Number of records in editorial history: 22
senior member (history)
2022-05-24 16:27
approved
rejected
awaiting decision
Bhí Crom Dubh in-a comhnuidhe síos i mbun cruaice le linn aimsir Naomh Padraigh a mháir.
Bhí Naomh Padhraigh ag déanamh tíghe pobhuil in Aca an Gabhair Éiricheach i b'eadh Cromh Dubh.
Bhí tarbh breagh aighe agus bródh mhór aige as mar ceap sé nar raibh asarú in Eirinn.
Lá amháin chuir Naomh Padhraigh beirt fhear i geonnibh an teirbh. Dhubhairt na fir le Naomh Padhraigh go mbha beagh an cabhair dóibh a dul ag iarraidh an teirbh mar nach bhfuigidís é.
"Ná bach leis sin arsaNaomh Padhraigh ". Tógh an t-sláth seo
senior member (history)
2022-05-24 16:20
approved
rejected
awaiting decision
agus nuair a tiocfaidh sibh go dhá an tarbh bhuail i gchlár an éadain é agus ní bhéidh aon triobhlóidh agaibh.
D'imigh an berith go dtháinicheadar go dtí an Pairc in-a raibh an tarbh. Rith sé chuca, agus shíl sé iadh a marbhúgadh.
Bhuail fhear acha isteach i gclár an éadhain é, agus siubhail sé leabhta chomh socair le aon beitheach dhár siubhail ariamh go dtáinich siadh go dtí Acha Gabhair.
Annsin marbhuigeadhar an tarbh.
Rinneadhar feasta dó. Nuair a bhí an fasta tarth. Dubhairth Naomh Padhraigh leo na cnámha cinnthe a caitheamh isteach i gcuinne agus an chraicheann a caitheamh ós a cionn.
senior member (history)
2022-05-24 16:14
approved
rejected
awaiting decision
Diairigh Cromh Dubh an tarbh imtigthe uaidh. Tainic sé go Acha Gabhair ag toruigeacht an tairbh agus é ag mharcuigeacht ar an Éac a b'fhéarr a bhí aighe.
Cuir sé i leith Naomh Padhraigh ghur goidh sé an tyarbh uaidh fochal níor labhair Nhaomh Padhraigh acht cuaidh sé anonn sa gcúinne san áith a raibh na cnámha agus an cráicheann.
túgh sé ar an t-sláth a tuig sédón bheirt fear bhuail sé buille ar an gcraiceann, agus d'éirigh an tarbh chomh maith agus bhí sé ariamh bhí iongnadh mór ar Chromh Dubh, túgh sé an tarbh abhaile leis.
Nuair a bhí sé ag teannamh inaice an thíghe tuigh an chapall agus briseadh a múinnéal.
"Tá an méid sin agamhde bhárr
senior member (history)
2022-05-24 16:02
approved
rejected
awaiting decision
Padhráicín" ar seisean. "Acht bhéidh mo sasamh agam-sa".
Lá ar na Bárach tug Cromh Dubh cuireadh do Naomh Padhraigh teacht chun féasta un' a tíghe.
Sé an sórth béile a bhíodh an t-amh sin dhá bhanbh múiche i brúith i bpótha agus iadh a leagan ar platha.
Séardh a rinne Cromh Dhubh dhá coileán madhaidh a chuir síos a bruith agus an dionnach a tarraingth diobhtha nuair a bíodhar scólta.
Táinich Naomh Padhraigh suidh sé féin agus Cromh Dubh ag bórdh.
Nuair a connaich sé an béile a bhí roimhe dubhairth sé:
Céard a dearfá dhá n-éireoach an dhá chóilean sin ag cainth leath?
Tóigh sé a láimh ós a gcionn,
senior member (history)
2022-05-24 15:52
approved
rejected
awaiting decision
agus d'éirigh na conseáin.
Touigh siadh ag tofann isteach san éadhan ar fhear an thíghe.
