Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-05-23 22:32
approved
rejected
awaiting decision
Ar Cnoc an Phaoraigh atá an Carraig seo i bparóiste Baile Dubh. Cloch shleamhain mín atá inti. Tá trácht ar an nglas Ghaibhneach ar fuaid na Mumhan. Amach as an bhfarraige a tháinigh sí ag bun abha. Bhí laigh ag dul léi. Innistear dúinn gur ar máithe leis na daoine bochta a thagadh sí i dtír agus go líonadh sí gach coileán Rúidhte pé méad a bheadh ann. Bhí bean éigint ann nár chuir Dia ar a leas. Thug sí léithe criothar cun na glaise gagnaighe do clú. Ach nuair a chonaic an bó an cleas a bhí ag an mnaoi scaoil sí búir aiste agus seo amach chun farraige arís í.
tá rian cos na bó go soiléar ins an gcloch. tá rian trí gcos an stóilín mar a mbíodh lucht crúidte ina shuí. Tá rian an buicéid go soiléar ag rian cos an larigh.
Slinntreacha atá sa chloic tá an taobh dí atá ar thaoibh na gaoithe anoir, Síon idthe. Is féidir na shontreacha a bhriseadh leis an láimh. Is cosúil gur brácht an cloch tríd an talamh gur deineadh claochló uirthi agus gur caitheadh aníos láibh. Tá na mílte troig de bhonn cloc sa cnoc ceadna agus iad measctha go maith sa t-slí nárbh iongach go dteighfeadh an cloch. Is cosamhail leis gurb é sin an uair a tháinigh an gabhneach. Sé sin gur tháinigh sí sara raibh an fuaradh déanta ag an gcloich.
Cow Rock a thugann muintir na h-áite ar an gCarraig seo.