ag an fhear, chuir sé braithlín mór geal ar fhéin agus chuaidh sé síos go dtí an roilig fosda. Bhí an fear annsin agus é ag romhar leis agus bhí cloigeann duine marbh tógtha aige nuair a thug sé fa dear an toirt geal bán ag tarraingt air. Thug sé do na bonnaí é comh tiugh a’s tháinig leis ach bhí fear an bhraithlín in a dhiaidh agus
senior member (history)
2020-08-02 00:13
approved
rejected
awaiting decision
Caidé tcidheann muid-inne nach bhfeiceann Dia?

(Tchídh muid-inne duine níos feárr no sinn féin agus ní fheiceann Dia sin.)
Tá sí ann ó rugadh ár Slánuightheóir agus níl sí ach ní d’aois go fóill.
(Sin an ghealach).
Tá bean bheag amuigh annsin,
Níl rí ró-Fhranncach,
Tá gúna beag buidhe oirthi,
Bearád agus plainncead.
(Sin beachóg)
senior member (history)
2020-08-02 00:12
approved
rejected
awaiting decision
Fliuch, Fliuch, thios é
Bog, Bog, thuas é
Poll eadar a’ dá ghlúin air
A’s dar mo cúrsa nach é an rud é.
(Sin gas cuirgrigh)
Tobán gan tóin, lán d’fheoil duine
(Sin mearachán tailliúra).

Aite, aite, taobh amuigh de’n chlaidhe,
Aite, aite taobh istoigh de’n chlaidhe
Má bhaineann tú d’aite, bainfidh aite duit.
(Sin tom de coll faithche)
senior member (history)
2020-08-02 00:10
approved
rejected
awaiting decision
Caidé’n fáth a n-itheann caoirigh bána
Níos mó nó caoirigh dubha.
(Siocair go bhfuil níos mó de na caoirigh bána ann).
Caidé’n fáth a n-amharcann an greasuidhe isteach sa bhróig?
(Siocair nach dtig leis a dhul isteach a’s amharc [ancch]?
Siubhlann sé an teach sa lá agus codluigheann sé ag an doras druidte ‘san oidhche.
(Sin scuab)
Geirrfiadh beag ag dul síos an alt ar leath-chois.
(Sin an ghrian)
senior member (history)
2020-08-02 00:09
approved
rejected
awaiting decision
Droichead ar loch gan maide gan cloch.
(Siocán ar loch)
Bhí sé ag cur no go dteachaidh sé a’ chur
A’s nuair a chuaidh sé a chur, stad sé.
(Fear ag cur phreátai agus nuair a chuaidh sé ag cur fearthanna, stad sé.)
Gearrán bán ag dul le h-ált
A’s é ag trompaidheacht.
(Sruthán)
Trí muca fhiadhain ar dhroichead Óneá
Cuirim gad in do ghiall mura
Dtomhaiseann tú sin.
(Sin trí fircín ime)
senior member (history)
2020-08-02 00:08
approved
rejected
awaiting decision
An té a ghnidheas é, ní chaitheann sé é.
Agus an té a chaithfeas é
Ní fheicfidh sé é.
(Sin comhnair).
Tá braithlín beag amuigh annsin
Agus í lán spideóg.
(Reultóga san spéir).
Stéic fada loim, poll fada dubh,
An rud a théid ann
Bíonn cnap ar a bhun.
(Sin gunna lódailte).
senior member (history)
2020-08-02 00:07
approved
rejected
awaiting decision
Éan gan eiteóg faoi bhéal creige,
Tháinig éan eile gan gob agus d’ith sé é
(Sin sneacht a léig an ghrian.)
Geirrfiadh, geirrfiadh, boisidhea bonn
Siubhlann sí Éire ‘s ní fhliuchann sí bonn.
(An ghealach)
Chuartuigh agus ní bhfuair mé,
Dá bhfághann é chaitheann uainn é,
Agus nuair nach bhfuair mé é
Thug mé liom abhaile é.
(Sin dealg a bhéadh i gcois duine.)
senior member (history)
2020-08-02 00:05
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:
Tá sí comh cruinn le do cheann,
A’s dá mbeiththea ar a bárr.
Bhéarfadh sí ‘na Frainnce thú.
(Sin an ghealach)
senior member (history)
2020-08-02 00:05
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:
Tá sí comh cruinn le do cheann,
A’s dá mbeiththea ar a bárr.
Bhéarfadh sí ‘na Frainnce thú.
(Sin an ghealach)
senior member (history)
2020-08-02 00:04
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:
Tomhais orm, tomhais ort,
Caidé an Fionn a chur dealg ann do bhrot
Tomhais: An th-ughdar thuas
Teachtaire beag ó theach go teach,
A’s codluigheann sé amuigh san oidhche
(Sin casán).
senior member (history)
2020-08-02 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Théid sé thart a’s thart fá’n teach
A’s fágann sé uibh ins an uile pholl.
(Sin cioth cloch shneachta.)
Tuiteann sé le h-ált,
A’s ní bristear cnámh nó easna ann.
(Sin seilide)
D’éirigh mé amach maidin, bheag cheo
Chonnaic mé an t-iongantas,
An marbhán ag iomchar an bheo.
Sin bád ar an uisge.
senior member (history)
2020-08-02 00:02
approved
rejected
awaiting decision
Théid sé thart a’s thart fá’n teach
A’s fágann sé uibh ins an uile pholl.
(Sin cioth cloch shneachta.)
Tuiteann sé le h-ált,
A’s ní bristear cnámh nó easna ann.
(Sin seilide)
D’éirigh mé amach maidin, bheag cheo
Chonnaic mé an t-iongantas,
An marbhán ag iomchar an bheo.
Sin bád ar an uisge.
senior member (history)
2020-08-02 00:01
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:-
Caidé is tuibhe nó an féar ag fás?
An driúcht -- bíonn trí ghráinín driúcht ar an uile ghráinín féir.
senior member (history)
2020-08-02 00:00
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:-
Barraille beag ag rolladaigh ar an traigh
A’s a dhá ceann druidte.
Sin uibh.
Tomhais:- An t-Ughdar céadna
Lán gáraidhe de chaoirigh bána,
Agus caoirigh dearga in a measg.
(Sin teanga agus fiachla).
senior member (history)
2020-08-01 23:57
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:-
Triúir mac de Chonall craobhaigh,
Chuaidh a bhaint cioblaigh maidin cheóaigh
An méid a bhain siad chaith siad uatha é
Agus an méid nár bhain siad thug siad leobhtha é.
Sin triúir mac dá mbeárradh féin i ag baint na féasoige daobhtha fhéin.
senior member (history)
2020-08-01 23:56
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:-
Geirrfiadh beag ag cromadaigh, cramadaigh ins an choillidh cromadaigh, cramadaigh.
Níl maide ins an choillidh cromadaigh, cramadaigh. Nach gcorruigheann sé le na dhá libeada, leabada.
(Sin figheadóir ag figheadóireacht)
senior member (history)
2020-08-01 19:49
approved
rejected
awaiting decision
Creels are made in this locality. This is the way that creels are made. The man who is making the creel goes out to some of his fields or along the roadside and gets a big square sod. He brings it in and places it on the floor of the barn, and he gets his rods and he starts making his creel. He places three rods upright in each corner of the sod and he starts weaving the rods in and out through each other until he has the sides of the creel made.
Then he reverses the creel on the sod. He gets some rods and places twelve or more on the bottom of the creel and starts to weave the rods in and out until
senior member (history)
2020-08-01 19:36
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhí na “Dlighthe Peannaideacha” ar shiubhal sa tír bhí sagart ar a sheachnadh sa Ghleann seo agus bhí sé i bhfolach i dtoigh “Andaigh Nhán”.
Lá amháin tháinig an tighearna talaimh agus dubhairt sé leis “muna mbéadh an sagart ar shiubhal ar maidin lá - thar - na - bharach go gcaithfeadh sé glanadh amach as an teach. “Bhal”, arsa’n fear leis an tighearna talaimh:
Deán thusa do rogha rud, ní chuirfidh mise ruaig ar an t-sagart.
Ar maidin lá - thar - na - bharach fuarthas an tighearna talaimh marbh ar a leabaidh.
senior member (history)
2020-08-01 19:35
approved
rejected
awaiting decision
leis an droichead.
Nuair a bhain Dorbaigh an baile amach rinne sé bainfheis a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
senior member (history)
2020-08-01 19:35
approved
rejected
awaiting decision
leis an droichead.
Nuair a bhain Dorbaigh an baile amach rinne sé bainfheis a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
senior member (history)
2020-08-01 19:34
approved
rejected
awaiting decision
h-aghaidh agus dá mbéadh an scian ar h-agaidh go dtí’n lá atá ann indiu ní thiocfadh an bhean chuici fhéin.
“Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh an iarraidh seo”, ar seisean agus thug sé leis baicle saighdiúir agus ghabh siad Dorbaigh. Caith siad isteach i mála é agus d’iomchar siad leobhtha é. Bhí an mála an-trom agus bhí an lá iongantach te agus chaith siad taobh amuigh de theach táibhirne é agus chuaidh siad fhéin isteach le na dtart a mhúcadh. Fhad a’s bhí siad istoigh cé thig thart ach “Fear Paca” agus toisigh Dorbaigh ag sgreadaigh istoigh sa mhála.
“Cad tuige a bhfuil tú a sgreadaigh?” ar seisean.
“Tá”, arsa Dorbaigh, “an rí a bhí ag iarraidh orm a inghean a phósadh agus ní mian liom-sa sin a dheánamh.
“Bhal”, arsa’n fear paca, “bheárfaidh mise an paca duit ma leigeann tú isteach sa mhála mé.
“Leig mise amach go gasta”, arsa Dorbaigh, agus nuair a tháinig sé amach, isteach leis an “fhear-paca” sa mhála agus as go bráthach le Dorbaigh agus an paca leis.
Nuair a tháinig an mhuinntir a bhí istoigh, amach chaith siad a’ mála in a rabh an “fear paca” ar a ndruim agus shiubhal leo go dtáinig siad fhad le droichead mór agus chaith siad an fear paca bocht
senior member (history)
2020-08-01 19:32
approved
rejected
awaiting decision
an mála putóg. Tuitfidh tusa annsin siar ag leigint ort go bhfuil tú marbh agus béidh sé ar mire liom. Annsin leagfaidh mise an sgian bheag seo ar d’aghaidh agus éireóchaidh tú aniar slán arís. Annsin béidh sé ag iarraidh na scine le ceannacht”.
Nuair a tháinig an fear d’iarr Dorbaigh air damhsa a dheánamh le na mhnaoi. Chuaidh Dorbaigh suas ar chathaoir agus sheas Máire i lár an urláir. Thug sé léim a’ súidhe amháin agus réab sé an mála putóg agus le sin thuit Máire gan spreacadh ar an urlár. Léim Dorbaigh anuas de’n chathaoir agus leag sé an sgian ar chlár a h-éadain agus d’éirigh sí aniar slán.
“Beárfaidh mé £100 duit ar an sgian sin” ar seisean le Dorbaigh.
“Maith go leor”, arsa Dorbaigh, agus dhíol sé an sgian.
An oidhche sin bhí baicle mhór ag áirneal i dtoigh an fhir seo agus nuair a bhí an suipeár deánta aca, d’iarr sé ar a mhnaoi damhsa a dheánamh leis. Chuaidh seisean suas ar chathaoir agus thug sé léim a’ rúide amháin agus réab sé an croidhe amach as an mhnaoi bhoicht, agus thuit sí marbh.
“Cad tuige a dteárn tú sin?” arsa rabh i láthair
“Ó fan, fan”, ar seisean, agus léim sé anuas déin chathaoir agus d’fhág sé an sgian ar a
senior member (history)
2020-08-01 19:31
approved
rejected
awaiting decision
lámha leis.
“Caidé bheithfea a dh’iarraidh ar an gheirrfiadh sin”, ar seisean.
“Céad punt”, arsa Dorbaigh.
Thug sé an t-airgead dó agus d’imthigh sé ‘na bhaile agus an geirrfiadh leis.
“Anois” ar seisean, le na mhnaoi, “nuair a bhéas mo dhinneár réidh níl agat ach an geirrdfiadh seo a sgaoileadh agus rachadh sé fhad liom-sa sa chuibhreann an áit a bhéas mé ag obair”.
“Maith go leór”, ar sise, agus nuair a bhí an dinneár réidh sgaoil sí an geirrfiadh agus d’imthigh sé amach ar an doras. Ach bhí an fear ag fanacht agus ag fanacht, agus dá mbéadh sé ag fanacht go dtí’n lá indiu ní thiocfadh an geirrfiadh a chomhair. Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh a iarraidh seo agus ní glacfaidh mé níos mo dá chuid an adaigh.
D’imthigh leis ag tarraingt ar thoigh Dhorbaigh ach fuair seisean leide go rabh sé le theacht agus fuair sé mála mór putóg agus cheangail sé ar bholg Mháire iad.
“Anois” ar seisean le Máire, “ní iarrfaidh mise dadaidh air ach damhsa amhain a dheánamh leat-sa sul a gcrochfaidh sé mé. Thig lear-sa a dhul amach i lár an urláir agus rachaidh mise ar chathaoir. Bhéarfaidh mé amach sgian bheag agus geárrfaidh
senior member (history)
2020-08-01 19:29
approved
rejected
awaiting decision
le Dorbaigh.
“Níor mhaith liom sgaradh leis”, arsa Dorbaigh
“Bhal, bhéarfaidh mise trí chéad punt duit air”
“Maith go leór”, arsa Dorbaigh, “bíodh sé in a mhargadh agus thug sé an capall dó.
Chuaidh an fear ‘na bhaile agus ar maidin lá thar na bhárach chuaidh sé amach ‘na Bhoithigh agus thoisigh sé a chuartughadh. Féachail an bhfuigheadh sé aon leithphighinn d’airgead, ach dá mbéadh sé ag cuart’ go dtí’n lá indiu ní bhfuigheadh sé pighinn no leith-phighinn. “Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh, ar seisean, ach is cosamhail go rabh fhios ag Dorbaigh le theacht agus tráthnóna an lae sin fuair sé dhá geirrfiadh. Cheangail sé ceann aca i dtóin an toighe agus thug sé an ceann eile leis fhad leis an áit a rabh sé ag obair.
“Anois”, ar seisean le Máire, “nuair a thiocfas an fear isteach níl agat ach an gheirrfiadh seo a sgaoileadh agus rachaidh sé amach ar an doras. I dtoradh moille tiocfaidh mise isteach agus an gheirrfhiadh eadar mo lámha liom agus saoilfidh sé gurab é an geirrfiadh céadna atá ann”.
“Maith go leór”, ar sise, agus nuair a tháinig an fear sgaoil sí an geirrfiadh agus as go bráthach leis amach ar an doras. I gcionn tamaill tháinig Dorbaigh isteach agus geirrfhiadh eadar a
senior member (history)
2020-08-01 19:28
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin. “Ba chóir duit a dul ‘un aonaigh leis an chapall sin”, arsa Máire le Dorbaigh lá amhain.
D’imtigh Dorbaigh ‘un aonaigh leis an chapall agus ní rabh dul aige fághail réidhtigh leis. Sa deireadh chuaidh sé isteach i siopa a cheannacht tae a’s siuchra do Mháire bhocht a bhí sa bhaile. Nuair a tháinig sé amach bhí píosa trí bpighinn ar bharr a mhéir leis agus thuit sé isteach i n-aoileach an bheithidhigh. Thoisigh sé a chuartughadh le na bhata agus fhad ‘s bhí só ag cuartughadh cé thig thart ach bodach mór agus d’fhiafruigh sé do Dhorbaigh caidé bhí sé a dheánamh. Tá, ar seisean, “an uile uair atá airgead a dioghbhail orm, níl agam ach cuartughadh i n-aoileach an bheithidhigh”.
“Ba chóir duit an capall sin a dhíol”, ar seisean
senior member (history)
2020-08-01 19:26
approved
rejected
awaiting decision
chleacht mé sa bhaile.
Annsin cuireadh as an choinneal-feag’ agus d’imthigh siad uilig a luighe. Ar maidin nuair a d’éirigh siad líon an fear trí mhála óir agus chuir sé mála ar dhruim an tairbh, ceann eile ar dhruim an raithe agus an triomhadh ceann ar a dhruim fhéin. Annsin d’imthigh siad leo ag tárraingt ar an bhaile. Annsin arsa’n madadh ruadh agus an madadh baile, caithfidh muid-inne a bheith ag imteacht agus d’imthigh siad. Annsin dubhairt an raithe agus an tarbh go gcaithfeadh siad-san a bheith ag imteacht agus d’imthigh siad. Annsin dubhairt an cat go gcaithfeadh seisean a bheith ag dul abhaile agus d’imthigh sé. D’imthigh an gé leis fosda.
Nuair a chuaidh an fear agus a bhean [?] bhaile thóg siad caisleán. Bhí siad bocht nuair a pósadh iad agus anois ó tharla go rabh siad saidhbhir rinne siad bainfhéis mhór a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deireannach níos feárr nó an chéad lá.
Sgairt siad arais orm agus chá dtug siad dadaidh damh ach-
Bríste do bhláthach,
Stocaí bainne reamhra agus
Bróga páipéir.
senior member (history)
2020-08-01 19:25
approved
rejected
awaiting decision
Annsin chuir an cat a ruball in a bhéal agus chuaidh sé síos an t-simleóir a’s chuir sé an méid luaith agus a ibhleógai a bhí ar an teallach sios fríd an teach. Níor amharc na fáthaigh thart ach d’imthigh leo amach ar an doras agus níor stad siad ag reathuidhe go rabh siad fá thuairim cúig mhíle ó’n teach. Annsin cuaid a rabh amuigh isteach agus ghlac siad a suipeár. Nuair a bhí suipear deánta aca, arsa’n fear leis an chat:
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?”.
“Luighfidh mise i gcois na leabhtha an áit ar chleacht mé sa bhaile”, arsan cat.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an tarbh.
“Luighfidh mise ag an doras fosgailte an áit ár chleacht mé sa bhaile”.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an mhadadh-ruadh.
“Luighfidh mise i lár an urláir, an áit ar chleacht mé sa bhaile”.
“Cá bhfuil tusa ag dul a luighe?” ar seisean leis an madadh-baile
Luighfidh mise san luaith, an áit ár chleacht mé sa bhaile.
“Agus tusa”, ar seisean leis an ghé.
“Luighfidh mise ar an charn-aoiligh, an áit ár
senior member (history)
2020-08-01 19:24
approved
rejected
awaiting decision
deireadh an lae ann nuair a chonnaic siad solas i bhfad uatha agus thárraing siad air. Anois, arsa’n fear, “seasuigidh shibh-se annseo agus rachaidh mise go dtí’n fhuinneóig go mbreathnuigh mé caidé’n leagadh atá ar an áit”. Sheasuigh siad uilig agus chuaidh seisean agus d’amharc sé isteach ar an fhuinneóig. Ní rabh duine ar bith istoigh ach trí fátach agus iad ag cunntas a gcuid óir agus a gcuid airgid. Thionntuigh an fear agus dubhairt nach rachadh siad isteach annsin. Labhair an madadh-ruadh agus dubhairt: “Má ghlacann tú mo chomhairle béidh tú i d’fhear saidhbhir ó seo amach”.
“Caidé’n comhairle é”, arsa’n fear.
“Gabhadh ar tarbh siar agus seasuigheadh sé ag an bheinn. Thig leis an raithe a dul suas ar dhruim an tairbh agus an cat ar a mhullach sin agus sínfidh sin fhad leis an t-seimleóir. Annsin cuirfidh an cat a ruball in a bhéal agus rachaidh sé síos an t-seimleóir nar bhéadh rotha muilinn ann agus cuirfidh sé an méid luaith agus aibhleógai atá ar teallach na teineadh síos fríd an teach. Glacfaidh na fathaigh eagla agus imtheóchaidh siad leobhtha béal a gcinn”.
Annsin chuaidh an tarbh siar agus sheasuigh sé ag an bheinn. Léim an raithe suas ar dhruim an tairbh agus an cat ar dhruim an raithe.
senior member (history)
2020-08-01 19:22
approved
rejected
awaiting decision
gé ortha.
“Cá bhfuil sibh ag dul?” arsa’n gé
“Tá muid ag dul ag chuartughadh ár bhfortúin”, arsa’n fear.
“An mbéadh sibh toilteanach mise a leigean libh”, arsa’n gé.
“Bhéadh agus fáilte” ar siad-san as béal a chéile no is maith linn do chuideachta.
Shiubhal siad leobhtha agus níor bhfada gur casadh raithe agus tarbh in a mbealach.
“Cá bhfuil sibh ag dul?” arsa siad-san.
“Tá muid ag dul a’ chuartughadh ár bhfortúin”, arsa’n fear.
“Ar mhisde dhíbh sinn a leigean libh? ar siadsan
“Níor mhisde”, nó is maith linn bhur gcuideachta”, arsa saidsan.
Nuair a bhí siad ag siubhal leo tháinig madadh-ruadh agus madadh-baile fhad leo.
“Cá bhfuil sibh ag dul?” ar siad-san
“Tá muid ag dul a’ chuartughadh ar bhfortúin” arsa’n fear.
“An mbéadh sibh toilteanach sinn a leigean libh?” ar siad-san.
“Bhéadh agus fáilte” ar siad-san as béal a chéile no is maith linn bhur gcuideachta.
Shiubhal siad leo go rabh neóin bheag agus
senior member (history)
2020-08-01 19:21
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann a's is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann aon uair amháin agus bhí siad an-bhocht mar gheall ar a gcuid fallsachta [ionnas]? Nach rabh siad toillteanach obair ar bith a dheánamh. Sa deireadh arsa’n bhean leis lá amhain: “Gabh amach a’s túsaigh a dh’obair sin no bollaigh leat ar shiubhal as seo”. Níor labhair an fear focal ach d’imthigh leis amach ar an doras. Ach ní dheachaidh sé i bhfad go gcualaidh sé an sgairteach in a dhiaidh:
“Pill” arsa’n bhean.
Ní phillfidh, arsa’n fear.
Bhal, rachaidh mise leat ar sise.
Annsin shiubhal siad leobhtha ach ní dheachaidh siad i bhfad gur casadh cat ortha. Bhí cainnt ag ‘ach uile bheathadhach fad ó shoin agus arsa’n cat leo:
“Cá bhfuil sibh ag dul?”
“Tá muid ag dul ar shiubhal ag cuartughadh ár bfortúin” arsa’n fear.
“An leigfidh sibh mise libh?” arsa’n cat
“Leigfidh agus fáilte” arsa’n fear, “nó is maith linn do chuideachta”.
Shiubhal siad leobhtha agus níor bhfada gur casadh
senior member (history)
2020-08-01 19:20
approved
rejected
awaiting decision
Bean a chuaidh 'un t-siopa uair amháin ag iarraidh céad mine buidhe ar cáirde. Bhi fear an t-siopa eadar comhairleacha caidé ba cheart do a dheánamh nó tcídhtear do nach rabh morán eadar lámha aici. Ach in a dhiaidh sin ‘s uilig ba bhocht leis í a eiteadh agus d’fiafruigh sé díthe an rabh baramhail ar bith aicí cia’n uair a bhéadh sí i n-innibh luach na mine a íoc.
D’freagar sí fear an t-siopa ag rádh:
“Reath an mhuc ‘mo dhiaidh
A’s chuir sí cogar in mo chluais,
Má gheibh tusa an mhin
Díolfaidh mise an luach”.
senior member (history)
2020-08-01 19:18
approved
rejected
awaiting decision
Chuaidh fear as an t-sliabh go h-Árd-a'-Rátha uair éigin ag cheannacht mine. Bhí mála follamh ar iomchar leis faoi n’ascall. Chuaidh sé isteach i siopa. Tharla go rabh sgathán an-mhór sa t-siopa seo. Chonnaic sé a scáile sa sgathán agus arsa seisean; “Do réir mo bharamhla tá tusa ar a’ t-siubhal céadna ar a bhfuil mé fhéin”.
Níor tugadh a’n toradh air. Labhair sé arais : “Mé rádh gur creidim gur min atá a dhioghbhail ort-sa fosda”. Níor tugadh an toradh air an iarraidh seo ach oiread.
Thionntuigh sé ar fhear an t-siopa agus arsa seisean, “An balbhán atá ‘san fhear thall?”
“Ó seadh! Arsa fear an t-siopa”.
“Bhí mé fhéin ag sinaoitiú nó labhair mé leis dhá uair agus ní thug sé an toradh orm”.
senior member (history)
2020-08-01 19:17
approved
rejected
awaiting decision
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí bean aige. Fuair an bhean bás agus d'fhág sí dílleachta gasúir in a diaidh. Ní dheachaidh bliadhain thart gur phós an baintreabhach ath-uair.
Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc gur éirigh clann na mná eile aniós, agus mar is gnáthach, chá rabh an leas-mháthair maith nó cinealta do’n dílleachta. Bhéarfadh sí air an t-uathbhas oibre a dheánamh agus ins an am céadna ag spárail a cuid páisdí fhéin. Nuair ba mhian leithe rud ar bith a fhághail deánta, sínfeadh sí a méar fhad leis an dílleachta sin an dóigh ar ghnáthach léithi an t-órdú a thabhairt dó.
Choinniughadh sí géacha agus am éigin acha’n oidhche shinfeadh an leas-mháthair a méar fhad leis an dílleachta ag tabhairt le fios dó go rabh an t-am aige ann na géacha a chruinniughadh agus iad a chur isteach sa chró.
Ach le sgéal fada a dheánamh goirid, ba ghoirid an saoghal a thug an dara bean léithi ach oiread agus tháinig an lá nuair a fuair sí bás. An oidhche chéadna sin chan an dílleachta an rann seo a leanas:
“A ghioll’ udaidh a shíneas a mhéar
Cuir fhéin na geacha ‘nocht isteach,
Cé gur beag an deifir atá eadar indiú a’s indé
Is goirid a bhíos toil Dé ag teacht.”
senior member (history)
2020-08-01 19:15
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:
Tá sé sa chlúid agus dhá chéad súil air.
(Ruideal).
Ceathar ar crith, ceathar ar rith,
Beirt ag deánamh an eólais
A’s an róibín ar deireadh.
(Bó).
senior member (history)
2020-08-01 19:13
approved
rejected
awaiting decision
Séamus Ua Ceanainn. (40 bl. d’aois)
Baile na Dumhcha, Gleanncholuimcille.
Ní h-ionann a théid an t-éadach gearr do’n uile dhuine.
Is iomdha cochall aerach ar ceann gan stuaim.
‘Sé aiteas bean leann a bheith ag líonadh na gcártaí,
‘Sé aiteas na gcearrbhaidhe a bheith ag imirt na gcárdaí,
‘Sé aiteas na ngarraidhe a bheith a troideán sa chrianán
A’s aiteas na seandaoine a bheith i n-aice na gríosadh.
senior member (history)
2020-08-01 19:12
approved
rejected
awaiting decision
Pádraig Ua Dhochartaigh (76 bl. d’aois)
Cill Fhánaid, Gleanncholuimcille.
Sean-fhochal:
Bás bíogamhail ar bhárr píce lá gaoithe gan taiséadach.
senior member (history)
2020-07-29 19:12
approved
rejected
awaiting decision
Sean-fhochal:
Fhad as bhéas an sneachta ar na cnuic,
Béidh sé ag cur, ag sioc nó ag séideadh.
senior member (history)
2020-07-29 19:11
approved
rejected
awaiting decision
Tomhais:
Ní fuil, ní feoil a’s ní cnámh é,
As fuil, as feoil a d’fhás sé,
Baintear an ceann de,
Olann sé a dheoch,
‘Sé a gnídheas siothchain,
Eadar caraid agus namhaid.
(Peann cleite.)
Tomhais:
Bíonn sé sa teine agus ní dhóightear é,
Bíonn sé sa t-siopa agus ní dhíoltar é,
Bíonn sé san uisge agus ní bháidhtear é.
(Deallradh na gréine.)
Tomhais:
Codhluigheann sé san oidhche agus a cheann in a shúil aige.
(Buarach bó)
senior member (history)
2020-07-29 18:43
approved
rejected
awaiting decision
damh leitir a sgríobhadh agus a fhágailt agat lé tabhairt dó ag innse seo dó. Aithneóchaidh sé lorg. mó láimhe”. Rinne sé sin.
Nuair a bhí sé sgríobhtha, dúbhairt sé, “[Ní]? Fada ‘nois go mbéidh mise ag imteacht. Chuaidh sé isteach sa chómhnair arais agus chuir an gasúr an clár air. Ní rabh i bhfad go dtainig an ceáthrar fear arais isteach, thóg leóbhtha an cómhnair agus d’imtigh amách.
Comh luath géur is glán an lá chonnaic sé dha éadan ag an fhuinneóig. Cé bhí ann acht an bheirt a cásadh ar tráthnóna. “Caidé’n cineál oidhche a chuir tú isteach ar siadsan”. “Maith go leór” arsan stocach, ag toiseacht agus ag innse fa’n cómhnair agus shín sé an leitir do mac an fhir. “Sin cinnte lorg láimhe m’átardha agus dheánfaidh mise an ceart”.
Thug siad síos é go dtí’n teach eile agus cuireadh i luighe é na bhí sé ag tuitim ‘na chodladh. Nuair nach rabh sé ag musgladh tráthnóna thug fear a tighe leis bucóid easgan beag a bhí ag taobh a tíghe agus chaith sé air é. Sgánnruigh sé agus léim sé suas. Bhí an sgánnrughadh anois aige. Chuaidh sé abhaile an tráthnóna sin agus thug mac an fhir a sháith ór agus airgead do siocar gur chuir sé a áthair fa shuaimhneas.
senior member (history)
2020-07-29 18:42
approved
rejected
awaiting decision
Drátha’n meádhon-oidhche mhothuigh sé an t-án torman go bráthach amuigh, caitheadh isteach an doras, craith an teach uilig ó bhun go bárr agus isteach lé ceáthrar fear ag iompar cómhnair agus d’fág ag na cosaibh ar an urlar é. Shiubhal siad amách gan focal a rádh. D’amharc sé síos ar an cómhnair agus dar leis ma’s é an diabhal fein atá ann tógfaidh mise an clár agus béidh an chéad buille agam. Thóg sé an chlár, léim fear aníos as an cómhnair agus chraith láimh leis. Shuidh sé síos ar cathaoir ag na thaobh agus thug an stocach gloine biotailte do agus d’iarr air sin a caitheadh síor. Rinne an feár sin.
Annsin d’innis sé a sgéul do’n stocach. “Anois adéir sé bhí mise mó Thíghearna Talaimh ar an dúthchaigh seo agus ba sa teach seo a bhí mé mó chómhnuidhe. Chuir mé ceithre muirín amách as a gcuid gabhaltasa agus anois ní thig liom socamhail ar bíth fhághail go dtugtar daobhtha na do na bhunadh arais an tálamh. Tá fhios agat an dá fear a cásadh duit ag teacht aníos annseo. Sin mó mhac-sa agus buachaill da chuid. Tá sé ‘na chómhnuidhe sa teach sin thíos agus ní leigeann an eugla dó cómhnuidhe annseo. Tá an teách breagh seo agus an ait ag dul amudha. ‘Nois innseochaidh mise caidé dheánfas tusa, innseochaidh tú do ar maidin imbárach go rabh tú ag cainnt liomsa anocht agus gur iarr mé air an tálamh a thabhairt arais. B’féidir gur bhfeárr
senior member (history)
2020-07-29 18:41
approved
rejected
awaiting decision
“Nois ar seisean, caithfidh tú bhéith ag siubhal a choidhche go bhfuig tú sgánnradh agus ní thig leat codhladh dha oidhche indiadh a chéile san ait amhain”.
Chuaidh sé abhaile agus d’innis sé goidé d’éirigh do do na dheirbhsiúr.
Rinne sí sin lón beag do agus d’imtigh sé leis ar béal maidne. Bhí sé ag siubhal leis go clap - sholais agus annsin chonnaic sé bóitheach beag fa ghiota do. Chuaidh sé isteach ann leis an oidhche a chaitheamh ann. Shuidh sé agus d’ít a lón. Bhí gráinín luachmhair sa choirneál agus sín sé é fein air agus chodlaigh leis go maidin.
D’éirigh sé agus siubhal leis an dára lá go clap sholais arais. Chonnaic sé teach mór fa ghiota do agus dar leis fein iarrfaidh mé lóistín go maidin annsin. Tharrang sé ar an teach agus chonnaic sé dha fear ag tárrangt air anuas. D’fiafraigh siad do ca rabh sé ag gabhail. D’innis sé daobhtha gur ag iarraidh lóistín na h-oidhche san teach mór sin a bhí sé ag dul.
D’innis siad do go dtiocfadh leis fánacht ann na nach rabh aon duine ‘na chómhnuidhe ann. Phíll siad leis agus leig siad isteach é, las siad sólus dó sa chisteannaigh agus d’fág buideál uisge beátha dó ar an tábla. D’imtigh siad amách ar an doras agus d’fág é.
Shuidh sé ag an tábla agus a cheann chrom aige
senior member (history)
2020-07-29 18:40
approved
rejected
awaiting decision
Oidhche amhain fad ó chuaidh gasúr go dtí’n tobair fa choinne stopa uisge. ‘Nois bhí’n tobair ag taobh na páirce in a mbíodh sé é fein agus na gásraigh eile ag imirt ann.
Nuair a d’amharc sé goidé chonnaic sé acht páirtí ag imirt cámain sa pháirc. Chuir sin iongantas air na ba é an chéad uair daobhta ariamh ghabhail a imirt gan cuireadh a thabhairt dó-san na ba eisean an fear i bfeárr acú uilig i gcionn an chámain.
Ní dheárn sé aon dáth amhain acht pilleadh abhaile leis an uisge agus an stópa fhágailt taobh amuigh dé’n doras, agus pilleadh áth-uair go dtí’n pháirc. Léim sé isteach thar an claidhe agus bhí an páirtí ag imirt ríth an áma acht chonnaic sé anois gur daoine coimhtigheacha uilig a bhí ionntú agus ní h-iad na gásraigh ar comhair ar bíth.
Sheas sé san ait a rabh sé agus análl lé feár acú agus shín cáman ionnsoir ag rádh san ám ceudna. “Nuair a thiocfas an búl aniar gabh i bhfásta leithí agus cuir báire shíor udaidh”. Ní rabh i bhfad go dtainig an búl fhad leis agus níor leig sé ar siubhal í gur chuir sé báire.
Lé sin thoisigh an greánn agus an bhualadh bós agus i gcionn na bomaite bhí siad uilig imtighthe as amharc acht é fein agus an feár a thug an cáman dó.
senior member (history)
2020-07-29 10:12
approved
rejected
awaiting decision
oirthí acht Naomh Eóin Baiste. “Tabhair damhsa na trí anam sin atá leat in do ghúna”, ar seisean. “O! maise, ca dtabhairfidh, ar sise, tá sé beag go leór agam fein iad a chongbhailt”.
D’imtigh sí léithí arais agus cé cásadh oirthí anois acht Rí an Dómhnaigh. “Tabhair damhsa na trí ánam sin atá in dó ghúna”, ar Seisean leithí. “Gheobhaidh Tú fad agus fáilte, ar sise, na sgríste na faoiseamh ar bíth a fuair mise in Ifrionn ba ár an Dómhnach a fuair mé é”.
Bháiste Rí an Dómhnaigh iad agus cé’r bhiad fein acht Ánam an Sagairt, Ánam a h-Áthardha, agus Ánam a Máthardha. Ba an triúr acú a bhí sí ag congbhailt sa chomhra ríth na bliadhna.
Comh luath géur agus báisdeadh iad chuaidh siad isteach ‘na Flaithis.
senior member (history)
2020-07-29 10:11
approved
rejected
awaiting decision
bruiththe i gcómhra luaighe ar an teine a congbhailt síos sa luaigh.
Chaith sí an bliadhain ar an éalang seo agus ba chruaidh an obair í. I Ríth na bliadhna níor bhlas sí biadh na deoc ann. Nuair a ghcibheadh sí rud lé h-íththe sé an rud a gnídheadh sí leis é chuir isteach i mbáraille a bhí ag na taobh.
Congbhuigh sí cunntas maith ar an bhliadhain agus nuair a bhí sé go díreach istígh dúbhairt sí leis an Diabhal. “Tá mó bhliadhain istigh indiú, tá mé ag imteacht”. “Ó!, arsa seisean, caithfidh tú támallt eile a chuir isteach ar son an bídh a d’íth tú annseo”. “Níor íth mé greim dé do chuid, agus níor ól mé deoc dé do chuid tá sé uilig thall sa bháraille annsin, arsa sise. Chuaidh sé anonn agus chonnaic sé deireadh ann.
“Féadann tú imteacht indiú cinnte agus mar d’obrigh tú comh maith ó thainig tú annseo, bhéirfidh mise rud ar bíth duit a iarrfhas tú orm”, ar seisean.
“Lé do thoill, ar sise, tá mé ag iarraidh na trí anam sin ort a rabh mé ag congbhailt ag fiuchadh síos sa chómhra luaighe lé bliadhain”.
“Geobhaidh tú iad cinnte”, arsan Diabhal. Fuair sí iad agus d’fág slán ag Ifrionn.
Cuir sí isteach iad in a giad agus d’fág slán ag Ifrionn.
Cuir sí isteach iad in a gúna lé n-iompar agus a sáith dé lúthghair oirthí go rabh na créatúir léithí. D’imtigh sí léithí fa shiubhal géur agus cé cásadh
senior member (history)
2020-07-29 10:10
approved
rejected
awaiting decision
obair-tighe a dheánamh do agus rinne sí sin na ba í seo an chéad ait ar cásadh oirthí a dtiocfadh leithí baint faoi anntí. Bhí sí ag deánamh gach seórt fo maith dó agus bhí sé án-mhaith dí.
Acht lá amhain bhí sé na shuidhe cois na fuinneóige agus é ag léigheamh leabhar ma bfíor agus chonnaic sí go rabh na deóra ag tuitim leis go frás.
D’fiafraigh sí dé goidé adhbhair a bhróin agus ní innseochadh sé dí. “Mura n-innseochaidh tú damh, arsa sise, goidé tá ag cuir buaidhreadh ort imteochaidh mise uait”. Nuair a chonnaic sé gur mar seo a bhí sí a glácadh d’innis sé dí a sgéul.
Dúbhairt sé gur gheáll sé bliadhan a cháitheamh ag obair dó’n Diábhal i nIfrion agus go gcaithfeadh sé imteacht i mbárach agus nar mhaith leis a ghabhail agus gur sin ádhbhar a bhróin.
“Fad sin do choise ní ráchfaidh tú, arsan cailín, ráchfaidh mise mé fein agus dheánfaidh mé an bliadhan ag obair do”. Nuair a chonnaic sé go rabh sí réidh lé ghabhail go h-Ifrionn, thug sé úbhla dí agus d’iarr sé oirthí gan aon ghreim bídh na díghe a bhlás fhad ‘s bhéadh sí ann acht nuair a bhéadh ocras na tart oirthí an t-úbhla a chuir in a béal agus go n-imteochadh siad dí.
Chuaidh sí go h-Ifrionn agus seo an obair a thug an Diabhal dí lé deánamh, trí ánam a bhí ag
senior member (history)
2020-07-29 10:09
approved
rejected
awaiting decision
Thainig Sagart Óg abhaile as Colaiste ám amhain agus ní rabh aon duine ar an bhaile dé na cómhursanaighibh nach dtug dínnear do indiadh é theacht acht bhí teach amhain nac dtug dínnear ar bíth do. Ní rabh sa teach seo acht báintreabhach agus a ingean.