Dubhairth sé le Naomh Padhraigh iadh a stopadh.
Cuir Naomh Padhraigh in-a dtosth iadh. B'fuil do saith anois agat"? arsa Naomh Padhraigh. Níl arsa Cromh Dhubh, so b'fgeicfidh mé bláth geal air an sgeich sthá ar aghaidh an tíghe. Sgeach nár fás aon co uirrí le seacht gceadh blian.
Déanfaidh sin arsa Naomh Padhraigh. D'fág sé an teach túgh sé leabhar aníos as a pócha agus bhí sé ag léigheamh go maidin ag breacú an lae. Breatnuigh Cromh Dhubh amhach air an bhfuinneogh agus bhí bláth ghéal ar an sgéich isteach go dtí an doras.
senior member (history)
2022-05-24 15:46
approved
rejected
awaiting decision
agus d'éirigh na conésin.
Tosuigh siad ag togann isteach san éadhan ar fhear an thíghe.Dubhairth sé le Naomh Pádhraighiad a stopadh.
Chuir Naomh Padhraigh in-a dtosth iadh. B'fuil do saith anois agat"? arsa Naoimg Padhraigh. Níl arsa Cromh DDhubh, go b'feicfidh mé bláthgeal air an sgeich athá ar agaigh antíghe. Sgeach nár fás aon co uirthi leseacht gceadh blian.
Deánfaidh sin arsa Naomh Padhraigh. D'fágh sé an teach túgh sé leabhar aníos as a pocha agus bísé ag léigheamh go maidin ag breacú an lae. Breatnuigh Cromh Dubh amhach air an bhfuinneogh agus bhí bláth ghéal ar an sgéich. Isteach go dthí an doras
senior member (history)
2022-05-24 15:38
approved
rejected
awaiting decision
D'éirigh sé agus duisigh sé a raibh de bhuacaillí agus de cáiliní aige. Táinich Naomh Padhraigh isteach agus d'fiafruigh sé an "bhfuil do saith feicte anois agath"?
"Tá mo saith feichte anois agamh arsa Cromh Dubh tabhair síos go h-Acha Gabhair mé ag báisi mé. Cuaidh sé go h-Acha Gabhair le Naomh Padhraigh agus báisti Naomh Padraigh é agus d'fhán sé leis go lá a bháis.
Eibhlín Seóighe
Bun-A-Chnuic
Túr-Mich-Éidhe
Clár-Co. Múiris
Bhríghidh Bean Uí Seóighe
Bun-A-Chnuic
Túr-Mich-Éidhe
Clár-Co. Múiris
senior member (history)
2022-05-24 15:17
approved
rejected
awaiting decision
ag nidh a éadain agus dá mídhfeadh sé a clúaisaí bheadh droch aimsir againn. Dá mbeadh an cat ag luighe inaice na teine agus a dhrui, ag an teine bheadh aimsir bháistighe againn.
Dá mbeadh an taoille ag dul go tapaidh ins an abhainn tar-éis baistigh deirtear go mbeadh báis-teach eile againn. Dá bhfeicfeá dath pighinn ar an spéir bheadh aimsir go han donna againn. Dá gcloisfeá an trean ins an tráthnóna deirtear go mbeidh sioc againn. Dá bhfeicfeá muc ag tabhairt déir isteach go dtí a chró féin bheadh stoirm againn. Dá mbeadh an deatach ag dul suas direach, bheadh aimsir mhaith againn.
Mo mhuinntir a di'innis é seo dhom.
Máire Ní Mheachair do sgríob.
Eolas soe le Fúghaid ag go leó daoine annseo.
S. O'C.
senior member (history)
2022-05-24 15:12
approved
rejected
awaiting decision
Tá go leór comharthaí dtaobh na h-aimsire sa gceanntar seo. Gach lá tá na sean daoine ag cainnt fútha.
