Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2019-08-28 09:45
approved
rejected
awaiting decision
Do h-imireadh peil i mBaile an Aighre ar an ceathrú lá de mhí Mhárta sa bhliadhan 1888 idir Lios na Caol Bhuidhe agus Caisleán Ghriaghaire. Ba leis Pádruig Ó Bríc an páirc a bhíodar ag imirt. Do bhí an páirc dubh le daoine ó gach aon áit an lá san. Fadó ní dhíolfhaidís ag dul isteach go dtí páirc na h-imirtha in-aon cor. Do bhí duine is fichid ag imirt ar gach taobh. Ni bhíodh aon culaithe imirthe ná bróga peile aca fadó. Ní raibh aon referee aca leis. Do bhé an fear a b'fhearr a abhí ag imirt ná Séamus Ó Ruairc. Tá amhrán déanta i dtaobh an peile sin. Fear a b-ainm do Rodger Kennedy a dhein é.

Mícheál Ó Dúinn
Clochán
Caisleán Ghréighre

Fuaras ó Seán Ó Dúinn