Number of records in editorial history: 1
anonymous contributor
2020-12-12 18:59
approved
rejected
awaiting decision
Fadó fadó nuair a bhí fear Gaodhlac agus fear Beurla ag teacht ó Ara agus ag dul go dtí Aistrelia.
Do bhí an bheirt aca na gcodhladh aon oidhce amháin agus do dhúirt an fear Béurla agus do chonnaich sé an bhean bheag ós comhair leabaidh an fhir Gaedhealach amach agus do bí sí á rádh :- "An bhfuil aithne agat orm, Mise do mháthair" agus dúbhairt sí é sin trí uaire.
Annsan d'imthig sí as a shúile.
Ní raibh an fear Béurla 'na choladh i rith na h-oidhce sin in aoncor mar bhí eagla air ach do bhí an fear eile 'na choladh go sámh.
Annsan nuair a d'eirígheadar ar maidin d'innis an fear Béurla an sgéul go léir do'n bhfear eile agus níor chreidh sé in-aon cur é.
Dúbhairt an fear Béurla go dtabharfadh sé cúig sgilling do dá sgríobhadh sé abhaile cun d'fhagail amach an raibh a mháthair beo no marbh do sgríobh agus fuair sé freagra go raibh a mhátair marbh ó'n oidhce roimh réir.
Annsan tháinig eagla mór air agus bhí brón air