Deirtear dá bhfeicfeá na faoláin ag teacht insteach ón bhfairrige gur comhartha chun stoirm agus báis-tighe é sin. Dá bhfeicfeá an préachán ag eiteal le aon sgitheán suas agus an ceann eile anuas gur comh-artha droch aimsire é sin.
Dá bhfeicfeá fáinne thart ar an n-gealaigh is comhartha droch aimsire é sin. Dá mbeadh cuid denfáinne briste bheadh an ghaoth ag séid-ead on taobh sin. Dá mbeadh an ghealach nua ag seasamh suas díreach bheadh aimsir bhreagh againn. Dá beadh an ghealach ag luigh ar a druim bheadh aimsir go han donna againn. Dá mbeadh cuid den teine gorm bheadh stoirm againn. Dá bhfeicfeá go leór druideóga ag dul suas san éir bheadh aimsir bhreagh againn. Dá mbeadh an cat
senior member (history)
2022-05-24 14:49
approved
rejected
awaiting decision
Corp Críost againn in onóir do Íosa Críost. Bíonn Lá Peadar agus Pól againn ar an fiche is naochadh lá de mí na Meitheamh. Bíonn Lá 'le Muire againn ar an cúig deágadh lá de mí Lughnasa. Téigheann na daoine go dtí na tobracha beannuighthe an lá sin.
Bíonn Oidhche Shamhna, agus Lá Shamhna againn ar an gcéad lá de mí na Shamhna. Bíonn spórt mór ag na páistí óga an oidhche sin. Deirtear go mbíonn na sigheóga amuch an oidhche sin. Ar Oidhche Nodlag rugadh ár Slánuightheór i mBeitil.Bíonn féasta mór ag na daoine an tháth sin. Tugtar Lá 'le Stiophán ar an lá i ndhiadh Lá Nodglag. Bíonn na buachaillí ag dul thart leis an ndreóilín agus bíonn rann aca:
Dreóilín, Dreóilín, rí na n-éan,
Lá 'le Stiophán do chapadh é,
Is mór é a mhuirighin,
Is beag é féin
Is dá bhfuighinn airgead,
Damseóchainn é.
Máire Ní Mheachair a sgríobh.
Eolas seo ag na daoine go léir
S O'C
senior member (history)
2022-05-24 14:42
approved
rejected
awaiting decision
eadh lá de mí Eanair. Sin é an lá a tháinig na trí righthe go ár Slánuightheór i mBeitil. Bíonn lá le Brighde mar lá saoire ar an dara lá de mí na Feabhra. Bíonn sé againn in onóir do Naomh Brighid mar "Muire na nGaedheal" a tugadh uirrí. Ní bhíonn an Carraghas an t-am céadhna i gcómhnuidhe. Seasann sé ar feadh ceathra lá. Bíonn sé againn in onóir do na ceathra lá a chaith ár Slánuightheór sa bhFásach.
Bíonn Lá 'le Pádraig againn ar an seacht-déagadh lá de Márta. Lá saoire náisiúnta is eadh é. Sin é an lá a fuair Naomh Pádraig bás. Thug sé an creideamh fíor go h-Éirinn. Bíonn Céadaoin na Liaitridh aguc Domhnach na Cailce againn san g-Carrathas. Cuirtear luaithreach ar na daoine an lá sin. Ar Aoine Ceásta céasadh ár Slánuightheór. Bíonn sé againn indeireadh an Charrathas. Bíonn Domhnach Cásca againn an lá deireannach do'n Carrathas. Bíonn sé againn in onóir do ais-éirigh Críost ón marbhadh. Bíonn lá
senior member (history)
2022-05-24 14:33
approved
rejected
awaiting decision
Tá go leór Féilí na bliadhna ins an gceanntar seo. Ní raibh mórán Féilí i n-Éirinn fadó, acht tá siad ag éirigh fairsing anois.
