Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2016-02-11 22:04
approved
rejected
awaiting decision
Bí Máirt na h-Inide an lá deirneach d'Inid, lá mór spóirt iseadh an lá seo. Bailigheann buacaillí óga na h-áite isteac sa bhaile nó sa chathair an tráthnóna agus gach buachaill agus cailín oireamhnach nár pósadh ar feadh na h-Inide do casaidís téada mór thímpeall ortha agus tiománaidís go dtí Sgeilg iad. Déanfaidís pancóga an oidhche san, sin sean nós agus bíodh an spórt aca á chaitheamh suas féacaint cioca a bheadh oireamhnach i gcóir pósadh nó cioca ná bheadh.