Recent changes
Number of records in editorial history: 1
senior member
(history)
2015-07-19 16:32
|
|
(Áine Ní Mhaoilciaráin, Doire Gimlach, An Clochán).115Croca óirUair amháin bhí pota óir i
bhfolach ag na sidheóga. Bhí sí i bhfolach faoi charraig ar "Oileán Áisleán." Bhí each uisce ag tabhairt aire do'n phota óir. Lá amháin chuaidh fear ag cuartú an phota óir. Nuair a tháinig an fear chuig an charraig ní raibh an t-each uisce ann. Tháinig na sidheóga amach agus ar siad leis, "Cad tá ag teastáil uait nó tuige a bhfuil tú ag teacht annseo. Bhí eagla ar an bhfear agus ar seisean, "Tá mé ag cuartú phota óir atá i bhfolach fá'n gcarraig seo ag na sidheóga." Arsa na sidheóga leis, "Tar isteach annseo". Cuaidh an fear isteach. Bhí teach deas ann agus bhí na sidheóga ag damhsad agus ag ceólteóireacht. |