Na Féilí is coiteannta atá ins an gceanntar seo sin iad: Lá na Coille, Lá Brighde, Lá 'le Pádraig, An Carraghas, Céadaoin na Luaithridh, Domnac na Cailce, Diardaoin na Comaoine, Aoine an Ceásta, Satharn agus Domhnach na Dásca, Domhnach agus Luan Cingcíse, Lá Cuirp Chríost, Lá Bealtaine, Seana Bhealtaine, Féile Naomh Seáin, Lá 'le Peadar agus Pól, Lá 'le Muire, Lá 'le Martáin, Lá Samhna, agus Oidhche Samhna, Dhá Lá Dhéag na Modlag, Oidhche Nodlag, Lá Nodlag, Lá 'le Stiophán, Oidhche Chinn Bliadhna, agus Nodhlag bheag.
Lá na Coille an chéad ceann. Tugtar sin air, mar ar an Lá sin fadó, tugadh ar Slánuightheór do'n Teampall. Bhí sé mar lá saoire i gcómhnuidhe agus béidh. Bíonn lá saoire eile againn are an séidh-
senior member (history)
2022-05-24 13:53
approved
rejected
awaiting decision
tharraingt agus madadh mór ag rith in a dhiadh. Ní fhaca aon duine thart annseo é acht chonnaic daoiine fadó é.
Tá an Bhean Sidhe lé cloisteál siar in Ialartan freisin, agus is bean bheag í agus bíonn éadaig dearg uirri i gcómhniodhe, agus is í an bean is measa a bfhaca tú ariamh agus tá sí ann chriosta ar fad.
Chualaidh mé go raibh fear síos i mBaile Dacach agus chuaidh sé suas go dtí an Bhean Sidhe agus dubhairt sé rud eicint leithe agus bhuail sí é agus dfhág sí áit a ciúg meár ar a éadaan.
Bhí fear eile agus bhí sé ag teacht abhaile ón mbaile mór agus nuair a bhí sé ag teacht siar ag áit d'arb ainm Lios - a- D'ultaigh ag teach Cuinnigim agus bhí sé ar rothar agus tógadh ón rothat é agus fágadh síos san abhainn é. Tógadh suas arís é agus tháinig sé siar go dtí an séipéal agus casadh air muc dhubh. Tá muc dhubh
senior member (history)
2022-05-24 12:31
approved
rejected
awaiting decision
Sean scoil a bhí ins an teach atá muid in ár gcómhnaidhe ann anois. Rinneadh é ins an b-bliain 1855. Muinntir Persse a rinne é innós nach m-beadh na páisdí ina Caitlicidhe. Nuair a rinneadh an séipéal chuir muinntir Persse an scoil sin ar bun lé na daoiní a iompuigh chun a creidim féin. Bhí na páisdí Protústánaighag dul go dtí an scoil sin agus bhí síad ag iarraidh na Caitlicidhe a thabhairt insteach ann. Bhí síad at tabairt anbruith do na páisdí innós go m-beadh síad ag dul isteach tobair beannuighthe. Bhíodh síad ag dul go dtí an tobar acht nuair a rinneadh an scoil sin inaice leis stop siad ag dul ann. Bhí aon seómra mór amháin chun na páisdí agus dhá ceann eile chun na múinteóirí.
Peigí Níc Aodhagháin
a sgríobh é seo.
Tá fhios ag go leór daoine ar seo.
G. O'C.
senior member (history)
2022-05-24 12:20
approved
rejected
awaiting decision
Níl mórán sean liosanna thart sa gceanntar seo. Tá ceann go measra mór í bpáirc s-againne agus tá cúpla ceann i bpáirc muinntir Mhaoláin. Níl mórán trácht orra anois acht sílim go raibh sa t-sean aimsir. Tá síad níos airde ná an talamh agus tá cuma ceacail orra. Tá cineál claidhe mór leathan thart orra agus tá bearna mór amháin ann lé dul isteach.
