Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2021-11-11 22:00
approved
rejected
awaiting decision
Carraig a Cheóil
Tá ainm aereach ar an áit a bhfuil sé seo. Tá in aice leis, Cathairín Cloch agus an lios ón a bhfuair an baile sin a ainm Lios a Dabhaigh - níl aon Chúnntas ar an Dabhach.
Bhí bean a tógadh ar an mbaile á innsint dom féin agus tá sí sin anois 70 bliadhna d'aois - go gcuala a máthair féin an Ceól-sidhe ar an gCarraig sin. Ceól bheidhlín a b'eadh é agus an ceól dob uaignighe dhá gculathas riamh é a deirtear. Do chloistí go minic sa t-seana-shaoghal é ach le deunaighe níl aon trácht air.
D'innis Brighid Bean Uí Paircéir dom go raibh fear ag gabháil thar an Carraig oidhche agus go gcuala sé an Ceól sidhe. Stad sé agus phrioc sé leis an fonn agus bhí a cleachtadh. Oidhche amháin do sheinm sé an Fonn sidhe do creideachtann (?) sa tig agus an oidhche sin buaileadh breóite é agus níor eirig sé go ceann sé mhí. Tamall na diaidh sin agus é ag gabháil thar an áit do labhair an guth á rádh. "Ná seinm an port san ar t-anam arís" agus do coiméad sé na rúin (?) é go deo. Rugadh leanbh ar an mbaile cois na Carraige seo - de Mhuinntir Flaithearta agus ní raibh sí ach 16 míosa nuair deineadh sí cronán ba breaghtha dár cuala aoinne riamh - stadadh daoine ag éisteacht léi. Scuabadh í sa deire agus cailleadh í sar a raibh sí 3 bliana. Na púcaí a rug leó í.