Recent changes
Number of records in editorial history: 1
senior member
(history)
2016-02-12 22:22
|
|
Eoghan agus an GarsúnLá amháin nuair a bhí Eoghan ag siubhal thart do féin i gceanntar an Fhaithche bhuail garsún cabaireach leis. Labhair sé le hEoghan agus d’iarr pingin air. “Agus cé hé tusa” arsa Eoghan. “Ní fheadar” arsa’n garsún “ach deirtear gur mach le h-Eoghan Ruadh me” “An ndeir tú liom?” arsa Eoghan. “Bhoil an chéad babhtha eile a chasfair liom, “Bhéarfaidh mé sgilling duit”
Céard a dhéanfadh an garsún taréis sgartha leis ach an portach a threasnú agus bualadh leis airís ar an mbóthar. Chuir sé ceist ar Eoghan an sgilling a gealladh a thabhairt do. “Ní foláir no gur mhach d’Eoghan Ruadh thú mar ní chuimhneóchadh aoinne eile ar a leithéid chleas” arsa Eoghan ag tairisgínt na sgillinge dó. |