Number of records in editorial history: 1
senior member (history)
2020-10-12 17:22
approved
rejected
awaiting decision
Bhí go leór naomh sa gceanntar seo fadó, acht an ceann is mó a bhfuil eolas againn faoí, sin naomh Colmán Mac Duaigh. Rugadh é í bparáiste Cilltartain. Rioghnach d'arb ainm a mhathair. Síolraidh sí ó Dhathaí árd rí Éireann. Colmán, athair Gúaire a bhí mar rígh ar Chonnacht an tamh sin. Chualadh sé go mbeadh mac Ríoghnaigh go h-ionghantach agus go cáileamhail agus mar sin de bhí sé lé díoghmháil a dhéanamh da Ríoghnach agus dá mac. Theith sise acht leanadh í, ceangluigheadh cloch ar a muinéal agus caitheadh isteach í abhainn í gCilltartan í. Sábhaluigheadh go míorbhuilteach í agus rugadh a mac, d'fág sí an leanbh ar an dtalamh inaice crann tuinnseóga atá san áit. Ní raibh aoinne leis an leanbh a bhaisteadh, acht tharéis tamaill thánaic beirt mhanach duine aca bacach agus duine aca dall. Ní raibh uisge san áit acht díarr síád cabhar Dé agus thánaic an t-uisge suas san áit a bhfuil an tobar anois. Bhaist síad an leanbh agus nigh síad íad féin san uisge agus thánaic leigheas ortha. Coinnigh siad é gur d'fás sé suas. Nuair a raibh sé ina fhear thóg sé Cill Mhic Duaigh.