Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2021-01-20 20:51
approved
rejected
awaiting decision
Lá 'le Bríde:-
Teigheann na buachaillí móra agus na buachaillí beaga tímcheall na h-áite ag bailiú airgid don brídeóig, oidhche lae 'le bríghde.
Bionn siad gleasta suas go deas.
Bíonn aighthe fidhil agus hataí tuighe fé bhunt na brídeóga ortha agus bíonn a gcuid eadaigh clúiduighthe le léinteacha agus eadaighe na mban i dtreó na beadh aithne ar muintir an tíghe ortha.
Bíonn ceól ar siubhal aca agus deinnean siad greas rínnce ins gach tig.
Gheibheann an buachaill ar fé bhúnt na brídeóige an tairgead.
Uaireannta gheibheann siad suas le trí púnt tímcheall na h-áite go léir.
Bíonn oidhche mór aca i dtig éigin annsan. bíonn deoc agus rinnce aca.