Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-05-22 09:57
approved
rejected
awaiting decision
Bhí fear feasa ann úair amháín agus leigeadh sé air go mgíodh eolas roimh ré aige ar na rudaí a bhí ag teacht. Deireadh go mbíodh eolas aige cén tam a geobhadh duine bás. Níor thaithnigh a chuid tarngaireacta leis an rígh agus bhí saghas faithcíos air roimhe. Shocruigh sé go cuirdead an fear chun bháis. Cheap sé gur mhaith an rud tríall a bhaint as sul a gcrochfaidhe é, le fáthail amach ag fághail amach an raib sé ag rádh na firinne.
Gláoidh an rí air agus dfíafruigh sé de cen úair a bhfuigheadh sé féin bás agus dubhairt sé pé úair a geobhfaidh mé féin bás, geobfaidh tú bás úair a chluig in a dhiaidh sin. Chuir sin sgannradh ar an Rí agus dúbhairt sé leis na gárdai é a sgáolleadh amach.