Dúbhairt an ingean leis an mháthair go rabh siad náirigh go deo nach dtug dínnear do agus é ar an sgoil agus eile in a cuidheachta. “Bal!, arsan mháthair, deán thusa réidh dínnear agus tabhair cuireadh do”. Rinne an ingean sin agus thainig an Sagart Óg ‘soir an dínneár.
Go díreach nuair a bhí siad indiaidh suidhe síos an triúr acú ag an tábla leigeadh án - sgreád uathbhasach taobh amuigh dó’n teach. Amách leis an Sagart agus an mháthair go bhfeicfeadh siad goidé bhí ann agus nuair a bfada leis an ingean amuigh iad cuaidh sí fein amách agus fuair sí an bheirt báidhte sa chárn-aoiligh.
Cuireadh iad agus bhí an t-án-bhrón go bráthach ar an chailín. Ní thiocfadh leithí fánacht sa teach agus d’imtigh sí leithí béul a cinn. Ní thiocfadh leithí fánacht dha oidhche san ait amhain bhí sí comh mór fríd a chéile sin. Bhí sí ag siubhal léithí ariamh gur bhuail sí isteach i dteach lá ámhain nach rabh ann acht fear amhain. D’iarr sé seo oirthí fánacht aige leis an
senior member (history)
2020-07-28 11:31
approved
rejected
awaiting decision
1. Pray tell me lady, ifyou can, who is this highly favoured man. For thought he marries many a wife. Many still remain single all his life.
A Clergyman
2. We are a curious family, just five our numbers are. In every word you read or write one of us must be there. Without the aid of one of us not a single word you will form. We are found in palace cot and shop and even in the storm.
The Vowels
3. I have a head and a tail. I lack but I have arms and legs and a back. I inhabit the tavern the palace and the cot.
Tis a beggarly residence where I am not. If a monarch were present I tell you no fable. I still should be placed at the head of the table.
A Chair
4. Formed long ago yet made to day its most in use. While others sleep. What few would wish give away
senior member (history)
2020-07-28 11:20
approved
rejected
awaiting decision
ait a bhfuil mé agus deán giotaí comh fínealta damh is bhéadh an tobac a chuirfeadh fear isteach in a phíopa agus fág annseo mé ar thaobh an bheákaigh”. Rinne an Sagart seo uilig agus annsin thárrang sé ar an bhaile. An oidhche sin fuair an Sagart bás agus ar maidin cásadh é fein, fear na h-uaimhe, agus Ua Briain ar a chéile ag Geáftaí na Flaithis, agus bhí siad araon isteach lé céile ‘na Flaithis. Rinne Ua Briain agus fear na h-uaimhe an t-aithreachas buidhe nuair a cásadh an Sagart Óg orthú.
senior member (history)
2020-07-28 11:19
approved
rejected
awaiting decision
agus an Diabhal Mór agus nuair a chonnaic sé comh h-áchmar is thug sí suas an leitir ar a cluinstin go gcuirfidh isteach í sa tseómra a bhí réidh dó fhein nuair a gheobhfadh sé bás dar leis, caithfidh sé go bhfuil an seómra seo go h-án dona.
D’fiafraigh sé do’n Diabhal an dtiocfadh leis an tseómra seo fheicealt. “Thig leat ar do bheálach amách do shúil a chuir lé poll na h-eochrach acht ní thig leat ghábhail isteach”. Ar a bheálach amách chuir sé a shúil lé poll na h-eóchrach lé ámharc isteach acht bhí an teas comh mór taobh istigh gur leaghadh an t-súil amách as cheann.
D’fág sé fein agus an Sagart Óg Ifrionn agus siubhal leo go dtainig siad go deireadh an bheálaigh agus bhí siad ar Beálach na gCríostaidhe aríst. “’Nois, arsan Sagart, béidh mé ag fágailt slán agus beánnacht agat, seo mó bheálach-sa agus ní bhéidh mé i bhfad ag ghabhail abhaile. Ní thig liom innse duit comh buadheacht is tá mé duit ar son an mhéid a rinne tú damh”.
D’freagar Ua Briain go deárn sé moran do cinnte agus go rabh sé beag go leór ag an Sagart Óg rud amhain a dheánadh do sul a bhfágfadh sé é. “Ma thig liom ar comhair ar bíth”, arsan Sagart. “O! thig leat, arsa Ua Briain. Márbuigh mise annseo san
senior member (history)
2020-07-28 11:18
approved
rejected
awaiting decision
tríomhadh lín. “Seo í”, arsan Sagart.
“Tabhair do an leitir atá agat”, arsan Diabhal Mór. “Maise, ca dtabhairfidh coidhche”, arsan cailín.
“Mura dtabhairfidh tú dó an leitir, arsan Diabhal Mór fágfaidh mé do shuidhe ar an cathaoir miotáil sin os coinne na teineadh thú agus lasóg in dó bhéal agus béidh tú annsin fhad’s bhéidheas Ifrionn ‘na Ifrionn”. “Da ndeánfa sin agus a dha oiread eile, ní thabhairfidh mé do an leitir”, arsan cailín.
“Bhal! arsan Diabhal, mura dtabhairfidh tú do an leitir cuirfidh mise isteach sa cóithre luaighe sin atá ag fiuchadh ar an teine agus béidh tú annsin fhad’s bhéidheas Ifrionn na Ifrionn”.
“Da ndeánfa sin agus a dha oiread eile ní thabhairfidh mé an leitir do”, arsan cailín.
”Bhal! arsan Diabhal, chuirfidh mé isteach thú ins an tseómra atá réidh agam fa choinne Ua Briain nuair a gheobhfas sé bás agus béidh tú annsin fhad’s tá Ifrionn na Ifrionn mura dtabhairfidh tú do an leitir”.
Comh luath géur is dúbhairt sé go ndeánfadh sé sin léithí thug sí an leitir do’n Sagart. Bhí lúthghair a sháith arsan an leitir a fhághail agus anois bhí sé réidh lé Ifrionn a fhágailt.
Rith an áma seo bhí Ua Briain ‘na sheásamh annsin ag éisteacht leis an tseánchus a bhí idir an cailín
senior member (history)
2020-07-28 11:17
approved
rejected
awaiting decision
aníos. Cé bhí ann acht Ó’Briain fear a dhíol é fein leis an diabhal ar an t-saoghal seo agus bhí sé ag deánamh an eile teachtaireacht do’n diabhal ar an tsaoghail seo. Nuair a chonnaic O’Briain Sagart ar an bheálach seo thainig a sháith iongantais air agus d’fiafraigh sé do caidé thug eisean annseo. D’innis an Sagart Óg a sgéul do ó thús go deireadh. Dúbhairt Ó’Briain leis go bpillfeadh seisean síos leis agus da bpillfeadh fein ní lé dochar ar bíth a dheánadh dó.
Nuair a shroic siad Ifrionn chuaidh Ua Briain ‘un cainnte leis an Diabhal Mór é fein. “Nois ar seisean leis is iomaidh sin teachtaireacht a rinne mise duitse agus tá sé beag go leór agat gár amhain a deánamh damhsa. “O! maise deánfaidh mise sin duit ma thig liom”, arsan Diabhal. “Tcídh tú, arsa O’Briain, an fear uasal seo atá liom”. “Tcím cinnte”, arsan Diabhal.
Tá, arsa O’Briain, leitir ag cailín éigínteacht annseo i n-Ifrionn sgríobhtha in a chuid fola agus tá sé ag iarraidh an leitir seo fhághail uaithí agus sin an fáth a dtainig sé annseo. Fág an leitir sin do’n fear uasal seo sin an gár atá mise ag iarraidh ort. “Maise! Dheánfaidh mise sin duit”, arsan Diabhal. An aithneochfha an cailín arsa an Diabhal leis an Sagart. D’áithnéochainn cinnte” arsan Sagart. Rinne sé trí líne dé na cailínibh agus ní rabh sí sa chéad lín, ní rabh sí sa dárna lín ach oireadh, acht ba í an duine deireannach a bhí sa
senior member (history)
2020-07-28 11:16
approved
rejected
awaiting decision
an beálach do. Leis sin shín sé an eochair do giota iarrain a bhí tuairim dha ordhlach ar fad. D’iarr sé air siubhal leis go dtiocfadh sé fhad lé carraig mhóir, agus thug sé an eile cineál fios dó an dóigh a n-áithneochadh sé an charraig. “Nuair, ar seisean, a bhuaileas tú an charraig leis an éochair seo fosglochaidh sí agus annsin atá toiseach an bheálaigh atá ag gabhail caol díreach go h-Ifrionn”. Acht ar seisean tá rud amhain agat lé deánamh damhsa sul a n-imteochaidh tú an ndeánfaidh tú é?” “Ma thig liom ar chomhair ar bíth, arsan Sagart, dheánfaidh mé é”. Bhal! arsa fear na h-uaimhe, an bhfeiceann tú an bárra mór iarrain atá annsin thall ag an bhalla, caithfidh tú an bárra sin a chuir fríd mo chorp go rabh mé márbh. Annsin nuair a bhéas mé márbh chuir an cloch mhór agus an cloch bheag in mo mhullach agus fág mo luighe ammseo mé”. Rinne an Sagart mar d’iarr sé air agus d’fág na luighe márbh fhear na h-uaimhe agus d’imtigh leis ag tárrangt ar an charraig.
Ní rabh moill air an charraig a dheánamh amách agus bhuail sé an eóchair ar an charraig agus d’fosgal an charraig agus annsin roimhe bí an béalach go h-Ifrionn na luighe.
Bhuail sé leis síos an bhéalaigh agus ní dheáchaidh sé i bhfad gur cásadh air fear ag tárrangt air
senior member (history)
2020-07-28 11:16
approved
rejected
awaiting decision
Sagairt caidé a rinne sé d’innis siad do go rabh sé cáillte muna bhfághfadh sé an leitir sin arais, na d’áithin siadsan ar aon gur as Ifrionn a thainig sí agus go mbéadh sí ag obair a choidhche go bhfághfadh sí eisean síos agus go n-éireochadh léithí nuair a bhí’n leitir aicí. Acht ní rabh aon dóigh aige an leitir a fhághail go dtéidheadh sé síos go h-Ifrionn fa na choinne. Bíodh fhíos agat nach lúthghair a bhí air nuair a chualaidh sé go rabh aige lé ghabhail sios go h-Ifrionn fa choinne a leitir.
Ní rabh fhios aige an bheálach, agus ni rabh fhios ag na Sagairt eile ach oiread. Caidé bhí ag an duine bocht lé deanamh. Sa deireadh d’innis fear a tíghe do go rabh feár na luighe shuas i n-uaighe mhóir os cionn an tíghe. Ba fear é a rinne an uile séort ólcais in a shaogail agus seo an áit -cómhnaidhe a bhí aige, agus mura mbéadh seisean i n-innibh an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do nach rabh fhios aige aon duine eile a thaisbeanfadh.
D’imtigh sé suas agus cinnte go leór bhí’n fear na h-uaimhe na luighe annsin na chodladh. Mhusgail an Sagart Óg é agus d’innis sé a sgéul dó agus d’fiafraigh dó an dtiocfadh leis an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do. Dúbhairt sé go dtaisbeanfadh, na go rabh fhios aige go maith toiseach a bheálaigh agus ní amhain sin acht go dtabhairfeadh sé an eóchair do a d’fosglochadh
senior member (history)
2020-07-28 11:15
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Sagart Óg ar a bheálach abhaile ó’n Cholaiste indiadh Órd Beánnuighe a fhághail. Ar a bheálach caidé cásadh air acht cailín óg agus bhí sí ag briseadh a croidhe ag caoineadh. Dfiafraigh sé dí caidé ádhbhar a caointe na bhí an t-án truaighe aige dí. “Ó! arsa sise, leitir deas a bhí agam a chaill mé?” “Nach furust leitir a fhághail”, arsan Sagart. “O! ní furust leitir sgríobhtha i bhfuil a fhághail” ar sise. “Gheobhaidh tú leitir na sgríobhfaidh mise ceann duit in mó chuid fola fein”. Leis sin chrom sé síos, bhain dé a bhróig, sgríobh a ladhar mór gur chuir sí fuil agus sgríobh leitir de’n cailín in a chuid fola fein. Shin sé dí an leitir agus d’imtigh sí as amharc.
Comh luath géur is d’imtigh sí thainig aithreachas arsan cionn is a léithid a dheánamh na d’áithin sé anois nar chailín do chuid a t-saoghail a bhí inntí, agus smaoitigh sé gur b’ámaideach an rud a rinne sé dí. Chuaidh sé giota eile ag tárrangt ar an bhaile agus chuaidh sé isteach i dteach ar thaobh an bhealaigh. Caidé bhí sa teach seo acht “Stations” agus bhí dha Sagart dé chuid an Phároiste ann ag éisteacht. Nuair a bhí siad réidh agus d’imtigh na daoine uilig d’innis an Sagart Óg mar d’éirigh dó ar a bheálach agus mar sgríobh sé an leitir dó’n cailín in a chuid fola fein. Nuair a chualaidh na
senior member (history)
2020-07-28 11:14
approved
rejected
awaiting decision
Fad ó shoin bhí fear ‘na chómhnuidhe i Sráthlaoighfheoil darbh ainm Labhras Mac Niallgais. Bhí Labhras na h-án - cheárbhaigh ar fad - ní rabh a bhualadh sa pháróiste. Saor-cloiche a bhí ann agus san ám seo bhí sé ag deánamh tíghe úir i nGleann.
Oidhche amhain dár leis go dtiocfadh sé amách abhaile. Bhí sé mall go maith ag fágailt istigh acht oidhche bhréagh geálaigh a bhí ann agus ba chuma leis. Bhog sé amách ar a shuaimhneas cnoc a Caisil agus nuair a thainig sé go Mín na bhFáchran gheárr sé trásna an cnuic an aithghiorra ag tárrangt ar an bhaile.
Bhí go maith gur shroich se Mín a Luig tuairim leáth mhíle ó na theach fein agus goidé a tcídh sé i lár an bheálaigh s’ aige acht tábla agus deic cardaí air, agus ceithre cathaoir ag an tábla. Leis sin tcídh sé tríur fear ag tárrangt ar an tábla agus ag glacadh cathaoir an duine. Bhí cathaoir amhain follamh agus nuair a bhí Labhras ag gabhail thart lé na dtaobh d’iarr siad air suidhe agus cluiche imirt leobhtha.
Níor leig Labhras air gur chualaidh sé iad acht shiubhal leis comh mór is thiocfadh leis na sgánnruigh sé go mór. Ó’n oidhche sin níor imir sé a’n chárda go dteáchaidh sé i dtálamh rud a tharla gan mhoill ‘na dhiaidh sin.
senior member (history)
2020-07-26 19:12
approved
rejected
awaiting decision
Tá fear na chómhnuidhe i nGleánn Mhálainne san ám i láthair agus ‘sé an t-ainm atá air Seán Ua Lamhna. Ín a ghabhaltas ag taobh an bheálaigh-mhóir tá tábla iongantach deas curtha. Tábla mór deánta as clochaibh atá ann agus na cosa tionntaighte ann. I n-aimsir áthair Sheán bhí’n tábla lé feicealt os cionn an tálaimh acht chúmhdaigh seisean é agus ó’n lá sin go dtí’n lá indiú tá’n tábla curtha annsin gan corrughadh.
senior member (history)
2020-07-26 19:11
approved
rejected
awaiting decision
Bhí dha fear i dteach gállda oidhche amhain agus bhí súil acú fánacht ann go maidin. Bhí seán cailleach ann agus í ag baint ime ó’n chuinneóig indiadh máistríughadh a bhualadh.
Thoisigh sí ag deánamh an ime agus caidé bhí acht braon lé na gaosan. Bhí na fir ag coimhead oirthí agus nuair a fuair siad fáill dúbhairt fear acú leis an fhear eile, “An bhfanochaidh tú annseo anocht?” “O! arsa seisean, sin do [réis]? ‘s mar shileas an braon”
senior member (history)
2020-07-26 19:10
approved
rejected
awaiting decision
an bhaile. Goidhé bhí acht Sgálan ar an cnoc agus bhí Sagart ann an mhaidin seo ag léigheadh Aifrinn agus sluagh mór cruinn ag an Aifreann. Thárrang mo dhuine ar an Sgálan agus nuair a thainig sé fa fhad aithne as go bráthach leis an phóbail roimhe an taidhbhse acht cupla fear nar bhfurust eugla a chuir órthú a dfán ag an tSagart.
Nuair a chonnaic an Sagart cé bhí ann cuaidh sé i n-áiricis agus d’fiafruigh goidé bhí ag chuir buaidhreadh air na shaoil sé gurb é a chuir sé. D’innis sé an t-iomlán do’n Sagart ó thús go deireadh, fa’n leitir, fa’n mhalairt éadaigh, fa’n fear a bhí leis an teach. A chúmhdach, fa’n lágan, fa’n pilleadh agus nach leigfeadh ceáchtar do’n da theach isteach é, agus mar (mar) chaith sé an oidhche sa bhothan. D’aithin an Sagart annsin go deárn siad uilig an fear contrailte do’n chorp a fuarthas san abhainn agus gurb é fear an bhaile-mhóir a báitheadh agus a cuireadh in-ait an [fhir]? seo.
Ach ba é an chuid ba mheása anois mar bhí a bhean pósda ar fear eile agus nuair a d’innis sé an sgéul seo gur phós sé í ‘sé an freagra thug an air. “Mar phós tú í, caithfidh tú i sgaoileadh arais”.
senior member (history)
2020-07-26 19:09
approved
rejected
awaiting decision
mar shaoil siad fein san ait a rabh sé ag baint na bhfiog lé tuighe a chuir ar a theach. Rinneadh a fhaire agus cuireadh go dóigheamhail é.
Ní rabh sé án-fhada gur phós sise fear dé na cómharsanaighibh a bhí ag bráth oirthí sul ar pósadh ariamh í.
D’fán an fear a d’imtigh na lágain seál maith acht fa deireadh phill sé ar an bhaile. Nuair a shroich sé a theach fein i Mullaigh na nDamh bhí siad na luighe na bhí sé máll san oidhche agus nuair a d’innis sé cé é fein ní leigfeadh siad isteach é na nar fear a báitheadh agus a cuireadh a bhí ann.
D’imtigh sé amách an cnuic go Cróbh go tígh an fíghdeóiri athair s’aici-sí acht nuair a d’innis sé gurb é fein a bhí ann ní leigfidh isteach annsin é ach oiread fear báithe. “Níl dadaí annseo leátsa arsan fígheadhóir, acht ceártlín beag innighe a bhí a bhfuaghail dó’n bháinín deireannach”, agus d’fosgal sé an doras giota beag agus shín amách an ceártlín do’n taidhbhse a bhí amuigh mar shaoil sé fein.
Ní rabh dadaí aige lé deánamh ‘nois acht pilleadh amách go Mullaigh na nDamh. Bhí sé án-turas agus bhí bothan beag ar an cnoc a mbíodh daoine ag blíghe éallaigh ann agus chuaidh sé isteach agus thuit sé na chodladh. Bhí’n lá geál nuair a mhusgal sé agus d’imtigh sé síos ag tárrangt ar
senior member (history)
2020-07-26 19:08
approved
rejected
awaiting decision
imteacht as baile leobhtha, ar seisean. ‘Nois bhí’n da fhear tuairim ar aon mhéid agus do’n deánamh ceudhna agus bhí culaith bréagh ar fhear an bhaile-mhóir agus ní dheárn sé aon dath amhain acht malairt éadaigh a thabhairt do agus chuir sé fein air an sean chulaith lé fear Mhullaigh na nDamh san ait a rabh siad. “Ar ndoiche níl leith-sgéul ar bíth agat” ar seisean gan ghabhail anois”. “Can bhfuil maise”, arsan fear eile, agus tá sé comh maith agam bogadh liom anois agus gan stad ar bíth a dheánamh.
D’imtigh sé leis béul a chinn ag tárrangt ar a dheárbhrathair ar an lágan agus ní dheárn sé oiread agus ghabhail suas abhaile ag innse ca rabh sé ag gabhail lé h-eughla moill ar bíth a chuir ar fhein.
Thoisigh an fear a dfág sé i na dhiaidh ag baint na bhfiog agus nuair a bhí ualach sa chrosóig aige dar leis go dtabhairfeadh sé suas fhad leis an teach é. Cuir sé suas ar an chlaidhe é lé n-árdughadh ar fein é, acht ca bíth útamail a bhí air thug an t-ualach síor ar a dhruim é isteach san abhain i gcúl an chlaidhe agus báidheadh é.
Nuair nar phill a fear abhaile an oidhche sin chuir bean a tíghe sgéul go dtí na cómharsanaigh agus thoisigh an cuartughadh agus fuarthas báidhte san abhainn é
senior member (history)
2020-07-26 19:07
approved
rejected
awaiting decision
giota maith ag baint fiog cois na h-abhna. Thárrang an fear air agus shín an leitir do. ‘Nois ní rabh léigheann ar bíth ag fear Mhullaigh na nDamh agus d’iarr sé ar an fhear eile suidhe agus an leitir a léigheadh do.
Shuidh an bheirt acú chois claidhe gur léigh fear an bhaile mhór do í agus nuair a chualaidh sé fa’n cuireadh bhí ann chraith sé a cheann agus dúbhairt gur mhór an truagh nach dtiocfadh leis a ghabhail. “Caidé tá dó chongbhailt? arsan fear eile, na d’aithin sé air gur mhaith leis a ghabhail.
“O! tá, arsa seisean, tuighe agam lé cuir ar an teach nach sin comhair a bhéith anuas é dioghbhail tuighe agus ma imtigheann ar ndoiche ní bhéidh sí fein i n-innibh é chúmhdach agus ceángail, agus ní h-é sin amhain acht níl na fioga fein uilig bainte agam fa choinne cúmhdach na sin an eálang atá orm ar an bhomaite”. Phós sé nuair a d’imtigh a dheárbhrathair ingean fíghdeóirí as an Chróbh.
“Ma’s sin a bhfuil do chongbhailt, arsa fear an bhaile-mhór, is furust sin a léigheasadh na bainfidh mise go leor fiog agus cuirfidh mé cúmhdach ar an teach duit an chead lá fóirstineach a thiocfas”. “O! níl gár ann ní thiocfadh liom a ghabhail na níl a’n snáiththe éadaigh agam acht an mhéid a téidh tú ar mó druim agus ní thiocfadh liom
senior member (history)
2020-07-26 19:06
approved
rejected
awaiting decision
aige go bráthach.
‘Nois nuair a bhí sé tuairim ar trí bliadhna pósda dar leis fein, “tá sé ceithre bliadhna ó chonnaic mé mó dheárbhrathair agus ba mhaith liom é a fheicealt”. Nuair a d’innis sé seo do na mhnaoi ní dheárn sí aon dath acht suidhe síos agus sgríobh leitir deas ‘soir a dheárbhrathar i Mullaigh na nDamh ag iarraidh air teacht ar cuairt ionnsorthú.
Nuair a shroich an leitir seo Oifig an Phuist i mBaile ‘n Droichid bhí’n fear-phuist ag amharch thart go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé aon duine ag gabhail suas go Gleann a Bhaile Dhuibh go gcuirfeadh sé suas an leitir leis, na ní rabh puist ar bíth ag imteacht suas an Ghleánna an uile lá mar tá anois. B’éigin do na daoine theacht go dtí’n Oifig nuair a bhéadh siad ag súil lé leitir na i n-ámannaí ghníodh an fear-phuist gár daobhtha agus chuirfeadh sé an leitir lé aonduine ionnraice a bhéadh ag gabhail beálach an tíghe. Fuair sé feár as an bhaile-mhór ag gabhail suas an lá seo go Mullaigh na nDamh ag amharc indiadh éallach féurach a bhí shuas aige ann. Thug sé seo leis an leitir agus bhog leis suas an Ghleanna. Nuair a bhí sé tárrangt ar teach an fhir a rabh an leitir aige fa na choinne goidé tcídh se acht an fear taobh shíos do’n teach
senior member (history)
2020-07-26 19:05
approved
rejected
awaiting decision
Tá seal bliadhain ó shoin bhí dha dheárbhrathair na gcómhnuidhe i Mullaigh na nDamh i mbárr Gleann a’ Bhaile Dhuibh. Ní rabh acú acht iad fein agus bhí siad ag tárrangt lé chéile go maith ar gabhaltas beag ag strácal leis an t-saoghail.
Acht oidhche amhain sul a dteáchaidh siad i luighe bhí’n bheirt acú na suidhe cos teineadh agus ní rabh fonn ar bíth cainnte ar an fear a b’óige acht é ag stánadh isteach sa teine agus é ag smaoitiughadh go doimhin. Sa deireadh ar seisean “Sé r’d a bhí mé ag smaoitiughadh annsin go bhfuil an gabhaltas seo gánn go leór ag duine amhain againn can amhain beirt agus mar is mise is óige, tá mé ag imteacht i mbárach”.
Ní rabh gár a bhéith leis, d’imtigh sé i mbéal maidne lá ar na bhárach. Níor stad sé go deárn sé fástughadh lé fear ar an lágan.
Nuair a bhí’n bliadhan istigh aige i n-ait pilleadh ar an bhaile caidé sé gnídh acht bean a rabh gabhaltas aicí a phósadh. Ní rabh sí ró-óg acht nar chuma fa sin bean . tálaimh a bhí inntí agus clú aicí go rabh sí go láidir sa t-saoghail an rud a bfíor. Mar sin dé níor phill sé go Mullaigh na nDamh acht shocruigh sé ar an lágan agus ní rabh fáth géaraid ar bíth aige na ‘nois bhéadh a sháith
senior member (history)
2020-07-26 19:04
approved
rejected
awaiting decision
Tomhas 46 ar leánmhaint.
“Goidé tá d’áthair ag deánamh”? arsan fear”
“Tá sé ag cuir an eile trí bheálach isteach i mbheálach amhain”, arsan ghirseach.
Sin go rabh sé ag coiriughadh na gclaidhe agus ag tógailt na mbeárnach.
senior member (history)
2020-07-26 19:03
approved
rejected
awaiting decision
Rann IV.
Fá’n Teampoll da-réir sin go taobh Mín-a-Binn
‘Speirle seamrach féur glás ó bun go bárr Cro-shléibhe
Bíonn duilleabhair glás féile ann is bíonn géimneach na luighe
Bíonn bric as tuirc go tréan ann fraoch na mbeann is ceirseach.
Ag iomas is ag éad ca dtéidh siad a luighe
Is lé moch na mbainne ag éirigh bíonn Chú is gadhar da n-iarraidh.
Is buaibh-bhéil da shéideadh fríd éadan Fhochar Aodh.
senior member (history)
2020-07-26 19:02
approved
rejected
awaiting decision
Rann IV.
Fá’n Teampoll da-réir sin go taobh Mín-a-Binn
‘Speirle seamrach féur glás ó bun go bárr Cro-shléibhe
Bíonn duilleabhair glás féile ann is bíonn géimneach na luighe
Bíonn bric as tuirc go tréan ann fraoch na mbeann is ceirseach.
Ag iomas is ag éad ca dtéidh siad a luighe
Is lé moch na mbainne ag éirigh bíonn Chú is gadhar da n-iarraidh.
Is buaibh-bhéil da shéideadh fríd éadan Fhochar Aodh.
Tomhas 46 ar leánmhaint.
“Goidé tá d’áthair ag deánamh”? arsan fear”
“Tá sé ag cuir an eile trí bheálach isteach i mbheálach amhain”, arsan ghirseach.
Sin go rabh sé ag coiriughadh na gclaidhe agus ag tógailt na mbeárnach.
senior member (history)
2020-07-26 19:00
approved
rejected
awaiting decision
Ag bruach Béile - Béile tá’n t-súil gorm ag séimhighe
An seabhach ar a léim ann is é ag éirigh lé gaoth.
Is ag sáil Cnoc an Aine tá’n t-einbhir is bréaghtha
An breac san breadan bán ann go neochfaidhe ins an líon.
Rann III.
Is ag sáil Cnoc an Áine tá’n cúirt geal is parlois,
Aol ballaí bána agus táblaí na suuidhe
Is ó mhór bruinte an t-sléibhe sé gluaiseas na céudtaí,
Chuig báinnse is chuig féastaí a bhíos gléasta go síodh.
Bíonn sluagh dé mná gréaga ann, dubhlaimh de-daithte
Clairseach da mbréugnuigh lé téid agus píob
‘S gur míle binne an cuach ag seinm ar an uaigneas.
I mbárr toma luachair na i n-uachtar Fochar Aodh.
Rann IV.
O’Dochartaigh na féile fá’n chúirt is fa’n h-allaí glégeal,
senior member (history)
2020-07-26 18:59
approved
rejected
awaiting decision
Rann I.
A Shliabh a Liag mór áluinn a bhfuil an féur fada fás air.
Is mil bhuidhe ag gabhal lé fanaidh ann gach lá mar an drúcht.
Tá buaidh gach cnoc da bréaghtacht aicí ó fíor-mhullaigh na Teamhrach.
Ó Neifin Mic Amhlaigh go h-Aontruim is go Múmhain.
Bíonn pléisiúr ar aontaigh ann, coillte a mbíonn aoibhneas ann.
Caol mharcaigh sidheóg trath téidh siad faoi shéol.
Bíonn coistí na bprionnsaí ar bhothraigh da n-ionnsuigh.
Bíonn mór-cuid dé’n im ann a’s is milis bainne an bo.
Rann II.
Ag bruach Malaidh Mháluinn, tá an sliabh maiseach áluinn
Tá ‘n t-úbhall as an t-slat ag fás ann ‘s ní áithrighim súbh-craobh,
Níor luigh bó gan dáir ann no a’n cheis gan a h-ál ann.
Is an craobhruigh go bhfásann fa’n Teámpoll sin Aodh.
senior member (history)
2020-07-22 23:51
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear-uasal ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht aon-mhac. Bhí an gasúr seo go h-án-cúramach ar fad aige nuair nach rabh aige acht é.
Lá amhain d’innis na saoi do go rabh án táirneach lé theacht agus go mairbhfidh a mhac leis. Nuair a chualaidh an t-áthair seo rinne sé suas a intinn go sábhalochadh sé é.
Bhí cnoc mór shuas I gcúl an tíghe agus fuair sé uaigh mór bainte istigh I lár an cnuic agus bhí súil aige an ghasúr a chuir isteach annseo nuair a thiocfadh an tairneach agus go mbéadh sé sábhailte.
Thainig an lá agus d’iarr an t-áthair ar an ghasúr ghabhail isteach san uaigh seo go rabh án-táirneach lé theacht agus go mbéadh sé sábhailte. Acht fad na coise ní ráchadh an gasúr isteach dúbhairt sé ma bhí sé lé márbhadh go rabh seisean sásta dé Tóil Dé.
D’imtigh sé agus luigh amuigh ar léuna agus thuit se ‘na chodhladh. Thainig an táirneach agus bhí sé mádramhail. Thuit splannc i mbéul na h-uaighe agus thuit an dara cionn agus líonadh an uaigh lé clocha agus créafóig. Aon duine a bhéadh istigh ann bhéadh siad plúchta agus brúidhte.
Sa deireadh bhí sé thart, d’éirigh an t-áthair amách lé corp an ghasúir a chuartughadh na bhí sé cinnte go rabh sé márbh. Ní rabh dádaí dé, fuair sé na codhladh ar an léuna é, codlaidh sé fríd a t-iomlan agus níor mhothuigh sé dadaí.
senior member (history)
2020-07-22 23:50
approved
rejected
awaiting decision
Bhí gasúr beag ann ám amhain agus fuair a mháthair bás. Phós a áthair arais agus bhí an leás-mháthair go h-olc do’n ghasúr.
Cuirfeadh sí amách é an uile mhaidin ag choimhead caorach agus é ‘na throsgadh. Acht ní rabh gár dí ca bíth droch íde a bhéarfadh sí dó bhí sé ag fás suas mór níos láidre agus i bhfad níos bréaghtha na clann s’aicí fein a bhí ag fághail a gcuid go maith.
Caidé bhí acht an uile lá thigeadh caora dhúbh lé na chuid chuig an ghasúr agus ní bhíodh ocras ar bíth air bhí sé ag fághail a sháith.
Thoisigh an leás-mháthair a choimhead agus caidé do bháramhail nach bhfacaidh sí an caora dhubh ag teacht chuige an uile lá agus rinne sí suas a h-intinn go mairbhfeadh sí an caora dhubh.
An mhaidin sin bhí an caora i n-innibh innse do’n ghasúr go rabh sí fein lé márbhuigheadh an lá sin agus eisean cuimhnigheadh agus na cnámha uilig a chruinnigheadh.
Mhárbhuigh an leás-mháthair an caora-dhubh agus chruinnigh an gasúr a cuid cnámha uilig mar d’iarr sí air acht bhí cnámh amháin nach bhfuair sé. Lá ar na bhárach thainig an caora-dhubh mar ba gnáthach léithí lé na chuid acht bhí sí ar trí chos anois. Nuair a chonnaic an leás-mháthair seo dháithin sí nach rabh sí ag deánamh an ceart agus bhí sí go maith dó’n ghasúr ó sin amách.
senior member (history)
2020-07-22 23:49
approved
rejected
awaiting decision
Tomhas. 46
Cuaidh fear isteach i dteach agus d’fiafruigh sé do girseach beag “Goidé tá do mháthair ag deánamh indiú”? “Tá sí ag meilt na mine a h-íththeadh anuraidh” arsan girseach.
Bhí an mháthair ag meilt na min iasachta a fuair sí ó na cómharsanaibh lé na thabhairt daobhtha arais. Críoch seo ag bun Amhran Shliabh Liaig.
senior member (history)
2020-07-22 23:48
approved
rejected
awaiting decision
an fháirigheach fa choinne an Sagairt ní rabh iongantas ar bíth goidé mar bhí bean na leáptha. I gcionn gach tamaill bhig léimnigheadh an coileach anuas agus sheásughadh sé ag an doras ag shgáirtigh agus ag bualadh a eiteóg. Níor dhadaí sin acht an uile ám a gnídheadh an coileach an ruaig seo síos go dtí’n dorais theidheadh an cloigeann a bhí thall san fhuinneóig a gháiridhe.
Nuair a thainig an Sagart d’innis an bhean goidé bhí ghabhail un tosaigh. Thug an Sagart cead cainnte do’n cloigeann agus d’fiafraigh goidé ádhbhar a gháiridhe. “O! arsan cloigeann, bhí an coileach ag congbhailt an diabhal amuigh go dtiocfadh sibhse agus an uile ám a chuirfeadh sé tóir ar an diabhal amách ar an doras b’éigin damhsa gabhail a gháiridhe lé tréun lúthghaire”.
senior member (history)
2020-07-22 23:47
approved
rejected
awaiting decision
Roimhe seo nuair a bhéadh ag duine lé mionna a glácadh ní mionna an leabhair a ghlácfadh siad ar comhair ar bíth acht mionna na cloigne. Sin go gcaithfeadh siad a ghabhail na roilige agus uaigh a fhosgladh agus cloigeann a thabhairt leobhtha agus mionnughadh airthí. Nuair a bhéadh sin deánta acú b’éigin daobhtha an cloigeann a thabhairt arais go cúramach agus a chuir san uaigh arais.
‘Nois thall i Mín na Giorra bhíodh fháirigheach i dtolamh roimhe seo agus tá ballógaí an tíghe lé feicealt go fóill. Ám amhain bhí fhairigheach agus a bhean na gcómhnuidhe ann agus ní rabh acú acht iad fhein. Bhí aige-san lé mionna a ghlácadh fa rud éiginteacht agus ar ndóiche thóg sé cloigeann as an roilig lé mionna na cloigne a ghlachadh. Acht sul a bhfuair sé fáill an chloigeann a chuir arais san uaigh goidé tharla acht ghlach a bean tulaghan éiginteacht agus bhí aige lé ghabhail fa coinne an Saghairt dí i lár na h-oidhche.
Seo an t-ám an t-eallach ceángailte ins na tíghthibh ag na daoinibh agus na cearca ar fhaireamh ag taobh na teineadh. Bhí seo amhlaidh sa teach seo comh mhaith leis an uile theach.
Bhí bean an tíghe na luighe i leabaidh na clúide agus bhí an cloigeann san fhuinneóig. Ó d’imtigh
senior member (history)
2020-07-22 23:46
approved
rejected
awaiting decision
agus phill sé fein annsin lé na sgian fhághail acht ní thiocfadh leis an túrtóg na’n sgian fhághail agus ní rabh gár do chuartughadh ní bhfuair sé an túrtóg ariamh arais.
‘Nois márbhughadh dha fhear dé na Beirnigh a bhí ag iarraidh an phota fhághail agus nuair a bhéidheas an tríomhadh fear dé na Beirnigh a chuartughadh mairbhfear é, agus nuair a bhéas na triúr dé chlann Ua Beirn márbh a chuartughadh, gheobhthar an phota.
Tuairim deich mbliadhna ó shoin chruinnigh na fir a bhí na gcómhnuidhe neas dé’n ait agus thoisigh ag tochailt acht indiadh támaill d’fás siad tursach dé’n tochailt agus d’fág siad é. Tá’n Pota go fóill i dtaishe i gCaiseal an Óir.
senior member (history)
2020-07-22 23:44
approved
rejected
awaiting decision
Tuairim dhá mhíle síor díreach ó’n Sgoil seo tá áit a dtugtár Caiseal An Óir air i nGleann Mhálainne. Annseo déir siad go bhfuil án-phota go bráthach dé ór. ‘Siad na lochannaigh a chuir i bhfolach ann é. Bhí siad ag teacht amách o lug na Drúdhain go Sliabh Liaig leis agus bhí an pota comh mór sin gur ghlac sé ceáthar acú a iomchar ar spíce. Cibé ar bíth nuair a shroich siad Caiseal an Óir bhí siad com tuirse gur bh’éigean daobhtha é a chuir annsin agus tá eásgan mór a coimhead.
Ar dhóigh éiginteacht fuair fear fios ar an ait a rabh an phota agus ní thiocfadh leis innse d’aonduine a rún. Ba mhaith leis an rún a leigint lé na ingean agus lá ‘mhain bhí’n bheirt acú cómhgárach dé’n ait agus shuidh seisean go díreach ar an turtóg a bhí díreach os cionn an phota. Thárrang sé amách tobac agus sgian agus líon sé agus dheárg sé a phíopa. Nuair a bhí sé réidh sháigh sé a sgian sa túrtóig agus níor leig sé dadaí air agus d’imtigh leóbhtha. Nuair a chuaidh siad giota d’iarr sé ar an ingean pilleadh go dtí na túrtóige agus an sgian a d’fág sé na dhiaidh a thabhairt leithí. Bhí súil aige leidiughadh a thabhairt dí nuair a phillfeadh sí fa’n taisge a bhí ann. Arais leithí acht ní thiocfadh leithí an túrtóg a rabh’n sgian ann a fhághail. Thainig sí arais agus d’innis shin dó
senior member (history)
2020-07-22 23:44
approved
rejected
awaiting decision
Cómhartah Án-Bhás a fuair fear.
