Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-05-24 10:19
approved
rejected
awaiting decision
Fir láidre ag cuir dubhlán fá chéile
Uair amháin bhí dubhshlán idir na daoine as Uachtarárd agus na fir as Duithche Sheóigeach. Chasadh siad ar a chéile leath-bealaigh ar thaobh sleibhe in aice le loc Coirib. Bhí fear os cionn gach roinnt(?) acu, mar gheall nach raibh siad in aice le aon dochtúir, no teach, in aice leis an sin. Bhí Suilleabhán os cionn muintir Uachtarárd, dubhairt sé go mbeadh carraidheacht acu. Ó Suuilleabhán a bhí le carraidheacht a dhéanamh le Seóíge as Duithche Sheóigheach, agus 'sé an t-ainm a bhí air Jaicín na mbáiníní agus bhí sé beagnac seacht troigh ar aoirde. Bhí sé reamhar agus láidir. Thosuigh Suilleabhán ag carraidheacht leis. Ba's Gleann é seo agus ní raibh leath an méad ann is a bhí sa bhfear mór. Dubhairt Jaicín, 'má tá sé beag fhéin tá neart ann". Leag Ó Suilleabhán trí uaire é agus fuair muinntir Uachtarárd an lá Troideadh é sea[?]-Aimsreidhe[?]
Máirtín Ó Cheallaigh
Cros Bhóthair Máma.