Deirtear go ndearnaidh na lochlánnaigh íad lé íad féin a chosaint ó na námhaid. tá sé ráidhte go mbíodh staidhrí ag dul síos faoí thalamh acu agus go ngeobhadh síad síos ann nuair nach mbeadh aon chaoí acu lé imtheacht ó na námhaid. Bh'íad dorsí faoí thalamh acu freisin agus glais acu orra innós nach mbeadh duine ar bith acht íad féin indhán theacht síos faoi thalamh acú. Chualaidh mé na sean daoine 'ghá rádg go mbíonn sidheóga síos ionnta anois.
Chuaidh m'athair síos í lios mór
senior member (history)
2022-05-24 12:11
approved
rejected
awaiting decision
bó roimh gamhan a bheirt aicí ní bheadh na daoine indhán an bhainne a thógaíl. Dá mbeadh an t-arán go h-an ghan agus dá dtuirgheadh píosa de ón mbord, tá sé ráidthe nach ceart é a thógáil arís mar go bhfuil sé ag teastáil ó duine éigín eile. Ní neart airgead a chaitheamh an chéad lá den bhliain nua, mar go mbeitheá 'ga chaitheamh ar feadh na blíadna.
Ní ceart trí toitíní nó píopaí a lasadh lé cupín amháin, mar bheadh an míádh ort. Tá sé ráidthe dá mbeadh dá dhorad í dteach agus duine ag teacht insteach i gceann acú, nú ceart a dhul amach an doras eile, mar go mbeadh ádh an teach sin leat. Dá gcaillfheá clúdach an córcán tae go dtiocfhadh strainséaraí. Dá mbeadh beirt taréis pósadh, an chéad duine a chuirfheadha chos amach doras an t-séipéil, gheobhadh sé bás an chéad duine. Dá gcuirfheá crios sa gcáca nuair bheitheá ghá dhéanamh, ní thógfhadh na sídeóga é. Dá dcabharfhá paca cártaí leat ar aifreann aguys dá do dtógfhá suas an t-on bartais ag am bheannuighthe an aifrinn, tá sé ráidhte go mbeadh an bhúaidh agat ag imirt cártá tar éis sin. Dá n-eireochadhsplang as an teine amach ar a t-ulrár, an duine a chaitheadh trí smugarlaí air gheobhadh sé airgean.
senior member (history)
2022-05-24 12:01
approved
rejected
awaiting decision
dá dtiocfhadh cat bán insteach bheadh am míádh ort. Dá mbeadh daoine ag dul ag tosnúghadh oibre thosnóthadh síad é ar Dé haoine, mar tá sé ráidhte go mbeadh an tádh ar annsin. Dá gcuirfheá d-éadaigh ort mí cheart ar maidin, ní ceart íad a bhaint díot arís agus íad a chuir ort í gceart. Sá bhfuighfheá crúdh capaill agus trí táirní ann, tá sé ráidthe gur ceart é a choingbhál, mar go mbeadh an tádh ort. Dá mbeadh gránaín salann in do phóca agat san oidhche i cheapadh na sidheóga tú. Tá sé ráidthe dá deagfhadh pásde chun an saoghail ar úair an dó dhéag san oidhche, bheadh an páisde sin ag na sídeóga.
Dá bhfeichfheá aon snag breac bheadh an míádh ort, agus dá bhfeicfheá dhá shnag breac bheadh an tádh ort. An chad a bhfeicfheá, dá mbeadh an cheann tionntuighe dhuit bheadh an tádh ort, agus dá mbeadh a dhrui, toinntuighedhuit bheadh an míádh ort. Dá dtuitfhadh splant as an teine thiocfhadh strainséaraí agus dá dhtógfá suas é ní thiocfhadh síad chor ar bith. Dá mbeadh an coilleach ag glaodhachsan oidhche roimh an dó dhéag, tá sé ráidhte go mbíonn an diabhal sa teach sin. Dá gcuirfheáéadach dear thart ar ruball na
senior member (history)
2022-05-24 11:48
approved
rejected
awaiting decision
suibhal an bhóthair agus píopa ina béal aige, agus bean a bheith ag bleaghan na bó istigh sa bpáirc, muna labharfhadh an fear léithe, tá sé ráidhte go dtógfhadh an fear an t-im. Dá mbeadh dear ag dul go dtí an aonach agus bean lé gruaig dearg a casadh leis tá sé ráidhte go mbeadh an mhíádh ar air agus for mbeadh sé níos fearr do thiontúrgadh arís.