Bhí fear as Teidhleann amuigh ag iasgaireacht bállain I bpoll lá ‘mhain. Bhí’n fear seo ar leáth-shúil. Mhárbhuigh sé bállain anois agus aríst agus goidé thárrang sé isteach sa deireadh acht bállain nach rabh ann acht súíl amhain. Níor chuir sé suim ar bíth annsin bhí sé ag iasgaireacht leis go rabh sé i n-ám aige gabhail abhaile. Cupla lá ‘na diaidh sin chuaidh an duine bocht go dtí’n poll ceudna ag iasgaireacht arais acht báidheadh ann é. Cómhartha a bhí bhállain acht níor thuigh sé é.
senior member (history)
2020-07-22 23:43
approved
rejected
awaiting decision
leis acht sheas sé ag an doras ag cúl-éisteacht agus caidé chualaidh sé acht Brian ag deárbhughadh narbh é seo a theach ar sgór ar bíth. Ba é sin siubhal dheireannach Brian bhocht na ca bíth thainig air bhí a croidhe briste agus níor éirigh sé ó’n oidhche sin go dteáchaidh sé i gcré.
senior member (history)
2020-07-22 23:42
approved
rejected
awaiting decision
fein bhí sé na luighe brúidte briste ar Mhollaigh an Chaisil agus gan aon duine aige. D’aithin sé go maith anois gurb é’n Diabhal a bhí ann ríth an áma. Rinne sé an bhaile amách agus sin a rabh ann agus ó’n oidhche sin go dtí lá a bhais níor éirigh sé ó na leabaidh.
An Dára Sgánnrughadh.
‘Nois bhí mac ag Dhiarmad Mór darbh ainm Brían. Bhí Brian ag teacht isteach as an Phoirt oidhche amhain agus nuair a thainig sé go bárr an chnuic ar amharc an Ghleanna goidé tcíd sé acht trí teach mór na seásadh san ait nach rabh aon teach ariamh. Chuaidh Brian isteach i gcionn acú agus ní rabh istigh ann acht stocach ruadh. D’fiafraigh an stocach dó goidé thug isteach annseo é na goidé bhí dhíoghbhail air. Dúbhairt Brian nach rabh dadaí agus rinne ar an doras agus amách leis. Nuair a fuair sé amách ní thiocfadh leis congbhailt ar a chosa, an eile choiscéim a ghlacfadh sé bhí sé ag tuitim síor síos ar cúl a chinn.
Rinne sé ar an teach ba neise do teach lé Donnchadh Ua Ailis ar an Bhánghort. Bhí sé comhair a bhéith márbh nuair a shroich sé an teach. Rinne sé a sgríste támall agus nuair a bhí sé ag imteacht bhog Donnchadh leis gur fhág sé ag na dhoras fein é. Ní dheáchaidh sé isteach an tíghe
senior member (history)
2020-07-22 23:41
approved
rejected
awaiting decision
Níos lúgha na céad bliadhain ó shoin bhí fear na chómhnuidhe istigh ar an Caiseal i nGleanncoluimcille darbh ainm Diarmad Mór. Fear mór laidir nach rabh fhios aige goidé rud eugla a bhí i nDiarmad. Bhí go maith go dtí oidhche amhain a bhí sé ag dul isteach ag Currantaigh Seárc ag tárrangt ar an Chaisil. Cásadh fear do a thoisigh ag pucadh troda as. ‘Nois níor aithin Diarmad é, bhí fhios aige go maith nach bhfacaidh sé ariamh é acht níor leig sé a cnámh lé aonduine agus in intinn fein “ma’s troid atá tú ag iarraidh gheobhaidh tú do shaith do uaimse”.
Chuaidh siad i ngreimeannai lé chéile agus throid leobhtha isteach loch-inse, síos ag an tSeascán agus bhí an fear eile ag congbhailt Diarmad roimhe síos an cnuic i dtolamh. Throid leobhtha ríth an bheálaigh isteach agus bhí rud amhain ag cuir iongantais ar Dhiarmad an uile bhuille a bhuailfeadh sé air shaoil sé gur ag tabhairt dhorn do mála oln a bhí sé comh bog sin. Nuair a bhí siad ag tárrangt ar amharc an Ghleánna d’innis sé do go ráchadh seisean i laige an chéad solus a tcídhfeadh sé agus d’iarr Diarmad air, ma’s rud go ráchadh gan eisean ghabhail a chómhair go dtiocfadh sé chuige fein arais agus gheáll sé nach ráchadh. Leis sin tcídh Diarmad solus Bócheannáin ar a Ghaineamh agus ar an bhomaite thuit sé i laige. Nuair a thainig sé chuige
senior member (history)
2020-07-15 11:39
approved
rejected
awaiting decision
Sgéilín Grinn.
Bhí triúr deárbhrathair ann fad ó darbhainm Piobár, Salainn agus Bhí Do Thost.
Chuaidh Piobár amách lá ‘mhain agus thainig séidean gaoithe air agus siabadh ar siubhal é.
Chuaidh Salainn amách lá eile agus thainig cíoth feárthainne air agus léaghadh sé.
“C’ainm seo bhí ar an tríomhadh fear?” “Bí Do Thost”.
“Bhal! béidh mé mó thost”
senior member (history)
2020-07-15 11:39
approved
rejected
awaiting decision
Bhí an t-Easbóg i mBaile ‘n Droichid uair amhain agus an tráthnóna bhog sé leis amách beálach Tamhnaigh.
Ar a bheálach cásadh gasúr dó ag tiománt gé. “Go mBeánnuighidh Dia Dhuit” arsa seisean. “Go mbeánnuighidh an fear ceudna dhíbh, a Thíghearna Easbuig” arsan gasúr. “An bhfuil an Teagasc Críostaidhe agat” arsan t-Easbóg. “Is cinnte go bhfuil” arsan gasúr. “Cé méad Dia ann”? arsan t-Easbóg. “O! bhí naoi gcinn ann acht d’ith madadh Chonaill Ruadh an ceann do triúr acú.
Sé n’d a shaoil an gasúr bocht gur fhiafraigh sé, “Cé mhéad gé ann?
senior member (history)
2020-07-15 11:37
approved
rejected
awaiting decision
Lá amhain bhí fear as Teidhleann ag cuartughadh caora shuas neas dé loch Cró-each. Leán Dobhar-chú é. Sgánnruigh an duine bocht go mór i dtoiseach agus ní rabh iongantas ar bíth do annsin na ma tcídh an dobharcú duine sul a bhfeicfidh an duine é mairbhfidh sé é cinnte agus mar i gceudna ma tcídh an duine é an chead uair gheobhaidh (an duine sé) ar siúbhal air.
‘Nois thoisigh an fhear seo ráchaidh comh mór is thiocfadh leis amách agus isteach i gcúl na gcarraic ag iarraidh corr a chuir ar an dobharchú. Bhí sé giota maith ar gcúl go fóill agus caidé rinne an fear acht a chota, a bhí leis faoi’n ásgaill, a spréaghadh ar charraic a bhí ann agus is go bráthach leis arais.
Thainig an dobharchú lé rása mór go dtí’n charraic agus nuair a chonnaic sé an cota shíl sé cinnte go rabh an fear aige. Rinne sé air lé na cheann acht mhárbhuigh sé é fein ar an charraic.
Cupla lá na dhiaidh sin ghlach an fear misneach a ghabhail fa choinne a chota agus caidé’n rud a chonnaic sé acht an dobharcú na luighe márbh ag taobh na carraice. Shábhal an chota é.
senior member (history)
2020-07-15 11:35
approved
rejected
awaiting decision
Rámas.
Sgéul fada binn,
Gur maith an t-im leis an aran,
Sgéul beag eile gan suim,
Nach bhfághann muid é acht go h-ánnamh.
senior member (history)
2020-07-15 11:35
approved
rejected
awaiting decision
Cuaidh bean as Málainnbhig amách go Teidhleann ag cuartaigheacht. Bean sánntach a bhí inntí. Tugadh gráinín mine dí nuair a bhí sí ag fágailt amuigh acht nuair a bhí sí leáth-beálaigh isteach thuit sí agus dhoirt sí cuid dé’n mhin.
Ní thiocfadh léithí í uilig a chruinniughadh agus bhí sí buadhartha. Ghuidh sí Dia gob a chuir oirthí sa dóigh a mbéadh sí ábalta an min uilig a phiocadh suas. Thainig an gob oirthí.
Nuair a bhí deireadh piocaidh aicí ní rabh an gob ag imteacht. Ghuidh sí annsin an gob a imteacht dí acht níor imtigh. D’fan an gob oirthí go bhfuair sí bás.
senior member (history)
2020-07-15 11:33
approved
rejected
awaiting decision
43
Fa Shamhain, fa Shamhain,
D’íth mé mo shaith dé’n ghamhain,
Bliadhan arais ó’n Samhain,
Bhí’n gamhain ‘na bheárrach.
Freagra :- Grúth-buidhe.
44.
Tá tobar beag fíor uisge,
I lár an bhaile seo,
Ceithre cinn órdha i gcúl an bhata.
Freagra :- Umh na bó agus na ceithre bállain.
45
Báraille ar an tráigh
Agus a dha cheann druidte.
Freagra :- Ubh.
senior member (history)
2020-07-15 11:32
approved
rejected
awaiting decision
39.
Tá cupa a choithre,
Ta Braon sa chupa,
Da gcáillfhea an Braon,
Is gairid go gcáillfea an chupa.
Freagra :- Dó chroidhe.
40.
Caidé ‘n síul nar shil deór ariamh?
Freagra :- Súil Shnáthaidh.
41.
Molt sa chró agus a thóin sa chóithre.
Ffreagra :- Dáthughadh Olna.
42.
A Chailleach Bheag na roparnaigh,
Ca bhfuil tú ag dul indiú?
Dar hIafraighbrt! a lomra, achan bhliadhan.
Freagra :- Speáladóir a thainig ar nead béachoig.
senior member (history)
2020-07-15 11:31
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear istigh i Málainnbhig fad ó shoin agus bhí capall bhréagh aige acht goidé thárla acht gur goideadh í oidhche amhain. Soir na síor ní rabh tuairisg lé fághail aige agus bhí sé ag deánamh amách nach bhfeicfeadh sé amharc oirthí lé na shaoghal.
‘Nois bhí sé neas dé seacht mbliadhna ó chaill sé í agus goidé do bháramhail nach bhfuair sé leidiú go rabh sí ag fear shuas a’ tír. Nuair a chualaidh sé seo rinne sé réidh agus cuaidh sé suas é fein. Níor leig sé a rún lé aonduine ca rabh a thriall agus níor stad sé go dteáchaidh sé go dtí teach an fhir a ghoid a chapáll.
D’iarr sé loistín na h-oidhche agus fuair sé sin. Bhí síad ag seanchus go h-ám-codlata agus d’iarr fear a tíghe ar an fear coimhthigheach an Páidrín a thabhairt amách. Rinne sé sin agus nuair a bhi sé ag cuir cionn air, arsa seisean “Paidir agus Ábhe Mária dó’n té a ghoid mó chapall lé Dia é chuir ar stad na nGnást”. Críochnuigh sé an Phaidrín agus nuair a d’éirigh siad ó na nglúnaibh d’iarr fear a tíghe air a theacht leis. Thug sé amách na stábla é agus cinnte go leór bhí a chapall annsin i gcuideachta cupla beáthadhach maith eile. Dúbhairt sé leis cionn ‘s aige fhein na a rogha dé’n cuid eile a thabhairt leis acht thug sé leis a cionn fein abhaile lá ar na bhárach.
senior member (history)
2020-07-15 11:30
approved
rejected
awaiting decision
go rabh sí níos deise ‘nois na bhí sí ariamh. Glac sí naire annsin agus bhí fhios aicí nach dtiocfadh leithí na cearca a chuir ‘un tábla gan cosa orthú agus d’íth sí fein an da chearc.
Ní rabh siad acht ithte nuair a thainig na doctúirí. Comh luath is thainig sí d’iarr sí ar a Maighistir sgian a bhí aicí a thabhairt suas an staighre agus faobhair a chuir oirthí na nach ngeárrfadh sí dadaí.
Nuair a fuair sí shuas é dubhairt sí leis an doctúir “Nach greánnmhar an fear thusa theacht abhaile soir dínneardha leis an doctúir seo nach bhfuil acht a gabhail a geárradh na cluasa díot gClúin tú é ag cuir faobhair ar an sgian”.
Níor fhan sé acht d’imtigh sé amách ar an doras ag racaidh comh mór is thiocfadh leis.
Lé sin anuas na staighre leis an doctúir eile acht bhí sí reidh fa choinne. “Nach deas, arsa sise, an fear a thug tú abhaile leat ‘soir dínneardha a ghoid an dá chearc agus d’imtigh ag ráchaidh leobhtha. Ámach leis na dhiaidh ag sgairtigh, “Cionn amhain, Cionn amhain, Cionn amhain fein acú”. Cionn amhain de na cearcaibh a bhí seisean ag iarraidh acht níor fhan na níor phill an doctúir eile na bhí sé fíor-cinnte gur ag iarraidh cluas amhain a bhí sé.
senior member (history)
2020-07-15 11:29
approved
rejected
awaiting decision
Bhí doctúr ann fad ó shoin agus bhí cailín seirbhis aige. Lá amhain bhí sé gabhail a thabhairt cuireadh do dhoctúir eile ‘na thígh agus d’iarr sé ar an cailín da chearc a mharbhuigheadh fa choinne an dínneardha.
Rinne sí sin agus nuair a bhí siad bruithte réidh aicí dar léithí gur mhaith léithí iad a bhlás. Bhain sí an cos do cionn acú na shíl sí gur sin an cuid is lugha a mhbéadh crothnughadh air agus d’íth sí í. Chuaidh sí go dtí’n ait a rabh’n fíon ag an doctúir agus d’ól sí slug do. Théith an fíon suas í agus ag teacht thart dí ag gloinne d’amharc sí isteach agus shíl sí go rabh sí án-dóigheamhail.
Dúbhairt sí annsin leithí féin gur gránda an mhaise dí cearc a chuir ‘un tábla agus gan oirthí acht cos amhain agus bhain sí an cos eile dí agus d’ith sí í. Chuaidh sí fhad leis an fíon an dara h-uair agus d’ól slug eile. D’amharc sí ins an gloinné anois agus chonnaiceas dí go rabh sí ag éirigh níos dóigheamhla.
Dúbhairt sí annsin léithí fein gur grandha an rud aicí-sí a dheánamh dha chearc a cuir ‘un tabla ionnsoir uaisle agus dha chos ar cionn acú agus gan cos ar bíth ar an cionn eile. D’íth an da cos do’n chirc eile. Chuaidh sí go dtí’n fíon arais agus d’ól sí slug eile agus d’aithin sí sa gloinne
senior member (history)
2020-07-15 11:28
approved
rejected
awaiting decision
D’fag bád iasgaireachta Teidhleann lá amhain agus chuaidh siad thart síos ag tárrangt ar Mhálainn Bhig. Nuair a bhí siad ag gabhail thart i gcúl na n-ált chualaidh siad an seinm, agus d’aithin siad go rabh píobaire ann. D’amharc siad suas agus chonnaic siad píobaire beag ag seinm shuas san ált.
Tharrang siad isteach agus léim dáimhseór maith a bhí sa bád amaách ar charraic leáthan a bhí ann agus thoisigh damhsaigh gheáll ar gan an tiún deas a leigint amudha.
Nuair a bhí’n tiún thart thug se buidheachas dó’n píobaire agus d’fiafraigh goidé’n tiún sin. “O! arsan píobaire sin “The wind that shakes the barley”, agus d’imtigh sé as amharc.
D’aithin siad ó seo go rabh doineann air agus phill siad ar an bhaile comh tiúgh géur is thiocfadh leobhtha agus ní rabh siad acht istigh i gceart nuair a thoisigh an doineann agus rinne lá créathnaigheach.
Shabhal an píobaire beag iad.
senior member (history)
2020-07-15 11:26
approved
rejected
awaiting decision
Tuilleadh fa Phaidí.
Ba h-iad na Tíghearnaigh a bhí ar an ait seo san ám na “Musgrabhes”. Tá’n ballóg lé feicealt a dtugtaoi Teach a’ Clochair na’n Teach Mhór ar a Chlochair go fóill agus is lé duine dé’n dreám an gabhaltas mór atá ann anois fein. Ba leobhtha na tálta, ba leobhtha na tíghthe, ba leobhtha na cnuic na lochannaí, na h-aibhneacha agus na cuantaí. Bhí siad ag díol fear leis na h-aibhneacha agus lochannaí a coimhead fa choinne iasgaireachta daobhtha fein, bhí siad ag díol fear leis na cnuic a coimhead ar eughla go gcuirfeadh aon duine an seilg amudha ortha.
‘Nois bhí Paidí ‘na cómhnuidhe ar chaoran agus dar leis ba mhaith an rud da mbéadh coimhead na gcnoc ag a mhac fein go gcuideochadh an t-airgead leóbhtha. Ar an ádhbhar sin ar an chead lá a chonnaic sé na Tíghearnaigh agus a gconairt ag teacht d’fág sé mar shíl siadsan cearc-fhraoch na suidhe ar a nead ar an caoran i gcúl an tíghe. Chuir sé ar súile na bhfear seo é agus gan é amhlaidh ar comhair ar bíth. Nuair a chonnaic siad-san comh ionraice is bhí an mhuirín seo nar bhain siad do’n nead rinn siad fear-coimheada do mac Paidí agus bhí sé ag saothrughadh orthú go bhfuair sé bás.
senior member (history)
2020-07-14 09:53
approved
rejected
awaiting decision
a chonnaic an fhear seo sgánnruigh sé agus d’fág sé Paidí. Ach ar an dara aonach thug Paidí a chuid airgead arais dó.
senior member (history)
2020-07-14 09:52
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ‘na chómhnuidhe i Mín na bhFácran tuairim céad go leith bliadhain ó shoin darbh ainm Paidí Ua Gadhra. Duine a bhí i bPaidí a dtiocfadh leis a rogha rud a dheánadh.
Bhí sé fein agus cupla fear dé na cómhursanaighibh ag gabhail go haonach Bhaile an Droichid mhaidin amhain. Bhí muc leis an eile dhuine acht Paidí agus dúbhairt siad gur dona eisean nach rabh muc aige cosamhail leobhtha-san.
Leis sin crom Paidí agus thárrang bufalan-buidhe a bhí ag fás ar ciúmhas an bhealaigh agus chaith ameasg na muc é agus rinn an muc ba deise do’n tiomlan acú.
Chuaidh siad ‘un aonaigh agus thainig ceánnochair fhad lé Paidí agus ceánnuigh an mhuc. Dhíol sé Paidí agus d’imtigh abhaile lé sgaifte mór muc a cheannuigh sé. Nuair a bhí sé ag gabhail abhaile seóladh na muc bhí srúthan beag shíos ar an lárgan a rabh acú lé gabhail trasna acht comh luath is chuaidh muc Paidí isteach san uisge siud síos an tsrúthain ‘na Bhufalan-Buidhe í. Nuair a chonnaic an ceánnochair goidé tharla ní dheárn sé aon dath acht pilleadh ‘un aonaigh lé a chuid airgead fhághail ó Phaidí. D’iarr sé an t-airgead ar Phaidí acht níor leig Páidí air gur chualaidh sé é. Leis sin bhéir sé greim gualainn ar Phaidí acht leig Páidí an lámh uilig leis. Nuair
senior member (history)
2020-07-14 09:51
approved
rejected
awaiting decision
é an rud a thainig sí anuas an Sgádaman. Thainig sí an dara lá agus rinne siad an rud ceadna leithí agus an tríomhadh trathnóna b’éigin daobhtha í seóladh arais. Ariamh na dhiaidh sin ní fhacaidh siad í agus ní rabh a léithid sin do bhó ag aon duine dé na cómhursanaigh. Bhí na daoine uilig ag rádh leobhtha gur cómhair daobhtha í a ceángal isteach agus a congbhailt na gur bhó a bhí inntí a cuireadh ionnsorthú nuair a chaill siad an t-eállach a bhí acú.
Bhí ám amhain eile agus ní rabh im ar bíth ar an bhainne cé bith a dheánfadh siad. Bhíodh táilliúirí san ám seo ag gabhail thart agus teach ar bíth a rabh culaith acú lé fághail deánta thigeadh an táilliúr agus bhainfeadh sé faoi sa teach sin go mbéadh deireadh deánta acú. Anois thárla go rabh táilliúr ag obair sa teach seo san ám agus nuair a chuaidh siad a bhualadh an máistríughadh an lá seo d’iarr sé orthú naoi biorain úra a chuir i bpota uisge ar an teinidh agus iad a congbhailt a fiuchadh fhad is bhéadh siad ag bualadh an bhainne agus gan an doras a fhosgladh d’aon duine. Ní rabh siad ag bualadh i bhfad go dtainig seanbhean go dtí’n dorais agus d’fosgal siad dí é. Fighdeór a bhí i bhfear a tíghe agus dúbhairt sí go rabh sí ag iarraidh seál dó ghréasan acht dúbhairt an táilliúr go rabh beagan acú lé deánamh an doras fhosgladh dí gurbh í sin an bhean anois a rabh a gcuid ime aicí agus bhí leisg orthú-san comhursa a congbhailt amuigh.
senior member (history)
2020-07-14 09:50
approved
rejected
awaiting decision
Bhí muirín istigh i mBífan darbh ainm Mac Niallgais agus tá cuid dé’n dreám ann go fóill. Bhí siad go meásra laidir sa tsaoghail na bhí trí bhó bainne acú gan caint ar bólain na gamhna.
Bóitheach mór amhain a bhí acú agus bhí’n t-éallach uilig ceángailte ann acht ca bíth ceángail a chuirfeidh siad orthú bhí siad sgaoilte agus amitigh an uile mhaidin. Ní rabh gár ca bíth a dheánfadh siad bhí siad amuigh. Cuir siad glás ar an doras acht bhí siad amuigh an mhaidin sin agus bhí’n glás ar an doras i ríth an áma. Ní rabh fhios acú faoi’n spéir goidé mar fuair siad amách ní rabh dóigh ar bíth acú fághail amach acht ar poll beag a bhíodh siad ag cuir amách an t-aoileach air nuair a bhíodh siad ag cartughadh an bhoithigh agus ní bhfuigheadh madadh amách ar sin can amhain bó. D’amharc siad fa’n pholl agus cinnte go leór bhí na ribe annsin agus d’aithin siad gur na sídheógaí bhí ag imirt cleas orthú.
Go gairid na dhiaidh seo chaill siad bó indiaidh an bhó eile go dtí nach rabh aon bheáthadhach amhain acú sa bhóitheach.
Annsin tráthnóna amhain ga gabhal ó sholuis thainig bó mhór riabhach ag géimnigh go dtí’n dorais agus sheol siad ar siubhal ó’n teach í na shíl siad gur lé duine éigínteacht ar an Bhaile Árd í agus gurb
senior member (history)
2020-07-14 09:49
approved
rejected
awaiting decision
solas a bhualadh suas ann acht níor éirigh leis cuaidh sé as air. An dara uair a las sé é cuaidh sé as arais agus an tríomhadh uair d’aithin sé gur neách éiginteacht a bhí a chuir as air. Annsin labhair sé agus dúbhairt “Ma tá neach ar bíth annseo bíodh fhios aige nach lé dochar ar bíth a deánamh do a thainig mise annseo acht ag téicheadh roimh an chogaidh atá lé theacht anocht”.
Lé sin thug neach éiginteacht freagra air. “Gabh abhaile tú fein agus do mhuirín na ní thiocfaidh an cogadh anocht na i mbárach. Bíodh fhios agat nach dtiocfaidh an cogadh lé do linn sa, na lé linn do mhac, na a mhac sin. Ní thiocfaidh an cogadh go mbéidh bróga ar an eile ámadan agus buataise ar an eile glagaire agus beálach mór fríd an eile aith-ghiorra”.
Chuaidh an fear bocht abhaile go lúthghaireach go Mín na Croise agus ariamh na dhiaidh sin níor bhuadhraigh sé a cheann fa cogadh.
senior member (history)
2020-07-14 09:48
approved
rejected
awaiting decision
Roimhe seo bhíodh na daoine i dtolamh ag caint ar chogadh agus ag radh go rabh cogadh lé theacht i léithid seo do ám. Bhíodh siad ag deánamh réidh lé téicheadh roimhe.
‘Nois san ám seo bhí feár ‘na chómhnuidhe i Mín na Croise agus bhí sé ag éisteacht ó thainig méid ar bíth ann go rabh an cogadh ag teacht. Bhí sé pósda agus bhí sé ag cuir imnidhe mór air go dtiocfadh an cogadh ar fein agus ar a mhuirín.
Bhíodh sé go minic amuigh i Sliabh ó Thuaidh agus goidé thainig sé air lá amhain acht uaighe mhór amuigh i gcúl na sléibhe. Bhí an t-án-lúthghair air na bhí fhios aige anois nuair a thiocfadh an cogadh go rabh ait aige leis fhein agus a clann a gabhail ibhfolach ann, agus nuair a bhéadh siad ann nach dtiocfadh an cogadh a gcomhair.
Ríth an áma bhí’n cogadh lé theacht agus ba é an deireadh a bhí ar an sgéul go rabh sé lé theacht aon oidhche amhain. Nuair a chualaidh an fear bocht seo bhí sé comhair a bhéith as a chrann cúmhachtaigh. Cruinnigh sé leis an mhéid dé chuid bíd as earraidh agus thiocfadh leis, thug leis a mhuirín agus d’imthigh ‘mách na h-uaighe ar siubhal oidhche.
Shroich siad an uaigh go slán sábhailte agus nuair a bhí siad istigh ann thug sé iarraidh
senior member (history)
2020-07-14 09:46
approved
rejected
awaiting decision
seo anuas fear dé na saighdhiúiribh ag gabhal a chuartughadh a thíghe.
‘Nois bhí cumadh iargculta go maith ar Séimíd. Bhí sé tógtha agus bhí aghaidh uilig geárrtha agus ar seisan ag sgairtigh leis an saighdiúr
“Wur ye at Waterloo Sor, or did ye see me there”?
D’freagra seisean nach rabh agus d’fiafraigh sé an rabh Séimín.
“Don’t ye see I wus shure I got that arsa Séimín ag taisbeant an geárradh
Phill an saighdiúr agus ní dheáchaidh sé isteach na níor chuartaigh sé dadaí.
Ar a theacht aníos fhad leis an Oifigeach d’fiafraigh sé do ar chuartaigh sé an teach sin. Dúbhairt sé nar cuartaigh nach rabh sa teach sin acht fear amhain indiadh theacht ó’n chath.
senior member (history)
2020-07-14 09:45
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a throideadh Cath Waterloo ghlac sé támall fáda sgéul an cátha theacht go Gleanncoluimcille agus seo an rud a rinne Séimín O’Coinnea indiaidh cluinstin fa’n chath.
Bhí Séimín na fhear mhór urradhanta láidir mar bhí a mbunadhas san ám seo. Bhí sé na phóiteóiri mhór fosda. Ní rabh “garsaí” ar bíth i nGleánn san ám na moran iomra orthú. Isteach ó’n fairrge thigeadh tóir an phóitín. Thigeadh bád mór leobhtha agus annsin thigeadh siad isteach i mbád beag ‘na Pholl Gorm. Sguabadh siad iomlan an Gleánna annsin.
An lá thainig sgéula ‘soir Seimín ar an Clochan go rabh an bád amuigh. Clochan baile beag taobh ó thuaidh dé’n Gleánn an Ait a bhí Séimín na chómhnuidhe. Bhí sé deánamh réidh lé braon maith poitín a dheánamh agus nuair a thainig an sgéula bhí gach rud lé cuir i bhfolach ag Séimidh agus gan aon duine aige lé cuideadh leis. Cheana fein bhí na saighdiúirí ar an Bhaile-Árd agus achan bhomaite bhí siad ag teacht níos comhgaire.
Bhí an t-án deifre agus sputar ar Séimín agus caidé tharla acht thuit sé síos i bpota na h-áithche agus geárradh uilig fa’n éadan é.
‘Na dhiadh sin ‘r uilig bhí deireadh i bhfolach ag Séimidh agus é in a sheásamh ag doras a thíghe nuair
senior member (history)
2020-07-11 23:28
approved
rejected
awaiting decision
The following are some of the local proverbs:-
"Ripping and sewing would keep a man going."
"Never put off till tomorrow what you can do to day."
"A wet May and a dry June makes the farmer whistle a merry tune. "An empty bag cannot stand upright." "Your son is yours to day but your daughter is yours for ever." "In dread is a fine thing."
"A borrowed horse has hard hoofs"
"Lie with the lamb and rise with the bird"
"Strife is better than loneliness."
"It's useless to be talking about goat's wool. "
"The truth is often bitter."
"A fool and his money are soon parted."
"It is too late to save when all is spent."
"It is never too late to mend."
"An article, not wanting, is too dear at any price."
"The man in the fence is always a good hurler."
"Two heads are better than one even if they were pig's heads.
"At it again said the bush to the porcupine."
"Every fox smells his own burrow."
"Losing a sheep for a half penny worth of tar."
"Every dog is bold in his own dunghill."
The loss of time is the loss of money.
senior member (history)
2020-07-11 23:22
approved
rejected
awaiting decision
Chuaidh gasúr beag ag cuartaidheacht go teach na cómhursan agus fiafruigh dó, “Goidé bhíonns agaibh lé mbur suipear?” “O! arsan gasúr, an oidhche nach mbíonn fód mónadh leis bíonn cos m’átharda”.
Míniughadh. Préataí a bhíodh acú lé na suipeár agus ‘sé an ciall a bhí leis an ceist, “Goidé t-ánlann bhíonns agaibh leis na preataibh! ‘Nois fad ó ní rabh solus ar bíth acu acht solus na teineadh agus nuair a thaomfaidh na bpréata ar an bhasgóid, cuirfeadh siad an bhásgóid ar leic na teineadh agus fód faoi’n taobh amhain lé na thógailt suas go dtigeadh an solus ar na préataibh uilig agus annsin suidfeadh an téaglach thart ar an urlar agus gníodh agcuid.
senior member (history)
2020-07-11 23:21
approved
rejected
awaiting decision
Cuaidh gasúr beag ‘un faoisidine lá amháin. Chonnaic se giota tobac crochta lé poca an tSagairt agus thárrang sé leis é. Bhí léadhb maith ann.
Chuaidh sé ‘un tosaigh go rabh deireadh innsighthe aige agus annsin d’innis sé gur ghoid se leadhb tobac agus tairg sé do’n Sagart é. “O! ní glacfaidh mise é, arsan tSagart, tabhair do’n t.é ar ghoid tú uaidh é”
“O! arsan gasúr, thairg mé do é agus ní glacfadh sé é”.
senior member (history)
2020-07-11 23:20
approved
rejected
awaiting decision
seisean agus chuaidh leóga go droch-mhisneamhail. Chuaidh sé suas ar a cúlaibh agus d’imtigh siad. Anois bhí a shaith iongantais air na an ait a mbíodh clocha agus carraiceacha garbh bhí beálach deas réidhte.
Nuair a bhí siad amuigh ag Cámus Binne thosaigh siad ag gabhaíl síos an t-ált agus d’innis an márcach do gur seo an gnoithe a bhí aige leis - an sgian a sháith Eóin i dtaobh a mháthair - mhóire a tharrangt as. Tharrang sé an sgian agus chuaidh an bheirt acú a mhárcuigheacht ar an capall arais gur fhag sé slán follain é ag na dhoras fein arais ar an Dúbhthaigh.
senior member (history)
2020-07-11 23:18
approved
rejected
awaiting decision
Bhí triúr deárbhrathair istigh ar an Dúbhtaigh i nGleanncoluimcille. Bhí bád acú agus lá amhain dúbhairt fear acú gur mhaith an rud nuaidheacht éisg fhaghail. Rinne siad réidh agus chuaidh amách sa bhad. Nuair a bhí siad amuigh giota taobh amuigh dé Rath Méise connaic siad suiste mór ag teacht. Bhí aibleóg sa bhád agus chaith fear acú in-aghaidh an suiste í agus shocruigh sí é. Lé sin thainig an dara cionn agus chaith Eóin a bhróg in aghaidh agus shocruigh sí í. Acht anois bhí’n tríomhadh cionn ag teacht cionn a bhí créathnaigheach agus sgánnruigh an tríur acú. Sheas an fear a ba sine (Marcus) Éoin i dtoiseach an bháid agus sgian in a láimh aige. Comh luath is bhuail an suiste an sgian tárranughadh as a lámh í agus shocruigh an fhairrge.
Nuair a chonnaic siad goidé thárla phill siad ar lug na drudhan comh gasta is thainig leobhtha agus chuaidh i gcionn a gcuid oibre.
An oidhche sin go h-án mhall chualaidh siad márcach ag teacht go dtí’n doras. D’fosgail siad an doras agus bhí sin ann. Nuair a d’fiafraigh siad goidé bhí dhioghbhail air dúbhairt sé duine acú a ghabhail leis go Camus Binne go rabh gnoithe aige lé deánadh annsin agus go bhfágfadh sé an duine a ráchadh leis slán sa bhaile arais mar bhí sé.
Dúbhairt fear acú fríd a fiacla go ráchadh
senior member (history)
2020-07-11 23:17
approved
rejected
awaiting decision
Thall i Mín na Giorra ag bun Shliabh Liaig bhíodh aodhaire i dtolamh roimhe seo agus tá’n ballóg in a mbíodh siad na gcómhnuidhe lé feicealt go fóill.
Bhí aodhaire ann ám amhain agus bhí sé thar a bhéith mór lé fear istigh i Málainnbhig. Fuair an fear seo bás agus támall indiaidh é bás fhghal. Bhí an aodhaire agus a bhean i na gcodladh oidhche amhain i leabaidh na clúide. Idir meadhon-oidhche is lá mhusgailt sé agus nuair a d’amharc sé bhí an fear a bhí márbh na shuidhe ag an coigilt.
Ar ndoiche nuair a bhí siad comh mór lé chéile ar an t-saoghal seo ní rabh eugla ar bíth air roimhe agus d’fiafraigh sé an é bhí ann. “Is mé arsan neach. Caidé tá ag cuir trioblóid ort? arsan t-aodhaire. “Na nach cúmhang leat an cosain? arsan neach.
Thigeadh Béathadhaigh Mhalainn na bige isteach ó’n liathan san fhóghmhair agus gnídheadh siad milleadh mór ar an ghráin. Acht aon oidhche amhain d’éirigh an fear seo agus chuir isteach a bheáthadach agus níor thug sé sgéula go rabh an creach ‘ga dheánamh. Bhí a bheáthadach fhein saor ar maidin agus thug sé fiadhnaise bréige nach bhfacaidh sé an cosain’ga dheánamh.
“Ca bhfuil tú anois”? arsan t-Aodaire.
“Tá mé ar bharr na Gárbhacha, taobh a tsion de Cloch a’ Spárrá”, arsa seisean.
“Ca fhad a mbéidh tú annsin? arsan t-Aodhaire.
“O! arsa seisean, ba mhaith an rud saoghal duine, agus ba mhaith an rud saoghal beirt, agus ba ró-mhaith an rud saoghal triúr”.
senior member (history)
2020-07-11 23:16
approved
rejected
awaiting decision
Ar Leánmhaint.
Ar ndóiche dheánfaidh mé rann
Níor fhéad tusa baint do na daoine.
Bhí dóigheamhail meásamhail
Ins an tír an uile ám
Níor chomortas doibhsean,
Oigh Uí Néill na a clann.
Sean-Fhocail.
(Is fada an cásan gan cásadh)
Ní lá na gaoithe lá na scolb.
Is feárr go mall na go bráthach.
A réir a chéile gnídhteár na caisleáin
Tiocfaidh an lá go fóill agus bogfaidh bó ruball.
Ní an uile lá a mhairbhfeas Mánus bólan.
A fhad an lá tiocfaidh an oidhche sa deireadh
Rítheann uisge dóimhin go ciún
Is fada anonn an rud a chuireas an Rí anall.
Ní bhíonn sgúnach ar cloch-rácha.
Ítheann na muca míne fein troisc.
senior member (history)
2020-07-11 23:13
approved
rejected
awaiting decision
Tuairim chead bliadhain ó shoin rinne bunadh na Crionmhíne amhran do mhuirín istigh ar a Dúbhtaigh. Tá’n Críonmhin na bhaile beag thall ag bun Shliabh Liaig agus tá’n Dúbhtaigh na bhaile beag istigh i nGleanncoluimcille cois fairrge. Nuair a bhí’n t-amhran deánta ní rabh an bunadh istigh sásta.
Bhí fear dé na Baoghailligh sin dé bunadh na Críonmhine ag gabhail isteach lá amhain na bhí daoine muinteardha ag ar an Dúbhthaigh agus goidé thárla acht go rabh fear dé bunadh na Dúbhthca ag teacht amách. Cásadh an bheirt acú ar a chéile agus arsa fear na Dúbhthcha :-
A Bhaoghailligh Bhig Óig,
Ní dóigh gur chaill tú do chiall
Na go rabh baint agat dé’n ceól ar ndoiche
Rinneadh fa’n tsliabh
Ní rabh na file da mbur gcómhair.
Acht dornán ghásraigh gan feidhm
Is ma bhíonn sibh i dtígh an óil
Gheobhaidh sibh dórn ó Chlánna Ui Néill
Dfreagra fear na Críonmhine mar seo :-
Jacky ar ndoiche
Nach agat tá’n sport ‘s a greann
Is é chuir tú mó chomhair é.
senior member (history)
2020-07-11 23:12
approved
rejected
awaiting decision
ag léigheamh gur shocruigh an pota.
“Anois, ar seisean, ceocú againn is fearr mise mó Shagairt na tusa do Mhinistir”. B’éigin daobhta thabhairt isteach gur é fein a bfeárr.
Bhí seárbhantaidhe acú sa teach agus bhí sí gan mheas acú mar bhí sí gaedhealach. D’iarr an Ministir ar an ingean ba sine an pota thógailt agus comh luath is chuaidh sí a chomhair chuaidh sé ar mire arais. Theip ar an dara bean agus ar an bhean a b’óige é thógailt. Annsin d’iarr an Sagart ar an cailín gaedhealach é thógailt agus rinne sí sin agus nuair a d’amharc an ingean a bhí ag cocaireacht agus a chuir an feól sa phota goidé bhí ann acht pota éisg.
Nuair a chonnaic an Ministir agus a ingeanacha an brígh a bhí i miorbhailte an Sagairt síos leobhta ar a nglúnaibh agus thionntuigh siad a gceathar acú gaedhealach.
senior member (history)
2020-07-11 23:11
approved
rejected
awaiting decision
Fad ó shoin bhí ministir gállda ann agus bhí mac amhain agus trí ingean aige. Nuair a bhí an mac ag éirigh aníos bhí án - dúil aige ins na caitliocaigh. Ba mhaith lé n-áthair ministir a dheánamh do cosamhail leis fein agus nuair a thainig ann cuireadh ar siubhal é lé fóghluim. Acht goidé rinne an mac acht a ghabhal fhóghluim a bheith ‘na Shagairt.
Bhí go maith go dtí go rabh sé na Shagairt agus é réidh lé theacht abhaile. Nuair a chualaidh a bhunadh go rabh sé ag teacht bhí án-lúthghair orthú roimh an ministir óg. Bhí gach uile seórt spíosóirí acú fa na choinne agus bhí pota feóla ar an teine agus goidé’n lá bhí ann acht an Aoine.
