Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2017-10-14 04:26
approved
rejected
awaiting decision
Oidhche Shamhna
Bíonn oidhche mór grinn ag na Gaedhil oidhche Shamhna. Bíonn suipéar mór ins gach tigh an oidhche sin. Deintear búirín breach i gcóir an t-suipéir agus cuirtear a lán rudaí isteach ann mar atá fáinne, lasán, méarachán, raol nó leath-raol. Bíonn gach aoinne ar chipíníb feachaint cadh a gheobhadh sé nó sí agus is mó fonn cúardach ná fonn ithte a bhíonn ortha go mór mór na daoíne óga.
A duine a gheibheann an fáinne, is é sin an duine is lúaithe a phósfar. An té a gheibheann an lasán is é sin is lúaithe a chaillfear. Má’s cailín a gheibheann an méaracán is táiliúir a phósfaidh sí. An duine a gheibheann an t-airgead, beidh sé nó sí saidhbhir go deó.
Taréis an tsuipéir cuirtear tubhán lán d’uisge i lár an úrláir sa chistin, agus cuirtear mórán ubhall isteach ann, agus bíonn gach aoinne ag íarraidh na h-ubhall a thógaint amach as an dtubán le na bhéal gan lámh do chuir ar an dtubán. Uaireanta eile cuirtear dhá phíosaí adhmaid i bhfuirm croise thar a chéile agus cuirtear ubhall agus coinneal ar lasadh ar gach píosa de’n crois, annsan cuirtear an cros ar crochadh ar chrúcha sa chistin agus deintear é casadh go mear agus bíonn a lán spórt ag na daoíne óga.
Le línn an spórt sin a bheith ar