Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-07-18 16:47
approved
rejected
awaiting decision
ar chuile teach ar an mbaile agus bhí sí na staic annsin. An chéad oidhce eile ghoid sé bullán mór uaithi agus annsin deirim-se leat gurd fhead siad bheadh ag ithe. Nuair a deirigh sí ar maidin, chuimhnigh sí gur bé a mhac a ghoid é, agus dubhairt sí le na dhearbhrathair dul síos aige agus a rádh leis go mbeadh damhsa mór acú anocht agus go raibh bosca mór sa mbealach a chaithfidh siad é athrugadh go dtí an sciobál agus bhí sí fhéin le dul isteach sa mbosca an chaoi go gcluinfheadh sí cainnt ar an mbullán agus ar na fataí, má sé a mac a ghoid iad.
Chuaidh sí isteach sa mbosca agus thug sí dhá cháca léithe agus thug a mhac síos chuig an sciobal é agus nuair a bhí sé imthigthe chuaidh a dhearbhrathair chuig an mbosca agus bhris sé é agus fuair sé a mháthair istigh ann agus ní rinne sé acht bhreith ar phíosa den arán agus é sháthadh síos ina mhineál agus í thachthadh.
Lár na bhárach tháinig a mhac i gcoinne an bhosca agus nuair a dfhosgail sé é, chonnaic sé a mháthair agus í caillte, agus shíl sé gur bé í phlucadh a rinneadh agus thug sé leis í agus chuir sé í. An oidhce son chuaidh an dhearbhráthair eile chuig an gcill agus thóg sé