D’fiafraigh an Sagart Óg goidé bhí sa phota agus comh luath agus thóg sé cionn-sónnruigh dó chuaidh an pota ar mire ar an teine. Ní thiocfadh lé aon duine gábhail a chómhair agus ní rabh fhios acú goidé dheánfadh siad. Dúbhairt an Sagart sa deireadh “Goidé’n maith atá in do creideamh ma nach dtig leat an pota a shocrughadh Athair? Thug an ministir leis a leabhair agus thoisigh léigheamh os cionn an pota acht chuaidh sé ar mire bun barr annsin. “Anois, arsa seisean, ní minister mise ar comhair ar bíth acht Sagart (ag toiseacht agus ag innse deireadh), agus féachfaidh mise mó lámh anois”. Thug sé leis a leabhair agus thosaigh sé ag léigheamh agus ní rabh sé bomaite
senior member (history)
2020-07-09 23:47
approved
rejected
awaiting decision
35.
Taobh dubh agus taobh ban
Seacht súil agus gan aon bhéal.
Freagra - Préata rosta.
36.
Daréag na luighe ar leabaidh amhain
Gan aon chionn i n-aice dó’n bhalla na’n colbha.
Freagra - Spocaí an túirne.
37.
Tá sí os cionn an t-uisge, agus faoi’n uisge, agus ní bhainfinn sí do’n uisge.
Freagra - Lách agus ubh aicí.
38.
Tá sé amuigh agus tá sé istigh,
Agus níl sé ‘muigh na istigh.
Freagra - Cása an doras.
Cruinne na paisde iad seo ó i go 38 ó seandaoine sa bhaile.
Caitlín Nic a’tSaoir, Mín na bhFian 14 adh Béaltaine 1938.
senior member (history)
2020-07-09 23:46
approved
rejected
awaiting decision
32.
Rud nach rabh is nach mbíonn,
Sín amách do lámh agus tcídhfidh tú.
Freagra :- Na méura ar aon fhad.
33.
Nuair a bheárraighim faoi’n chruach
Tá’n sluagh lé fághail.
Freagra - Séangain.
34.
Sé chos, dhá súil,
Billí, Jack agus an ughaim.
Freagra - Fear agus ásal agus an bheirt ar leáth-shúil.
35.
Goidé tá’n eile dhuine ag dheánamh i gcuideachta a chéile?
Freagra - Caitheamh áma.
senior member (history)
2020-07-09 23:45
approved
rejected
awaiting decision
28.
D’imtigh sé os cionn an tálamh
Agus phill sé faoí’n tálamh.
Freagra - Fear agus sgráth ar a dhruim.
29.
Chuaidh dubh ‘s bán isteach sa nead,
D’fan an bán istigh agus thainig an dubh amách.
Freagra - Cearc dubh ag bréith uibhe.
30.
Codhlaigheann sé san oidhche agus a cheann ina a shúil.
Freagra - Buaidhreach Bó.
31.
Trí cos na siubhla,
Béal bocht na h-oidhche,
Agus shlugann sé a shaith.
Freagra - Pota.
senior member (history)
2020-07-09 23:44
approved
rejected
awaiting decision
24.
Lá amhain cásadh fear orm ag tiomant géacha.
“Béannughadh ort fein agus do sgór geacha”, arsa mise.
“Gurb é dhuit, a Chlugadan, acht glácfadh sé an mhéid
seo agus leáth an mhéid seo, agus beirt go léith lé
sgór a bhéith agam. Cé mhead a bhí aige?
Freagra - Seáchtar a bhí aige.
25.
Goidé tá lán agus a congbhuigheas tuilleadh?
Freagra - Pota Préata.
26.
Gearrfiadh Márta agus í dámhsaigh ar leáth-cois.
Freagra - Gas Ráithnighe.
27.
Bean bheag amuigh annsin,
Agus sgian go bun inntí.
Freagra - Meásgán mé.
senior member (history)
2020-07-09 23:43
approved
rejected
awaiting decision
21.
Lán gáraidhe caora bána
Agus caora amhain dearg in a measg.
Freagra - Fiacla agus Teángaidh.
22.
D’iarr fear uasal orm gabhail isteach i n-abhaill,
Dúbhairt sé liom go rabh úbhlaí san abhaill,
D’iarr sé orm gan ubhlaí a bhaint dé na crannaibh na úbhlaí fhágailt.
Goidé mar rinne mé é?
Freagra - Ní rabh ann acht dha cheann uilig.
23.
Ainm cú da rabh ag Fionn
Tá sé in do cheann
Agus cuir ainm air.
Freagra - Sáil.
senior member (history)
2020-07-09 23:41
approved
rejected
awaiting decision
17.
Tá sé cruinn lé do cheann,
Agus comh fada lé cead lóng.
Freagra - Ceártlín snáth.
18.
Teachtaire beag ó theach go teach
Agus bíonn sé amuigh san oidhche
Freagra - Cásan.
19.
Ceithre corra crotarnaigh
Shíos ar léuna ro-parnaigh
Dha chorra déug
Agus an corr déidheannach eatortha.
Freagra - Torramh.
20.
Caidé fhliucas leis an teas?
Freagra - Im.
senior member (history)
2020-07-09 23:40
approved
rejected
awaiting decision
14.
Chuaidh biadh go dtí triúr,
Ar bhruach loch an Éin,
D’íth an biadh an triúr
Agus thainig sé fein.
Freagra - D’ith iolar trí cat fiadhain.
15.
Áirtcí ‘muigh i gclaidhe,
Áirtcí ‘stigh i gclaidhe
Da bhfuighthea greim ar Áirtcí
Bhainfeadh Áirtcí greim asat.
Freagra - Cúl-faighe.
16.
An fear a rinn í,
Níor chaith sé ariamh í,
Agus an fear a chaith í,
Ní fhaca sé ariamh í.
Freagra - Cómhnair.
senior member (history)
2020-07-09 23:39
approved
rejected
awaiting decision
11.
Geárrfiadh, Geárrfiadh,
Cos an dubh donn,
Siubhlann sí Éire
‘S ní fhliuchann sí bonn.
Freagra - An Ghrian.
12.
Andaí golbha na gcúig gceann,
Fainne óir ar thaobh a bhata
Caol a chois, fríd a cheann.
Freagra - Sgáth-feárthanna.
13.
Ceáthar ag ríth,
Ceáthar ar críth,
Beirt ag deánamh eolais,
‘S lóibín ar deireadh.
Freagra - Bó.
senior member (history)
2020-07-09 23:37
approved
rejected
awaiting decision
8.
Tá sé thall, tá sé bhfos,
Tá sé i gConnachta na gCrós,
Tá sé ar leac shléibhte donn,
Agus i gcoilltibh in a measg.
Freagra - Ceo.
9.
Trí cos i n-airde,
Da chos ar tálamh
Ceann an duine beo
I mbéul an duine márbh.
Freagra - Fear agus pota ar a cheann.
10.
D’éirigh mé ‘mách,
Maidin lá ceo
Chonnaic mé an márbh
Ag iompar an beo.
Freagra - Bád ar an Fhairrge.
senior member (history)
2020-07-09 23:36
approved
rejected
awaiting decision
5.
Ceáthar, cúigear, códraman,
Seisear míne mall,
Níl béal, na súil, na teánga acú
Agus iad uilig ag cainnt
Freagra - Fideál.
6.
Tá bean bheag amuigh annseo,
Tá sí ró - fhranncach
Cota beag dubh oirthí,
Beárad ‘s plainnceid.
Freagra - Beáchóg.
7.
‘Muigh annsin, ‘muigh annsin,
Chonnaic mé an t-amharc deas,
Míle bean uasal dámhsaigh go deas,
Fa na gcuid hataí gorma,
Agus a gcuid gúnaí glás.
Freagra - Miodún lán bo-muc. (cloigín-gorm)
senior member (history)
2020-07-09 23:35
approved
rejected
awaiting decision
I.
Is fuil ‘s feol a d’fás sé
Ní fuil, ní feol, na cnámh é.
Baintear a ceann dé
Agus olann sé deoch
Agus gnídh sé réidhteach
Idir caraid is námhaid.
Freagra - Peann Cleit
II.
Suid sa chlúid é
Agus dhaichead súil aige
Freagra - Rideál.
III.
Ríth mé agus fuair mé
D’amharc mé agus ní bhfuair mé
Da bhfuighinn, caithfinn uaim é
‘S nuair nar bhfuair thug mé liom é.
Freagra - dealg in mó chos.
IV.
Maoiltín iarainn agus ruball olna air.
Freagra - Snáthad mór agus snaiththe ann.
senior member (history)
2020-07-09 23:32
approved
rejected
awaiting decision
sí léithi an pháipéir agus d’imtigh sí.
Chuaidh an ceárbhach abhaile agus lá ar na bhárach ní rabh sé in-innibh éirigh. Ní inaseochadh sé d’aonduine goidé bhí air. Sa deireadh d’innis sé do dheirbhshiúr agus nuair a chualaidh a áthar é chuaidh sé fhad leis an tSagart agus d’innis an sgéul go h-iomlán do.
Nuair a chualaidh an tSagart goidé mar bhí, seo an rud a d’iarr sé air a dheánamh. Nuair a thiocfadh a lá a gcaithfeadh an stocach a ghabhail go bárr an cnuic é a chuir isteach i gcómhnair agus an chómhnair a dhruid lé trí bárra iarainn agus annsin iad é iompar suas. Thainig an lá agus chuaidh an Sagart ‘un tíghe agus thug siad an stocach suas go bárr an cnuic sa chómhnair. Ní rabh siad acht shuas i gceart nuair a chonnaic siad an néal dubh os a gcionn.
Thainig iolar anuas as an néal agus bhuail sé na bárra iarainn lé n-eiteóig agus bhris sé ceann amhain acú. Leis an dara buille bris sé an dara ceann agus annsin bhris sé an tríomhadh ceann. Léim an clár dé’n cómhnair agus leis sin tcíd siad chuca an cailín. Bhí sí ag dréim go dtabhairfeadh sí léithí an stocach acht dúbhairt an Sagart go gcaithfeadh sí cómhartha thabhairt dó-san go rabh ‘n dtocach bainte aicí.
senior member (history)
2020-07-09 23:31
approved
rejected
awaiting decision
Bhí buachaill óg ann aon uair amhain agus bhíodh sé amuigh go déidheannach ag ceárbhachas an uile oidhche. Bhí án - dúil aige ins na cárdaibh.
Oidhche amhain bhí se ag teacht abhaile mar ba gnáthach leis agus chonnaic sé néal dubh in a chásan. leis sin amach lé cailín óg dóigheamhail as an néal agus sheásaigh in a chásan. “Tusa, ar sise, an fear a bhíos amuigh I dtolamh go mall ag ceárbhachas”. “Is mé” ar seisean. “Suidh” ar an chathaoir seo go mbéidh cluithche againn”, arsa sise.
Lé sin tcídh sé tabla agus deic cárdaí air agus dha chathaoir. Bhí oireadh dé chathuighthe air leis na cardaíbh gur shuidh sé. D’imir siad cúpla cluithche agus dúbhairt sí annsin, “Anois imreóchaidh muid agus an t-é a bhainfeas an cluithche seo caithfidh sé gabhail suas go bárr an cnuic sin thall ar an leithid seo do lá ‘ga ainmniughadh” “Maith go leor” arsan bhuachaill. D’imir siad an cluithche agus bhain seisean é.
Dúbhairt sise leis go gcaithfeadh sé gabhail suas anois agus dúbhairt sé go rachfadh cinnte da mbéadh sise suas. Gheall sí go mbéadh agus nuair a d’iarr sé cómhartha oirthí go mbéadh se amhlaidh. Ní dheárn sí a’n dath acht snáthad a chuir in a laimh go dtainig an fhuil agus sgríobh sí síos a ainm ar ghiota pháipéir lé na cuid fola fein. Thug
senior member (history)
2020-07-09 23:30
approved
rejected
awaiting decision
19. Bhí uncal ag m’áthair darbh ainm Conall Ua Baoghaill. Níl sé acht dha bhliadhan márbh “Go ndeánfaidh Dia grásta air”. Seo rud a tharla do Chonall tráthnóna amhain samhraidh.
Nuair a bhí sé na stocach chuir a athair na cnuic é fa coinne an eallaigh. D’iarr sé air bean dé a chuid deirbhsiúiribh a thabhairt leis acht níor thug.
Bhog sé leis agus chonnaic sé síos uadh iad ag loch Ábha. Tharrang se síos orthú. Siubhal an t-eallach thart go dtainig siad go dtí’n ait ar ceart daobhtha geárradh suas tarrangt ar an bhaile acht ní dheachaidh siad suas. Thug sé iarraidh gabhal rompu agus a bpilleadh acht san ám seo bhí siad ag rachaidh comh mór is nach dtiocfadh leis, cé nar bhréag a rádh nach rabh ag dul isteach ar dhoras Theach an Phobail san ám stocach níos lúthmhaire na é.
Ríth sé thart fa’n loch cupla uair ag sílstin go bhfuigheadh sé sgárta suas iad acht ní rabh gár do ann. B’éigin do sa deireadh iad a fhágailt bhí sé comh sáruighthe sin.
Phill sé na bhaile lé cuideadh a fhághaíl agus cásadh a dheirbhshiúr air a theacht in araieis ag innse do go rabh an t-eallach sa bhaile ó d’imthigh sé agus iad blíghte. D’aithin sé annsin gur na sídheógaí a cuir ciapóg air ag loch Abha.
senior member (history)
2020-07-08 11:21
approved
rejected
awaiting decision
17. Déirigh mé amach maidin gheal cheódhach
Chonnaic mé’n marbh ag iomchur an bheo
Fr …… bád
18. Cé aca’n gé dubh nó’n gé bán an ganndal?
Fr …… Ní rabh gé ariamh gan ganndal
19. Tig sé isteach ‘un toigh ar ghuail - neachaibh fir agus theid amach níos míne no’n ríoda
Fr …… Móin.
20. Gearrfiadh franncach damhsa ar leath-chois
Fr …… Gas Raithnigh
21. Tá sé amuigh ‘s tá sé istoigh ‘s níl sé amuigh no istoigh na dhiaidh sin.
Fr …… Ursa ‘n dorais
22. Ceist orm ‘s ceist ort.
Caidén bior a chuir Fionn sa’ brot
Ní hú, ní ha, ní maide ‘s ní cnamh ‘s ní cloch
Freagar …… bior-siocan
23. Cana (witch) maol a tochas a druim É cogaint a bidh ‘s gan a g’ithe greim.
Freagar …… Broth-Muileann
senior member (history)
2020-07-08 11:07
approved
rejected
awaiting decision
I
Fáilte romhat a Dhómhnach Bheannuighthe
Lá bréagh saor le h-Iosa mholadh
Corruigh do chos go moch ‘un Aifrionn
Chorruigh do bheul le slabhraigh d’anam.
II.
Ó! a Dhia is Tú a cheannuigh mé a’s ghlacfas go fóill me
Muna mbrisfidh mé D’aitheanta le baois na h-óige
Ceangal an diabhal ‘s na leig mo choír é
Sábhail mé ar chathaidh ‘s ar na seacht bpeacaidh marbhtha
Anois ‘s ar uair mo bháis - Amen.
senior member (history)
2020-07-08 11:06
approved
rejected
awaiting decision
Tá ceithre cóirnéail ar mo leabaidh
Aingeal Dé go rabh ann sgaptha
Ma gheibhim bás roimhe mhaidin
Flaitheas Dé go rabh’ mo leabaidh
senior member (history)
2020-07-08 11:05
approved
rejected
awaiting decision
Luighim le Dia a’s go luighidh Dia liom
Éirighim le Muire a’s go n-éirigh Muire liom
Brat Muire ‘mo cheann, Ola Chríosta mo chum
Dhá láimh geala dé anuas ar m’anam
Proinim m’anam ort a Dhia a’s ní ag iarraidh arais atá mé
Fág an innse seo ag an Mhaighdhean Mhuire an creas lá.
senior member (history)
2020-07-08 11:04
approved
rejected
awaiting decision
(III ar lean.)
A mháthair mhuirneach ‘s a ríoghan na ndúl
Sgaoil ó na glais mé tá ceangailte go chruaidh
Anois agus ar uair ar n-éug
Tabhair dúinn síothcain Dé
IIII.
A realt na maidin, is airde céim
Sábhail sinn ar áig bpian
Sinn do chlann do ceannuigheadh go daor
Agus tabhair go Flaitheas sinn go saor
Go moltar faoi do choimirce gan maoidheamh
An t-Athair an Mhac ‘s an Spiorad Naomh
senior member (history)
2020-07-08 11:03
approved
rejected
awaiting decision
I.
Is creathúr lag mé faoi ualach trom
Ar mheid mo peacaidh is aithreach liom
Aidighim creideadh Dé go síor
Le grád mo chroidhe ‘s le dóchas fíor
Ó choir na Croiche, glaoidhim suas
A Chríost ar dtighearna - “Claon Anuas”
II.
Fáilte romhat, a Mhuire Mhór
A Mhaigdean shaor, a neach gan chóir
A mháthair Iosa. A reult na mara
A sgáth na mbocht, ar n-anam-cara
Is tú thóg an blath a thuit le h-Éabha
Is tú thóg is d’oil an t-Uan a shaor sin.
III.
A sgathain na subhailce ‘s a chírde’n reacht
A chathaoir na h-eagna agus na h-úmh laidheacht
senior member (history)
2020-07-07 16:02
approved
rejected
awaiting decision
One snowy day there were two men out hunting.
They wanted to bring home one hare at least. It was getting late in the day and they were not getting anyone.
In the evening they came to a lios and they put out a hare. They wanted to catch him as he was the first one they saw that day. They followed him up until he
senior member (history)
2020-07-07 15:58
approved
rejected
awaiting decision
The patron Saint of Shinrone was Cuimmian Fada. There is still the ruin of a church in Kilcommon which is supposed to be built by the Saint. He spent most of his time in Dorrow and sometimes he would come home for a rest.
While he was at home he studied the paschal controversy. There was at that time a terrible quarrel in the catholic churches about when Easter should be. The Pope fixed a date but the churches in the north would not agree to it. Then Cuimmian Fada wrote a famous letter that all should agree to the Popes order.
The church of St Cuimmian was in existence up to the year 1798. When it was burned down by the yeoman and the descendants of the people who told him to burn it are
senior member (history)
2020-07-07 15:55
approved
rejected
awaiting decision
blains. He does a certain amount of work out in the open air, such as putting iron strokes on wooden wheels. Smiths are looked upon as strong and skilled men in their trade.
senior member (history)
2020-07-07 15:35
approved
rejected
awaiting decision
ar ar son, le ach briseadh croidhe agus gach buaid (readh?) a leanain dúinn ar feádh ar mbeatha.
Chum De, an Mhic, cosan m’anam anois agus ar uair mo bháis. Tabhair leat m’anam ann do dís lamhe, ann do neamh fhein, ann do ghlór fhéin Ó A Thíghearna Dé amein.
senior member (history)
2020-07-07 15:34
approved
rejected
awaiting decision
A Iosa mhilis a’s a Iosa ceannsa
Go lionaidh tú ar gcroidhe-sa lan de annsacht
A Iosa Críost na h-Óige uaisle
Cuidigh linn anois is i n-am ar gcruadh-cás
Gach uile fháilte rómhat a Naomh Muire, a mhathair Dé, a Rioghain Flaithis, a Gheaftaí Phárthais, a Bhan-tíghearna an Dómhain, a bhfuil dóigh ort fíor glan. A bhean beannuighthe rugadh tú gan peacadh na sinnsear. D’iomchur tú ar Slánnighthear Iosa Críost ann do bhroin beannuighthe gan sol, gan spot go geanmhnaidhe roimhe iomchur, dhá iomchur indhiaidh iomchur.
Och, chum Iosa deán eadarguidh
senior member (history)
2020-07-07 15:32
approved
rejected
awaiting decision
Crios Mhuire mo Chrios
Crios na gCeithre gCros
Crios in-a rughadh Iosa
(Os cionn a thumba)
“Éirigh a mháthar a’s gabh fhad leis an bhean atá ingéibhinn báis”
“Éirigh fhein a mhic as Tú is feárr baist an leanbh as fág an bhean slán.
Tá sé sgriobhtha as Tumba Mhuire anois.
Nach bhfuil aon duine a déarfas an paidir seo
Trí h-uaire ach uile lá.
Nach bhfeicidh an Mhaidhgean Mhuire
Trí h-uaire roimhe a bhás.
senior member (history)
2020-07-07 15:31
approved
rejected
awaiting decision
agus mhair sé bliadhain agus lá.
Níor leig siad an Gaduighe Dubh na choilleadh níor mó agus bhí sé na fhear ag an righ na dhiaidh sin. Fuair siad uilig saoghal [sona, seuinach]? Agus mhar tamaill maith n-a gcomhnuidhe le chéile.
senior member (history)
2020-07-07 15:24
approved
rejected
awaiting decision
Tá mé amuigh i lár an locha. Thug an fáthach iarraidh amach ‘n-a dhiaidh agus baitheadh é. Bhí mé fein sábhailte annsin.
“Anois a Rí nach rabh mise comh ndeas do’n bhás leis an stócach seo?” le linn an chainnte bhí an bhánrioghan ag tabhairt éirtigh do’n sgeul. Sé an deireadh a bhí ar an sgeul go dteachaidh rí caoineadh. Chuir seo iongantas ar an rí agus d’fiosruigh dí caidé bhí oirthí. Is mise an páiste sin a sábhail an Gaduidhe Dubh agus mar gcreidigh tú mé amharc ar mo mhéir bhig. Ma’s mar sin atá arsa’n rí, “bheárfaidh mise ceathramha anama daobhtha agus bheárfaidh mé an t-each. Nuair a chualaidh siad seo, phreab siad le lúthgháir agus rinne siad réidh le h-imtheacht. D’fág siad slán ag an Rí agus an bhánrioghan agus phill abhaile.
Nuair a tháinig siad ar amharc an toighe, bhí an leas-mhathair mar d’fág siad í, ach nuair a chonnaic rí an t-each leo, thuit rí anuas agus marbhádh í. Gleásadh féarta mór do na buachaillí annsin
senior member (history)
2020-07-07 15:22
approved
rejected
awaiting decision
amach agus shuidh mé i gcúl tumba sa’ roilig a bhí i gcúl an toighe. Chuaidh mé ar fáthach istoigh ag dearbha as a mnaoi, nach feol duine a bhí bruighthe aicí. Thaisbean sí mear bheag an pháiste dí agus chreid sé í, ach mar nach dteárn an méid a d’ith sé ach a chuid fiacla a líomadh, chuaidh sé amach a [“sibítail”]? fríd na coirp a bhí curtha agus a n-ithe.
Nuair a bhí sáith itthe aige annsin, luigh sé siar agus thuit sé n-a chodhladh, ba mhar damhsa gur thuit agus m’inntinn fein, “[?]? mo [sheas]?. Chuaidh mé isteach an toighe agus fuair me bior - iarann agus dhearg mé sa’ teine é go rabh sé dearg - té. Bhí an fáthach ar leath - sul agus sháith mé an bior sa’ t-súl a bhí slán. Phreab sé aniar i lár na mbonn agus tháinig an thosaigh. Leig mé liom sná fatha fásaig ach bhí se bruth suas liom. Sén rud a bhí deánadh an eolais anois do fáinne mhór a bhí aige a bhí sé caitheadh roimhis. Bhí mé fhéin caillte aige uair amháin agus agus ca dteachaidh an fáine ach suas ar mo ladhar mhór. Níor fhan mé le n-a tharraingt anois ach steall mé an ladhar díom leis an chlaidheamh agus chaith mé isteach sa’ loch í. Sgairt an fháthach leis an fainne ca rabh sé anois.
senior member (history)
2020-07-07 15:21
approved
rejected
awaiting decision
Chuaidh mé suas i gcrann árd agus tháinig an triúr go bunan chrann. Rinne siad trí tuagh daobhtha fein agus thosaigh gheárradh. Nuair a chonnaic mé féin an crann brath beith tuitim, léim mé go dtí crann eile. Tháinig siad go dtí bun an chrainn agus thoisigh ar an cleas ceadna, agus bhí mé ó crann go crann go dtáinig mé go dtín crann deirineach agus bhí se seo geárrtha aca ach buile amháin agus le sin sgairt an coileach agus mar sin dé nach rabh mise comh ndeas don bhás leis an bhuachaill seo?” “Bhí cinnte” arsa’n rí “agus sgairt sé ar an dara fear agus d’iarr air a chuid eadaigh abhaint dé. Rinne an stócach mar a h-iarradh air agus annsin labhar an Rí leis an Ghaduidhe Dubh.
“An bfaca tú aon duine ariamh ann do saoghal comh ndeas dó’n bhás leis an stócach seo?” “Chonnaic leoga” arsa’n Gadaidhe Dubh, bhí mé lá amháin amuigh i gcoill agus chuaidh mé isteach i dteach. Bhí bean agus leanbh istoigh agus bí’n mathair ag búirfidh caointe. D’fiofruigh mé dí goidé bhí oirthí agus d’innis sí damh gur ghoid fáthach é fein agus an leanbh an oidhche roimh sé, agus gur iarr sé oirthí an leanbh bheith bruighthe aicí do nuair a phillfeadh sé”. Bhal! arsa mise tá muc álta liom-sa agus bruigh tusa é in-áit an leinbh. Ma shileann sé gur breag tá tú innse, geárr bárr na [meíre bige]? do’n páiste agus silfidh sé annsin gurabé an páiste atá marbh. Chuir mé fein an páiste ar mo dhruim agus chuaidh mé
senior member (history)
2020-07-04 21:29
approved
rejected
awaiting decision
ach maidin amháin nuair a chuaidh mé ‘na phortaigh ní rabh fód le fághail. Chuaidh mé ‘na phortaigh annsin agus bhain móin sheacht mbliadhain ach ar a ghabhail a g’ amharch damh maidin lathar na bárach agus bhí deireadh goidthe. Chuaidh mé ‘na phortaigh annsin agus bhain mé móin naoi mbliadhain agus shuidh mé go maidin a choimhead. Le teachta an lae chonnaic mé an tulairt ag tárraingt [orni]? ach cé bhí ann ach na trí Chailligh ba iargcúlta a chonnaic mé ariamh. Bhí na fiacla toisigh mar bhéadh stafóg in obar, águs bhí na trí cleíbh obí leobhtha comh mór ‘s go bféadfaidhe móin sheacht mbliadhain a iomchur ann ach ceann aca. Nuair a tháinig siad leis an móin, níor fhág siad fód amháin n-a ndiaidh. D’imthigh siad suas a’ cnuic agus lean mise iad. Chuaidh siad sios in uaigh mór ar taobh an chnuic agus chuir siad síos craorach mór teineadh a rabh deireadh na mónadh air, agus chuir siad coire mór uisge ar an teine agus shuidh siad síos ag cathadh. Nuair a chonnaic mise seo fuair mé cloch mór, leig mé isteach sa coire é agus briseadh an coire ‘n-a smulgar, agus scalladh an triúr aca.
Theith mé fhéin le m-anam ach budh goirid go rabh an triúr mo diaidh.
senior member (history)
2020-07-04 21:05
approved
rejected
awaiting decision
an áit a bhfuil an t-each seo ceangailte agus nuair atá na súile foscailte aca téid na gcodladh agus nuair atá na suile druidthe aca, táid muscaile. Nuair tá na súile foscailte aca agus mar sin de tá siad na gcodladh agus os tusa is rine caithfidh tú ghabail isteach agus feachailt an bfuighthe amach í gan trúp a dheánadh”. Tá an t-each seo cúnid aighthe le cloig [beage]? o [bhain]? go bárr agus ma bhíonn tú comh mí - [fórtúnach]? agus go mbuailfeadh clog amháin, béidh réidh.
Rinne an fear is sinne mar h-iarradh air. Chuaidh sé isteach agus sgaol sé an t-each. Tháinig sí leis go socar go rabh sé ag an geafta agus go díreach nuair a bhíthear á ghabhail a léimnigh ar a druim, chraith sí an ceann agus ní rabh clog o bhun go bárr oirthí nar bhuail. Muiscail seo an gárda agus gabhadh na buachaillí agus an Gaduidhe Dubh ar an phoinnte. D’fiafruigh an Rí daobhtha, caidé budh chiall leis an ghadaigheacht seo agus d’innis siad goidé mar bhí. Chuir an Rí coire mór luaidhe ar an teine agus nuair ó bhí sé fiuchta d’iarr sé ar an fhear budh rinne a chuid eadaigh a bhaint de. “Anois” arsan Righ leis an Gadhuidhe Dubh “an bhfaca tusa aon duine comh comhgarach dó’n bhás is tá an stócach seo anois”. “Leóga chonnaic” arsan Gaduidhe “agus is mé féin an fear sin.
Bhí mé bliadhain amháin ar bhain mé nóin trí mbliadhain
senior member (history)
2020-07-04 21:04
approved
rejected
awaiting decision
Thárraing siad ar an solus agus ar a ghabhail isteach daobhtha ní rabh ann ach fear amháin. D’iarr siad lóistín na h-oidhche agus dubhairt seisean go dtabharfadh agus rud ar bith eile a bhéadh a d’ith orthú. Rinne sé réidh greim bidh daobhtha agus mar go rabh tuirseach ó lae, nuair a bhí an suipear deánta aca, chuaidh siad a luighe. Ar maidin nuair a d’éirigh, chuaidh siad [thul]? Cainnte le fear a’ toighe agus chuir sé ceist orthú ca rabh a dtriall. D’innis siad do mar thárluigh agus indhiaidh bóró bréagh bídh a dheánamh réidh. Dubhairt sé gurb eiscan an “gáduidhe dubh. Nuair a chualaidh siad seo thobar gur thuit siad ar a seasamh le h-eagla roimhis agus d’iarr sé orthú gan eagla a beith orthú agus go rachad sé fein leobhtha ‘ún Domhain Thoir agus go gcuideochadh sé leo an t-each a ghuid.
Bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc gur sroic siad cuairt Ríogh an Domhain Thoir agus arsa’n Gaduidhe Dubh “Anois” a buachaillí tá gárda nór saighdiúrí tarr ar
senior member (history)
2020-07-04 21:03
approved
rejected
awaiting decision
sin a dheánadh agus thoisigh sí ‘g imirt. Bhain na stócaí an cluichthe seo.
“Anois” arsa siadsan leis an leas-mháthair, “caithfidh tusa dhul suas ar mhullach na cúirte seo agus do dá chois a chuir ar achan taobh dé’n simileóir agus gan corruighadh ó sin go bpillidh sinne abhaile. Ní bhfuigh tú greim le h-ithe no deoch le h-ól ach do réir mar siabfar Chugat braon uisghe agus gráinin coirce leis a’ ghaoth”
Ar maidin lathar na bhárach d’fág na buachaillí slán aice-sa agus thug siad a n-aghaidh ar an Dómhain Thoir. Ba é an buaidhreadh inntine abadh mó a bhi orrthú ar chualaidh siad oiread iomraidh air. Bhí droch - cháil ar an gadaidhe dubh seo mar ní rabh aon neach sábhailte air, go fiú na bpáistí fein nach rabh sé a ngoid.
Shiubhail siad leo go rabh neóin beag agus deireadh an lae ann. Fa dheireadh agus fa dhéidheanach, chonnaic siad solus beag ibhfad nabhtha agus i ndeas
senior member (history)
2020-07-04 21:02
approved
rejected
awaiting decision
nuair a racfas tusa abhaile iarr ar na buachaillí sin cluiche cárdaí a imirt leat. Bainfidh tusa an chead cluichthe agus annsin ní’l rud ar bith a iarrfas tú arthú - san nach gcaithfidh siad a dheánadh. Ach, ar do bhás, ná fan leis an dara cluiche a imirt leobhtha, no mar chuireann siad an cluicthe ortha, béidh réidh.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Chuaidh an bean abhaile. Ar ball beag, nuair a fuair sí a ráith itthe ólta, d’fiafruigh sí do buachaillí án n-imseochadh siad cluichthe cárdaí agus dubhairt siad - san go ndeanfadh.
Thárraing sé oirthí dec” na gcárdaí agus thoisigh an imirt. Bhí leithe sa’ chead cluicthe agus annsin chuir sí na geasa ar na buachaillí imtheacht leo ‘un Domhain Thoir agus an t-each bán a thabairt chuicí. Ní rabh teacht ar aca, agus bheigeann daobhtha imtheacht, ach d’iarr siad ath-chuinge amháin oirthí - sé sin cluichthe eile a imirt leobhtha - san. Rinne sé dearmad gur h-iarradh oirthí gan
senior member (history)
2020-07-04 21:01
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí rí i n-Éirinn agus bhí triúr mac aige. Fuair an chead bhean a bhí aige bás agus phós sé ath- uair. Bhí an leas-máthair mar ba dhual do gach leas-mhathair, go h-iongantach olc do’n chead clann agus ní rabh fhios aicí caide’n dóigh a bhfeárr deireadh a chuir leobhtha.
Lá amháin chuaidh sí fhad le Cailleach na gCearc a bhí anns an chómharsantacht cucí go bfeiceadh sí goidé’n cómhairle a bheárfadh sí sin duithe, le deireadh a chuir leis na stócaí. “Maise” arsa’n cailleach ma bheir tú sparan óir [dothusa]? Innseochaidh mé duit goidé a dheánfas tú”. Thug an bhean duithe an t-ór agus thug sise paca cárdaí duithe ar a son.
“Anois” arsa’n Cailleach “nuair
senior member (history)
2020-07-04 20:59
approved
rejected
awaiting decision
leis an sgian agus mharbh sé mhathair an fhathaigh. Thug sé leis an mála áir a bhí faoi’n bhústair agus d’imthigh sé leis fhad le n-a mháthair agus bhí an bheirt aca beo go seanmhar na dhiaidh.
senior member (history)
2020-07-04 20:59
approved
rejected
awaiting decision
fhathaigh. Bhí achan sgread ag an fháthach agus thárraing a mháthair aníos ag taobh na teineadh. Chumail sí é le sop cothain é. Tárraing an táilliúr aníos fosta agus thoisigh sé leigint air fein go rabh sé sgreadaigh.
D’fiosruigh an fáthach do caidé mar “ bhí sé. “Ó! tá mé cómhair a bheith séid ach tharlaig seo damhsa uair amhain eile ann mo shaoghal agus rois mé aníos mo bholg.
“An dtiocfadh leat sin a dheánamh anois”, arsa’n fáthach. “Leoga thiocfadh”. Thárraing sé amach an [nudeog]? Agus rois sé an rac agus tháinig an brachan amach as”. Is truagh Dhia”! nach ndeán tú sin liomsa arsa’n fáthach” Dheánfaidh cinnte” arsa’n táilliúr agus rois sé bolg an fhathach agus thuit an fáthach marbh Bhí an mháthair ar [mire]? annsin agus lean sí an táilliúr. Bhí an táilliúr comh easgaidh agus go rabh sé o thaobh go taobh an toighe le leim.
Thuit an mhathair i luige i lár an toighe. Thug an táilliúr
senior member (history)
2020-07-04 20:58
approved
rejected
awaiting decision
Ní rabh an tailliúr ábalta é thógbhail ní n-é amháin a rhínneadh. Thug sé amach an fhideóg agus toisigh a séideadh. “Caidé an fúth a bhfuil tú deánamh sin?” “Tá deárbhráthar damh na ghab dubh thall annsin agus da mbéadh an órd mór sin aige, dheánfadh sé cúir do”. “Leoga fhéine ní bfuigh sé sin órd mór m’athar” arsa sise. “Isteach ‘na toighe libh go dtí i mbárach”. “Tá coire annsin agus línfidh mise lán brachain agus ca bith féar agaibh is mó itheas, sé sin an fear a bhéidheas agamsa”.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, go dtí an tráthnona sin. Bhí an táilliúr ag útamail [thast]? agus caidé fuair sé ach craiceann bolain, taobh amuigh de sgiobail agus thug sé leis é agus d’fuigheal sé suas é agus rinne sé mála de agus chroch sé suas ar a thoiseach é. An cineal toighe a bíodh ann san am sin, ní bhíodh fuinneogaí ar bith orrthu agus shuidh an bheirt aca sa’ dhorchadas ag ithe. D’ith an fáthach leis gur thuit sé anuas de’n stól. Bhí an táilliúr ag caitheadh isteach sa’ mhála agus bhí sé n-a shuidhe i bfad indhiaidh an
senior member (history)
2020-07-04 20:57
approved
rejected
awaiting decision
an táilliúr saor o eagla acht goidé a tháinig leis a dheánamh. Nuair a tháinig siad abhaile dubhairt an fáthach gurabé seo an fear a bhí gabhail fanacht aca coidche. “An sclábhaidhe bocht”! arsa sise, is beag siad é le taobh mo mhac féin an rabh sé cionntaidhe báis leis”. Bal’! is luath i mbárach a tcífear mise cé aca agaibh is láidre. Tá cródh - iarann annsin a bhí ag m’athar agus ca bith agaibh is fuide a chuirfear é, sin an fear a bhéidheas again.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, nuair a tháinig lathar na mhárach, agus chaith an fáthach an t-iarann ní rabh an tailliúr in-innibh é thógail ámháin é a chaitheadh. Thug sé amach fídeóg agus thoisigh sé a séideadh. D’fiafruigh an fáthach do caidé an fáth a rabh sé ag deánamh sin. “Tá deárbhrathar damh air an bhaile sin thall atá ag gabhail a deánadh toighe agus tá na crodh - iarann ró - [éadrom]? Agus ní reubfadh siad na creigtheacha”. “Bal! gabhadh an bheirt agaibh isteach go dtí i mbárach. Tá órd mór annsin a bhí ag d’athar agus ca nbith a shínfear í trí - huaire sin é an fear a bheidheas again”.
senior member (history)
2020-07-04 20:56
approved
rejected
awaiting decision
a bhí a dheánadh agus dubhairt sé “Stad de sin”. Bhudh gearr gur mhothuigh sé ceann eile. Stad de sin, no brisfidh mé do mhuineal”. Ní rabh aon fhocal as do bheul gur mhothuigh sé ceann eile. Thárraing sé buille an óird mhóir ar a dheárbhrathair agus mharbuigh sé é.
Thoisigh an t-oganach a bhí anuas an crann ag gáiridhe. D’aithin an fathach gurabh an t-óganach a bhí anuas an chrann a bhí a dheánamh. “Caithfidh mise deireadh a chur leat-sa” arsa’n fathach. Thug sé rúchladh amháin ar an chrann agus thug sé an crann amach ar an talamh agus thuit an tailliur anuas as an chrann. Shin sé clár fhad leis an fhathach agus nuair a chonnaic sé an gníomh a bhí deánta aige, ghlac an fáthach an eagla. Ní rabh moill eagla a chuir i ndiúl dó’n fathach agus dubhairt sé. “Caithfidh tusa a bhí abhaile liom-sa i n-áit mo dheárbhrathar. Béidh cinnte arsa’n tailliúr. Bean mhor fiadhanta atá ann mo mháthair agus nuair a tcífear tú i na sgannruigh.
