Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-07-19 12:43
approved
rejected
awaiting decision
tarraingt ortha agus a gceannphort marbh, d’imthigheadar i mbárr na bhfásgaí, agus d’fhágadar na beithidhigh in-a ndiaidh mar bhí uathbhás agus sgannradh ortha roim Diarmuid.
Nuair a bhí siad ag dul fríd an Geatha Mór leis na beithidhigh agus sul mar tháinig Diarmuid chomh fada leobhtha, rinneadar moill ag bleaghan na m-bó agus ag déanamh pasóide den bhainne dobhtha féin mar shíleadar nach raibh aon bhaoghal ortha; acht a beag sin bhéadh siad sa m-baile faoi cumhdach a n-daingin roimh Diarmuid, agus annsin thiocfadh leis a dhul ag feadghail i n-aghaidh na gaoithe.
Dbhairt sé dhá mbéadh fear eile aige go dtiubhrfadh se na beithidhigh as Iorras. Bhí sé ag cainnt leis féin agus dubhairt an Gár-lámhach “Tá mise agat” agus ar buille bhoise bhí sé le n-a thaoibh. Thiomáin siad leo aníos abhaile iad nó go d-tainigeadar go dtí áit a d-tugtar Béal na Creiche air.
In a dhiaidh sin sgar Gar-lámhach agus Diarmuid. Chuaidh Diarmuid go Conntae na Gaillimhe agus Gar-lámhach abhaile go Sliabh Mór. Tar éis tamaillín thainic na gadaidhthe aríst in a m-bádaibh isteach ar thráigh Dún Inbhir agus thugadar leo na beithidhigh aríst. Lean Gar-lámhach iad é féin, a bhuachall agus an cailín agus thugadar cochain agus aitinn agus ag tuitim na h-oidhche lasadar teine ar chnocán agus nuair do chonnaic na gadaidhthe an teine ag na daoine ag rith thart air, cheapadar gur sluagh mór daoine bhí ann agus d’imithigheadar i m-bárr na bhfasgaí agus d’fagadar na beithidhigh na n-diaidh.
Aon bullán amhain bhí istigh ins an m-bád achú. Caith sé an bullán amach san uisce agus sin an fáth baisteadh Béal an Bhulláin ar an áit sin.