Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2016-11-01 01:44
approved
rejected
awaiting decision
Thárla an rud uathbhásach seo in Úactar Árd i Co na Gaillimhe an t-ám a bhí cogaibh Napolean ar suibhail. San am sin, thug na daoine faoi ndeara go mbíodh cuirp na daoine a bhí curtha, tógaighthe aníos as an uaigh ar maidin.
Tá an roilg sin suidthe in aice le loch Corrib, acht san am sin bhí aghaidh an gheata ar an loch, agus indhiú tá sé in aice an bhóthair. Dár ndhóigh bhí eagla ar na daoine san baile sin nuair a chloisfidís na sgéalta a n-innseóchaidh na daoine dhóibh mar geall ar na cuirp a bíodh tugtha aníos as an uaigh agus cé gho ndheachaid a lán daoine ar lorg na gcorp, ní bfhuairidís táisg nó tuairisg ar na cuirp ariamh.