Bhí dhá fhiacal i dtoiseach a béil a dheánfadh steafóg in a bar. Bhí naoi troighthe, naoi n-uaire idear a dá cíoch agus airde Osgar ann a dá boinn. Agus leoga ní rabh
senior member (history)
2020-07-04 20:55
approved
rejected
awaiting decision
Bhí baintreabhach fad ó shoin agus fuair a fear bás. Bhí mac amháin aici agus ní rabh riocht ar bith ann, agus sé an cheird a chur sí roimhe táilliúracht. D’foghluim sé an cheird go h-an mhaith. Bhí go maith ‘s ní rabh go olc. Bhuail sé leis an ól. Maidin amháin thug a máthair an scamhlail do. Thug sé leis an clár, an siosúir, agus an miosúr, agus culaidh amháin a bhí istoigh aige.
Lá te samhraidh a bhí ann. D’imthigh sé leis, agus shuidh sé sios ag bun crann ag deánadh an chulaidh. Tháinig pláigh mór cneamhair agus chaith sé an siosúr ortuú agus marbh sé naoi gcead aca. “John Lowe” an t-ainm a bhí ag na daoiní air. Arsa seisean leis fein ní’l aon fear a rinne sin nach ndeánfadh gairceamhlacht agus sgríobh sé síos ar bhun an chrainn é :- “John Lowe killed nine hundred’ with one blow”
Siubhal sé leis go dtí go dtáinig sé fhad le droichead. Bhí beirt fathach annsin ag deánamh droichid. Léim sé suas i gcrann mhór agus bhí a phócaí lán cloch beag. Thoisigh sé a caitheadh smeideogaí síos ar fhear aca, agus shil an fathach gurabé a dheárbhrathar
senior member (history)
2020-07-04 20:54
approved
rejected
awaiting decision
Mhothuigh an mhuinntir a bhí ins an cisteanach an cainnt agus cuir siad an cailin isteach a d’amharc cé leis a rabh sé a cainnt no goidhe’n cinéal duine é. Bhí sagart na measg agus chuaidh sise isteach agus d’fiafruigh sí cé leis a rabh sé ag cainnt. Dubhairt sé gur leis an bhean a bhí san phioctúir a bhí sé agus cainnt agus d’innis sé caidé a dubhairt sí leis. Thainig sise amach agus d’innis sí an sgeúl do’n t-sagart. Chuaidh an sagart isteach fhad leis agus dfiafruigh se do’n bhuachaill an leigfeadh an Mhaighdean Mhuire seisean leis. Cuaidh sé síos agus [shu]? agus chrom an Mhaighdean Muire anuas air araist, agus dubhairt sí leis. Ó diarr tusa [d]? é ní thig liom thú a dhúiltughadh
Cuaidh an bheirt i luighe an oidhche sin agus fuair an bheirt bás ina gcodladh.
senior member (history)
2020-07-04 20:53
approved
rejected
awaiting decision
go rabh siad ins na flaithis.
D’imthigh an duine bocht leis, agus shiubhal leis fríd draoighean agus dreasógaí, anuas le h-alltaibh agus fríd gleanntaibh agus ach an chearn a ba [cnapanaighe]? agus ba deacaireach a siubhail ariamh go dtainig an oidhche air agus nuair a bhí sé ag éirigh dorcha connaic sé solus agus dar leis fhéin go racadh sé go n-iarradh dídeán na h-oidhche ar bunadh an toighe an oidhche sin agus go rachadh sé i gcionn an t-siubhail i dtús an lae arais.
Chuaidh sé isteach agus dfiafruigh sé a bhfuigheadh sé foras go maidin agus dubhairt siad leis go bfuigheadh. D’fiafruigh siad do ca rabh sé ag dul agus dubhairt sé leobhtha go rabh sé dul na bflaitheas. Agus [h-ubhradh]? Leis ar ndóiche go rabh astar fada faoi.
D’iarr sé greim bidh a dheánamh réidh do agus rinneadh. Chuaidh sé isteach ‘un t-seomra agus nuair a bhí sé na shuidhe deánamh codach, bhí pioctúir na Maighdeanna Muire agus a Leanbh astoigh crochta in - áirde os a chionn. Bheir sé ar ghiota de’n arán agus sín sé chuig an phioctúir é agus le sin shín an leanbh a lámh amach cuige agus dubhairt an Maighdean Muire. “Tá muid-sinne agat sa anocht ach bheídh tusa againne ambárach”.
senior member (history)
2020-07-04 20:52
approved
rejected
awaiting decision
Bhí gasúr ann aon uair amhain agus fuair a mhathair bas agus bhí sé achan lá faoi bhrón. Bhí sé ag fiaffruigh do athar ca deachaidh a mhathair. “A thaisgeadh a deireadh a athair “cuaidh sí na bhflaithes bal ba maith leis a bheith aice agus na [dcaic]? sin ní rabh moran gleus air a dhub agus d’fiafruigh sé do athair caidé an dóigh a rachadh sé cuiche. “Ó a thaisgidh, a deireadh an t-athar, “tá casán crapanach le dul na bflaitheas agus ní gnaithe ar bith duit a bheath ag suíl go bhfuil tú ábalta a dhul ann”. Ach nuair a bhí sé na stocach fuair an t-athair bás, agus ní rabh aon nduine fághtha annsin ach é fhéin, agus dar leis nuair a cuirfidh an t-athair go dtabharfadh sé a chúl le cibé maoin a bhí ann agus go racadh sé go bfeicead sé caidé már bhí a athair agus a mathair, no bhí sé cinn
senior member (history)
2020-07-02 13:55
approved
rejected
awaiting decision
Lá da rabh Mícheal Ó’Caradáin amuigh ar lofta i dteach tábhairne i gCill Charthaigh, níor tairgeadh aon deór do agus siud mar dubhairt sé:-
“Bhí mé lá aonaigh ar lafta Phaidí Ó’Dochartaigh. Bhí Eoghan Bhidí Chearr ann ‘s “John” Bhidí Thiomaltaigh.
Bhí mac Shorca Ní Ghádhra ann ‘s mac Nóra Ní Gallchobair.
Bhí “cuisleóir” Eóin Óg ann ‘s é comh ghnoitheach le [triuir]? aca.
Tabhairt ól do mnáibh óg ann ‘s níor fhiafruigh ariamh
A rabh beal ar Mhicheail O’Caradáin”
senior member (history)
2020-07-02 13:53
approved
rejected
awaiting decision
Bhí gasúr ann am amháin a rabh leas-mhathair os a cheann. Bhí mac eile ag an leas-mhathair ach ní dheánfadh sé “turn” láimhe. Nuair a bhíodh dadaidh le deánamh in-áit labhairt leis, sé’n rud a shínfeadh sé fein agus a mathair a mear chuig an díleachta. Sa’ deireadh fuair an leas-mhathair bás agus lathar-na-mhárach nuair a cuireadh í cuir a leas-mac an [rann]? seo ar féin:-
Nach tobann a thig an t-árrthughadh
Idear indé ‘s indiu
An Ghiolla udaí shin a mhear indé
Seolfadh sé fein na geacha indiú.
senior member (history)
2020-07-02 13:52
approved
rejected
awaiting decision
Seanduine a bhí i dTeidhleann agus bhí muinighin mór aige ar tobar Aoidh ‘Ac Breicne agus bhí sé ar turas dhá uair go bárr Sliobh A’Liag. Piantaí na [genámh]? a bhí cur as do agus bhí sé tuairm chead bliadhan ‘san am. Thug sé iarraidh eile an triomhadh uair ar an tobair agus nuair a bhí sé tuirseach ag guidh dearacht craith sé abhata leis an altóir agus arsa seisean:-
“Be the livin’ Aodh Ach Bricne muna léigheasfaidh tú mo an iarraidh seo
Ndiaidh comh minic ar tharraing mé ort
Ca dtigim do cómhair níor mó”
senior member (history)
2020-07-02 13:50
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhí Colmcille inGleaun, bhí féár i nGarbh-Ros a mbíodh sé ar cuiart aige go minic. Bhí an fear seo tugtha do ghadaidheacht caorach agus bíodh an naomh i gcómhnuidhe ag tabhairt comhairle do agus ag cur pionús air.
La amháin nuair a chuaidh sé 'un toighe, dubhairt a bhean leis go rabh sé tinn na lugihe 's nach dtiocfadh le Colmcille é fhéiceal agus chuir Colmcille an mallacht seo air:-
"Ma tá sé tinn go n-éiridh sé slán
Muna bhfuil sé tinn go bfághaidh se bás."
Nuair a chuaidheas a g’amharc, bhí an fear marbh.
senior member (history)
2020-07-02 13:47
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhí Aodh Ua Dómhnaill ‘na chomhnaidhe i gCaislean Dhúin na nGall, ca bith a deárfadh sé fein no a bhean le cheile. Bhí an beirt aca teacht trasna as a chéile i gcómhnuidhe. Maidin amháin a dtainig a chuid searbhfogantaidh e a ‘g obair do ni rabh Aodh istuigh agus d’iarr a bhean orthú pilleadh abhaile no go ndeánfadh sé droch lá “Go rabh na feannachai corrach ag sgreadaigh agus na feadógaí mara le feiceal fa’n tráigh ‘s go rabh an grian múchta sa’ spéir.
D’imthigh na searbfogantaidhe le ghabhail abaile aríst agus cé casadh daobhtha ach Aodh Ó’Dómhnaill giota ar siubhal o’n teach. D’fiafruigh sé daobhtha caidé thug orrthu pilleadh abhaile agus d’innis siad do goidé a dubhairt a bhean leobhtha agus d’ freagar seisean annsin.
senior member (history)
2020-07-02 12:00
approved
rejected
awaiting decision
Ma theidheann tú ‘un t-sléibhe
Bíodh an caora leat, an t-olann ‘s an t-uan
Ma théidheann tú ‘un aonaigh
Bíodh do chéile leat ar thoiseach mnáibh an dómhain
Bíodh sí geanamhal ann a toiseach agus measamhal san a clú
Maoin a choidhche na sanntaigh ‘s na meallcas leíthe thú.
senior member (history)
2020-07-02 12:00
approved
rejected
awaiting decision
Bhí mise lá ar Aonach Bheal Trágha
Casadh damh cailín i n-éideadh ró-bhréagh
D’fiosruigh mé dí cé’n rogha aca bhfeárr
An táilliúr, an gréasaidhe, no’n gabh a dheánfadh spád.
Labhair sí crúin céillidhe liom “sén fear liom a bfeárr”
Fear talaimh acht é fhághail go bráthach
“Maise mallacht o’n spéir ort”! arsan géaganach’ mná
“Maise easbaig an cléir ort”! arsa’n gréasaidhe go tráthach
“Sé’n cuidrígadh bheirim féin dí” arsa’n gabh a deánfadh spád
Trom an óird mhór ort, de peacadh ‘s de smál.
senior member (history)
2020-07-02 11:59
approved
rejected
awaiting decision
Bhí mise lá ghabhail fríd Roscomáin
‘S bhí na Connachtaighe ag taisbean an ród damh
Thárluigh mé isteach annsóir cailín trom buidhe
‘S bhí sí n-a seasamh ‘sí réidhteach an toighe
Shracaidh ? sí h-anam dón fhear a bhí thíos
Nach mbéidhinn ann go maidin ‘s gur [bhfairrsing]? an tír
Bhí paidrín mór maide ‘cí ‘s cros ar a cionn
Bhí a lámh ar a h-ucht ‘cí ‘s í a bhuaileadh go teann
Ca bith bheárfadh fadear í bhí “wag” in a ceann
Is í [ca?dh]? a súl leis an fhear a bhí thall.
senior member (history)
2020-07-02 11:58
approved
rejected
awaiting decision
Sé sgríobh sagart as Éirinn ar thumba Mhairtín lúttar :-
“Tá sé ‘na luighe ‘s na creidigidh gur greann
Beidhitheach an da adharc a thionntaidh anonn
Ar feadh d’ohichead bhliadhain thug se teagasc cham
Agus dhamnuigh ‘n Tighearna é nuair a tháinig am.
senior member (history)
2020-07-02 11:11
approved
rejected
awaiting decision
I.
Sgairt mé aréir ag an doras thall
Sgairt mé aríst ar mo mhíle gheall
Sé dubhairt Máire nach rabh sí ann
Gur ealuigh sí réirhm leis an bhuachaill donn
II.
Shiubhal mé Sasanaigh an Fhrannc sa’ Spáin
‘S phill mé arís go beul na trágha
Macsamhal mo chailín ní féidir d’fághail
Muna bhfuil sí i nGarbh - Ros no Lios-Mhaol-Chaíl
III.
Bhí cheathar is fice aca sa rannc amháin
Ach b’í’n bhean budh deise aca mo mhíle grádh
Chuirfinn “high-cap” geal uirthí ‘s boladh breágh
Sín pósaidh áluinn í tá doiligh fághail
IIII.
Ó brón ar an fhairrge sí tá mór
Sí chuir idear mé ‘s mo mhíle stóir deánadh bhróin
‘S ní phillfidh mó mhuirnín aríst níor mó.
senior member (history)
2020-07-02 11:09
approved
rejected
awaiting decision
II.
Nach binn a’s nach ceólmhar a labhras gach ean i dtom
Nach deas ach uile sheóirt a’s nach ró-dheas mo chailín donn
Nach aicí gheobhain an fhógluim ar mhór a’s ar thuilleadh grinn
‘S nar dheas an rud súgh na h-eorna bheith dhá ól a’s do théanamh linn.
III.
A “landlady” na páirte tá bás ar mo chroidh le tart
Mar gheall ar a té atá i pbárlús (párrthas) tabhair cárta don dighe isteach
Seo gemidh as mo láimh duit ‘s bain páirt de’n raicni’n as
Go n-ólaimid sláinte cúl álúinn mo chailín deas.
III. Ní bheidh mise beo n’Éirinn go dtéigh mé ‘un Oileain Úr
Go bfágh me “hansom” gleustaí no ceádaí ar m’fhidil úr
Sheinnfinn port le pléisiúr in-eadan ach mbaile cuain
‘S a dhia nach cráidhte ‘n sgeul é mo chead [ghrád]? Bheith g’ imtheacht uaim.
senior member (history)
2020-07-02 11:07
approved
rejected
awaiting decision
An bhean a d’ith an t-Iasg
I.
An bhean d’ith an t-iasg.
Na fiacla go gcaillidh tú
Go dtigidh ort an t-siabhran
An fiabhras no’n aicid dhonn
Is fuide do dhá fhiacal
No’n fear atá i gCúige Laighin
‘S is minic a baineadh ‘n t-iasacht
As iochtar do naprún.
(Seo bhéarsa nach bhfuil aon bhaint aige leis an chuid eile de’n abhran)
senior member (history)
2020-07-02 11:06
approved
rejected
awaiting decision
III.
“Bíom-sa i mbealach na mónadh
Ní dheánaim aon lón do’n mhaoin
An méid úd a suothruighim sa’ lá
Caithim le spórt ‘san oidhch
Is feárr duínn fanacht go fóill
Go dtí go dtig feabhas ar an t-saoghal
No ar siubhal le dreamhlas ‘s le h-ól
A chaittear páirt mór da’r saoghal”
senior member (history)
2020-07-02 11:05
approved
rejected
awaiting decision
Cuaidh mé ‘na Rosa ar Cuairt
I.
Chuaidh mé ‘na Rosa ar Cuairt
‘S déaluigh mé síos fa’n tráigh (chéidh)
Thart fa na h-oilean ó Thuaidh
Níor deise no buaibh nó spré
Sé deárfadh gach duine fa’n chéidh
Gur truagh tháinig tú ‘nuas aréir
Gur maith [a?nighim]? anocht ar do ghruaidh
Gur fear thú bhfuil tóir do dhiaidh.
II.
Chonnaic mé fear as tír - mór
Ag imtheacht gan bróg gan léin’
Chan dó gur thusa’n fear óg
Abhfuil callan a’s tóir do dhiaidh.
Casadh orm an chailín deas óg
A’s ma casadh sí labhar go géur
An ar a bhaile seo bíonn’s tú do chomhnuidhe
No gcongbhuigheann tú cró duit féin.
senior member (history)
2020-07-01 14:01
approved
rejected
awaiting decision
[-]
senior member (history)
2020-07-01 14:01
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a chonnaic Diarmuid Donn go rabh Goll gan cuideadh
D’éirigh sé léim ar meas’g an t-sluaigh agus shear suas le’n uillinn
Chosan a buille de cheann, buail an curadh a tháinig ó’n tuinn
Bháin a cheann de buaidh - gach - áir as [sil]? Mo sgeul on tionnscáil.
senior member (history)
2020-07-01 14:00
approved
rejected
awaiting decision
Lámh sin ortsa a Ghoill Mhic Móirne; sé mo bharamhail dóibh air a méid sin
Gach aon aca gidh gur mór a ndáil ar a bhfiughantas nach gcuimneochadh
Annsin do gluaisear go borb na fir- Ollmhan isa’ Fioch, budh treun a gail
Go mba tollsach tullanach lanna na laoch ag gearradh cneasa a chéile
Bhí Goll go mór a chlaoidh agus d’fuagair coimirce ar an Fhiann
“Cuidiughadh ní bhfuigh tú ann” a rádh an fial Fionn
Ó’s tú fein a tharraing ort íoc, olc agus i arrog.
Na cuimhnigh fuighle damh anois, Fhinn o cídh tú mé anocht gan aon soinn
Rí, na feall ar mo bhás ‘s gur mhaith mo chuideadh i gcruaidh - chás
Nó nach cuimhin leat a dearg agus an Fioch fein gidh gur mhór a fhearg
Gur liomsa thuit lá an dír curadh a b’feárr - lámh”
A dheárnas a mhaith dúinn ariamh i nÉirinn thoir ‘s thiar.
Marbhuigheas uainn a luach tráth buintí uaill ar Conán.
senior member (history)
2020-07-01 13:58
approved
rejected
awaiting decision
Cuirigid mise ‘un troda dhó o d’eug sé’n Fíoch mo sgeul bróin
‘S níor fhág sé Ollmhan slán gan créadh cleibh agus’ mathan
Nuair a chualaidh Rí-na-Sleamhain-lann-chruaidhach,
“Biseach brat agus trean buaidh”
A mhic eile na h-éist a thásg, beir leat m-arm agus éidigh”
Annsin do ghluaisear an curadh [cródo]?, leig a séclta go h-árd le gaoith.
Níor bfada go bhfaca’n fioch ag teacht ‘un a ndáil
Fear gan leagadh budh treun líom.
Chuir an Fhiaun a gcomhairle a nduthchas, Éire fhágal da bfeadfadh
No dul beo fao’n talamh ghlas sul a marbhadh iad sa’ tionnscail.
Bhí gholl na othar dhá liagheas. Bhí a cneasa uilig n-a mór-cneachta
D’éirigh sé go sleamhan slán. Le feicsint na Féinne i gcruadh-chás
Ca bhfuil siad Rioghna na rois? Ca bhfuil Cuireal no mac a’ Smóil?
Ca bhfuil máthair na Feinne uilig no Fionn, Chróidh nach mór an náire.
senior member (history)
2020-07-01 13:57
approved
rejected
awaiting decision
Nois a thógfas mo láimh marbhfad Ollmháin sa cead chás
Smaoinigh Goll nar [bhúain]? A deo ‘s nar chóir a choigilt o beag do
Nuair nach bfuil gas d’agairt níos mó [seucfad]? leat a t-aon ghleo
Thógfas Ollmhan go h-árd a lann agus bhuail a’ curadh go h-an ceann
Bain a ceann de gan h-ein, ‘s d’eirigh aigne de ghlan léim
Níor bfada go dteachaid na sgeula gan spás
Go ríg na h-Indiacha ar fear nar cláith
Go dteachaidh tárc an fhir go buaidh-gach- áir-a dheárbhrathar
Nuair a chualaidh Folt-an-óir a mhac fhéin gur eug leo
“A mhic eile, na h-éirigh ‘un na dháil, is leór a chailleadh an iarradh a b’feárr”
“A mháthair no h-abair sin liom ‘s gur b’é mo ghaol-brathair a trean sonn
A thuit le láimh Goll-an-Aigh ‘s nar mhór a truaigh gan eiric
“Éiric ní bhfuigh tú ann a bhárr” a radh Foltín na ndéad bhán
Agus nach bhfuil rúd o thonn go tráigh fear comhraic Ollmhan in-aon chás.
senior member (history)
2020-07-01 13:56
approved
rejected
awaiting decision
‘S da mo gheasa sin, a Ghoill cómhraic a thabhairt da dhaon sonn
A fheabhas a bhfuil i gcrích fáil, gan tuilleadh a bheith i n-Fíor-phairt
“Ní mo coighilt ort a bhéidhinn” a rádh ollmháin na n-ágh-bhéim
Da brigh narbh eacht liom thall no bfos do ceann-sa fein da ghéar-loit”
Mo ceann-sa ní loitigh tú, a ghoill mhóir na gcaoch súil
O’s ar do neamh-achaire táim, is na tabhair damh neamh-athasan Ollmhain
‘San sin do gluaireas go borb na fir-Ollmhan gur a’ fhioch-
Budh trean goit, gidh mó-toighreach, tollanach lann na laoch
Ag gearradh cneasa a cheile
Bhí Ollmhan go mór da chlaoidh ag an Fhioch go ráibh gargh
Sé labhar sé go mín, táim gan bréigh ‘gus coiscéim dearg
Tabhair damh ceathramha aoidhe, a mhic an ríogh is ró-mhór fearg
Agus toirbhighim dhuit a coidch bran go [buai]? Agus m’arm
Ceann ní fhuigfeadh ar brághaid nis án shéinn uilig, no i gcead dáil
senior member (history)
2020-07-01 13:55
approved
rejected
awaiting decision
Taithrisim sgeul agus caithreim mhór as an fíoch- Feargach na dtrean slóigh
Tháinig chugainn in ar ndáil le ar gceannaibh go léir a ghabhail
Ó chríoch na h-India anall, mac árd-ríogh na ngear - lann
Go bfachamar sa’ chuan go h-árd ag teacht ar stéid, an mac áigh.
Ar a threathraibh ní rabh spíd. Budh ghile ‘a dheád na an chailc mín;
Budh mhaith a sgiath agus a lann tráth, bhíodh sé i n-éideadh go h-an- teann
An clogad a bhíodh fa na cheann, bhí mar cúmhdach an óir dheirg
Dhá sleagh dé’n chruaidh ghlain, sé bhí ag an mhíleadh rach séod mhaith.
‘S a d’fuagair sé gan spár comhrac ollmhain da dheas láimh
Is comhraic Oscair da láimh clí.
Dar linne budh mhór an focal do aon leach
An duine ní rachaidh in do dáil a rádh ollmháin agus ní h-é amháin
Go bhfeacfaidh muid le chéile a [dhreas]? Cé h-againn a dheánfaidh éifeacht.
senior member (history)
2020-07-01 13:53
approved
rejected
awaiting decision
1. Rúbhach Ní Chlairc nach uirthí bhí’n t-airc
Nuair a phós sí an strap a ba mhó bhí sa’ tír
Ghoidfeadh sé preátaí, lachain ‘s geacha
Ó bhárr Mhín an Aodhaire go dtí Sráth-Laogh-Fheoil.
2. Ceathramhadh lá’n Mhárta, d’éirigh an pléagh-sáca
Fa chinn ‘s fa chnámha i bPort an Chabhlaigh Thiar
Arsa Caitlín ag éirigh, ag breith as chrann na spáid
“Seóirse bhí go láidir no caillfimid ar gciall”
3. Idir an phíopa agus an t-snaoisin
Chuaidh na ríghte fa na chéile
Ins an bhriseadh sin marbhadh cúig agus cead
Arsa Caoilte Mac Céile le Caoilte Mac Rónan
Nach bhfeicim an darna lá atá le teacht
An té a dheánfadh olcas ar phíopa tobac
Go dtógfar san aer é ‘s go mbrisfear a leis.
4. A [bhílí]? arún ma phósfainn tú [“Piue”]?
“You’ll get” muirleog and máirleóg and crúibín “too”
Láir mhaith shearraigh, cráin mhaith muice agus a [dríug]?
‘S Peigí ach lá cárdal barraigh sa’ chlúid.
senior member (history)
2020-07-01 13:52
approved
rejected
awaiting decision
(2). Antoine h-Alfeartaigh leis an t-sagairt.
Bhal! cé gur mhilis do bhriathna
Is fritheamhal? druidthe do dhórn
‘Na bhFlaitheas ma - théid fial
Ar ndóighe níl tú dréim a bheith ceo
‘Na bhFlaitheas ma théid tú
‘S gan chiall atá Peadar ‘s Pól.
senior member (history)
2020-07-01 13:51
approved
rejected
awaiting decision
(1) Mícheal Ó’Caradain leis an Cailleach Ghállda
Éirigh do shuidhe a bhean a’ toighe
‘Scaith an diabhal as do chroidhe
Tug aníos giota de’n im buidhe
Atá sa’ chofra i gcionn an toighe
Sul mar dtugaidh an Riamhas? leis thú
Mar thug sé leis an cearc mhór bhuidhe
Da bfaghtha? buille dé’n criotaigh, buille dé’n bhriotaigh, buille dé’n bhoimsach mór, buille dé’n staifeach coróin, chuirfeadh sé cainnt agus coisidheacht ‘na chósra leat.
Ma mhasluigh mé an cailleach
Ní maith liom go deárn mé’n chainnt
Na creid briathra fear-buile
Ní chanann sé ach glór gan suim.
senior member (history)
2020-07-01 13:50
approved
rejected
awaiting decision
Bhí stócach ann fad o shoin darbh ainm do Eamonn Óg. Bhíodh sé i gcómhnuidhe sa’ chnoc leis féin. Lá bréagh samhraidh amháin, chuaidh sé ‘na chnuic, agus chuaidh sé amach ‘na fairrge. Shuidh sé síos agus thuit sé ‘na codhladh.
Bhí sé ‘n-a chodhladh annsin agus tháinig bean fhad leis agus mhusgal sí é. D’iarr sí air ghabhail abhaile agus d’éirigh sé ‘na seasamh agus d’amharc sé thart. Bhí sgaifte mór sidheoga ag teacht anios an ált, ag tárraing air. Chuaidh an bhean síos fhad leobhtha agus dubhairt sí, “Pilligidh, Pilligidh, tá sé seo faoi mo chomairce”.
Phill siad agus bhain Éamonn Óg an baile amach comh tiugh agus thiocfaidh leis. Baisteadh Fóchar Eámoinn Óig ar an áit sin o shoin.
senior member (history)
2020-07-01 13:49
approved
rejected
awaiting decision
an baile amach. Ón lá sin amhach ní dheachaidh sé go traigh na gcorr san oidhche.
senior member (history)
2020-07-01 13:48
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ina ‘cómhnuidhe i Rann na Cille fad ó shoin darbh ainm Parthalann Mhór. Oidhche amhain bhí sé taobh amuigh de’n teach agus mothuigh sé callán thíos faoin teach mar bheadh daoine thíos ag traigh na gcorr. Shil sé go mbfeárr do ghabhail fhad leobhtha. D’imtigh leis ins na “fata fásuig” agus níor stad sé gur bhain sé traigh na gcorr amach.
Ag Béul an’ Bharra a chualaidh sé an callán anois. Chuaidh sé suas go dtí Béal an’ Bharra ach nuair a bhí sé an sin chonnaiceas do gur (tuai) thuas ag an Charraigín Dubh a bhí sé. Chuaidh sé suas ansin ach ní rabh duine ar bith ann. Chualaidh sé an callán thuas ar an lag. Reath sé suas agus ní rabh duine no deoraidhe. Mothuigh sé fuam tuas ar an oirtear. Sgairt sé leobhthe agus rinneadh racht gaire air. Schairth glór leis agus dubhairt :- “A Pharthalainn Mhóir bhain muid an Mealladh sin asath”.
Rinneadh stuic staradh de in-áit na mbonn. Le streachailt mór bhain sé
senior member (history)
2020-06-30 15:02
approved
rejected
awaiting decision
clocha na práisgín, agus nuair a bhí sí ar an taobh thall dó’n loch, chuala sí an mac alla a bhí sna beannaibh agus shil sí gur ar an taobh eile a bhí sé agus phill sí arais. D’aithin sí annsin nach ead. Chuaidh sí anonn arais fríd an loch, bhí sí ag snámh agus bathadh í.
Marbhuigh seisean an muc agus mharbhuigh an muc eisean.
senior member (history)
2020-06-30 15:01
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a tháinig sé fhad le Mullach na Muice fuair sé’n nead agus bhí na banbhain inntí agus mharbhuigh se na rudaí óga uilig le n-a chlaidheamh, agus d’imtigh leis abhaile. Nuair a tháinig an t-sean mhuc go dtí’n nead fuair sí na rudaí óga marbh agus chur sí a bholadh. Fuair sí suas leis ag srath gluinsigh agus leirg [sgaramhaint]? le iomlán na madaidh sgaol se gluinnreach léithe, agus marbhuigh sí an madadh. Fhad is bhí an muc ag marbhadh an mhadaidh bhí sise breith as. Nuair a fuair sé fhad le graiftímh, fuair an mhuc suas leis agus annsin, sgaol sé grafach leíthe agus bhí seisean ag breith ar. Marbhuigh sí an madadh sin agus fuair sí suas leis féin ag loch Muc. Thoisigh an bert ag troid. Leag an muc ar a dhá ghluín é. Nuair a d’éirigh sé arais chuir sé a mhean ann a beul agus rinn sé fead. Si
“Siud fead an Fheardómhain” arsa Fingheal “ma tá sé beo” bhí sí ag cioradh a cinn agus bhí a cuid gruaige anuas léithe. Thug sí an rása le cuideadh le n-a déarbhrathar. Nuair a tháinig sí fhad le loch Finne, thug sí leithe trí
senior member (history)
2020-06-30 14:59
approved
rejected
awaiting decision
níos mó í. Chuaidh sia
Chuaidh siad siar annsin go Cruachain Connachta. Is iomaidh cath agus seilg a rabh siad ann ar feadh seacht mbliadhain agus i rith an ama sin, taisbeáin an Feardómhain go rabh sé ‘na gaisgidheach an [treunmhas]?. Budh é an ceathramha fear é a bfeárr ins an Fhéinn. Budh iad san :- Goll, Oscar, Diarmuid agus an Feardómhain. Nuair a bhí an seacht mbliadhain caitthe aige dubhairt sé go gcaithfadh sé ghabhail abhaile go bfeicfeadh sé athair. “Ní dheánfaidh tusa sin” arsa Fionn. “Fane agam seacht mbliadhna eile agus bheárfaidh mé an gealltanais ceadna duit”. “Ní rabh gar a bheith leis chaithfeadh sé ghabhail.
Nuair a chonnaic Fionn caidé mar bhí, dubhairt se leis go leigfeadh sé é ach é bheith cinnte gan ghabhail bealach na muice geárrtha. Bhí buaidh ar an Feardómhain, rud ar bith a crosfaidhe air, sin an rud a chaitheadh sé deánadh. “Och! Tá fhios agat anois go gcaithfidh mé gabhail arsa n Feardómhain. Bhí trí mhadadh aige. D’imthigh sé leis na madaidh agus dfág slán ag Fionn “Mo bheannacht leat” arsa Fionn.
senior member (history)
2020-06-30 14:58
approved
rejected
awaiting decision
arsa Oscair. “Bheárfaidh mise ceathramhain liom” arsa Diarmuid. “Maise! Bheárfaidh mise ceathramhain liom” arsa an Feardómhain. Ar a theacht na bothuigh daobhtha i bhí iongantas mhór ar Fionn fa’n dóigh ar iomchur Feardómhain an ceann i gcuideachta’n na ceathramha. Ghleas siad teinidh annsin agus rósadh an fheoil agus d’ith an uile dhuine a sháith.
Ar maidin lathar na bharach. “Is mairg”! arsa Fionn “nach leigeann tú an gasúr sin liom agus tuarasdal ar bith a n-iarrfa orm, geobhtha “. “Ní thiocfadh liom sgaramhaint leis” arsa’n t-athair “no níl aon gleas beo agam fein agus ag mo inghean ach é, nó bíonn sé i dtólamh ag seiftiughadh dúinn”. “Badh maith liom” arsa Fionn “da leigfea liom é ar féadh seacht mbliadhain, agus bheárfaidh mise an gealltanas seo go leigfidh mé arais é. Ar an gealltanas seo leig leíchin leis é. D’imthigh Fionn agus a chuideachta. Ar a ghabhail soir go loch Muc daobhtha d’éirigh muc agus ál banbhain rompa, agus mharbuigh siad uilig iad ach earcan an bhallain deiridh agus bhain Conan bárr an ruball dithe agus léim sí isteach i n-uaigh agus ní fhacaidh siad
senior member (history)
2020-06-30 14:58
approved
rejected
awaiting decision
aige dóigh ar bith a dtiocfadh leobhtha suipéar a fhághail. Dubhairt leichin nach rabh fhios aige nach rabh feoil ar bith istoigh ach da bhfeicfeadh sé breacadh an lae ag teacht go gcuirfeadh sé an gasúr leobhtha go dtí áit a rabh tarbh mire agus da bfuigheadh siad é a thabhairt leobhtha go dtabharfadh sé a ndinnear do seacht gcatha na Féine go h-uile. Dubhairt Fionn go rabh sin ró-mhaith.
Ar maidin lathar na bharach cuir leichinn an gasúr leobhtha go dtí Sliabh a’ Tuilleadh. Chuaidh an gasúr agus chuaidh sé suas ar mhullach carraice agus leig sead glaice. Níor bhfada gur thárraing an tarbh orthú, agus leis an mhire a bhí air, bhris sé a dhá adharc i-néadan na carraice. Cé gur mhaith Goll ariamh sé an rud a chuaidh sé i bhfolach i gcúl na carraice. Nuair a chonnaic an Feardómhain seo, léim sé anuas ar dhruim an tarbh le n-a thuagh agus leag sé é. Nuair a fuair Goll an curdeadh seo, tosuigh sé ar an tarbh agus mharbhuigh sé é, agus rinn siad ceithre ceathramhna do “Anois”! adeir an Feardómhain “cé a [iomchsochas]? Iad seo”?. “Bheárfaidh mise ceathramhin liom
senior member (history)
2020-06-30 14:56
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann ibhfad ó choin nuair a ghannuigh an t-seilg ar Fiannaibh Éireann i nGleann na Smól, smaoithigh Fionn go mbfeárr do tarraingt an Ghleann Fhada na Sealg. Nuair a tháinig siad fhad le loch Finne, bhí an oidhche orthu agus thionntuigh siad sios ar thaobh na láimhe clí bealach Gleann Léichinn. Chonnaic siad solus agus thárraing siad air. Bhí bóthog deánta sa’ tsliabh agus fear n-a chomhnuidhe ann, dar b’ainm do Leichinn. Bhí mac agus ingean aige, Feardómhain a bhí ar an mac agus Finngheal ar an ingean.
Dubhairt Fionn go rabh ocras orthú agus d’fiafruigh siad do an rabh fhios
senior member (history)
2020-06-29 20:31
approved
rejected
awaiting decision
- comh [ramhas]? leis an cheann a bhí arbeir leis an teine teacht isteach duit. “Innis tuille de do sgeul a fhear mhodhamhail” arsa fear an toighe. Nuair a bhí an muc fághail bháis chuir sí amach a teangaidh comh fada leis an buideal uisge beatha atá i gcúl na bplátaí agus ariamh no ó chois ní fhacaidh mise aon duine arabh oiread eagla orthú agus bhí orm-sa roimhe m’athair, agus atá ar an fhear atá faoi’n dámhaigh rómhat - sa anocht.
D’éirigh fear a’ toighe n-a léim na sheasamh, thóg an damhach agus thosaigh an griosal ar an fhear óg go dtí go rabh sé leath-mharbh. Chaith sé é fein agus na mná annsin amach ar an doras agus d’fág amuigh iad go maidin.
Bhí oidhche bréagh shúgach aige fein agus ag an t-seanduine annsin go maidin agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith.
senior member (history)
2020-06-29 20:30
approved
rejected
awaiting decision
gcómhnuidhe fa Bhealtaine, no ag congbailt na muc ar na fataí.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, chuaidh m’athair ‘na mhargaidh an lá seo, agus d’iarr sé orm fein ar ndóighe mo shul a chonhbailt ar an ghárraidhe agus gan aon mhuicín beag a leigint isteach ann. Dubhairt mé fein go ndeánfainn agus amach liom. Bhí sgonnsa thart ar ach taobh dé’n ghárraide agus ní rabh ach beárnaigh amháin ann agus chonnaice ar damh da [dé]? suidhfinn sa’ bheárnaigh sin narbh féidir le na mucaibh ghabhail isteach thairim.
Lá an té a bhí ann. Dheamhan ibhfad gur thuit mé mo chodhladh, agus chodhlaigh mé liom go rabh an tráthnóna beag ann agus nuair a dhfosgail mé mo shúla bhí deireadh réidh. Bhí an chráin agus na banbhfan istoigh agus na fataí uilig tochailte aca. Sgannruigh an t-anam aram agus thóg mé cloch cómh mór-bhal comh mór leis an bulaibhin ata faoi’n sgala annsin. Leig an beirt [bhan sgread astú.]? “Innis leat a dhuine chóir” arsa fear an toighe. Bhuail mé breágh ramhas
senior member (history)
2020-06-29 20:29
approved
rejected
awaiting decision
agus chuaidh an boladh fríd an teach arsa’n bhean go h-an ghiorraisc agus annsin go díreach, leig mo dhuine an srónnfach as i gclúid na mhónadh. Cé thusa? arsa’n fear ag amharc síos Seanduine bocht mé atá ag cruinniugh na deírce agus thug do bhean cóir áit [dau]? anocht go maidin. “Aníos leat ‘na teineadh arsa’n fear go fáillteach “agus na bhí thíos i gclúid na mónadh”. “Nach bhfuil áit ar bith maith go leór do mo leithid - sé” arsa seisean i nglór trúaighmhéilleach. “Tar aníos ‘na teineadh” arsa fear a’ toighe “agus innis sgeul dúinn bhí sé tamall ag nachtnamh agus ag caitheadh amach seileóige agus sa’ deireadh dubhairt sé. “Níl aon sgeul agam a dhuine uasal ach sgeul beag fíor”. “Bal”! innis é” arsa’n fear “agus caithfidh sé “apell” deis oidhche”.
Nuair a bhí mise mo gasúr, bhí mé fein agus m’athair ar gcomhnuidhe go té. Bhí talamh agus tráigh againn agus chonbhuigheadh muid i gcómhnuidhe cráin i ‘al muc. Bhíodh gárraidh breagh fataí ag m’athair, agus bhíodh an t-an bhród air, de thairbhe an ghárraidhe seo, agus sé’n obair a bhíodh agam fein i
senior member (history)
2020-06-29 20:28
approved
rejected
awaiting decision
damh i gclúid na mónadh fein”. “Maith go leor” arsa sise go doithcheallach, “luigh shíos annsin i gclúid na mónadh”. Dheamhan ibhfad gur thuit an bacach bocht ‘na chodhladh agus níor cuireadh aon suim ann ní budh mhó.
Bhí an cailín ag tionntodh taobh na muice, bhí bean an toighe ag tárraingt uirthí an buideal uisge beatha agus an fear coimhthigheach ag ríneadh amach a chosa go teas na teineadh nuair go díreach, mhothuigh siad tormán an bheithidhig ag teacht léim gach duine ‘na sheasamh. Tógadh dámhac agus cuireadh an fear faoi. Cuireadh an buideal i gcúl na biolátaí agus an bulaibhín faoi sgála ar an dreisiúr. Caitheadh an beir agus an bagún suas ‘un t-seómra agus isteach le fear a’ toighe.