Dá dtógfhad an ghaoth do chaipín lá cúin deas, tá sé ráidhte nach ceart an rud é a leanadh. Dá mbeadh bean ag déanamh maistrighthe, agus fear a theacht isteach sa dteach agus a píopa a lasadh, agus gan congnamh a thabhairt ag an gcuinneóig, tógfhadh sé an t-im. Lé stop a chuir leis sin cuireann na daoine splanc as an teine faoín gcuinneíig. Tá sé ráidhte dá gcloisfheá an chúat roimh do bricfeásta go bhfuighfheá bás an blíain sin. Dá gceapadh na sidheóga thú agus íad thú a thabhairt insteach leó sa lios, tá sé ráidhte nach ceart bíad a ithe san áit sin, gan sallann a fhiarfhuigh í dtosach, agus dá bhfuighfheá an tsalann ní féidir lé na sídheóga thú a choingbháil.
Dá dtiocfhadh cat dúbh isteach sa dteach churgat ar maidin, tá sé ráidthe go mbeadh an tádh ort an lá sin, agus
senior member (history)
2022-05-24 11:39
approved
rejected
awaiting decision
Tá go leór pisreóga thart sa gceanntar seo anoir. Tá sé ráidhte go bhfuil daoine indhán an t-arbhar agus na fataí a bainnt ó dhaoine lé uibheacha lobhtha lobhtha a chuir ionnta. Déanann síad an obair sin an chéad de mí na Bealtaine agus chun é sin a stopadh cuireann na daoine crann Bealtaine sa bpáirc. Cuireann na daoine slat cuill thart ar an gcanna bainne nuair a bhíonns síad ag bleaghan na bó ins an Samhradh innós nach dtógfhadg na daoine maithe an t-im uatha.
Tá sé ráidhte muna mbeadh an t-uisge istigh agat roimh dul faoí na gréine go mbeadh na sídeóga agat sa gcanna nuair a bheitheá 'gá thabhairt isteach agus dá bharr sin cuireann na daoine an tsluth sa ceine agusdéanann síad dearg é, agusannsin cuireann síad síos sa gcanna uisge é lé na sidheóga a dhóigeadh. Tá sé ráidhte nach maith an rud snáthaid a thabhairt go duine eile gan snáth a bheith inntí. Cuireann gach duine snáthaid ina chóta, mar tá sé ráidhte go mbeadh an tádh air annsin. Tá sé ráidhte dá mbeadh fear ag
senior member (history)
2022-05-24 11:22
approved
rejected
awaiting decision
fad. Bhí a súil dúnta lé sé mí roimhe sin. Chuaidh sí go dtí an tobar agus rinne sí gach rud a bhí lé déanamh ahus thánaig biseach uirrí. Fuar cúpla cailíní eile biseach ann freisin. Tá fithile agus neantóga ag fás thart ar an d-tobar anois achi ina dhiafh sin féin tá an tobar lé feiceál ann go fóil agus tá an t-uisge beannuighthe ann freisin. Tá áit geartha anach i g-cloich ann, ann a mbíodh an t-uisge beannuighthe acú fadó. Tá sé go han dheas freisin. Tá sé raidhte go raibh baile úeartan ar an m-baile is mo sa g-ceanntar seo fadó agus go raibh suas agus anuas lé dó céad tighthe ann. Is áit ann cáileamhail ar fad Úeartan.