“Nach luath phill tú”? arsa’n bhean agus í ‘g iarraidh an crith - eagla a chongbhail d’é a glór.
“Níor bhféidir le aon mach máthair no beidhitheach gearran a bheith amuigh anocht” arsa seisean, ag deánamh aníos ar an chrios teineadh. Mothuighim boladh bréagh bagúin agaibh arsa seisean, ag amharc thart. “An cailín a bhí leigheadh uaisc annsin”
senior member (history)
2020-06-29 20:27
approved
rejected
awaiting decision
a bhí ann. Ó! breallanacht! arsa’n bhean, dheánfaidh sé oidhche bhréagh reultógach nuair a ghlanfas an t-sneachta suas. Amach leis annsin ar an doras chuaidh in-áirde ar an chapall agus ghleas leis ach ní dheachaidh sé ibhfad.
Dheamhan ibhfad a bhí sé ar shiubhal nuair a thoisigh an bheirt ban ag gleúsadh an toighe. Scuabadh agus réidhtiughadh thart an cheistinighe, cuireadh an cailín ‘un t-siopa agus cuireadh an beir le h-obair. Nuair a tháinig an chailín arais, bhí sin leithe, buideal bréagh uisge beatha. Bulaibhín bréagh ósna agus ach nídh le h-aghaidh féasta a dheánadh. Le sin buaileadh ar an doras agus isteach le fear óg scafanta dóigheamhal. Chuir bean a’ toighe fáilte agus fiche roimhis. Tugadh an cathaoir a bfeárr dó agus annsin cuireadh taobh maith muice ar beir leis an teine. Bhí gach rud ag dul ar aghaidh go bréagh nuair a tháinig an darna buille go dtí’n doras agus isteach le seanduine bocht, [sgifleogach]?, bratogach, an t-seachta greamuighthe ann a chuid feasóg agus é bliotach leis an fhuacht. Tháinig an t-an fhearg ar bhean a‘ toighe agus d’órduigh sí amach é. “Ó” arsa seisean, “ní chuirfea amach madadh anocht, [tabas]? áit
senior member (history)
2020-06-29 20:25
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhíodh sé deánamh amach go rabh a bhean ag congbhail cuideachta fa’n teach nach rabh seisean ró-tógtha leis agus as an an ádhbhar sin bhí droch - bharamhal aige dí. Bhíodh obair agus gnoithí aige le deánamh giota ar shiubhal ó’n bhaile agus budh mhinic a shónruigh sé go mbíodh an t-an fonn oirthí fhéin agus ar an chailín nuair a bhíodh sé réidh le h-imtheacht.
Bhí oidhche amháin ann agus é plúchadh shneachta agus [thobar]? go bhfeicfeadh duine a mhéar na. Shíl sé go bhfeachfadh sé iad an oidhche seo agus thosuigh sé ghleas an chapaill. Nuair a bhí sé ag gabhail amach ar an doras, phill sé agus dubhairt go mbféidir gur bfeárr do fuireacht no go rabh caill ar an oidhche a bhí
senior member (history)
2020-06-29 20:23
approved
rejected
awaiting decision
sa’ chóirneal dhorcha agus fuair siad Murchadh Mór bocht. Chruinnigh siad uilig air agus stróc agus stiall siad é agus lathar na bharach nuair a tháinig Murchadh Beag n-a h-áit ní bhfuair sé ach ceithre chnáma móra piocaidh.
Thóg sé iad agus chuir i gcúid an teach adhartha iad agus thóg [tumba]? Cloch os a gcionn.
senior member (history)
2020-06-29 20:23
approved
rejected
awaiting decision
Chaith sé ar a guailneachaibh annsin é agus d’iomchar é chuig an t-sean - teach adhartha ann a raibh sé fein an bhliadhain roimhe sin, agus d’fág annsin é fa phianaigh agus fa leat trom.
Ar uair an mheadhon - oidhche mothuigh Murchadh Mór an truisneach agus an támhach - táisg agus isteach le sgaifte cait - fhiadhain agus óslach go leith de iongna ar ruball ach cat aca.
Suidhigidh tart! Suidhigidh thart! Arsa na cait óga go n-innsighmid sgeul. Thoisigh an choimhlint agus an troid aca cé d’innseochadh an sgeul agus tháinig sé ar a chrann ag cat mor liath an sgeul innse. “Ní innseochaidh mé sgeul anocht arsa sise go mbéidh mé cinnte nach bhfuil neach beo ag éisteacht liom. An oidhche deirinneach a d’innis mé sgeul bhí Murcadh Beag fa’ cóirneal dhorcha agus léigheas sé nighean Riogh Uí Dhomhnaill agus anois tá siad pósta”.
Rith na cait óga anonn agus anall, aníos agus síos agus isteach
senior member (history)
2020-06-29 20:22
approved
rejected
awaiting decision
aon bheirt a bheith.
Lá amháin bhí Murcadh Beag agus níghean an riogh amuigh ag tiomainn sa’ charbad nuair cé casadh orthá ag teacht go mall - triallach ach Murcadh Mór. “Ó” “a Mhurchaidh Bhig dhílis ca bhfuair tú an saidhbreas a cheannuigh na h-eachanna caola dubha duit agus an charbad gleustaí”? “Agus ce’a dóigh ar bhuail tú suas le nighean Ríogh Uí Dómhnaill?
“Innseochaidh mé sin duit” arsa Murchadh Beag. “Fuair mé croc óir isteach sa’ chóirneal dorcha sa’ t-sean toigh adhartha ann ar chaith tú mé tá bliadhain ó choin”.
“Bhal! caithfidh tú an rud ceadna a dheánadh liomsa anocht” arsa Murchadh Mór. “Dheánfaidh agus fáilte” arsa’n fear eile.
Nuair a bhí an tráthnóna beag ann d’imthigh Murchadh Beag go toigh Murchaidh Móir. Chuir sé bior iarann isteach sa’ teinidh go dtí go rabh sé dearg - the agus annsin dhóigh sé an dhá - shúil i gcloigeann Murchaidh Móir.
senior member (history)
2020-06-29 20:20
approved
rejected
awaiting decision
anois isteach leis an doctúr ‘mire’ seo go bhfeicfidh mé caidé a ghnoithe.
Aníos le Murchadh Beag agus an leath - bhróg leis ina láimh. “A bhean uasal” ar seisean “chaithfidh tú a bheith faoi damhsa, ní rabh aon bhealach agam an cómhgaire seo a iomchur chugat ach ann mo leath - bhróg ach ca dteárn sin ach níos féarr é. Caithfidh tú trí spainnéoige de seo a ól naoi maidneache ar na ciallanaibh agus m’ fhocal duit go mbéidh tú léigheasta.
Rinne an bhean mar a h-iarradh oirthí agus nuair a tháinig an naomhadh maidin d’éirigh sí suas léigeasta agus chuaidh go lúthgháireach chuig na h-athair ag innse do go rabh sí go maith. Sgairt an t-athair isteach ar Murchadh Bheag agus chuir an conairt ‘sna dóctuirí eile abhaile.
Anois a fhear uasal arsa seisean le Murcadh Beag, ghéobhadh tú mo níghean le pósadh agus leath mo [seoghachta]? atá geallta duit. Rinne an bhainféis annsin a mhair bliadhain agus lá agus bhí an lánamhan mar d’iarrfadh
senior member (history)
2020-06-29 20:20
approved
rejected
awaiting decision
sé ar a bhróig. Bain an bróg de agus líon é lán de’n uisge agus ar shiubhal leis go cuáirt Ríogh Uí Dhómhnaill.
Nuair a thárraing sé ar an dún, tcí sé roimhe na slóighte daóiní. Connaictheas do go rabh a turas i-n ascaid agus gur marbh a bhí an ríogan óg, ach nuair a tháinig sé ní budh ndeire do’n toigh chonnaic sé gur [liaigh]? Uilig a bhí ann ag brúghadh a chéile agus ag iarraidh fághail isteach. Nuair a chonnaic siad eisean ag teacht agus a leath - bhróg ar iomchur leis, toisigh deireadh aca gháiridhe, agus rith duine a bhí ‘un tosaigh suas an staighre leis an sgeul a’ innse.
Cé atá ann? arsa’n bhean a bhí breoidhte nuair a buaileadh an doras aicí. “Tá” arsa’n liagh, doctúr óg mise agus tá na cómhgaire leis n-a leath - bhróg agus ní leigfear isteach é. “Maire” arsa sise, tá sibhse uilig ag clamhsan fan doras, sin leis na bliadhantaibh agus ní teárn sibh mórán maithe damhsa agus
senior member (history)
2020-06-29 20:19
approved
rejected
awaiting decision
éirigh leobhtha. Tá sean-tobar amuigh annsin i gcúl an toigh’ adharthaigh agus d’a n-ólfadh sé trí spanneoga de naoi maidneacha ar na ciallanaibh béad sí léigheasta ach mar dúbhairt mé cheannafein ní leigfidh mé an rún sin le neach beo coidhche”. D’imthigh na cait uilig annsin.
D’fan Murchadh Beag gur imtigh deireadh agus annsin tóisigh sé ag smaoitiughadh i n-inntinn féin mar rud é go léigheasfadh an t-uisge seo nighean Ríogh Uí Dhómhnaill go mbheidin go leigheasfadh sé eisean fosta.
D’éirigh sé agus amach leis ag tochartadh thart ar a lámha agus ar a chosa, agus deamhan i bhfad go dtáinig sé ar an tobar. Chuir sé síos a mheara agus chuimil an t-uisge do’na shúilibh agus le sin féin, léigheasadh na súile agus bhí sé ní b’feárr no bhí sé ariamh. “Anois” ar seisean, “go chúirt Riogh Uí Dhómhnaill tá an báire liom”.
Ní rabh aon soitheach aige maith no olc leis an t-uisge a ionichur ann agus sa’ deireadh smaoitigh
senior member (history)
2020-06-29 20:17
approved
rejected
awaiting decision
“Tá seacht mbliadhain ó choin” arsa’n cat mór liath, nuair a bhí mise mo phisín. Lean mé lochog lá amháin go cuairt Riogh Uí Dhómhnaill. Chaill mé an luchog annsin ach caidé chonnaic mé ar an tábla ach soitheach bréagh uachtair. Léim mé suas annsin agus nuair a bhí bolgam bréagh ólta agam cé tháinig anuas an staighre ach an créatúr niogaideach nighean an ríogh. Bhuail sí buille sa’ chloigeann orm agus chaith mé an bolgam a bhí ins mo bheal agam. Chaith mé arais é isteach san’ uachtar. Go díreach nuair a bhí me idear dhá [uirse’n]? dorais [d’amh]? mé isteach agus caidé chonnaic mé ach níghean an ríogh ag ól suas an bolgam ceadna a chaith mé amach. Ó lá sin go dtí lá indiú tá brigh agus nimh mo sheileoige inntí agus tá sí breóite agus níl fhios ag neach beo an dóigh le n-a léigheas ach mé fhéin ach ní innseochaidh mé choidhche é. Thug a h-athair, Rí Ó’Dómhnaill ach uile liagh sa’ rioghthacht curcí agus gheall daobhtha leath na rioghthacht neart saidhbreas agus an cailín le pósadh dá mbfeídear í leigheas, ach níor
senior member (history)
2020-06-29 20:16
approved
rejected
awaiting decision
anois cuirfidh mé ‘un báis thú. Chuir sé bior iarann isteach sa’ teine go dtí go rabh sé dearg the agus dhóigh sé an dá shúil i gcloigeann Murchadh Bhig. Chaith sé ar a dhruim annsin é agus d’iomchur sé fhad le sean - teach adhartha é agus d’fág sé annsin é fa phianaigh agus fa leat trom go dtáinig an mheadon - oidhche.
I [dtráta’n]? mheadhon oidhche, mhotuigh M. Beag an truisneach agus an támhach - táisg agus isteach le scaifte chait - fhiadhain agus órleic go leith de ionga ar ruball ach cat aca.
“Suidigidh thart! Suidhigidh thart” arsa na cait óga “go n-innsigh muid sgeul”. Thoisigh an choimhlint le cheile cé d’innseochadh an sgeul agus fa dheireadh tháinig sé ar a chrann ag cat mór liath an sgeul innse. “Ní innseochaidh mé an sgeul anocht” ar sise “go mbéidh mé cinnte nach mbéidh neach beo ag eisteacht liom”. Rith na cait óga amach agus isteach anonn agus anall ach níor smaoitigh siad cuar tughadh ar an chóirneal dhorcha ann a rabh Murcadh Beag, agus shocruigh siad síos leis an sgeul a chluinstean.
senior member (history)
2020-06-29 20:15
approved
rejected
awaiting decision
agus dubhairt le Murcadh Beag. “Imthigh amach na coille agus bain lán an chapain de súgh-craobh damhsa. D’imthigh Murcadh Beag chruinnigh sé na sugh-craobh agus ar thoradh moille thug a aghaidh ar an bhaile. Mar bhéadh an mí-ádh air thainig cioth fearthain air mar tháinig air an dá lá roimhe sin agus chuaidh sé isteach faoi’n crann ceadna le fasgadh fhághail. Smaoitigh sé nach n-amharcochadh sé sá chapan an lá seo agus thosaigh sé gh amharc sa’ spéir ach tháinig shéidean gaoithe agus shiab sé duilleog de’n chrann. D’amharc Murchadh Beag indhiaidh na duilleoige agus thuit a shúl ar an chapan. Bhí ocras ag teacht air agus smaoitigh sé go n-iosfadh sé ceann amháin aca. Dith sé ceann aca agus bhí sé milis, d’ith sé an darna ceann agus bhí sé ní budh mhilse, d’ith sé an triomhadh ceann agus i ndeireadh na dála, d’ith sé a rabh sa’ chapan agus tháinig sé abhaile leis an chapan follamh fhad le Murchadh Mór fallsa.
Is iomaidh droch ghníomh a rinne tú orm ariamh arsa Murchadh Mór agus
senior member (history)
2020-06-29 20:14
approved
rejected
awaiting decision
Ar maidin láthar n-a bhárach, d’éirigh Murchadh Mór, béir sé ar an chapan agus dubhairt le Murchadh Beag. “Imthigh leat amach na coilleadh agus cruinnigh lán an chapan sin de súbh-craobh damhsa”. D’imthigh Murchadh Beag, bhain sé na súgh-craobh agus ar thoradh moille thug sé a aghaidh ar an bhaile. Ar an droch uair do féin tháinig an cioth fearthaine air mar tháinig an lá roimhe ‘san áit cheadna agus chuaidh sé isteach faoi chrann le fosgadh fhághail. Thosaigh sé ag amharc ar na duilleogaí agus le sin féin thuit ceann aca isteach sa’ chapan agus d’amharc sé isteach ar na súgh-craobh. Millse a bhí sé tabhairt abhaile fhad le Murcadh Mór. D’ith sé ceann aca agus bhí sé milis, d’íth sé an darna ceann agus bhí sé ní budh mhillse agus d’ith sé an triomhadh ceann agus i ndeireadh na dála, tháinig sé abhaile leis an chapan follamh chuig Murcadh Mór.
Duine mall- fhoclach dúbhranta a bhí i Murchadh Mór agus níor dhubhairt sé focal.
Ar maidin lá thar na bhárach, d’éirigh Murchadh Mór, bheir ar an chapan
senior member (history)
2020-06-27 13:02
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Murchadh Beag agus Murchadh Mór n-a gcómhnuidhe idteach amháin ar thaobh cnuic. Pánuidhe mór urradhanta a bhí i Murchadh mór agus chongbuigheadh sé Murchadh Beag i gCómhnuidhe faoi n-a smacht.
Maidin amháin, d’iarr Murchadh M. ar Mh. B imtheacht leis amach n-a choilleadh agus lán an chapain de shúgh-chraobh a bhainnt do. D’imthig Murchadh Beag, bhain sé n-a súgh chraobh agus ar thoradh moille, thug a aghaidh ar a bhaile. Le sin fhein, tháinig croth mór fearthaine air agus shuidh sé síos faoi chrann le fasgadh a fhághail. Bhí sé ‘g amharc ar na duilleógaí ahus thuit ceann amháin isteach sa’ chapan, agus dhearc Murchadh Beag ar na súgh-craobh millse a bhí sé tabhairt abaile fhad le Murchadh Mór fallsa. D’ith sé ceann aca agus bhí sé an mhilis, d’ith sé an darna ceann agus bhí sé ní budh mhillse; d’ith sé an triomhadh ceann agus ag deireadh na dála, tháinig sé abhaile leis an chapan fhollamh chuig Murchadh Mór.
Duine mall-fhoclach dubhranta a bhí i Murchadh Mór agus níor dhubhairt sé focal.
senior member (history)
2020-06-27 12:42
approved
rejected
awaiting decision
[-]
senior member (history)
2020-06-27 12:42
approved
rejected
awaiting decision
an tobar do. Thug sé sean-cruathas do agus d’iarr air an t-uisge a thógbhail leis. Chuaidh Murchadh Mór fhad leis an tobar annsin agus ní luaithe bhéadh an criathar amach as an uisge no bhéadh sé follamh agus ní rabh fhios aige caidé le deánamh.
Le sin mhothuigh sé feannach corrach a ghabhail thart agus é ag sgréachuigh
“Cuir lób leis”! “cur cré leis”!
Cuir lób leis! cur cré leis”!
Chrom sé síos san (abhainn) tobar ag tógbhail na créasóige agus thuit sé isteach ann agus báitheadh é.
senior member (history)
2020-06-27 12:41
approved
rejected
awaiting decision
ruaigfeas mé.
Gadhar (a) ruaigfeadh fiadh
Fiadh (a) shnámhfadh uisge
Uisge (a) fhliuchfadh cloch
Cloch (a) líomhfadh tuagh
Tuagh (a) gheárrfadh slat
Slat a sgiúrfadh tón Murchaidh Bhig
D’ith mo chuid súbh-chraobh aréir
Chuaidh sé leis an ghadhar annsin. “Ní bhfuigh tú mise arsa’n gadhar go bhfuigh tú arán damh”.
Arán a d’iosfhadh gadhar
Gadhar a ruaigfeadh fiadh
Fiadh a shnámhfadh uisge
Uisge a fhliuchfadh cloch
Cloch a líomhfadh tuagh
Tuagh a gheárrfadh slat
Slat a sgiurfadh tón Mhurchaidh Bhig
A d’ith mo chuid súbh-craobh aréir
Chuaidh sé chuig an fhuinteóir annsin ag iarraidh aráin. “Ní bhfuigh tú arán uaim-s go dtéidh tú chuig an mhuilteóira” Chuaidh sé chuig an mhuilteóra annsin agus dubhairt an mhuilteór leis nach bhfuigheadh sé aon ghreim mine go bhfuigheadh sé uisge as
senior member (history)
2020-06-27 12:40
approved
rejected
awaiting decision
“Ní bhfuigh tú mise” arsa’n tuagh, “go bhfuigh tú cloch a líomhfas mé”
Cloch a líomfadh tuagh
Tuagh a gheárrfadh slat
Slat a sgiúrfadh tón Mhurchaidh Bhig
A d’ith mo chuid súbh-chraobh aréir
D’imthigh sé leis chuig an chloich annsin. “Ní bhfuigh tú mise” arsa’n “chloch go bhfuigh tú uisge a fhliuchfas mé”.
Uisge (a) liomhfadh tuagh
Tuagh (a) gheárrfadh slat
Slat (a) sgiúrfadh tón Murchaidh Bhigh
A d’ith mo chuid súgh-craobh aréir
Chuaidh sé chuig an uisge annsin. Ní bhfuigh tú mise arsa’n t-uisge go bfágh? tú fiadh a shnámhfas mé
Fiadh (a) shnámhfadh uisge
Uisge (a) fhliuchadh chloch
Cloch (a) líomfadh tuagh
Tuagh (a) gheárrfadh slat
Slat (a) sgiurfadh tón Mhurchaidh Bhig
A d’ith mo chuid subh-craobh aréir
Chuaidh sé chuig an fiadh annsin. Ní bhfuigh tú mise arsa’n fiadh go bhfuigh tú gadhar a
senior member (history)
2020-06-27 12:39
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí beirt fear na gcomhnuidhe le chéile agus Murchadh Beag agus Murchadh Mór a bheárfaidh ortú. Oidhche amháin tháinig Murchadh Mór isteach agus pláta mór súbh craobh leis agus d’fág sé an súbh craobh ar bhárr an dreisiúr agus chuaidh i luighe. D’éirigh Murchadh Beag i lár na h-oidhche agus d’ith sé an subh-craobh agus nuair a mhuscail Murchadh Mór ar maidin, bhí sé ar mire.
“Mise imbannuigh a Mhurcaid Bhig go gcuiridh mé múineadh ort an iarraidh seo” arsa Murcadh Mór agus d’imthigh sé leis a chuartughadh slaite.
Caidé atá ‘dhith ort arsa’n t-slat. “Slat a sgiúrfas tón Murchaidh Bhig a d’ith mo chuid súbh-craobh aréir”. “Ní bhfuigh tú mise” arsa’n t-slat “go bhfuig tú tuagh a gheárrfais mé”.
Tuagh a gheárrfadh slat
Slat a sgiúrfadh ‘tón Mhurcaidh Bhig
A d’ith mo chuid subh-craobh aréir
D’imthigh sé leis fhad leis an tuagh.
senior member (history)
2020-06-27 12:37
approved
rejected
awaiting decision
leis. Chor am deireadh sé “Dhia Mhurcaidh Bhig nach tú a dfas trom” acht ní labhradh an fear a bhí san mhála. Sa deireadh tháinig siad fad le Poll - tighe - Liabhain agus chaith sé sios é agus ní rabh iomradh ar nios mo. Ar maidin la-tar-na-bharach bhí Murcadh B. ag buaichailleacht na gcaorach agus chonnaic Murcadh Mór é. “Dia Mhurchaidh Bhig cé bfuair tú na caoraigh”. “Fuair mé sin ins san ait ar chaith tú mé indé”. “Caithfidh tusa mise a chathadh ann amharach”. Ar maidin lá-thar-na-bharach thug sé leis Murchadh Mór agus chaith sé sios é Poll tighe Liabain é agus chuir sin deireadh leis.
senior member (history)
2020-06-27 12:36
approved
rejected
awaiting decision
mo shean-mathair a mairbh tusa orm. “Caithfidh mise mo sean-mathair a marbha fosta”. An oidhche sin mairbh sé í agus tug leis an aonaigh. Connaic na saighduiré é agus tobar gur cuireadh na phríosun é. Nuair a thainig sé abhaile bhí fearg mhór ar agus dubhairt sé le Murcadh Beag. “Is fada súl agam tú a marbha agus deanfaidh mé anois é”. “Maith go leor” arsa Murcadh Beag” Cur sé isteach í mála é ar sgór a cathadh le Poll- tighe liabain. Ar an bhealach b’eigean do Mhurcadh Mór a gabhail isteach le lásog a chur ar a phíopa Fad agus bhí sé ar siubhal bhí Murcadh Beag ag ceól. Tháinig fear - caorach tart agus bhí iongantas mór ar fan cheol bhinn. D’iafruigh sé cé a bhí istigh san mála. Ó arsa Murcadh B. neach boct ata ag gabhail go Flaithis Dé. Ó arsan fear nach meunra duit. “bal” tig liomsa a gabhail lá ar bith is toil liom é arsa Murcadh B. “An leigtea mise na flaithis”? agus bearfaidh mé an cúig céad caora seo duit. Leigfidh cinnte arsa Murcadh B. ma gearras tú an sraugan seo. Ghéarr an fear an ropa agus tháinig Murcadh B. amach is chur an fear mór san mhála. Anois arsa Murcadh B. is Cuma caide an cheist a cuitear ort na labhar is do ceann no ní racfaidh tú na Flaitis. Siubhal Murcadh M.
senior member (history)
2020-06-27 12:34
approved
rejected
awaiting decision
Tháinig Murchadh M. a bhaile agus dubhairt sé le Murcadh Beag go mairbhfeadh sé é. An oidhche sin d’iarr Murchadh Beag ar a mháthair a leabaidh a arrthughadh leis agus rinne sí amhlaidh.
Tháinig Murcadh Mór san oidhce agus tuagh leis agus ghearr sé an chloigeann d’en sean-mhathair Murcaidh Bhig agus d’imtigh abaile. Lá-thar-na bhárach bhí seilg le gabhail an bealach agus coirigh Murcadh Beag a shean mathair amuigh í lár a bhealaigh. Chuir sé dhá bhata croise faoi na h-asceul agus d’fág na seasamh í mar bhéadh sí beo. Tháinig an t-seilg. Sgairt an chead mharcach chuicí an bealach fhágail ach níor bhog sí. Shíl sé gur bodhar a bhí sí agus thug sé iarraidh ghabhail. Tart léithe, ach bhuail cos an bheidhitigh ceann de ‘na bataí agus anuas léithí agus an tseilg na mullach. Sgairt Murcadh Beag agus dubhairt “Ó tá mo shean-mathair marbh agus bheárfaidh mó go dtí an chuairt tú”. “O na tug” arsa an tiomanaidhe “agus bhearfaidh mé cuig míle ginib buidhe oir duit”. “Maith go leor arsa Murcadh Beag”.
Ar maidin lá-tar-na-bharac nuair a musgail Murcadh Mór connaic sé Murcadh Beag ag cunntas an óir. “Cé thug an t-ór sin duit arsa Murcadh Mór”? “Fuair mé sin ar
senior member (history)
2020-06-27 12:33
approved
rejected
awaiting decision
Bhi Murchadh beag agus Murchadh Mór na gcómhnudihe le chéile agus bhí dhá shean-mathair aca. Fear saidbhir a bhí Murcadh Mór. Bhí dhá bó dheug agus tarbh aige agus ní rabh ag Murchadh beag acht an aon bó amhain. Lá amhain d'iarr Murchadh Mór ar gan an bó a cur thart leis an doras no go ngearradh sé na ceithre cosa díthe. " Maith go léor"? arsa Murchadh Beag. La thár na-bharach chuir sé í an bhealach ceadhna. Tháinig Murchadh Mór amach le tuagh agus ghéarr na cosa dithe. Annsin thugh Murchadh beag í agus d'feann í. Chur sé piosa airgid ann gach cóirneal d'en chraiceann. Thug sé 'un aonaigh i Chruinnigh na daoiní thart fa dtaobh dé agus gach buaille da dtabhradh sé do’n chraiceann. E[?]feadh píosa airgid amach agus sa’ doireadh fuair sé cúig chead ginidh air. Ar maidin lá-thár-bhárach ag éirigh do Murchadh Mór, ce chonnaich sé acht Murchad beag ag cunntas a chuid airgid. “Cé thug an tairgid sin duit?” “Fuair mé sin ar an bhó a mairbh tusa indé”. “Caithfidh mise an rud ceadna a dheánamh”. Mairbh sé an dá bhó deug a’s tarbh agus thug leis ‘un aonaigh iad. Bhí an lá té agus bhí droc bholfadh as an fheoil. Lean na saighdhuirí dearga é agus dubhairt siad an chead lá eile a dheánfadh sé a léithead sin go gcuirfeadh siad ‘na phríosún é.
Bhí go maith agus ní rabh go [n-o]?
senior member (history)
2020-06-27 12:30
approved
rejected
awaiting decision
[-]
senior member (history)
2020-06-27 12:30
approved
rejected
awaiting decision
annsin agus mharbh sé dhá cháora agus d’feann iad. Annsin bháin sé dórnan slat sailéoige agus tháithig sé an lomrughadh leis na slatacha agus d’fuaighill thart ar an gheárran é.
Bhí sin go maith go dtainig an t-Éarrach, d’fás an olainn agus na slatacha agus nuair a bhain sé na slatacha bhí iorad ann agus rinne dhá chlíabh, agus nuair a lom sé an olann fuáir sé i oiread agus rinne gréasan.
senior member (history)
2020-06-27 12:29
approved
rejected
awaiting decision
an, bhris an rópa agus rinneadh smolgar de na ceigeanna. Thug an fear leis an ceig slán, d’fag an beithidheach annsin agus chuaidh go h-Árd a’ Rátha é fhéin leis. Nuair a phíll sé arís fuair sé an gearran na luighe máol márbh ar mala Gleann na Geise agus shíl an fear gur bás a fuair sé agus thoisigh sé mairgnigh fa’n cháill a tháinig ar fear bócht ma é. Smáointigh sé gur mhaith an craiceann fhéin agus thug sé amach sgian phóca agus d’feann sé an gearran, agus abhaile leis agus droch sráng air agus an craiceann leis.
Ag tárraingt ar an cámh do, chualaidh sé an gáirthighil agus sgeadaigh budh mhílltinigach chualaidh tú ríamh. “Ó arsa seisean ar bhféidir go bfuil tuilleadh tubairte rómhain” agus amach lé n-a mnaoi agus a níghean mar bhéadh siad ar mire. “An bás! An bás!” arsa siadsan sin é, ag an geafta d’amharc an duine bocht thart agus caide bhí ann acht an gearran feánnta agus thobar gur thuit sé as a sheasamh.
Bhí naire ar ag amharc ar an ghearran feannta
senior member (history)
2020-06-27 12:28
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear ar an t-Sráth - Buidhe am amháin a rinne téigheadh poitín agus chuaidh sé síos go h-Árd a Rátha le na dhíol. Thug sé gearran leis agus chuir sé cheig poitín ar ach táobh de’n ghearran agus rópa dá gceangal.
Maidin shleámhan a bhí ann agus ag gabhail síos malaigh Gleánna Geise shleámhnaigh an gearr-
senior member (history)
2020-06-26 12:05
approved
rejected
awaiting decision
The tussleheal cures biles and water cress is a good cure for kidney trouble. The ragweed or yarrow is a cure for a sore throat. Some people believe that if you would put a stalk of yarrow under your pillow on May night that you would dream of your future wife or husband. Foxhound was used long ago for making tea. This tea taken without milk or sugar was thought to be an only remedy for colds.
senior member (history)
2020-06-26 11:59
approved
rejected
awaiting decision
eaten it was salt meat. It was generally bacon that was used. Fish was seldom eaten. Vegetables were not eaten except cabbage.
People did not eat late at night but they used to be up late at night spinning flax.
Certain kinds of food was eaten on special occasions. They were eaten on Ash Wednesday, Good Friday, and Easter Sunday. Ling-fish were used on Ash Wednesday, and Good Friday. Eggs were also eaten on Easter Sunday.
It was not long ago when tea was first used in the district. Wooden mugs were used as vessels before cups became common.
senior member (history)
2020-06-26 11:40
approved
rejected
awaiting decision
an chréasóg thast fa dtaobh de - cumadh tochailt air. D’ fosgal Seághan an uaighe agus le [uthirt]? mhór, thárraing aníos an gabhair. “An rabh adharcaí ar bhus sagart? “An rabh smigín ar bhus sagairt”? a deireadh an duine bocht agus thobair gur tachtad iad leis na gaírídhe agus chonnaic siad gur cnapan amadáin a bhí ann agus d’imthigh ceo abhaile agus níor cuireadh aon tuairisg fá’n t- Sagart ní budh mho.
senior member (history)
2020-06-26 11:40
approved
rejected
awaiting decision
an chréasóg thast fa dtaobh de - cumadh tochailt air. D’ fosgal Seághan an uaighe agus le [uthirt]? mhór, thárraing aníos an gabhair. “An rabh adharcaí ar bhus sagart? “An rabh smigín ar bhus sagairt”? a deireadh an duine bocht agus thobair gur tachtad iad leis na gaírídhe agus chonnaic siad gur cnapan amadáin a bhí ann agus d’imthigh ceo abhaile agus níor cuireadh aon tuairisg fá’n t- Sagart ní budh mho.
senior member (history)
2020-06-26 11:39
approved
rejected
awaiting decision
Shuidh sí síos agus leig osna trom. “Ó’ a Sheághain mire gan ‘chéill’” arsa sise, “is maith a bhí fhios agam-sa go gcuirfea’n rópa fá mo mhuinneal” ach na leag an baile le do chuid beícfidh ach cuidigh liom é seo a chuir i bhfolach. Leag siad ar an leabaidh sa’ “rúm” é agus nuair a tháinig an oidhche, ghléas an mháthair oirthí agus d’iompur sé fhéin agus Seághan an chorp amach agus rinne poll mór sa’ talamh agus chuir síos ann é.
Lathair na mhárach thoisigh sí smaoiteadh go mbféidir go n-innseochadh Seághan ca rabh sé curtha agus d’imthigh sí an oidhche sin agus mharbh sí gabhair agus chuir sí sios é ‘san áit a rabh an sagart curtha agus chuir an sagart i bpoll eile.
Cúpla lá n-a dhiaidh sin nuair a chruthnaigh na cómharsanna an sagart ar siubhal, thosaigh siad ag cur a thuaraisg, agus leanadh an tuairisg go teach na baintreabhaigh. Fiosruigheadh do Shéaghain fá’n chúir agus d’innis sé daobhtha fa’n tubaiste a d’éirigh do’n t-sagart “agus” arsa seisean, “thig liom taisbean ca h-áit ar chuir mo mháthair é”. D’imthigh siad leis amach ar an uaigneas agus cinnte go leór, bhí sin ann uaighe ás - dheánta agus
senior member (history)
2020-06-26 11:37
approved
rejected
awaiting decision
Smaoitigh Seághan go mbeádh airm eigintheacht a dhith air na chaileogaí a dhíbirt agus d’ amharc sé thast fríd an chistineach agus goidé a tcí sé ach an túirnín crochta ar an bhalla. Thug sé [annas]? an túirnín agus thoisigh ag greadughadh na gcuileóg ar fud an toigh agus a seacht sáith feirge air nuair a chonnaic sé marbh féidir leis ceann aca a chuagadh. Sa deireadh chonnaic sé ceann amháin ag luighe ar [bhaidhis]? an t-sagairt. D’aimsigh Seán é leis an túirnín agus rinne se “sticín” dé’n t-sagart bocht.
“Ó bub ó”! arsa Seághan “ta’n sagart marbh agam” in-áit na cuileoige ach leoga a chuileoig bhradaigh ma tcím - sé ach oidhche thusa [thast]? Annseo tú feáirrde dhuit é” agus shuidh sé síos gur chaoin sé a sháith.
Fa dheireadh tháinig a mháthair. Tháinig sí isteach go [faithceallach]? [as]? Eagla go musgloch adh an sagart. “An bhfuil sé n-a chodladh agus dtólamh ar sise. Caithfidh sé go rabh sé marbh tuirseach ach leig Seághan béic amháin as a bhaiti mac alla as na cnuic. D’a mháthair marbh mé é! mharbh mé é! arsa Seághan agus thoisigh an sgneadach agus an béicfeach aige agus an tuirnín leis i-n a láimh. Choisreac an mháthair í fhein agus nuair a chonnaic sé go rabh sé marbh.
senior member (history)
2020-06-26 11:36
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, d’imhtigh a mhathair agus thosaigh Seághan ar a chuid oibre. Ghlan sé an chlábar i leathtaobh agus annsin, chuaidh sé a chuartughadh na leac. Níor éirigh leis aon cheann fhághail agus annsin smaoitigh sé ar na tuirtíní min - chruaidhighil? A bhí deánta réidh ag n-a mhathair istoigh sa chofra. Dheamhan dath a rinne sé ach dhul isteach agus na tuirtiní a chóiriughadh mar chasan deas aniar fiúd an camhsa.
“Go bfóirigh Dia orm”! arsa’n mhathair ag theacht isteach ar an doras “indiu a rinne tú an chleas” agus thosaigh sí chaoineadh. Ní rabh ann go rabh na súile tiormuigh aici nuair a tháinig an sagairt isteach chuicí. Indiaidh fáilte a chuir roimhis agus tráth bidhe. A dheánamh réidh dó chonnaic siad go rabh sé tuirseach, agus thuit an duine bhocht ‘n-a chodladh gan leabaidh gan adhairt, agus é ar an chathair.
“Anois” arsan t-seanbhean le Sheághan, “ó thárlaigh gur chuir tú mo chuid aráin amugha orm caidhfidh mé imtheacht le tuilleadh a sholathair agus coimhead thusa an sagart agus na leig na cuileogaí a chomhair”.
“Dheánfaidh mé mo dhithcheall as ndoighe” arsa Seaghan.
senior member (history)
2020-06-26 11:36
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhíodh na sagairt ibfad o shoin ar a seachnadh théidheadh siad thart ó theach go teach agus chaitheadh siad coicithghis thall agus abfos imeasg na mbocht inganfhios do na shaighdiurí agus thigeadh na daoiní as gach ceárn ‘na toighe sin le ceisteanna a chuir air agus a n-anam a dheánadh.
Bhí baintreabhach agus a mac Seághan ‘na gcomhnaidhe ar thaobh cnuic agus thainig sé thart gur chuca a bhí’n sagárt le teacht an taom seo. Ní rabh Seághan ar an chuid ba chliste air - bíodh a mhathair i [gcómhnaí]? Radh go rabh sé easbhaidheach - agus na dhiaidh sin ní rabh an dochar sá duine bhocht, ach le sgeul fada a dheánadh goirid rinne siad réidh facoinne an t-sagairt. Glan an bhaintreabhach an cró beag toighe comh maith agus thiocfadh léithe agus annsin d’imthigh sí ‘un t-siopa leis na [neithe]? beaga a bhí a dhith oirthí do’n strainséar. “Anois” arsa sise le Seághan, “glan thusa suas an camhsa go maith agus cuir dórnán leac thall agus [abhfos]? ‘sa chaoi go mbéidh áit ag an t-sagart le n-a chosa a chuir. “Deánfaidh cinnte” arsa Seághan.
senior member (history)
2020-06-26 11:34
approved
rejected
awaiting decision
sceall sí an fairrge roimpí naoi n-itthe agus naoi n-iomhaire isteach ar an talamh agus b’eigeann do deireadh a bhí fa’n chladach theitheadh. Chuaidh Seán ‘un toraigh agus go díreach nuair a bhí a craos foscailte aice le ‘n-a shlugadh siar, thug sé buille dé’n bhata móir dithe isceach idear a dá súl agus thuit sí siar marbh ar [bhárr]? an uisge.
Pósadh Seán annsin ar ingean an bháinrioghaine agus bhí mise ann. Fuair mé stocaí bainne reamhair agus bróga páipéir agus goideadh sin uaim nuair a bhí mé teacht abhaile.
Nuair a bhí mise ar an ath, bhí siadsan ar an chlochan. Báitheadh iadsan agus tháinig mise.
senior member (history)
2020-06-26 11:33
approved
rejected
awaiting decision
agus thug sé leis a bhata mór agus d’imthigh leis.
Tháinig sé fhad le cladach agus ar bhruach an chladaigh agus ar bhruach an chladaigh chonnaic sé bean ceangailte de stáca. D’fiosruigh sé díthe cé’n fa’th a rabh sí ceangailte [auis]? D’innis sí do go dtigheadh péist isteach gach seachtadh mbliadhain le duine a ithe agus go dtáinig sé ar a crann aicí an t-am seo í fheín a thabhairt dó. Dubhairt seisean gur mhór an truaighe sin agus go bhfanochadh sé feín go dtiocfadh an phéist agus go bhféachfadh sé le n-a marbhadh.
Lá thar na bhárach bhí scaifte mór thíos ag an chladach agus tháinig an péist mór isteach agus í ag réideadh ar mire. Bhí Seán réidh fa n-a coinne agus thosaigh an troid eadar a’ bheirt. Bhuail Seán buille oirthí leis an bhata mhor agus d’imthigh sí amach agus í cur na fola. Tháinig sí isteach an dara h-uair agus í ar mire ag réideadh agus ag builgearnaigh. Bhí sí ar cur na fairrge i-n áirde sa’ spear agus a dá súl ar lasadh. Thug Seán an darna buille dí agus thobar nach sgaith sé’n ceann díthe agus d’imthigh sí amach airís. An triomhadh h-uair a pill sí
senior member (history)
2020-06-26 11:32
approved
rejected
awaiting decision
agus chonnaic na saighdiúrí gur amadan a bhí ann agus d’imtigh siad marbh leis na gáirrdhe.
Bhí fhios ag mhathair Sheáin go leigfeadh sé an cat as an mála ain éighintheacht agus d’iarr sí air balughadh leis ar ainsear. D’imthigh sé leis ins ‘na “saoi súmannaí” i n-a rith súmannaí go rabh cnoc da léim agus glean da túshlóg agus luthgháir air go rabh sé gabhail i gcionn an t-saoghail. Chuaidh sé ar aimsear agus d’innis sé go rabh bata aige a rabh seacht bpunnta meádhcáin ann.
Chuaidh sé amach leis na ba an mhaidin sin ach ní fhacaidh sé dadaidh iongantach. An dara lá ní fhacaidh no níor chualaidh sé dadaidh iongantach ach oiread. Nuair a chuaidh sé amach an triomhadh maidin, chualaidh sé tormán ag teacht. Cé bhí ann ach fáthach mór agus chuir sé troid ar Sheán. Nuair a bhí sé cómhair a beith marbh ag Seán, labhar an fáthach leis agus agus dubhairt sé. “Fóill ort, is tú an gaisgidheach is feárr a casadh orm ariamh”! “Bhéarfaidh mé eolas dhuit ar an chlaidheamh is feárr ar an domhain agus ar an each is luthmhaire ina léigann tú cead ina chin liom”. “Ní maoin atá mise ag sanntughadh ach do ceann” arsa Seághan “agus is liom-sa sin ó do lámh-sa amach. Mharbhuigh sé an fháthach agus d’imthigh leis go teach an fháthaigh. Bhí fhios aige ca rabh an t-óir
senior member (history)
2020-06-26 11:31
approved
rejected
awaiting decision
bpíosaí leobhtha.
Ar maidin lathair na bhárach, chuaidh Seán amach a chuartughadh na ngabhar, bhí leath - scór saighdiúr istoigh sa chuibhrean. D’fiosruigh siad do Sheán ar rabh fhios aige fa’n ór a bhí istoigh faoi’n deilbh “b’feidir arsa seiseann gur sin na píosaí óir a ghoid mise agus mo mhathair aréir”. “Bheárfaidh mise lán mo dhoirn de phíghneacha duit ma innsigheann tú damh ca h-áit a bhfuil siad”.
D’imthigh Seán agus saighdiúr amhain ‘un toighe agus thaisbean Seán dó’n saighdiúr ca rabh an t-airgead. Chrom an saighdiúr leis na máilíbh a thógbhail ach bheir mathar Sheáin ar an tuirnín agus tug buille do i mbun na cluaise agus thuit an duine bocht marbh. Chuir siad annsin i bpoll é agus an oidhche sin smaoitigh a mhathair ‘go n’deánfadh Seán sgeula oirthí agus mharbhuigh sí ghabhar agus chuir sí an saighdiúr i bpoll eile agus an gabhar ai ait an saighdiúra.
Lá thar na bhárach bhí Seán amuigh agus chuaidh sé isteach sa’ pháirc seo ar lorg an dhá gabhar. Bhí’n páirc lán saighdiúr. D’fiosruigh siad dó Seaghain an bhfaca sé saighdiúr ar bith agus dubhairt Seán go bhfaca agus thug iad go do an uaighe. Nuair a tochalladh an uaighe, thárrain Seán aníos an gabhar. “An rabh [adharcaí]? Ar bhur saighdiúr? An rabh feásóg ar bur saighdiúr
senior member (history)
2020-06-26 11:30
approved
rejected
awaiting decision
1. . . Máire Ní Choileáin
2. . . Aois - 34 bl. - Gairm beatha - Muínteóir Sgoile
3. . . Teidhleann, An Charraig, Tír - Chonnail
4. . . Pádruig Mac gCeannfaile
5. . . Dhá bhliadhain o shoin 1935
6. . . Aois, 80 bl.
7. . . Mín na Croise, Gleannchoilmchille, Leithbheárr
8. . . D’fóghmar 1936.
9
Bhí sin ann agus is fada á bhi. Bhí gasúr agus a mhathair n-a gcomhnuidhe le taobh cnuic. Ní rabh de mhaoin saoghalta aca ach trí ghabhair. Théidheadh Seághan amach fa n-a gcoinne gach tráthnóna, ach tráthnóna an lae sin, bhí sé ag cur sneachta. D’imthigh Seán leis ar lorg na ngabhair. Tháinig se fhad le páirc agus chonnaic sé dealbh fir. Shil mo dhuine bocht gur fear a bhí ann. Thóg sé a chóta agus chaith sé ar an deilbh é. Labhair sé leis an deilbh acht ní bfuair sé freagar ar bith uaidh. Bhuail sé buille air agus leag sé é. Chonnaic sé píosaí beaga óir agus chuir isteach n-a phóca iad. Thaisbean sé iad do mhathair. D’innis sise airfean gan innse do dhuine ar bith ar a bhás no go mbéadh saidhbreas aca. Thug an bheirt aca leobhtha sac agus thug na
senior member (history)
2020-06-26 11:29
approved
rejected
awaiting decision
darna h-uair ach ní thabharfadh sí suas dó é. An triomhadh h-uair, dubhairt sé leithe, “muna dtugaidh tú suas an sgríbinn cuirfidh mé go leabaidh Brathair Uí Conchubair” thú, agus nuair a chualaidh sí seo thug sí suas an sgríbhinn.
Pill sé arias ainnseóir Brathair Ua Conchubhar, agus d’innis sé do goidé mar thárluigh agus fa’n leabaidh a rabhthar ag congbailt do thíos an Ifrionn. Thug an Brathar amach sgian agus tuagh dó agus d’iarr air é a gheárradh suas agus gceithre ceathramhna dheánamh. “An méidh arsa seisean” nach [ngearrfa’n]? tuagh geárrfaidh an sgian é agus an méid nach ngeárrfaidh an tuagh [sgian], geárrfaidh an sgian [tuahg] é”. Chuaidh an ghasúr amach agus rinne sé ceithre ceathramhna dó, agus d’fág sé n-a luighe ar an camhsa é, agus tháinig isteach ‘un toighe. Indiaidh uair a chaitheadh istoigh, chuaidh sé amach agus fuair sé Brathar O’Concubhár beo slán arias agus é na chodhladh.
Mhusgail sé suas é. “Anois” arsa Brathar Ó’Concubhar, “tá’n bheirt again sá bhailte agus imtigh leat abaile agus na h-imir an chasda fhad ‘s tá tú beo” agus níor imir.
senior member (history)
2020-06-26 11:28
approved
rejected
awaiting decision
an stócach abhaile annsin agus lathar n-a bhárach, d’innis sé an sgeul do mhuinntear, agus nuair a chuailidh siad gur shlug sise an grota páipeáir, dubhairt a atar leis go rabh sé díolta leis an diabhal, agus anois arsa seisean “caithfidh tú ghabhal chuig an sagart. Chuaidh sé fhad leis an t-sagart seo agus dubhairt seisean nach dtiocfadh leis aon dath a dheánidh do go gcaithfeadh sé ghabhail chuig sean - sagart a bhí n-a leitheadh seo d’áit. Chuaidh sé fhad leis an tsean - sagart seo agus dubhairt seisean nar b’feídir leis aon nidh a dheánadh dó go gcaithfeadh sé ghabhail chuig Brathar O’Concubhar.
Shiubhal sé leis go dtáinig sé go teach Brathair Uí Conchubair, agus sgríobh seisean leitir dó agus d’iarr air an leitir a leanstan. Lean sé an leitir go dtáinig sé chuig crois-bhealach a rabh cúig bealaigh ag castail ar a chéile. Chuaidh an leitir síos faoi’n talamh agus lean an fear é go dtáinig sé go geaftaí Ifrionn.
An fear a bhí ag an gheafta, d’fiosruigh sé dó cardaí a bhí a dioghbhail air. D’innis sé a gnoithe dó agus chuir fear an gheafta fachoinné’n caislín agus tháinig sí. “Tabhair an sgríbhinn do’n bhuachaill seo” ar seisean “go [taraid”]? ach dubhairt sí nach dtabharfadh. D’iarr sé an sgríbhinn an
senior member (history)
2020-06-26 11:25
approved
rejected
awaiting decision
Bhí buachaill ann tá ibfad ó choin agus bhíodh sé amuigh go h-antrathach ‘san oidhche ag imirt cárdaí. Bhí sé ag teacht abhaile an oidhche seo go mall agus casadh bean air agus chuir sí forán air agus d’fiafruigh dó an imreochadh sé cluichthe. Dubhairt sé go ndeánfadh agus thug sé amach na cárdaí agus d’imir siad agus bhain sise’n cluichthe.
“Anois” arsa sise. “Caithfidh tú d’ainm a sgríobhadh le do chuid fola fhéin agus an sgríbhinn a thabhairt damhsa” Rinne sé seo agus nuair a fuair sí an sgríobhinn, chuir sí isteach n-a beul é agus shlug sí é. Chuaidh
senior member (history)
2020-06-26 11:25
approved
rejected
awaiting decision
Sagart Mór na Braille, an Gearrfiadh Donn, Coinín i bPoll, an Madra Gaedhealach agus an Láir Bhain gur casadh deán orthú, agus ní thiocfadh leobhtha [ghabha]? Trasna. “Gabhadh sibh uilig suas ar mo dhruim arsa’n Láir Bhan agus fágfaidh mé slán thall sibh. Maith go leór arsa siadsan agus Chuaidh an t-iomlan dearg suas ar dhruim an lair bháin. Siubhal sí leíthe go faithcheallach go rabh sí leath bealaigh trasna’n deán, thóg sí a ruball annsin agus bháidh an t-iomlan aca agus rith leíthe abhaile ag gaíridhe.
senior member (history)
2020-06-26 11:24
approved
rejected
awaiting decision
Rith Nóraic ‘s Mailc, Eoin ‘Ac a Chailc, Uaitear Atha, Uaitear a Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, an Gearrfhiadh Donn gur casadh orthú Coinín i bPoll.
A Choinín i bPoll chugat a’ Bás.
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúl annrúd é.
Rith Nóraic ‘s Mailc, Eóin ‘Ac a Chailc, Uaitear Athá, Uaitear a’ Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, An Gearfiadh Donn, Coinín i bPoll gur casadh orthú an Madra Gaedhealach
A Mhadra Gaedhealach chugat a bhás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúl annrúd é.
Rith Nóraic a’s Mailc, Eoin Ac a Chailc, Uaitear Atha, Uaitear a Mhuileann, Sagart Beag na Cille, Sagart Mór na Braille, an Gearrfiadh Donn, Coinín i bPoll, an Madra Gaedhealach gur casadh orthú an Láir Bhán
A Láir Bháin chugat a’ Bás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá siúl annrúd é.
Rith Nóraic ’s Mailc, Eóin Ac a Chailc, Uaitear Átha, Uaitear a’ Mhuileann, Saghart Beag na Cille,
senior member (history)
2020-06-26 11:23
approved
rejected
awaiting decision
Annsin rith Nóraic ‘s Mailc, Eóin Ac A’Cailc, Uaitear Atha agus cé casadh orthú ach Uaitear a’ Mhuileann.
A Uaitear a Mhuileann chugas an Bás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá idear mo dhá chluais, chonnaic mo dhá súl annrúd é.
Annsin rith Noraic ‘s Mailc, Eóin ac’ aChailc, Uaitear Atha, Uaitear a’ Mhuileann agus cé casadh orthú ach Saghairt beag na Cille
A Shaghairt beag na Cille chugat a Bás
Ca bhfuil sé
An t-anam atá idear mo dhá chluais chonnaic mó dhá súl annrúd é
Rith Nóraic ‘s Mailc, Eóin ‘ac a’Chailc, Uaitear Átha, Uaitear a’ Mhuileann, Sagart beag na Cille gur casadh orthú
Sagart mór na Braille(?)
A Shaghairt Mór na Braille chughat a’ Bás.
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá súl annrúd é.
Rith Nóraic ‘s Mailc, Eoin Ac a’ Chailc, Uaitear Átha, Uaitear a’ Mhuileann, Sagart beag na Cille, Sagart mór na Braille gur casadh orthú an Gearfiadh Donn.
A Gearrfhiad Donn chugat a’ Bás
Ca bhfuil sé?
An t-anam atá eadar mo dhá chluais chonnaic mo dhá shúl annrúd é.
senior member (history)
2020-06-26 11:21
approved
rejected
awaiting decision
Ainm 1. . . Máire Ní Choileáin
Seóladh 2. . . Gleannchoilmcille, Leithbheárr
3. . . 34 bl.
4. Múinteóir Sgoil.
5. Teidhleann, An Charraig, Tírchonaill
6. Peigí Ní hEigheartaigh
7. Tuairm scór bliadhain
8. 60 61. An t-am sin
9. Teidhleann, An Charraic, Tirchonaill
10. Feabhra 1937.
Chuaidh Nóraic ‘s Mailc ‘un trágha lá amhain, agus ceidé casadh orthú ach partan ghlas. Shil siad gurabé an “Bás” a bhí ann agus sgánruigh an t-anam astú. Rith Nóraic ‘s Mailc agus cé casadh orthú ach Eóin Ac a’Chailc
“A Eóin Ac a Chailc, chugat a Bás”!
“Ca bhfuil sé?”
“An t-anam atá eadar mo dhá chluais, chonnaic mo dhá súl annsúd “
Annsin rith Noráic a’s Mailc, Eóin Ac A’Chailc agus cé casadh orthú ach (Uaitear Átha)?
“A Uaithear Atha chughat a’ Bás”
“Ca bhfuil sé”?
“An t-anam atá idear mo dhá chluais, chonnaic mó dhá súl annsúd é”.
senior member (history)
2020-06-23 15:53
approved
rejected
awaiting decision
ach gabh anuas annseo a chréatúir bhoicht no tá mé cinnte go bhfuil tú fuar, fliuch, ocrach, agus gheóbhaidh tú braon brot a théifeas thú”. Anuas leis an créatúr agus chomh luath agus fuair an madadh ruadh taobh istuigh de’n doras í, dhruid sé amach an doras agus dubhairt léithe - “Cé aca i bhfeárr leat mé do shlugadh no do chognadh”? Bfeárr liom tú mo shlugadh arsa’n gabhairín curcach bocht agus d’fosgal sé a bheul agus shlug sé síar í.
Bhí sin go maith agus ní rabh go h-olc, smaoitigh sí ar mhiodóg a bhí ann a póca agus bhí sí ag tochartadh ariamh no go bhfuair sí greim air. Thóg sí ‘na laimh í agus rois anuas an mhadadh ruadh ó bhun a sgeadamáin go dtí a ruball agus amach leis an iomlán dearg ar an urlár. Nigh sí agus ghlan si iad agus shuidh siad síos agus d’ól an bhrat té a bhí thoigh’n mhadaidh ruaidh agus ní tháinig mac - tire no madadh ruadh orthú o sin amach.
senior member (history)
2020-06-23 15:52
approved
rejected
awaiting decision
shinne agus d’fosgail sé a bheal agus shlug siar an t-iomlán dearg aca agus d’imthigh leis agus obair aige siubhal.
Nuair a tháinig an gabhairín curcach bocht abhaile, ní rabh dúl no duine aicí le feiceáil roimpí agus thoisigh sí chaoineadh. D’imthigh chuig toigh an mhac tire agus Chuaidh suas ar mullach an toigh.
“Cé siud thuas ar mhullach an toigh”? arsa’n mac tire. “Mise’n gabhairín curcach beag feamaltach, righinealtach, roghainealtach, mac a’ fhraoich, mac a ridteogach, ag iarraidh tuairisc mo trí mhicidín bheag meannan agus mo ghasúr beag boic”.
“Dar an fhídhe, dar an fheagha, dar an gorm, gorm glas
Níor fheach mé ariamh a mbiadh no a mblas. Ach gabh siar thoigh mhadadh ruadh agus bhféidir go bfuighthea [dthuasosc]?”
D’imthigh an chréatúr leíthe siar toigh madaidh ruaidh agus Chuaidh suas ar mullach an toighe - “Cé siúd thuas ar mhullach mo thoighe arsan madadh ruadh”? “Mise’n gabhairín curcach beag, feamaltach, ríghinealtach, róighinilteach, mac a’ fhraoich, mac a’ rigeagach ‘g iarraidh tuairisc mo thrí mhicídin beag meannain agus mo gasúr beag boic” arsa sise.
“Dar an ,dar an dar an gorm, gorm glas Níor fheach mé ariamh a mbiadh no a mblas
senior member (history)
2020-06-23 15:51
approved
rejected
awaiting decision
Tamall ‘na dhiaidh seo agus iad ‘na suidhe thart fa’n teine, chualaidh siad an tormán fa’n doras agus labhair an glór amuigh. “Is mise bhur mhathair, leigigidh isteach mé”. Cuir isteach do chor ar bhun an dorais go bhfeicimidh arsa’n ingean ba sine. Cuir sé agus nuair a chonnaic sí an crúb, d’aithin sí gurab é an mac tire a bhí ann agus rith sí leis an tuagh agus sgiob bárr na coise de. Leig sé uaill amhain millteanach agus ar siubhal leis fríd an choill ar trí chosa agus é ag mairignidh go truaigh bheileach. Casadh an madadh ruadh air. Goidé sin ort a dheárbhrathar dilis? ars seisean. “Ó thá arsa’n mhac tire, chonnaic mé an gabhairín curcach ag imteacht go luath ar maidin fachoinne brosna agus chonnaiceas damh go mbéadh béille maith agam ar a clan ach h-iarradh orm mo chos a chur isteach ar bun an dorais agus amaideach go leór rinne mé sin agus sgiob an bhean ba shinne an crúb dióm le tuagh. “Bal” arsa’n madadh ruadh béidh mise ionchurtha leíthe.
D’imthigh sé leis fríd an choill agus chuartaigh sé go bhfuair sé cos gabhair agus níor stad se go rabh sé ag cró na [bpáirte]? Agus chuir sé cor an gabhair isteach ar bun an dorais. Shil na creatúir gurb í ‘n nháthair a bhí an agus d’fosgail siad an doras agus cé bhí ann ach an madadh ruadh.
“Cé aca bhfeárr libh mé bhur shlugadh nó bhur gcognad”. Bfeárr linn ar shlugadh arsa’n créatúr budh
senior member (history)
2020-06-23 15:50
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad o bhí. Bhí gabhairín curcach a trí micidín beag meannan agus a gasúr beag boic na gcomhnaidhe ar chrimhas na coilleadh. Lá amhain rith an mhóm amach orrthú agus dubhairt an mhathair go rachadh si amach ‘na coilleadh ag cruinniughadh brosna agus d’iárr sí orthú an doras a chongbhail teannta go maith agus gan duine ar bith a leiginn isteach go gcuireadh siad isteach a gcos ar bhun an dorais. “Annsin” arsa sise béidh fhios agaibh mo chos sa agus na leigigidh isteach an madadh ruadh no’n mhac - tire. “Maith go leór” arsa na páistí agus d’imthigh sí.
senior member (history)
2020-06-23 15:49
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a bhí siad giota amach thug an madadh ruadh tomadh duíthche san uisge. An bhfuil tú fliuch anois? “Tom! Tom! Tá! Bhal!” gabh suas ar mo mhuinneach arsan madadh ruadh léithe. Nuair a bhí siad i lár an dean, thug sé tomadh eile dí. “An bhfuil tú fliuch anois”? “Tom! Tom! Tá”! bhal! gabh amach ar mo cheann arsan madadh ruadh leíthe agus rinne sí sin. Dheamhan abhfad go dtug sé tomadh eile dí. An bhfuil tú fluich anois? Tom! Tom! Tá arsa sise. “Gabh anuas ar mo bheul” arsa seiseann agus ní luaithe a rinne sé sin nó d’fosgail sé a bheul agus shlug sé siar í.
senior member (history)
2020-06-23 15:48
approved
rejected
awaiting decision
amuigh ag bainnt fear corram agus nuair a connaic sé an bunnóg ag teacht, smaoitigh sé gur mhaith an féasta a dheánfadh a chuid páistí oirthí agus dubhairt sé:-
“Ca bhfuil tu gabhail a bhunnóig”?
“Siar annseo de d’aindeoin”
Lán peín ag rathaidh, lán peín a’ rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
Chaith sé an chorran na diaidh ach ní bhfuair sé ach sliosna beag amhain de’n chóirneail agus d’imthigh an bhunnóg léithe
Nuair a tháinig sí chuig an tríomhadh teach bhí sean amuigh ag gearradh brosna. Bean bhocht a bhí inntí agus chonnaiceas dí gurb í seo an bhunnóg a bfeárr a chonnaic se ariamh léim sí amach thar an claidhe agus thug iarraidh píosa a bhainnt dé na taobh ach níor eírigh leí:
Ca bhfuil tú gabhail a bhunnóig”?
Siar annseo de d’aindeoin
Lán peín a rathaidh, lán peín a rathaidh
Siud siar an bhunnóg!
D’imthigh an bhunnóg léithe agus níor stad sí go rabh sí ag an fhairrge agus cé tcí sí ‘na sheasadh riompí ach an madadh ruadh ag an chéidh. Ca bhfuil tú ag gabhail arsa’n madadh ruadh léithi. “Tá mé ag gabhail anon trasna’n chuain” arsa sise. “Tá missed ag gabhail fosta ars seisean, agus thig leat gabhail suas ar mo dhruim. “Maith go leor”! arsa’n bhunnóg, agus rinne amhlaidh.
senior member (history)
2020-06-23 15:47
approved
rejected
awaiting decision
Bhí an madadh ruadh ‘na chomhnuidhe le na mhnaoi i gcró beag ar thaobh na choilleadh agus tráthnóna amhain dar léithe go ndeánadh sí bunnóg bhréag fachoinne’n Dómhnuigh. Chuir sí gach eile sheóirt spíosaraí ann:- uibheacha, im, siúcra as risíní agus nuair a bhí sí réidh bruitthe aicí, chuir sí amach ar an fhuinneóig í le fuaradh. Chonnaic an bhunnóg an madadh ruadh ag teacht agus smaoitigh sí gur bhocht an íde a bheárfadh sé uirthí agus gur bfeárr duithe teitheadh. Léim sí anuas de chlár na fuinneóige agus anuas léithe taobh an chnuic mar béadh rotha ann.
Bhí sgaifte páistí ag imirt agus tcídh siad an bhunnóg ag teacht, leig siad uaill mhillteanach astú fhéin agus léim ‘na diaidh ach ní bhfuair siad ach plac thall agus abhfos agus ar siad:-
“Ca bhfuil tú gabhail a bhunnoig”?
Siar annseo de d’aindeoin
Lán péin a’ “rathaidh” lán péin a rathaidh
Siúd siar an bunnóg.
Rith sí léithe go dtáinig sí chuig an dara toigh. Bhí fear
senior member (history)
2020-06-23 15:46
approved
rejected
awaiting decision
Anois cé d’ith an t-im ar seiseann ‘ Ní mise ar scór ar bith arsan creatúr go crith - eaglach, agus ar an bomaite sin léim an mhadadh ruadh suas uirthí agus d’ith í idear chorp agus chleiteach.
senior member (history)
2020-06-23 15:45
approved
rejected
awaiting decision
madadh ruadh. Óch! Óch arsan chórr nach h-ionghantach na h-ainmneacha atá ag gabhail anois? Na labhair arsa seisean ach dean réidh mo chuid damh. Chuaidh sí ‘un table le sin a dheánadh agus nuair a bhí an breicfeasta thart labhair an chorr. Chuailidh mé arsa sise nach rabh an chogadh le teacht agus bhfeárr dúinn imteacht ‘un chladaigh agus an t-im a thabhairt abhaile no béidh sé as margadh againn. “Maith go leór” ar seiseann agus d’imthigh siad. Chuaidh siad chuig an pholl agus bhí an croc annsin itthe sgríobtha. Thosuigh an chorr ag caoineadh agus sul a rabh am aicí labhairt dubhairt an madadh ruadh léithí gur ith sí an t-im nuair a bhí seiseann ar siubhal ag na baisdigheacha - “Níor ith leoga” arsan chreatúr ach dhith tusa iad leis an aran mhin - chruadhighil agus dheamhan fear no fear a chuir faoi pháisde tú agus thosuigh an troid eatorra.
Chuaidh siad ‘un toighe ‘agus an chorr bhocht ag osnaighil fán im, nuair a labhair an madadh ruadh. Luighfidhmid le taobh na teineadh agus ca bith duine a dtiocfadh an t-im amach fríd na chraiceann, sé sin an duine cionntach. Cuireadh síos gríos theineadh agus luigh an bheirt aicí. Thuit an chorr na codladh agus dheamhan a bfad go dtáinig an t-im leágtha amach fríd chraiceann an mhadaidh ruaidh. Chuir sé siar a crúb agus chuimil thart ar an chorr é. Annsin mhuscail sé í agus thug aghaidh craois uirthí í.
senior member (history)
2020-06-23 15:43
approved
rejected
awaiting decision
agus na tuirtíní leis. Thóg sé amach croc an ime agus díth leis go rabh an leath ba mhó itthe aige. Chodhlaig sé a sháith annsin agus tháinig abhaile le teacht an lae agus leig air fhéin go rabh sé ólta. C’ainm thug sibh air an pháiste arsan chorr leis? Tugadh an lár air arseisean. Maire an gránnda an t-ainm sin ar ghasúr ar bith arsise. Na labhair focal as do cheann no sgiobfainn an chloigeann duit arsan madadh ruadh go feargach agus thost sí.
Bhí sé lá eile ag glanadh an chamhsa agus leig sé an beíc as. Hoí! Hoí! ars seisean. Caidé sin ort ars an chorr? Fear eile indiú ag sgairtigh orm paíste a chongbhailt le baisdeadh. Maise nach gnoitheach iad le páistibh arsise agus is doiligh rádh nar h-iarradh orm-sa theacht. “Níl fhios aca go bhfuil do [leithad]? Ann agus gabh isteach ‘un toigh agus dean cúpla tuirtín maith damhsa” Rinne sí seo agus d’imthigh sé leis agus a cheann san aer aige agus an chorr bocht ag amharc na dhiaidh. Tháinig sé ar thaisgidh an ime agus d’ith leis no gur sgríobh sé amach an chroc agus annsin indhiaidh a sháith a chodhladh abhaile leis ag teacht an lae.
Creidim gur ainm eile gránnda atá ar an leanbh indiu arsan corr. Giorrsach a bhí ann agus tú an t-ainm maith go leór aicí arsa seisean. Thug [sian]? an “Sgríobadh” uirthí arsa’n
senior member (history)
2020-06-22 12:01
approved
rejected
awaiting decision
Idir an píopa agus an snaoisín cuaidh laochraidhe fa [chéd]?
Fa ceile anns an troid sin marbadh cuig agus céad
Ars’ a Caoilte Mac Ronain le fear Oscar na bhfeínn é
Nach bhfeicidh se an gadhar nó an cú nó an cat no an lá tá le teach
An té dheanadh olcas ar píopa tobaca
Caitheann fear na seacht mbliadhan é
Caitheann an fear é a bhfuil a cheann geal leath
Caitheann an tailiúir ‘na shuidhe ar a thoin é
Caitheann an fiogdheóir ‘na shuidhe ar an tseól é
Caitheann an tsean cailleach i dtoigh na comhursan é
Ag cul-cainnt agus ag canadh comhursaní
Reipis Peipis! a píopa as tú an sgriosadóir
Ní dhíolann tú cíos nó gearadh damh
An te bheidheadh tobaca aige agus é beith da [cail]?
Go dtógtar san aer é go mbristear a leis
Go dtogtar é síos go Gleann Gheis
An áit a mbeidh sé ‘na shuidhe ar deis
senior member (history)
2020-06-22 12:00
approved
rejected
awaiting decision
Brón ort a dhoimnic O’Dhomnaill as mairg dó ariam a connaic thú
Nuair a bhí tú do shaghairt Dia Domhnaigh agus ar maidin Dia Luain do mhinistear
As cosamhail nach rabh tú sa Róimh nuair nach gcuala tú ariam do dhearbhainn
Nuair bhí tú do shaghairt Dia Domhnaig agus ar maidin Dia Luain do mhinistear
Tréag tú Peadar agus Pól. Tréag tú lom sa bunadh sin
Tréag thusa Bainrioghan na hóige sí bíonns a gcomhnuidhe ag guidhe orainn
Bhfearr liomsa siubhal na sráide, bata ann mo láimh agus plaid orm
No bhéith ag lasaid le fuinneogaí arda agus ag eisteacht le galldá an mhinistar
Bhunad sin thall ar an árd sibhse atá lár an duibheagain
Beidh sibhse foill ar thóin leacacha na croinne
Agus ni béidh móran annsin fa bur gcoinne
Pill. Pill. a croidhe ó agus ná imthigh uaim
Ma pilleann tú coidhche nó go deo
Pill anns an órdóar imtigh tú
senior member (history)
2020-06-22 11:59
approved
rejected
awaiting decision
Brón ort a dhoimnic O’Dhomnaill as mairg dó ariam a connaic thú
Nuair a bhí tú do shaghairt Dia Domhnaigh agus ar maidin Dia Luain do mhinistear
As cosamhail nach rabh tú sa Róimh nuair nach gcuala tú ariam do dhearbhainn
Nuair bhí tú do shaghairt Dia Domhnaig agus ar maidin Dia Luain do mhinistear
Tréag tú Peadar agus Pól. Tréag tú lom sa bunadh sin
Tréag thusa Bainrioghan na hóige sí bíonns a gcomhnuidhe ag guidhe orainn
Bhfearr liomsa siubhal na sráide, bata ann mo láimh agus plaid orm
No bhéith ag lasaid le fuinneogaí arda agus ag eisteacht le galldá an mhinistar
Bhunad sin thall ar an árd sibhse atá lár an duibheagain
Beidh sibhse foill ar thóin leacacha na croinne
Agus ni béidh móran annsin fa bur gcoinne
Pill. Pill. a croidhe ó agus ná imthigh uaim
Ma pilleann tú coidhche nó go deo
Pill anns an órdóar imtigh tú
senior member (history)
2020-06-22 11:57
approved
rejected
awaiting decision
Dán a bhais
Buaileann an bás ag bun do choise
O sin suas go dtí do ghlún
Agus o sin suas go dtí do shúil
Annsin béidh rós na súll da bhriseadh
Agus pian mór ann do chroidhe
Sé deirfeas an teangaidh ní labharfad go bráthach
Is nach meaner do’n duine nach bhfuil ann mo cás
Óchón Ó! agus óchón ó! as óchón ó ar a lú í ó
Ó [tchifidh]? tu Peadar agus [tchífid]? Tú Pól
O [tchífidh]? Tú Conall agus [t chífidh]? Eoin
T [chífidh]? Tú na haingle agus easbuic go leor
Ma tréigeann tú aifrionn ní bhfuig tú an glóir
Óchón Ó! agus óchón ó! as óchón ó ar a lú í ó.
senior member (history)
2020-06-22 11:55
approved
rejected
awaiting decision
Cuir siad breág orm rud nar féad siad
Gur ith me gréasaidhe le léasad bróg
Fa na ropa cotton agus fa na bhearad oidhche
Fa na crios síoda bhí fa na lár
D’éirigh an gealach las na reáltaí
Smaoitogh mé ar ma gnoithe in am
Go rabh blas milis ar ropai Shéarlais
Ann mo beul mar an siucra donn
senior member (history)
2020-06-22 11:54
approved
rejected
awaiting decision
Ar sráid ma mBuarcac casadh sean bhó mhnaoi damh
A’s i gearradh cíbleach go moc sa lá
Tug mé liom í go sraid an aonaigh
Agus thug sí géim aistí cualaidh lán
Bhí tracht ar caiple, ar ba ‘s ar caoirigh
Anonn san oidhche cois teineadh breág
Gur ceangladh mise in-aice doras ann
Agus b’ole an dligheadh e do ndíolfainn caín
Ní sean bhó mise ní spéadog leíse
Le is m’bhféidir díobh dadai rádh
Gur ceangladh mise de bun an tsléibhe
Gan tracht gan fear glas oidhche ashlá
Sgríobh me litir annsoir a bréitheamh
Agus is é is fear tuigfeadh an cás
Go bfuair mé ocras go dearn mé méile
Ar [rópaí]? Séarlais agus ar cóta Sheaghain
Bí rópa úr agam de’n éadach uasail
Bhi deannta suas agam comh geal le cnámh
Thainig an t-sean bhó maol agus slug sí suas é
Bhí cagnadh úr aicí ar chóta Sheaghain
D’íth sí plaid orm a bfearr nó an méid sin
D’íth sí leine orm agus gach píosa [sheaill]?
Agus ba Cuma liomsa reid mar goidé deanadh an meid san
Acht ropai Shearláis agus cotá Sheaghain
senior member (history)
2020-06-20 13:01
approved
rejected
awaiting decision
an chead duine a chuaidh isteach ‘na toighe. Nuair a shiubhail sé suas an urlar chualaidh sé an éagchaoin seo - Óch! Óch. Goidé’n cineal mairgnigh sin? ar seisean. “Sin cearc atá fághail bháis arsa’n leas-mathar (bean an toighe). Ní thiocfadh leis greim bidh a ithe ‘sa teach ó cualaidh sé an éagcaoin. An dara fear - nuair a thainig seisean isteach chualaidh sé an mhairgneach ceadna Óch! Óch! “Goidé’n mhairgneach sin ar seisean a cluinim. Dubhairt bean an toighe an rud ceadna a dubhairt sí leis an chead bhuachaill. “Sin cearc a fághail bháis”. Shuidh seisean síos agus dheamhan greim bidh a thiocfadh leis leigean síos ‘sa teach seo. Nuair a leag an cailín a cos ar leic an dorais chuala sí an éagchaoin trúacanta “Óch! Óch Ó.
“Goidé sin a chluinim” ar sise. Sin cearc a fághal bháis arsa bean a toigh. Bhal! arsa’n cailín ní thig liomsa dadaidh ithe annseo, agus ní íosaid ar sí go bhfeicfidh mé goidé sin a chuala mé. Muid sinne mar a gceadna arsa na buachaillí agus d’éirigh siad agus thosaigh an chuartughadh. Thóg siad doras an siléir agus fuair siad a mathair féin ‘na luighe annsin. D’aithin sí na páistidhe ‘s aicí fhéin, agus h-innriughadh an scéal ó thus go deireadh dó’n athair. Nuair a chuala sé an fhírinne, thug sé órdú teine mhór a deánamh, agus dóigeadh an leas mhathair sa teine agus d’fan na páistidhe ag a n-athair agus a mathair fein agus fuair an leas-mhathair an rud a thuill sí.
senior member (history)
2020-06-20 13:00
approved
rejected
awaiting decision
Nuair a chonnaic an deirbhshiúr seo leig sí béic chaointe aistí agus lean sí a cuid dearbhrathar fríd cnuic agus gleannta, trasna scraith luinge agus portaigh. Nuair a bhiodh sise i mullach cnoch amhain bhíodh a cuid dearbhrathar (na préachain) i mullach cnoc eile i bhfad ar shiúbhail uaithe, agus í dreim greim fhaghail ortha. Bhí sí mar seo tamall maith agus í tursach go maith ag leanamhaint na bpréacan go dtainig sí fhad le ceardcha. Chuaidh sí ‘steach na cheardcha agus cia bhí istoigh ann acht an bacach agus an gabha ag deánamh margaidh leis i dtaob na “necklace”.
Thug sí sparan óir dó’n bhacac agus fuair na “necklace” arias. D’imthigh sí leithí agus fuair suas leis na préachan ar bharr sleibh ard. Chaith sí na “necklace ar a muineal, agus i mbomaite ghlac siad a riocht fhéin arias.
Shiubhail an triúr thart annsin ó áit go h-áit bhí gach duine ag deánamh iongantais dobhtha. Bhí an triúr an doigheamhail, agus thug moran daoine cuireadh chun feásta dobhtha. Bhí siad anois ar an bhaile ar a rabh a n-athair ‘na chomhnuidhe, acht ní rabh aithne ar bith aige san ortha nó iad air san, acht lá amhain ar seisean le na mhnaoi. “Caithfidh muid rinne cuiread ‘un feásta a thabhairt dó’n triúr seo, agus a beith mar ar gcomharsanaí. “Maith go leór ar sise”. “Deánfaidh muid feásta dobhtha”. Rinneadh réid feásta mór agus tugadh cuireadh dobhtha. Thainig siad ‘cun toighe, agus ba é an buachaill da sine
senior member (history)
2020-06-20 12:59
approved
rejected
awaiting decision
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc bliadhanta ‘a dhiaidh sin bhí bacach ag dul thart agus thainig se lá amhain go toigh an fhir seo. Bhí sé ag cainnt agus ag innse scéil fá na chuid siubhail agus na daoine a casadh air
Bhí mé ar oilean arsa seisean agus is ar an oilean sin a chonnaic mé an dá bhuachaill agus cailín ba deise a chonnaic mé ariamh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus “necklace” airgid ar an ghiorrsach.
Nuair a fuair an bhean faill ar an bhacach d’iarr sí air dul ‘un oilean seo agus na trí “necklace” a fhághail duithe se agus go dtabharfad sí sparan óir dó.
D’imthig an bacac leis agus níor stad sé go rabh sé ar an oilean. Chuaidh sé ‘na chaislean agus d’iarr lóistín. Mar nach minic a tcidhfeadh siad aon duine ag teacht ‘un oilean thug siad lóistin na h-oidhche dó.
An oidhche sin chuaidh an bacach a luighe acht ma chuaidh fhéin níor chodhlaidh sé. D’fan sé ‘na dúiseacht gur shaoil sé go rabh an cailín agus an dá bhuachaill ‘na gcodhladh. Chuaidh sé go sochair go seomra na mbuachaill agus ghoid an dá necklace, agus nuair a bhí sé ag dul amach as an t-seomra rinne sé tarman agus mhusgail an cailín. As go brathac leis an bhacach agus an dá “necklace” leis. Chuaidh an cailín go seomra na ndearbhrathar agus nuair a d’fosgail sí an doras leig dá phréacan mhor dhubha scread aistú agus amach ar an fhuinneóig leó ar eitóig.
Bá iad an dá dhearbhrathar a bhí ann i riocht dhá phréachan.
senior member (history)
2020-06-20 12:58
approved
rejected
awaiting decision
Béidh an bunnóg seo libh agus nuair a tcidhfidh sibh an fáthach caithigidh an bhunnóg seo idir an shúil air agus tuitfidh sé marbh. Gabhaigidh sibse isteach ar an oilean annsin agus glacaigidh seilbh air. Is dearbhrathar damhsa an fathach, agus nuair a chaitheas sibhse an bhunnóg air, béidh fhios aige go bhfuil mise marbh, agus tuitfidh seisean marbh fosta. Cuireadh faoí geasa muid agus cuireadh ‘sa riocht seo muid go mbrisfidh na geasa.