Bhí ann cháil ar an áit go d-tánaig muinntir Pirsse - cuid de shaighdúirí Cromail go dtí "Roxboro" san áit seo. Bhiodar ina g-comhnuidhe annseo go dtí 1022 agus are feadh an ama sin rinneadar gach rud ar féidir leó. Droch mheas a chatheamh ar Úeartan agus ar na nósaí ar bhain leis. Chuir siad lé gach rud maith. Chuir siad teach sgoile ar bun san áit agus bí go leór "Soupers" thart annsro. De bhárr seo stad na daoine ag dul go dtí an tobar agus anoir níl aoinne ag dul ann.
Fuaras an sgéal seo ó máthair mór Peigí Nic Aodhagáim sean bean atá ina cómhnuidhe i n-Úeartain, Caisleán Uí Dhálaigh, Baile-Locha Ríach.
Catailín Ní Múirighathe,
11 adh Samain, 1937
senior member (history)
2022-05-24 11:07
approved
rejected
awaiting decision
an g-ceann eile. Seo í an áit ann a cuirtear na páisdí a gheobanns bás roimh iad a beirth baisríghthe agus tá eólas agam ar bheirt atá curtha ann. Tá dhá leic mhóra fhada ann freisin.
An rud is fearr atá ann sin í an tobar beannuighthe. Sa t-sean aimsir deirtear go raibh clú and cáil ar an d-tobar seo. Thiofadh na daoine annsin lá amháin sa m-bliain lé paidreacha a rádh agus onóir a thabhairt don naomh iongan-tach seo. Bhí aon lá amháin fághtha amach san bliain acú lé haghaidh na h-oibre sin. Thiodfadh siad annsin agus bhearfadh siad bláthanna deasa ó gach saghas agus gach saghas rudaí deasa leó leis an d-tobar agus and séipéal a dheisiú.
Choinnigh na daoine suas an ghnás seo agus téigeeann siad annsin i g-cómhnhuidhe. Deirtear go bfhuil an tobar seo go han mhaith chun súilí tinne a leigheasughadh. Daoine ar bir atá súilí tinne acú má théigeann siad annsin tagamh biseach orra. Caithfidh tú a dhul ann ago do súilí a nígheadh san uisge beanmuighthe. Annsin caithfidh tú paidreacha a rá agus caithfidh tú maoí g-cúiart do thabhairt ar an áit lá tarús lae sul a béas tú níos fearr.
Tá aithne agam ar bean sa g-ceanntar seo agus by súil tinn aici. Bí sí go han dhona ar
senior member (history)
2022-05-24 10:50
approved
rejected
awaiting decision
Is baile beag Úeartan ará suidhre i b-paráisde Cill Críost lear bhealaigh udir Baile Locha Riach agus Gort Inse Guaire. Is sean bhail é an baile seo. Tugadh an t-ainm seo ar an áir mar gheall ar go raibh naomh cáileamhail ina chomnuidhe annsim fadó darbh ainm naomh Úeartan. Is áir bheannuighthe an áir seo freisin. Tá tobar beannuighthele feiceál annsin. Tá an baile suidhre thiar thuaidh de coill na d-taidhbhsí i g-coirnéal beag í b-páirc muinntir Aodhargáim,
D'fhás an baile sin suas annsin mar gheall ar an naomh a bhí annsin fadó darbh ainm naomh Úeartan. Deirfear go raibh manistir agus séipéal annsin sa t-sian aimsir. Tá cuid de na ballaí a bhí ins an manistir seo lé feiceál againn go fóil achrtá siad leagtha go talamh anois. Tá an manistir seo deich slait ar fhaid agus cúig slait ar leithead. Tá áir an dhorais lé feiceál ann freisin agus tá leac mór ag an foras agus dealbh glúine naomh Pádraig lé deicéal ann.
Tá balla beag istigh i lár na páirce agus trí clocha móra cruinne istigh ann. Dealbh aghaidh fir ar neann agus aghiadh mná ar an g-ceann eile. Deirtear gur dealbh aghaidh na Maighdine Beannuighthe atá ar ceann agus gur dealbh aghaidh Íosa atá ar