Rinne na páistidhe gach rud mar a d’iarr an Muc Alt. Thug siad an bhunnóg leobhtha. Chuaidh siad síos go béal na tuinne. Bhí na maidí annsin mar a dúbhrais. Chuaidh siad amach ortha agus ní rabh sé i bhfad go bhfacaidh siad bád mór. Cuireadh ar bórd iad agus ní rabh siad i bhfad ag seóladh go dtainig siad fhad le oileán. Bhí fathach mór ‘na seasamh air. Chaith duinne aca an bhunnóg idir an dá shúil air agus thuit sé marbh. Chuaidh siad isteach ar an oilean agus bhí caislean deas annsin, agus gach rud ní ba deise na cheile. D’fan an triúr annsin agus ghlac siad seilbh ar gach rud.
Anois nuair a chonnaic an fear go rabh a bhean a fághail bháis chuir sé sgaifte de chuid searbh [fhoghantuidhe]? amach a chuartughadh go bfuaireas an Mhuc Alt. Marbhadh í agus fuair a bhean an croidhe agus fuair sí biseach. Shaoil sí anois go rabh go maith nuair a fuair sí an muc alt as a casan acht ní mar a shaoiltear a bídhtear.
senior member (history)
2020-06-20 12:57
approved
rejected
awaiting decision
Dubhairt fear an toighe go gcaithfeadh sé a gabhail amárach go bhfeicfeadh sé na páistidhe deasa leis na “necklace” ann a óir agus airgid. “Níl fhios agham cá mbeithfeá a gabhail” arsa’n bhean. Bhí sí ag fás mí-shuaimhneach anois nó bhí fhios aicí go fíor maith gurab iad na páistidhe ‘s aige fhéin a bhí ann. Níor chodhlaidh sí moran an oidhche sin agus ar maidin lathar na bharach níor stad sí go rabh sí ag cailleach na gcearc. D’innis sí an scéal dó chailleach na gcearc agus d’iarr a comhairle.
“Gabh abhaile” arsa cailleach na gcearc agus leig ort go bhfuil tú a fághail bháis. Abair nach ndeánfaidh dadaidh biseach dhuit acht croidhe an “Mhuc Alt” (croidhe na Muice)
Chuaidh sí abhaile agus chuaidh a luighe. Leig sí oirthí go rabh sí an tinn agus go rabh an bás aicí. D’fiafruigh an fear dí caidé deánfadh biseach dí. Dubhairt sí nach ndeánfadh rud ar bith ar an domhain biseach duithe acht croidhe an “Mhuc Alt”.
Bhí go maith as ní rabh go h-olc an tráthnóna ceadna sin labhair an Mhuc Alt leis an triúr páistidhe. Dubhairt sí leobhtha go rabh sise le marbhadh amárach.
Caitfidh sibhse imtheacht ar sí. Rinne sí bunnóg min choirce agus mearg le na cuid fola fhéin í, agus arsa sise “Ar maidin amárach gabhaigidh síos go béal na tuinne. Gheobhaidh sibh trí maide annsin agus rachaidh sibh amach ar na maidí ar an fhairrge mhór. Tcidhfidh sibh lung agus tógfaidh an lung sibh, agus nuair a thiocfas sibh fhad le oilean tcidhfidh sibh fathach mór ‘na sheasam ar an oilean.
senior member (history)
2020-06-20 12:56
approved
rejected
awaiting decision
Ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le tinneas croidhe. Thainig an fear abhaile agus nuair a d’innis an deirbhsiúr an scéal bréagach dó bhí dá oiread feirge air an t-am seo.
D’imthigh sé arias agus an tríomhadh bliadhain rugadh nighean dó mhnaoí. Thug an deirbhsiúr leithe an leanbh mar rinne sí leis an beirt pháistidhe eile agus thug dón mhuc ált í agus d’oil sí an giorsach fosta.
Nuair a thainig an fear abhaile an tríomhadh uair agus d’innis an deirbhsiúr dó gur pisín cait a rugadh dó bhí oiread feirge air an t-am seo gur dhubhairt sé go ndíbreachad sé a bhean o’n teach.
Chuir sé leabaidh shíos i silear faoí’n urlar agus d’fág í annsin. Bhí an créatúr bocht buadhrtha brónach annsin.
Phos sé a deirbhshiúr annsin. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Bhí buachaill bó aca, agus lá amhain nuair a bhí sé ag buachailleacht comhgarach dó’n fhairrge chonnaic sé an dá ghasúr agus giorsach ba deise a chonnaic sé ariamh, ag imirt ar an tráigh. Bhí dhá “necklace” óir ar an dá ghasúr agus necklace airgid ar an ghiorrsach. D’innis sé an scéal nuair a thainig sé abhaile. “Caithfidh mé ghabhail go bhfeicfidh mé iad arsa’n fear”. Cá mbéidhfa ghabhail arsa ‘bhean. Spriog rud éighin í gurab iad na páistidhe a bhí ann.
Lathar na bharach chonnaic an buachaill bó arias iad agus d’innis an scéal nuair a thainig sé abhaile.
senior member (history)
2020-06-20 12:55
approved
rejected
awaiting decision
Bhí triúr cailín ann fad ó shoin - triúr deirbhshiúr a bhí ionnta agus bhí fear amhain ag brath ar an triúir. Phós sé an bhean ba óige aca, agus bhí éad an domhain ar an bheirt eile. Ba é cuid de ghnaithe an fir seo a bheith ar siubhal thar saile tamall gach bliadhain.
Nuair a bhí sé bliadhain pósta rugadh mac óg do mhnaoí acht bhí seisean ar shiubhal san am, agus bhí deirbhsiúr a mhnaoí s ‘sa teach a tabhairt aired dí. Nuair a rugadh an leanbh chuir an deirbhshiúr, bhfolach an leanbh agus d’innis do’n bhean gur pisín cait a bhí ann. Chuir seo an bhrón ar an chréathur, agus ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le buaidhreadh.
Bhí muc alt ‘na comhnuidhe ‘san ált comhgarach dó’n áit seo, agus thug deirbhsiúr an mnaoí an leanbh dí le h-oileamhain. D’oil an mhuc alt an leanbh
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Nuair a thainig an fear abhaile d’fiafruigh sé ca rabh an leanbh agus d’innis deirbhshiúr a mhnaoí dó gur pisín cait a rugadh dó. Thainig an fhearg ar an fhear agus droch-mheas le na mnaoí fhéin.
D’imthigh sé le na ghnaithe an darna bliadhain agus rugadh mac eile dó nuair a bhí sé ar shiubhal. Thug an deirbhsiúr an leanbh leithi annsoir an mhuc alt agus d’oil an muc-alt an dara leanbh fosta. Nuair a chonnaic a bhean fhéin goidé mar bhí, bhí sí i bhfad níos brónaigh agus thosaigh sí a mheath le bhuaidhreadh.
senior member (history)
2020-06-18 09:23
approved
rejected
awaiting decision
Rinne sé seo agus d’fóir sé dó comh deas as chonnaiceas ariamh, agus le sin ghlac sé a chumadh fhein, agus d’innis sé dó athair fa’n feall a rinne a chuid dhearbhrathara air, agus gurab í nighean Ríogh an Domhain Thoir an cailín a thainig ar an chapall agus gurab í a bhean céile í fosta.
Dhíbir an Rí a dhá mac annsin agus rinne sé bainfhéis eile a mhair lá agus bliadhain agus bhí an lá deirineach níos fear nó an chead lá.
senior member (history)
2020-06-18 09:22
approved
rejected
awaiting decision
D’fág an madadh ruadh slán aige annsin agus d’imthig mac an Ríogh leis ag tarraingt ar chaisleán ‘athara. Nuair a thainig sé fhad leis an doras bhuail sé air agus thainig an Rí fhad leis. D’iarr sé ar an chruitíneach a bheith ag imtheacht, acht nuair a d’innis sé a ghnaithe, dubhairt an Rí nach rabh obair ar bith aige a d’fóircochadh dó a leithid Dubhairt seisean go dtiocfadh leis ba a bhuachailleacht.
Níl ba ar bith agam arsa’n Rí, acht gheall ar fághail réidhtig leis an duine grannda. Dubhairt sé go rabh bó amhain i bpairc giota maith ó’n caisleán agus go dtiocfadh leis a ghabhail agus í a bhuachailleacht.
Cupla seachtmhain ‘na diaidh seo goide thainig fhad le caisleán an Ríogh acht an mhaighdean ba deise agus bá dóighmheála a chonnaiceas ariamh ag marcuigheacht ar chapall geal bán. Bhí bróg ar iomchur leithi ina láimh, agus dubhairt sí leis an Rí cibe fear a d’fóireochadh an bhróg sin dó gurab é sin a rogha mar céile, agus go bpósadh sí é. Comh luath agus cualaidh mic an Ríogh seo cuir siad an bhróg ar a gcos acht ní rabh gair ann ní rabh se fóirstin dobhta. Chuir gach fear i gcaislean ar Ríogh an bhróg orta, acht ní rabh gair ann. D’fiafruigh sí annsin an rabh fear ar bith eile fa’n cúirt. Dhúbhairt an Rí nach rabh acht dubhairt na searbhfoghantuidhe - goidé fa’n buachaill bó. Ní rabh an Rí sasta é theacht i lathair, acht d’iarr an cailín orta é thabhairt isteach. Tugadh i lathair é agus d’iarr an cailín air an bhróg a chuir ar a chois.
senior member (history)
2020-06-18 09:21
approved
rejected
awaiting decision
bheag críon air theacht isteach - ag radh go rabh a dhá dheárbhrathar istoigh roimhe. Bhí an luthghair air rompa acht d’fás sé an tursach agus thainig trom chodladh air agus thuit sé ‘na chodladh. Nuair a bhí sé ‘na chodladh ghoid an dá dearbhrathar an t-éan agus an cása. Annsin ar eagla go bhfuigheadh an dearbhrathar suas leobhtha bhuail siad é le slat draoidheachta [ina]? sean mná agus d’éirigh cnap (cruit) ar a dhruim agus bhí sé crom go talamh nuair a mhusgail sé.
Chuaidh an dá dhearbhrathar eile abhaile agus bhí an luthghair ar a n-athair rompa, acht bhí sé níos measa anois nó bhí sé ariamh nó ní rabh fhios aige ceocú de’n bheirt leis an choróin ó thabhairt dó mar go rabh oiread seilbhe ag duine aca ar an éan agus bhí ag an duine eile.
Bhí an mac ba óige i dtoigh na caillighe go dtainig a shean charad an madadh ruadh lá amhain fhad leis. “Tcidhim” arsa’n madadh ruadh mar ghlac tú an comhairle a fuair tú” “Níor ghlac” arsa seisean “Bhal” arsa’n madadh ruadh gheall mé duit go gcasfaidh ar a cheile arís muid” mar go rabh fhios agam go mbéad mo chabhair a dh’íth ort arís.
“Anois”! bhí ag imtheacht abhaile agus mar nach n-aithneochaidh d’athair thú - iarr obair air. Dean cibe a iarrfas sé ort a dheánamh dá mar ag buachailleacht bó a chuirfeas sé thú, agus cuirfidh mise geall leat go dtiocfaidh go maith isa deireadh.
senior member (history)
2020-06-18 09:19
approved
rejected
awaiting decision
a chosa fhaghail glan leis, leim a bhean amach as an leabaidh agus fuair greim ar ceann de cosa nuair a bhí sé ag gabhail amach agus thainig ceann de na brogan leithí.
Bhí an chliobóg ag feitheamh air ag doras an stábla agus d’imthig an bheirt agus níor stad siad go rabh siad ag bruach na fairrge. Thainig siad trasna go dtí an mór thír, agus níor stad siad go dtainig siad go dtí teach an t-sean dhuine - an áit a bhfuair sé an chliobóg. D’fág an chliobóg slán ag mac an Riogh agus thug comhairle do gan fanacht i detach ar bith nó an cása a fhághail as a láimh go mbainfeadh sé an baile amach. Thug mac an Ríogh buidheachas dó’n sean duine annsin fá iasacht an diallaid agus na cliobóige a thabairt dó. Mhol an sean duine go mór mac an Ríogh fá mar d’éirigh leis, agus an obair mhaith a rinne sé, annsin thug sé a dinnear dó, agus indiadh a ndinnear a dheánamh d’imthigh sé leis agus an cása faoí ‘na asgall leis. Shiubhail sé go dtainig sé fhad le teach an dara shean duine. Thug sé buidheacas dó agus thug seisean a dinnear do mar rinne an chead fhear. Shiubhail sé annsin gur shroich sé an chead sean duine agus tharlaidh mar tharlaidh leis an bheirt eile.
Dhá lá inadhiadh sin bhí sé ag siubhal leis agus chuaidh sé ar seachran. Bhí sé ag siubhail leis mar sin oidhche amhain go bhfaca sé solus beag i bhfad ar shiubhal. Tharraing sé ar an t-solus, agus goidé bhí ann acht bothan beag. D’fosgail an doras agus d’iarr sean bhean
senior member (history)
2020-06-18 09:18
approved
rejected
awaiting decision
a chosa fhaghail glan leis, leim a bhean amach as an leabaidh agus fuair greim ar ceann de cosa nuair a bhí sé ag gabhail amach agus thainig ceann de na brogan leithí.
Bhí an chliobóg ag feitheamh air ag doras an stábla agus d’imthig an bheirt agus níor stad siad go rabh siad ag bruach na fairrge. Thainig siad trasna go dtí an mór thír, agus níor stad siad go dtainig siad go dtí teach an t-sean dhuine - an áit a bhfuair sé an chliobóg. D’fág an chliobóg slán ag mac an Riogh agus thug comhairle do gan fanacht i detach ar bith nó an cása a fhághail as a láimh go mbainfeadh sé an baile amach. Thug mac an Ríogh buidheachas dó’n sean duine annsin fá iasacht an diallaid agus na cliobóige a thabairt dó. Mhol an sean duine go mór mac an Ríogh fá mar d’éirigh leis, agus an obair mhaith a rinne sé, annsin thug sé a dinnear dó, agus indiadh a ndinnear a dheánamh d’imthigh sé leis agus an cása faoí ‘na asgall leis. Shiubhail sé go dtainig sé fhad le teach an dara shean duine. Thug sé buidheacas dó agus thug seisean a dinnear do mar rinne an chead fhear. Shiubhail sé annsin gur shroich sé an chead sean duine agus tharlaidh mar tharlaidh leis an bheirt eile.
Dhá lá inadhiadh sin bhí sé ag siubhal leis agus chuaidh sé ar seachran. Bhí sé ag siubhail leis mar sin oidhche amhain go bhfaca sé solus beag i bhfad ar shiubhal. Tharraing sé ar an t-solus, agus goidé bhí ann acht bothan beag. D’fosgail an doras agus d’iarr sean bhean
senior member (history)
2020-06-18 09:17
approved
rejected
awaiting decision
thug mac an Ríogh cuairt eile ar an chliobóig agus d’innis sí dó go rabh an t-éan i gcása i seomra leaptha nighean an Ríogh, agus arsa sise leis, “Ma tá tusa leis an t-éan a fhághailní thig leat dul a luighe roimh nighean an Ríogh, nó béidh tú gan an t-éan”. “Leig do do mhnaoi ag ghabhail a luighe a chead uair, agus nuair a bhéidheas sí istoigh ‘sa leabaidh beir greim ar an cása agus comh tiugh gear as thig leat reath fhad liomsa leis, agus béidh mé ag féitheamh ort annseo ag an stábla.
Rinne se seo. Nuair a bhí a bhean ‘na luighe bheir sé greim ar an chasa agus léim sé amach ar fhuinneóg an t-seomra, agus as go brathach leis, agus bhí an chliobóg annsin ag fanacht leis mar a dúbhairt sí, acht rinneas dearmad beag annseo. Ní bhfuair sé an t-éan ar shiubhail o’n chaislean comh bog sin.
[Badh]? choir damh radh nuair a thainig an codhladhta an oidhche sin gur dhubhairt mac an Riogh le na mhnaoí gur rabh sé ‘na nós ‘san Domhain Thoir - an bhrídeóg a ghabhail a luighe a chead uair. D’iarr sise arsa’n ghabhail a luighe acht ní rachadh sé, agus indhiadh moran [bland]? air chuaidh sí a luighe, agus nuair a shaoil mac an Ríogh go rabh sí ‘na codhladh, chuaidh sé ‘na t-seomra. Bhí an cása agus an t-éan ann crochta comhgárach de’n fuinneóig ag ceann na leaptha. Bhí seisean a cuir i gcéill go rabh sé ag baint a chota de ag an fhuinneóig, acht le sin bheir se greim ar an chasa agus as go bráthach leis amach ar an fhuinneóig, acht sul a rabh faill aige
senior member (history)
2020-06-18 09:16
approved
rejected
awaiting decision
“Bhearfaidh mé leath an ubhaill duit-se” ar sé, agus fuair sé scian le dhá chuid a dheánamh de, acht ní leigfeadh sise dó ag rádh “Tá m’athair taobh istoigh de”. Gearr sé an t-ubhall agus thainig an Ríogh amach. “’Nois arsa’n buachaill. “Tá an buaidh agham, agus do nighean bainte” “Tá arsa Rí agus toiseochaidh an bhainfheis amarach”. D’imthig mac an Ríogh fhad leis an stable agus d’innis an sgéal do’n chliobóig - fá mar bhí nighean an Ríogh bainte amach aige, agus go rabh an bhainfeis le toiseadh ar maidin lathar na bharach agus le máirstin naoí lá, agus go bpósfaidh iad an naomhadh lá. “Tá eagla orm arsa’n chliobóg go ndeánfhaidh tú dearmad damhsa ar feadh an aimsire a mbéidh an féasta ar shiubhail”. “Leoga ní dheánfaidh arsa’n buachaill. Go toighe a ndeánfainn dearmad duitse indiadh a dtearn tú damh”. “Teífidh mé” arsa’n chliobóg. Thosaigh an bhainfhéis, agus an féastáil, agus rinneadh dearmad biadh na deoch a thabairt dó’n cliobóig agus is indiadh na báinfheise a smaoitigh mac an Ríogh ar an chliobóig a bhí ‘na throsgadh ‘sá stábla. Rith sé ‘na stábla agus fuair sé an chliobog ‘na luighe sínte ar an easair chor a bheith marbh. Ó! arsa seisean. “bhfuil tú marbh” “Níl go foil” arsa’n cliobóg “Bhfuil rud ar bith ar an domhain a dheánfadh biseach duit” arsa mac an Ríogh. “Níl” arsa’n cliobóg, acht an buideál íoc-shláinte atá ag an Rí-glasta iná seomra faoí’n chaislean. D’imthigh an buachaill go dtí’n caislean, agus fuair an buideál, agus chuimil sé é de bhéal na cliobóige. Thainig sé arias leis an bhuideal agus d’fág é go faithcheallach ‘san áit a bhfuair sé é. Thainig biseach ar an cliobóig, agus an tráthnóna sin
senior member (history)
2020-06-18 09:15
approved
rejected
awaiting decision
“Tá mé comh h-olc anois ‘s bhí mé atiamh” arsa seisean “Níl fhios agam cia’n áit le dul a’ amarch fa coinne an Ríogh indiú” Ó! Anois tóg suas do croidhe arsa’n cliobóg agus na bíodh brón ar nith ort fá sin”. Gabh isteach ‘na gharraidh atá ag taobh an chaisleáin agus annsin gheobhaidh tú slatacha saileóg ag fás ag taobh an bhaile. Bhéarfaidh tú fá dear ceann amhain níos reamhra agus níos aired nó an chuid eile agus é cromadh anuas amach thar an bhalla”. “Gearr an slat seo shíos go maith ag a bhun agus béid an Rí agat. Rinne an buachaill seo, agus thug an slat leis go dtí an caislean. “Nach deas an slat í seo” ar seisean le nighean an Ríogh. “Is deas” arsa sise. Thosuigh sé a ghearradh na slaite, acht bheir nighean an Ríogh greim ar a láimh, agus d’iarr air gan sin a dheánamh. “Sin m’athair” ar sise, agus le sin thainig an Rí amach as an t-slat. “Fuair mé thú indiú” arsa mac an Ríogh. “Fuair” arsa’n Rí, “acht ní bhéidh tú comh h-ádhamhail amarach” Ar maidin lathar na bharach, ba le croidhe trom a chuaidh sé fad leis an cliobóig. “Goidé adhbhar do bróin indiú arsa’n chliobóg. “Is indiú an la deirineach agham agus mar bhfuig mé an Righ indiú cuirfear ‘un báis mé. “Gabh isteach go ubhall-ghoirt an Ríogh, agus ar an chrann ubhall is neise do’n gheafta, bhéarfaidh tú fa dear an t-úbhall is isle ar an chrann gurab é an ceann is mó. Tá taobh amhain de an glas agus an taobh eile an dearg.
D’imthigh se leis agus fuair sé an t-ubhall mar a dubhradh. Thug se leis an t-ubhall go dtí’n caislean, agus arsa seisean le nighean an Ríogh “Amharc! an t-ubhall deas a fuair mé”
senior member (history)
2020-06-18 09:13
approved
rejected
awaiting decision
agus dul isteach ann agus an coir a tharraingt isteach i na dhiaidh. Rinne sé seo, agus an tráthnóna sin chuaidh sé fhad le caisleán an Ríogh agus arsa seisean leis an Righ “Tá do nighean leath bainte agham anois”. “Bal”! “Tá mise ag gabhail i bhfolach amárach arsa’n Rí agus muna bhfuig tusa mé caillfidh tú do cheann”.
Ar maidin lathar na bharach d’innis mac an Ríogh do’n chliobóig go rabh an Ríogh i bhfolach indiú agus nach rabh fhios aige cia’n áit le ghabhail dhá chuartughadh “Gabh go dtí’n loch atá ag taobh an caisleáin” arsa’n chliobóg agus tcidhfidh tú deich lacha agus fiche ag snámh ann. Bheirfidh tú fá dear ceann aca ag snámh níos neise de’n bhruach nó an chuid eile” “Beir greim ar an lacha sin agus taobh istoigh dí gheobhaidh tú an Ríogh”. D’imthigh an buachaill agus fuair sé gach rud mar dubhairt an chliobóg. Bhain sé de a chuid éadaigh agus shnámh sé amach go bhfuair se fhad leis an lacha seo. Lean sé í go bhfuair sé greim oirthi ‘sa chuisgearach ag taobh an locha. Thug sé fhad le nighean an Ríogh í, agus arsa seisean “Nach reamhar an lacha í sin”. “Is eadh” arsa sise “Mairfhidh muid í fa choinne ar ndhinneara” arsa seisean “Ó Ní dheánfaidh ar aon scór” arsa sise “Sin m’athair”. Le sin ghearr sé an ceann de’n lacha agus thainig an Rí amach beó beithidheach “Anois arsa’n buachaill “Nach bhfuair mé thú” “Fuair”. arsa’n Rí acht ní bhfuigh tú mé amárac”. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Chuaidh mac an Ríogh fhad leis an chliobóig ar maidin lathar na bharach, agus ma chuaidh fhein is le croidhe trom a chuaidh sé. “Goidén fath a bhfuil cumadh comh brónach ort indiú” arsa’n chliobóg.
senior member (history)
2020-06-18 09:12
approved
rejected
awaiting decision
Annsin d’innis an Ríogh dó goidé chaithfeadh sé a dheánamh le ‘na nighean a bhaint amach. Dubhairt an Ríogh leis go gcaithfeadh sé a ghabhail i bhfolach ar feadh trí lá ó éirigh gréine go luighe gréine, agus dá bhfuigheadh an Ríogh é ar aon lá aca go gcaillfeadh sé a cheann. Dá mbéadh sé adhmhail go leór- gan an Ríogh é a fhaghail, bhéadh ar an Ríogh a ghabhail i bfolach ar feadh trí lá ó éirigh gréine go luighe gréine, agus dá bhfuigheadh mac an Ríogh é, bhí go maith, acht da theipeadh air chaillfeadh sé a cheann.
Ar maidin lathar na bharach dhul a dteachaidh sé i lathair an Roigh, chuaidh sé fhad leis an cliobóig le fear a thabhairt dí, agus nuair a bhí sé a deánamh seo, d’innis sé teármaí an Ríogh dó’n cliobóig. “Tharraing ribe amach as mo thaoibh se arsa’n chliobóg agus go isteach ‘sa pholl a fhágas sé agus tarraing isteach an ribe do dhiaidhn. Rinne se seo. Fá choinfheascair ‘na h-oidhche chuaidh mac an Ríogh fhad leis an chaisleán. Casadh an Rí air. “An bhfuair tú mé” arsa seisean leis an Ríogh. “Ní bhfuair indiú” arsa’n Ríog “acht gheobhaidh amárach”. Ar maidin lathar na bharach nuair a bhí sé ag tabhairt féir dó’n cliobóig, d’iarr sí air táirgne a tharraingt as a crúth agus dul isteach ‘sa pholl agus an tairgne a tharraingt isteach ‘na dhiaidh. Rinne sé seo, agus tráthnóna indiadh luighe na gréine chuaidh sé go caisleán ar Ríogh, agus arsa seisean leis an Righ. “Ní bhfuair tú mé indiú ach oiread”. “Ní bhfuair arsa seisean “ach gheobhaidh mé thú amárach go cinnte”
“Ar maidin lathar na bharach nuair a chuaidh sé fhad leis an chliobóig d’iarr sí air an coir a bhaint amach as a cluais
senior member (history)
2020-06-18 09:11
approved
rejected
awaiting decision
Shiubhail siad leobhtha ar feadh trí lá agus trí h-oidhche agus ins deireadh shroich siad an cladach os coinne an oileánn. Bhí an toilean naoí mile amach o’n tír mór, agus anois thug an chliobóg comhairle dó mhac an Ríogh arias - greim maith cruaidh a chongbailt ar a muing mar bhí sé ag gabhail a shnamh trasna go dtí ‘n oilean.
Amach leis ‘san fhairrge agus ins an deireadh shroich siad an t-oilean, agus shiubail siad fhad leis na geaftaí a bhí ar bhealach an chaisleáin. Ar achan taobh de’n chasan óna geaftaí go dtí’n caisleán, bhí spící na seasamh ‘san talamh agus bhí ceann fir ar gach spíce.
Nuair a thainig siad fhad le doras an chaisleáin bhuail mac an Ríogh an doras go trom, agus thainig an Rí amach. D’fiafruigh sé dó goidé bhí seisean ag dheánamh annseo. D’innis mac Riogh an Domhain Thior a ghnaithe agus arsa Riogh an Domhain Thoir ag amharc síos ar na spící.
“Tá spice amhain thíos annsin go foil nach bhfuil ceann ar bith air, agus béidh do cheann-sa air roimh i bhfad muna mbainfidh tú mo nighean”.
Nuair a bhí mac an Riogh ag cuir na clióboige ‘na stable an tratnóna sin labhair sí leis agus arsa sise “Bainfidh tú nighean Ríogh an Domhain Thoir ma ghnidheann tú an rud a iarrfas mise ort, acht muna ghnidheann tú é cuirfear ‘un báis thú.
Chuaidh mac an Ríogh isteach go caislean ar Ríogh anois agus casadh nighean an Ríogh air, agus shaoil sé gurab í an cailín ba deise agus ba dóigheamhla a chonnaic sé ariamh.
senior member (history)
2020-06-18 09:10
approved
rejected
awaiting decision
leis an chabhsa a bhí ag gabhail suas go toigh an t-seanduine. Sul ar fhág an madadh ruadh é d’iarr sé air fiafruigh do’n t-seandhuine nuair a rachadh sé ‘un toighe - an sean [chlibbóg]? a bhí sa stable i gcúl an toighe a thabhairt dó, agus iná chuideachta sin - an sean diallaid atá ag an doras cúil, agus gan ceann ar bith eile a ghlacadh uaidh acht iad seo. D’fág an madadh ruadh slán ag mac an Ríogh annsin agus dubhairt sé go mfheidir go bhfeicfheadh sé arias é agus bhfeidir nac bhfeicfeadh. Thug mac an Ríogh buidheacas do agus isteach ‘na toighe leis.
Bhí seanduine istoigh annsin a bhí naoí n-uaire níos sine nó’n fear deirmeach. Chuir sé fáilte roimhe agus thug a shuipear agus leabaidh dó. Indiadh an t-suipeair d’innis mac an Ríogh a ghnaithe dó. “Tá obair chruaidh rómhat” arsa’n seanduine mar gur le nighean Ríogh an Dómhain Thoir an t-éan a chaill an cleite sin, agus tá an Ríogh ‘na chomhnuidhe ar oilean, agus tá an t-éan ag nighean an Ríogh istoigh i gcása ‘san chaislean. D’iarr mac an Ríogh an sean chliobióg anois agus an diallaid. Bhí an sean duine ag gabhail a thabhairt cliobéig óg dó acht ní ghlacadh seisean aon cheann acht an sean chliobóg agus an diallaid.
Anns an deireadh fuair sé an ceann a bhí sé ag iarraidh - an sean chliobóg, agus d’iarr an sean dhuine air cead a cinn a thabairt de’n chliobóig agus bhéarfadh sí é go dtí caisleán Ríogh an Domhain Thoir.
Léim sé suas ‘sa diallaid agus ‘as go bráthach leis. Labhair an cliobóg leis agus d’iarr air greim maith a bhreith ar a muing an dóigh nach dtuitfeadh sé dí.
senior member (history)
2020-06-18 09:08
approved
rejected
awaiting decision
“Iarrfar ort fanacht an oidhche seo ‘sa teach, agus dean sin, agus béidh mise ag fanacht leat taobh amuigh ar maidin amárach. Nuair a chuaidh sé isteach ‘un toighe bhí céad mile fáilte ag an t-sean duine roimhe. Thug sé a shuipear agus leabaidh dó le luighe air. Nuair a bhí an suipear thart d’fiafruigh mac an Ríogh dó’n sean duine cá rabh an t-éan le fághail. “Níl fhios aghamsa” arsa seisean, acht “tá déarbhrathar agham ‘na chomhnuidhe fá thuairm siubhail láe ón áit seo, agus is dóiche go mbéidh seisean ábalta sin a’ innse dhuit”. Ar maidin lathar na bharach d’imthigh mac an Ríogh ag tarraingt ar theach an fir seo. Bhí an madadh ruadh ag fanacht leis taobh amuigh - an áit ar fhag sé é an tráthnóna roim’ sé. Shiubhail an bheirt an lá sin go rabh an dubh oidhche ann agus ‘sa deireadh thaisbhean an madadh ruadh teach beag dó - an teach ceadna a rabh déarbhrathar an tsean duine ann.
Chuaidh se isteach agus fuair sé sean duine ‘na shuidhe istoigh annsin a bhí trí h-uaire níos sine nó’n fear eile a d’fág sé. Chuir sé fáilte roimhe, agus thug a shuipear agus leabaidh dhó. D’fiafruigh mac an Ríogh dó a gcuideochadh sé leis an t-éan a fhághail, agus ‘sé an rud a dubhairt sé go rabh dearbhrathar aige a bhí na chomnuidhe fá thuairm siubhail lae ón ait, agus go rabh sé i bhfad níos sine no eisean agus go mfheidir go mbéadh seisean ábalta innse dó.
Ar maidin lathar na bharach, d’imthigh se ar lorg an dearbhrathara seo. Bhí an madadh ruadh ag feitheamh air s’an áit ar fhág sé é an tráthnóna roimhe. ‘As go brathach leis an beirt. Shiúbhail siad an lá sin fosta go dtainig siad fhad
senior member (history)
2020-06-18 09:07
approved
rejected
awaiting decision
agus mar nach rabh aige acht aon mhac amhain ‘sa bhaile agus gan fhios ceocú beó nó marbh a bhí an bheirt eile, agus dalta moran de chineal ba é an mac ba óige togha agus rogha athar.
Rinne sé réidh agus d’imthigh leis, agus thug leis lón mar an bheirt eile agus chuaidh an bealach ceadna, a chuaidh a dhearbhrathara. Nuair a thainig sé fhad leis an chnoc bheag thainig ocras air agus shuidh se síos le ‘na lón a ithe, acht cha rabh i bhfad go dtainig an madadh ruadh agus d’iarr cuid de lón air. “Maise gheobhaidh tú sin agus fáilte” arsa mac an Ríogh. D’imthigh an madadh ruadh agus thom a ruball ‘sa tobar agus mheasg thart an t-uisge agus thionntaidh an t-uisge ‘na mhil. D’iarr sé ar mhac an Riogh a chuid aráin a thiomadh ann, agus rinne. D’ith an bheirt a sáith de’n aran agus de’n mhil. Nuair a bhí siad críocnuighthe, arsa’n madadh ruadh leis “Bhfuil dochair fiafruigh dhuit ca bhfuil tú ag gabhail” “Níl maise” arsa mac an Ríogh agus d’innis a ghnaithe dó’n mhadadh ruadh. “Bhal” arsa’n madadh ruadh. “Is cruaidh liom-sa do chás” agus “is deacair an bealach atá rómhat”. “Béidh sé cruaidh orm arsa mac an Ríogh mar nach bhfuil fhios agam ceocú bealach le ghabhail”. “Bal” arsa’n madadh ruadh rachaidh mise leat agus “mar ndeánfaidh mé maith dhuit ní dheánfaidh mé olc (dochair) dhuit, agus d’imthig an bheirt leobhtha ag tarraingt ar an Dómhain Thoir.
Nuair a bhí siad dhá lá ag siubhail thainig siad fhad le bhothan beag toighe. “Gabh suas fhad leis an teach sin” arsa’n madadh ruadh agus fiafruigh dó’n sean-duine atá istoigh - cá bhfuigh tú an t-éan ar fhás an cleite air.
senior member (history)
2020-06-18 09:06
approved
rejected
awaiting decision
Shiúbhail an madadh ruadh anon fhad leis an tobar, sháith sé a ruball isteach ann agus chorruighe sé thart an t-uisge leis agus d’fág [geasa]? ‘san uisge ‘na dhiaidh.
Nuair a bhí a lón ithe ag mac an Ríogh chuaidh sé fhad leis an tobar agus d’ól deoch as. Ó sin amach bhí sé faoí gheas agus níl iomradh air go deireadh an scéil.
Indiaidh lá agus bliadhain d’imthig an darna mac go bhfeicfeadh sé i n-éireochadh leis an t-éan a fhághail. Fuair se lón mar an fear eile agus nuair a shroich sé an cnuc beag ceadhna ar ith a dhearbhrathar a lón air, thainig ocras air agus shuid sé síos le ‘na lón a ithe fosta. Ní rabh sé acht tamall annsin nuair a thainig an madadh ruadh agus labhair leis mar a gceadna “An dtabharfa cuid de de chuid loin damh” ar seisean leis an bhuachaill. “Tá sé gann go leór agham fhein arsa seisean, ní ‘é amhain é ran leat-sa”. Lé sin shiubhail an madadh ruadh go dtí ‘n tobar, thom a ruball ann agus mheasg thart an t-uisge mar rinne sé ‘roimhe. Chríochnuigh mac an Ríogh a lón agus tharlaidh dó mar tharlaidh leis an chead fhear.
Nuair a chuaidh lá agus bliadhain thart gan scéala ar bith o’n dara mac dubhairt an mac ba óige go n-imheochadh séisean go bhfeicfeadh seisean goidé mar d’éireochadh leis. Nuair a chualaidh an t-athair go rabh an mac ba óige ag imteacht ní rabh sé ro ghonta é ghabhail, siocar nach dtainig an bheirt eile arias
senior member (history)
2020-06-18 09:05
approved
rejected
awaiting decision
Bhí sin ann agus is fad’ ó bhí. Bhí Rí ‘san Domhain Thiar agus bhí triúr mac aige, agus chá rabh fhios aige céocu de’n triúr a dtabharfadh sé a choróin dó. Maidin amhain nuair a d’fhosgail sé doras a chaisleáin le h-amharc amach chonnaic sé go rabh an talamh cúmhduighthe le sneachta, agus ar leic an doras bhí cleite éin ‘na luighe - an cleite ba aistidheach a chonnaic sé ariamh. Thóg sé é agus d’amharc air, agus isteach ‘na toighe leis. Sgairt sé ar a thriúir mac agus arsa seisean. “Cibe ar bith duine agaibh a gheobhas an t-éan ar leis an cleite seo bheirfidh mise mo chorín dó.
Sheas an mac ba sine suas agus dubhairt sé go rachadh seisean a chuartughadh an éin ar maidin lathar na bharach agus mar mbéadh sé arias abhaile roimh lá agus bliadhain-a’ dheárbhrathar eile imtheacht ar an turas ceadna. D’imthig sé ar maidin lathar na bharach agus thug lón leis bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc.
Shiubhail sé ó mhaidin go dtín’ neóin dhubh trathnóna agus ‘sa deireadh shuidh sé síos ar chnuc bheag le ‘na lón a ithe. Bhí tobar beag ‘san áit ar shuidh sé, agus go díreach nuair a bhí sé ag baint an loin amach as a phoca thainig madadh ruadh suas fhad leis agus shuidh ag ‘na thaoibh agus d’iarr sé air, cuid de chuid loin a thabhairt dó. “Ní thabhairfidh maise arsa seisean nó níl go leor agam damh fhein ní ‘é amhain cuid de a roimh leat-sa”.
senior member (history)
2020-06-15 09:21
approved
rejected
awaiting decision
“Ma ghnidheann arsa fear an toighe “Cá bhfuightear an t-airgead a dhíolfas thú” “Is cuma arsa seisean” “Tá Dia laidir, agus chorn sé suas an t-éadach agus d’fág i leath-taobh go maidin é. “Las sé a phíopa annsin agus siúbhal sé amach thart fan teach. Ar a theacht isteach dó d’fiafruigh sé dó fear a’ toighe cia ar leis na bológaí a bhí ag ingilt sa phairc shíos faoí’n sciobál. “Le mo mhathair agus mo dhearbhrathar iad” arsa fear an toighe. Bhal teann ort do chota a chladhaire arsa’n tailliúr go dtabhairfidh muid ceann aca linn go mairbhfidh muid é. “O Dia ‘s Muire” arsa fear an toighe nach bhfuil fhios agat nuair a chrothnochar ceann aca sin gur orainne a fhágthar an choir”. “Is cuma arsa’n tailliúr “Níor cailleadh ariamh leath a chuaidh i gcontabairt” ag éirigh agus ag breith ar “chuilldeach bhaca. “Siúbhail leat anois” ar seisean “leóga maise ní rachaidh” Is beag baoghail atá orm” arsa fear an toighe “Och a iarralach bocht arsa’n tailliúr fan annsin agus rachaidh mé fhéin. Síos leis fhad le geafta na pairce. D’fosgail sé é agus shiubhail sé isteach agus thiomain amach an bollóg ba mhó agus ba shonnruigheach a bhí ortha suas fhad leis an sciobal. Chuartuigh sé thart go bhfuair sé smachtan agus tharraing sé i gclar an éadain air é. Nuair a thuit an bollóg tharraing sé amach scian agus tharraing sé a chuid fola. D’feann sé annsin agus ghearr suas i gceathramhanna é agus shaill é i dtuban istoigh ‘sa sciobal. Chuaidh sé amach annsin agus chuir i bhfolach
senior member (history)
2020-06-15 09:18
approved
rejected
awaiting decision